Ceadúnais Iascaireachta

Eolas

Rialaíonn Iascaigh Intíre na hÉireann (IIE) cúrsaí slatiascaireachta, comhlacht Stáit a bunaíodh i mí Iúil 2010 tar éis chónascadh an Príomh-Bhoird Iascaigh agus na Boird Iascaigh Réigiúnacha mar aon ghníomhaireacht amháin. Is é an phríomhfheidhm atá ag Iascaigh Intíre na hÉireann ná comhairle a chur ar an Aire maidir le beartas a bhaineann le caomhnú, cosaint, bainistíocht, forbairt agus feabhsú iascaigh intíre agus slatiascaireachta mara. Cinntíonn sé go gcloítear le dlíthe iascaigh náisiúnta agus áitiúla in uiscebhealaí intíre agus amach chomh fada leis an teorainn iascaigh 12 mhíle amach ón gcósta. Cinntíonn sé freisin go dtugtar cosaint agus go gcaomhnaítear acmhainní iascaigh na hÉireann.

Tá an iascaireacht duáin in Éirinn roinnte sna rannóga seo a leanas: garbh, spórt, farraige, liús, agus breac. I measc na ngnéithe éisc atá faoi chosaint in Éirinn tá bradán, breac geal, bass farraige, iasc sliogánach, eascann agus iasc uisce locha ar fad. Teastaíonn ceadúnais ón Stát le dul ag iascaireacht bradáin nó breac geal in aon chuid den tír.

Feirmeacha Éisc

Cuireann truailliú uisce, márú éisc agus fadhbanna eile isteach ar dhaonra éisc i mbealaí uisce intíre. Tá clár bainistiú stoic éisc ag an IIE le daonra éisc in áiteanna a d'fhulaing a thabhairt ar ais. Baineadh úsáid freisin as bainistiú stoic éisc le stádas na hiascaireachta a ardú agus le dul i ngleic le ceisteanna maidir le cosaint agus caomhnú na ngnéithe. Léigh tuilleadh faoi fheirmeacha éisc in Éirinn anseo.

Cosaint Acmhainní

Tá baint ag an Iascach Intíre Éireann, ag Cabhlach na hÉireann, ag an Aer Corps agus an Garda Síochána ar fad i gcaomhnú na n-acmhainní iascaireachta in uiscí intíre agus i bhfarraigí na hÉireann. Plean patróil náisiúnta comhordú na hoibríochtaí chosanta agus faire go léir.

Tá sé mar aidhm ag na seirbhísí patróil agus faire cosc a chur ar ghníomhaíocht mhídhleathúil tríd a bheith i láthair agus le feiceáil chomh minic agus is féidir in uiscí agus farraigí agus leis an dlí a chur orthu siúd a bhriseann é, líonta mídhleathacha, trealamh, gléas iascaireachta agus an t-iasc féin a thógáil.

Cluaisíní a chur ar mhárú bradáin agus tuairisc a choinneáil

Tháinig córas i bhfeidhm in Éirinn sa bhliain 2000 le cluaisíní a chur ar bhradáin agus tuairisc a choinneáil ar gach márú tráchtála agus spóirt. Tá an córas seo cosúil le córais atá i bhfeidhm i gCeanada, sa Fhrainc, sa Spáinn agus i Stáit Aontaithe Meiriceá. Cuireann an córas cluaisíní seo staitisticí tábhachtacha ar fáil maidir le máruithe agus tuairim maidir le leibhéal stoic sna haibhneacha.

Rialacha

  • Tá formhór uiscí na hÉireann in úinéireacht phríobháideach nó in úinéireacht an Stáit. Éisíonn úinéir an uisce ceadúnas iascaireachta a thugann cead iascaireachta ag tréimhsí éagsúla idir lá amháin agus séasúr uilig.
  • Ní féidir breith ar iasc abhann ar aon bhealach eile go dleathúil in Éirinn ach le slat agus líne. Tá sé in aghaidh an dlí ag duine amháin a bheith ag baint úsáide as dhá slat ag aon am amháin.
  • Tá sé i gcoinne an dlí a bheith ag baint úsáide as iasc beo mar baoite.
  • Ní mór duit ceadúnais Iascaireachta Stáit, cluaisíní agus ceadúnas faoi leith iascaireachta a fháil más mian leat dul ag iascaireacht bradán agus breac geal. Tá tréimhsí ama agus praghasanna éagsúla ag baint leis na ceadúnais. (Breathnaigh thíos sa mhír conas iarratas a dhéanamh).
  • Tagann deireadh le formhór na hiascaireachta ar an 30 Meán Fómhair gach bliain (roinnt eisceachtaí ann nuair a dhúnann áiteanna ar dhátaí éagsúla idir 15 Meán Fómhair agus 12 Deireadh Fómhair). Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó d'oifig IIE áitiúil.

Is féidir tuilleadh eolais faoi rialacháin iascaigh a fháil anseo.

Rataí

Is gá Ceadúnas Stáit a fháil chun iascaireacht a dhéanamh i gcomhair bradán agus breac geal. Is féidir leat ceadúnas a cheannach ar feadh lá amháin nó suas chomh fada le bliain. Tá faisnéis faoin réimse ceadúnais atá ar fáil agus faoin gcostas a bhaineann leo ar láithreán slatiascaireachta Iascaigh Intíre na hÉireann, áit ar féidir leat an ceadúnas a cheannach ar líne.

Cé go bhfuil gá le ceadúnas chun iascach i gcomhair bradán agus breac geal, ní chiallaíonn sé go bhfuil tú i dteideal iascach. Is iondúil go mbíonn gá le ceadúnais nó cead iascaigh ó úinéirí iascaigh freisin, agus ní mór é sin a fháil as féin. Go ginearálta, cosnaíonn ceadúnas iascaigh idir €36 agus €50 in aghaidh an lae.

Conas Iarratas a dhéanamh

Téigh i dteagmháil le do shiopa áitiúil iascaireachta, d’Oifig Áitiúil Iascaigh nó le Iascaigh Intíre na hÉireann chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi cheadúnais agus slatiascaireacht i do cheantar.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Iascach Intíre Éireann

3044 Céide an Locha
Campas Gnó Iarthar na Cathrach
Baile Átha Cliath 24
D24 Y265
Éire

Teil: +353 1 884 2600
Facs: +353 1 836 0060
Láithreán Gréasáin: http://www.fisheriesireland.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Eanáir 2023