Ceadúnú bád agus soithí uisce in Éirinn

Réamhrá

Rialaítear báid chaithimh aimsire in Éirinn ar shlite difriúla a bhraitheann ar a méid agus an úsáid a bhaintear astu. Déantar cur síos sa cháipéis seo ar conas ceadúnas báid a fháil agus cé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn ceann uait, agus cuimsítear ann na rialacha a rialaíonn trealamh sábháilteachta agus raidiónna ar bháid.

Ceadúnais báid

Ceadúnais Bád Paisinéirí

Is ionann bád paisinéirí agus bád inar féidir a mhéid le 12 phaisinéir a iompar. Caithfear Ceadúnas Bád Paisinéirí a fháil do bháid paisinéirí. B’fhéidir nach dteastóidh ceadúnas i gcás árthaí níos lú inar féidir a mhéid le 3 phaisinéir a iompar, féach na Rialacháin um Báid Paisinéirí chun teacht ar bhreis faisnéise agus ar dhíolúintí.

Cosnaíonn Ceadúnas Bád Paisinéirí (an tsuirbhéireacht ar bhád paisinéirí ina measc) €144. Bíonn ceadúnais bailí ar feadh 2 bhliain. Is é costas na hathnuachana €29. Nuair a dhéanann tú do cheadúnas a athnuachan, is gá suirbhéireacht athnuachana a dhéanamh, chomh maith.

Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Bád Paisinéirí, caithfidh tú foirm iarratais ar shuirbhéireacht a chomhlánú. Féach “Cá ndéanfaidh mé iarratas?” chun teacht ar bhreis faisnéise.

Uiscebhealaí intíre

Ní theastaíonn ceadúnas uait má tá do bhád á sheoladh agat ar uiscebhealach intíre. B’fhéidir go mbeidh ort do bhád a chlárú, áfach, agus cead a fháil ar uiscebhealach intíre áirithe, má tá do bhád níos mó ná méid áirithe.

Deimhniú long phaisinéirí

Árthaí iad longa paisinéirí inar féidir breis agus 12 phaisinéir a iompar. Teastaíonn Deimhniú Long Phaisinéirí ó longa paisinéirí sular féidir iad a oibriú.

Nuair a dhéanann tú iarratas ar an deimhniú seo, beidh Suirbhéireacht ar Long Phaisinéirí ag teastáil, chomh maith. Bunaítear an táille a ghearrtar ar Shuirbhéireacht Long Phaisinéirí ar thonnáiste an árthaigh nó ar an líon paisinéirí. Leagtar é seo amach sna Rialacháin um Loingseoireacht Cheannaithe (Táillí), 2010. Bíonn Deimhnithe Long Phaisinéirí bailí ar feadh 1 bhliain. Nuair a dhéanann tú an deimhniú a athnuachan, caithfidh tú tabhairt faoi shuirbhéireacht athnuachana, chomh maith.

Chun iarratas a dhéanamh ar dheimhniú long phaisinéirí, caithfidh tú foirm iarratais ar shuirbhéireacht a chomhlánú. Féach “Cá ndéanfaidh mé iarratas?” chun teacht ar bhreis faisnéise.

Rialacha sábháilteachta

Rialacha sábháilteachta do bháid

Caithfear seaicéad tarrthála (nó gairis snámhachta phearsanta) a iompar ar gach bád, gan aird ar mhéid an bháid, do gach duine ar bord.

Caithfidh gach paisinéir ar bord báid nó árthach uisce atá níos giorra ná 23 troigh (7 méadar) ar fad seaicéad tarrthála (nó gaireas snámhachta pearsanta) a chaitheamh.

Má tá do long phaisinéirí ceadúnaithe chun breis agus 12 dhuine a iompar, caithfidh sé pas a fháil i gcigireacht bhliantúil sábháilteachta a dhéanann an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Rialacha sábháilteachta d’árthaí pléisiúir

Áirítear le hárthaí pléisiúir mótarbháid, báid innill, báid innill thapúla agus scairdscíonna.

Caithfidh seaicéad tarrthála oiriúnach do gach duine ar bord a bheith ar gach bád innill agus mótarbhád (seachas ar árthach uisce, ar nós scairdscíonna).

Tugtar an sainmhíniú seo a leanas sna rialacháin ar sheaicéad tarrthála oiriúnach:

  • Is dóthanach é le snámhacht dhearfach a thabhairt do dhuine adhéanann é a úsáid in uiscí ar dóchúil go dtiocfar orthu ar an árthachar gá é a úsáid.
  • Tá sé cuí i dtaobh mheáchan coirp an duine a bhfuil sé le caitheamhaige/aici.
  • Tá sé marcáilte leis na hinisealacha “CE” lena thaispeáint gogcomhlíonann sé Treoir 1996 ón AE maidir le caighdeáin trealamhsábháilteachta muirí nó atá marcáilte leis an marc comhréireachta ibhfoirm na siombaile a leagtar amach i dTreoir 1996 maidir le trealamhmuirí.

Caithfidh aon duine a bhfuil úsáid á baint acu as scairdscí seaicéad tarrthála a chaitheamh ag gach tráth. Caithfidh aon duine atá á tharraingt taobh thiar de bhád innill nó mótarbhád seaicéad tarrthála a chaitheamh, chomh maith, ag gach tráth.

Caithfidh aon duine faoi 16 bliana d’aois seaicéad tarrthála a chaitheamh ag gach tráth ar gach árthach pléisiúir. Caithfidh tú a bheith 16 bliana d’aois nó níos sine chun mótarbhád tapa nó scairdscí a oibriú nó a rialú.

Ní féidir le haon duine faoi 12 bhliain d’aois, aon árthach pléisiúir faoi thiomáint mheicniúil a oibriú nó a rialú ina bhfuil inneall atá níos cumhachtaí ná 3.7 cileavata.

Má bhíonn aon saghas d’árthach pléisiúir á oibriú agat, níor cheart duit alcól a ól nó drugaí a ghlacadh.

Más paisinéir thú ar bord aon árthaigh phléisiúir faoi thiomáint mheicniúil, ní féidir leat alcól a ól nó drugaí a ghlacadh ach ar an mbealach sin nach ndéanann difear do shábháilteacht nó nach mbíonn ina chúis le cur isteach ar an duine atá i gceannas ar an árthach.

Leagtar amach na rialacháin thuas sna Rialacháin um Árthaí Pléisiúir (Gairis Snámhachta Phearsanta agus Oibriú) (Sábháilteacht), 2005. Má dhéanann tú cion faoi na rialacháin seo, gearrfar fíneáil €150 ort.

Rialacha sábháilteachta do bháid iascaireachta

Rialáiltear an úsáid a bhaintear as trealamh sábháilteachta ar bháid iascaireachta sna Rialacháin um Árthaí Iascaireachta (Gairis Snámhachta Phearsanta), 2001.

Faoi na rialacháin seo, caithfear seaicéad tarrthála (nó gaireas snámhachta pearsanta) a sholáthar do gach ball den chriú ar aon árthach iascaireachta atá cláraithe agus ceadúnaithe in Éirinn.

Caithfidh na baill den chriú seaicéad tarrthála (nó gaireas snámhachta pearsanta) a chaitheamh ag gach tráth nuair a bhíonn siad ar dheic nochta nó ag gach tráth ar árthaí oscailte nach bhfuil cóiríocht taobh istigh orthu. Baineann seo chomh maith céanna cé acu má bhíonn an bád ar muir, sa chuan nó ag teacht i dtír nó ag fágáil ó bheith feistithe.

Ba cheart go mbeadh gach seaicéad tarrthála (nó gaireas snámhachta pearsanta) marcáilte leis na hinisealacha “CE” lena thaispeáint go gcomhlíonann sé Treoir 1996 ón AE maidir le caighdeáin trealamh sábháilteachta muirí nó marcáilte leis an marc comhréireachta i bhfoirm na siombaile a leagtar amach i dTreoir 1996 maidir le trealamh muirí.

Ceadúnais raidió

Tá an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt freagrach as ceadúnais raidió a eisiúint do bháid. Maireann an ceadúnas ar feadh shaolré an árthaigh agus cosnaíonn sé €100.

Longa ceannaí: Faoi na Rialacha maidir le Loingseoireacht Cheannaí (Raidió), 1992, tá ar gach long phaisinéirí nó long lastais ar a bhfuil meáchan 300 Olltonna nó níos troime saoráid raidió a iompar a chomhlíonann riachtanais an Chórais Dhomhanda Ghuaise agus Sábháilteachta Muirí (an GMDSS).

Árthaí iascaireachta: Faoi na Rialacháin um Árthaí Iascaireachta Loingseoireachta Ceannaí (Saoráidí Raidió), 1998, tá ar gach árthach iascaireachta cláraithe saoráid raidió a iompar a chomhlíonann riachtanais an Chórais Dhomhanda Ghuaise agus Sábháilteachta Muirí (an GMDSS).

Caithfidh go mbíonn an tsaoráid in ann saghsanna éagsúla de chumarsáid raidió a tharchur agus a fháil, ar nós foláirimh agus teachtaireachtaí guaise, teachtaireachtaí práinne agus sábháilteachta, faisnéis mheitéareolaíoch agus comhfhreagras poiblí. Anuas air sin, caithfidh go bhfuil an tsaoráid in ann comharthaí aimsithe a tharchur agus a fháil.

Tá an tAonad Gnóthaí Raidió Mhuirí (an MRAU), arb aonad é laistigh den Oifig Suirbhéireachta Muirí den Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, freagrach as na Rialacha agus Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus tá sé freagrach as suirbhéireacht agus cigireacht a dhéanamh ar shaoráidí raidió agus as Deimhnithe Raidió Sábháilteachta a eisiúint.

Is féidir leis an MRAU suirbhéireacht nó cigireacht a dhéanamh, chomh maith, ar árthaí Cláraithe Eachtracha agus, sna cásanna siúd, tugann sé faoi na tascanna seo i gcomhréir le caighdeáin an Choinbhinsiúin um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (an EMI). Nuair a dheimhnítear gur sháraigh árthach aon cheann de na Rialacha, Rialacháin agus caighdeáin thuas agus nuair a mheasann an Suirbhéir Raidió go n-imríonn an t-easnamh tionchar a d’fhéadfadh bheith an-mhór ar shábháilteacht an árthaigh ar muir, tá an chumhacht ag an Suirbhéir chun an t-árthach a choinneáil go dtí an tráth sin go réitítear an t-easnamh.

Ceadúnais raidió a rialáil

Rialáiltear ceadúnú córais raidió mhuirí san Acht Radio- Thelegrafaíochta, 1926. Caithfidh gach long ina bhfuil córas raidió suiteáilte inti Ceadúnas Raidió Loinge a iompar.

Cé nach gá d’úinéirí árthaí áineasa, e.g., luaimh, cúrsóirí seolta, cúrsóirí mótarfheithicle, etc., córas raidió a shuiteáil ach, mar sin féin, má roghnaíonn siad le córas raidió a shuiteáil ar bhonn deonach, caithfidh siad Ceadúnas Raidió Loinge a iompar, chomh maith, ar bord.

Eisíonn an MRAU Ceadúnais Raidió Loinge. Tá ar iarratasóir ar cheadúnas na sonraí teicniúla faoin trealamh raidió a suiteáladh ar an árthach a sheoladh ar aghaidh. Íoslódáil an fhoirm iarratais.

Caithfidh gach árthach ar a bhfuil trealamh raidió ar a laghad oibreoir cáilithe raidió mhuirí amháin a iompar, chomh maith. Braitheann cáilíocht(aí) an oibreora/na n-oibreoirí ar roinnt tosca, an leibhéal de threalamh raidió a suiteáladh agus limistéar trádála an árthaigh ina measc. Tá Sonraí faoi Sholáthraithe Cúrsa Oiliúna Ceadúnas Raidió Loinge (pdf) ar fáil ón Stiúrthóireacht um Shábháilteacht Mhuirí sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Uiscebhealaí intíre

Ní theastaíonn ceadúnas uait má tá do bhád á sheoladh agat ar uiscebhealach intíre, ach caithfidh tú a bheith cláraithe, áfach, chun do bhád a sheoladh ar roinnt uiscebhealaí agus/nó caithfidh cead a bheith agat má tá do bhád os cionn méid áirithe.

Tá Uiscebhealaí Éireann freagrach as na rialacha atá i gceist a fhorfheidhmiú maidir leis na huiscebhealaí faoina shainchúram.

Deimhniúchán agus oiliúint

Cuireann an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt faisnéis ar fáil ar dheimhnithe éagsúla a theastaíonn chun raidiónna áirithe muirí a oibriú, ar a siollabais nó ar ábhar a gcúrsa agus liosta de sholáthraithe cúrsa agus scrúdaitheoirí raidiónna timpeall na tíre.

Cuirtear oideachas agus oiliúint mhuirí in Éirinn ar fáil ar Seafarers.ie.

Is é Cumann Seoltóireachta na hÉireann (CSÉ) a comhlacht rialaithe náisiúnta a dhéanann ionadaíocht do sheoltóireacht, gaothshurfáil, mótarbhádóireacht agus árthaí uisce pearsanta in Éirinn. Cuirtear comhairle ar fáil ann ar gach gné de shábháilteacht bhádóireachta agus tá líonra ann de bhunaíochtaí múinteoireachta a chuireann oiliúint ar fáil do gach saghas árthach fóillíochta in Éirinn. Áirítear leis an oiliúint seo cúrsaí ar conas báidíní, báid chíle, catamaráin, mótarbháid, árthaí uisce pearsanta nó scairdscíonna agus cláir ghaothshúrfála a oibriú. Cuirtear cúrsaí ar fáil, chomh maith, ar conas bheith i do ‘Mháistir Luaimh’ ar an bhfarraige nó ar an gcladach.

Cuireann Cumann Seoltóireachta na hÉireann faisnéis ar fáil ar na cúrsaí go léir a reáchtálann cumainn seoltóireachta, scoileanna seoltóireachta agus ionaid spórt uisce timpeall na tíre.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas báid, seol d’fhoirm iarratais ar shuirbhéireacht agus an táille chuig an Oifig Mhuirí Mharsantach.

Cumann Seoltóireachta na hÉireann

3 Bóthar na Páirce
Dún Laoghaire
Co Bhaile Atha Cliath
Éireann
A96 K3C3

Teil: +353 (0)1 2800239
Facs: +353 (0)1 2807558
Láithreán Gréasáin: http://www.sailing.ie

Soláthraíonn an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt faisnéis ar dheimhnithe éagsúla a theastaíonn chun raidiónna áirithe muirí a oibriú, a siollabais nó ábhar a gcúrsa mar aon le liosta de sholáthraithe cúrsa agus de scrúdaitheoirí raidió timpeall na tíre.

An Roinn Iompair

Aonad Cúrsaí Raidió Muirí

Lána Líosain
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 (0)1 678 3453
Facs: +353 (0)1 678 3477

Tá Uiscebhealaí Éireann freagrach as rialáil agus cothabháil na n-uiscebhealaí intíre in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon. Tá a gceanncheathrú lonnaithe in Inis Ceithleann, ach féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lena n-oifig i mBaile Átha Cliath chomh maith.

Bealaí Uisce Éireann

2 bóthar Shligigh
Inis Ceithleann
Fear Manach
BT74 7JY

Teil: +44 28 66323004
Facs: +44 28 66346237
Láithreán Gréasáin: http://www.waterwaysireland.org

Bealaí Uisce Éireann

Úrlár 2
Bloc C
Geata Bhaile Áis
Bóthar an Uaimh
Baile Átha Cliath 15
Éire

Teil: +353 (0)1 868 0148
Facs: +353 (0)1 838 3647
Láithreán Gréasáin: http://www.waterwaysireland.org/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Eanáir 2022