Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh

Cad é an Deontas Athchóirithe doMhaoin Fholamh?

Cuireann an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh maoiniú ar fáil ionas gur féidir leat tithe folmha agus tréigthe. Is féidir é a úsáid freisin le hathchóiriú a dhéanamh ar réadmhaoin fholamh agus réadmhaoin thréigthe nár úsáideadh mar réadmhaoin chónaithe roimhe seo. Ní bhaineann sé seo ach amháin má úsáideadh na réadmhaoin neamhchónaithe seo roimhe seo le haghaidh úsáid tráchtála nó poiblí agus má tá an cead pleanála ceart acu anois.

Is féidir leat an deontas a fháil má tá tú ag athchóiriú an réadmhaoin fholamh ionas gur féidir leat cónaí ann, nó ionas gur féidir leat an réadmhaoin a ligean ar cíos.

Is féidir leat suas le €50,000 a fháil chun réadmhaoin fholamh a athchóiriú agus deontas breise suas le €70,000, má tá an réadmhaoin tréigthe.

Tá an deontas maoinithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tríd an gCiste Croí Cónaithe agus déanann tú iarratas chuig d’údarás áitiúil.

Má tá ceisteanna agat faoin deontas nó más mian leat a fháil amach an bhfuil do réadmhaoin incháilithe, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifigeach Tithe Folmha i d’údarás áitiúil, léigh na CCanna faoin deontas nó glaoch a chur ar Líne Theileafóin na Gníomhaireachta Tithíochta a bhaineann le Tithe Folamh ag 1800 000 024.

Ag maireachtáil ar oileán amach ón gcósta

Ón 1 Iúil 2023, má tá tú i do chónaí ar oileán amach ón gcósta, is féidir leat suas le €84,000 a fháil chun foirgneamh tréigthe a athchóiriú nó suas le €60,000 le haghaidh réadmhaoin fholamh. Níl an maoiniú breise seo ar fáil ach amháin má tá cónaí ort ar oileán amach ón gcósta atá cáilithe.

Tithe feirme traidisiúnta

Má tá teach feirme traidisiúnta agat agus má tá tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh chun an deontas a fháil, féadfaidh tú deontas breise suas le €7,500 a fháil le haghaidh sainchomhairle caomhantais ar conas do réadmhaoin fholamh a athchóiriú. Féach ‘Deontas le haghaidh comhairle caomhantais chun tithe feirme traidisiúnta a athchóiriú’ thíos le haghaidh tuilleadh faisnéise.

An gcáilím don Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh?

Chun cáiliú don Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh, ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Caithfidh go raibh do theach folamh le 2 bhliain nó níos mó. Ní cháileoidh tú má fágadh an réadmhaoin fholamh go míréasúnta nó d’aon ghnó ionas gur féidir leat an deontas a fháil.
  • Caithfidh do theach a bheith tógtha roimh 2008.
  • Caithfidh tú bheith i do úinéir ar an teach, nó a bheith i mbun é a cheannach.
  • Ní mór duit cónaí sa réadmhaoin mar do phríomháit chónaithe phríobháideach nuair a bheidh an obair críochnaithe, nó í a chur ar fáil ar cíos. Má tá tú chun an réadmhaoin a chur ar cíos nuair a bheidh an obair déanta uirthi, ní mór duit an tionóntacht a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe.
  • Caithfidh imréiteach cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim agus caithfidh do chúrsaí cánach a bheith in ord.
  • Ní mór do cháin mhaoine áitiúil a bheith íoctha agat, más infheidhme.
  • Caithfidh nach bhfuil maoiniú faighte agat faoin deontas cheana féin.

Ní féidir leat an deontas a fháil ach faoi dhó. Féadfaidh tú deontas amháin a fháil chun teach a athchóiriú chun cónaí ann, agus deontas eile a fháil chun teach a athchóiriú chun é a ligean ar cíos.

Cé mhéad atá sa Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh?

Féadfaidh tú suas le €50,000 a fháil chun réadmhaoin fholamh a athchóiriú agus deontas breise suas le €20,000 má tá an réadmhaoin tréigthe. Áirítear CBL sa deontas.

Tháinig méadú ar mhéideanna an deontais an 1 Bealtaine 2023. Má rinne tú iarratas ar an deontas roimh an 1 Bealtaine 2023 agus mura bhfuil do dheontas faighte agat fós, is féidir suimeanna nua an deontais a chur i bhfeidhm. Tá tuilleadh eolais faoi seo sna CCanna faoin deontas.

Má tá cónaí ort ar oileán amach ón gcósta, is féidir leat suas le €84,000 a fháil chun foirgneamh tréigthe a athchóiriú nó suas le €60,000 le haghaidh réadmhaoin fholamh. Méadaítear na teorainneacha maidir le cé mhéad is féidir leat a fháil do gach cineál oibre 20% freisin má tá cónaí ort ar cheann de na hoileáin seo.

Má chosnaíonn an t-athchóiriú níos mó ná an deontas, beidh ort íoc as seo. Féadfaidh tú cur isteach ar dheontais SEAI chun cabhrú le héifeachtúlacht fuinnimh do thí a fheabhsú. Cuidíonn an deontas seo le héifeachtúlacht fuinnimh do thí a fheabhsú, trí chuidiú leis an gcostas a bhaineann le do theach a insliú nó caidéal teasa nó painéil ghréine a shuiteáil. Níl obair atá clúdaithe ag scéim an SEAI clúdaithe ag an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh.

Ní mór an deontas a cheadú sula gcuirtear tús le haon obair.

Cén obair atá clúdaithe?

Clúdaíonn an deontas an obair atá liostaithe thíos. Tá an méid a gheobhaidh tú bunaithe ar mheasúnú costais ó d’údarás áitiúil. Ní rachaidh sé thar na teorainneacha maoinithe do gach cineál oibre atá leagtha amach sa tábla seo. Níl feidhm ag an riail seo má tá cónaí ort ar oileán amach ón gcósta, is féidir leat a fháil suas le 20% os cionn na dteorainneacha maoinithe seo má tá cónaí ort ar oileán amach ón gcósta.

Teorainneacha deontais d'obair leis an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh

An cineál oibre

Uasmhéid

Obair scartála agus imréiteach láithreáin lena n-áirítear ábhair ghuaiseacha a bhaint

Deontas do Réadmhaoin Fholamh: €50,000
Deontas Breisithe do Réadmhaoin Thréigthe: €70,000

Oibreacha fo-struchtúir lena n-áirítear obair ar bhunsraith, ballaí ardaithe, leaca urláir, taisdíonadh agus fothacaíocht

Deontas do Réadmhaoin Fholamh: €50,000
Deontas Breisithe do Réadmhaoin Thréigthe: €70,000

Oibreacha forstruchtúr lena n-áirítear oibreacha ar bhallaí, simléir, urláir uachtaracha, staighrí, struchtúr dín agus adhmad struchtúrach

Deontas do Réadmhaoin Fholamh: €50,000
Deontas Breisithe do Réadmhaoin Thréigthe: €70,000

Críochnuithe seachtracha lena n-áirítear doirse, fuinneoga agus leaca fuinneoige

€21,000

Críochnuithe inmheánacha lena n-áirítear doirse, frámaí, imchásálacha, earraí iarainn

€7,000

Clár sciorta

€3,500

Éadanchláir, tairr agus earraí uisce báistí

€4,200

Críochnuithe dín lena n-áirítear fleascadh, éadanchláir, tairr, gáitéir agus fánphíobáin

€14,000

Tíleanna agus clúdaigh uiscedhíonacha ar limistéir fhliucha

€2,800

Péinteáil agus maisiú

€10,500

Clúdaigh dín

€14,000

Seirbhísí lena n-áirítear pluiméireacht, téamh, aeráil, cumhacht, soilsiú, teileachumarsáid, brathadóirí deataigh, brathadóirí CO2.

Deontas do Réadmhaoin Fholamh: €50,000
Deontas Breisithe do Réadmhaoin Thréigthe: €70,000

Aonaid cistine

€7,700

Earraí sláintíochta agus feistis seomra folctha

€2,800

Obair riachtanach ag teastáil ar thalamh timpeall an tí.

€7,000

Síntí

Deontas do Réadmhaoin Fholamh: €50,000
Deontas Breisithe do Réadmhaoin Thréigthe: €70,000

Seirbhísí gairmiúla don obair, cosúil le táillí le haghaidh suirbhéireachtaí.

 

10% den ghlanchostas tógála lena n-áirítear CBL nó €14,000, cibé acu is lú.

 

Áirítear CBL ar an uasmhéid a cheadaítear do gach cineál oibre, agus tá sé bunaithe ar theach leathscoite dhá stór le 3 sheomra leapa.

Ní chlúdaíonn an deontas réadmhaoin a scartáil go hiomlán agus réadmhaoin nua a atógáil.

Ní chlúdaíonn sé ach an obair chun do theach a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh atá clúdaithe cheana féin ag deontas SEAI. Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an SEAI ar dheontas don obair seo chomh maith leis an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh a fháil.

Conas a dhéanaim iarratas ar an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh?

Céim 1 – Seol an fhoirm chomhlánaithe agus na doiciméid tacaíochta

Comhlánaigh an fhoirm iarratais (pdf) agus seol chuig an údarás áitiúil í in éineacht le do dhoiciméid tacaíochta.

Beidh doiciméid ag teastáil uait a chruthaíonn:

  • Cruthúnas go bhfuil an réadmhaoin fholamh. Is féidir billí fóntais a úsáid chun a thaispeáint go raibh réadmhaoin fholamh ag am ar leith. Mura féidir leat billí fóntais a fháil don réadmhaoin, is féidir leat mionnscríbhinn sínithe a sholáthar ag rá go bhfuil an réadmhaoin fholamh le 2 bhliain ar a laghad. Féadfaidh d’údarás áitiúil glacadh le doiciméid eile a chruthaíonn go bhfuil an réadmhaoin fholamh. Déan teagmháil leis an Oifigeach Tithe Folmha i d’údarás áitiúil chun faisnéis a fháil faoi seo.
  • Cruthúnas gur leatsa an réadmhaoin, nó go bhfuil tú ag iarraidh í a cheannach.
  • Cruthúnas ar chead pleanála, más gá leis.
  • Cruthúnas go bhfuil an réadmhaoin thréigthe, má tá iarratas á dhéanamh agat ar an deontas breisithe. Mura bhfuil an réadmhaoin ar Chlár na Láithreán Tréigthe cheana féin, beidh tuairisc uait ó ghairmí cáilithe ag rá go bhfuil an réadmhaoin thréigthe.
  • Meastachán don obair.
  • A shíniú go n-aontaíonn tú leis an deontas iomlán nó cuid den deontas a aisíoc leis an údarás áitiúil, má dhíolann tú an teach laistigh de 10 mbliana ón deontas a fháil, nó má ligeann tú é ar cíos nuair a d’aontaigh tú cónaí ann.
  • Dearbhú a shíniú ag rá go gcomhlíonfaidh an réadmhaoin íoschaighdeáin do chóiríocht ar cíos má tá tú chun í a ligean ar cíos.
  • Mionnscríbhinn sínithe a dhearbhaíonn nach bhfuil an deontas faighte agat roimhe seo chun réadmhaoin atá le ligean ar cíos a athchóiriú.

Tá seicliosta de na doiciméid tacaíochta a chaithfidh tú a chur isteach san fhoirm iarratais.

Céim 2 – Athbhreithniú agus próiseáil déanta ar an iarratas

  • Déanfaidh an t-údarás áitiúil athbhreithniú ar d’iarratas agus ar do dhoiciméid.
  • Socróidh siad go dtabharfaidh duine cáilithe cuairt ar an maoin lena chinntiú gur féidir an obair a dhéanamh agus chun an costas a mheas.

Scríobhfaidh an t-údarás áitiúil chugat chun a chur in iúl duit ar éirigh le d'iarratas agus cé mhéad a gheobhaidh tú. Mura bhfuil an réadmhaoin ceannaithe agat fós, gheobhaidh tú ‘litir cheadaithe i bprionsabal’ don deontas. Ní mór duit an litir seo a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig an údarás áitiúil, mar is cuid de do chomhaontú leis an údarás áitiúil í.

● Tá 13 mhí agat chun na hoibreacha a chríochnú a luaithe a bheidh d’iarratas ceadaithe

Céim 3 – Seol faisnéis faoin gconraitheoir agus faoin íocaíocht

  • Eolas faoin gconraitheoir a chur chuig an údarás áitiúil, mar shampla, a uimhir thagartha cánach
  • Seol do shonraí bainc chuig an údarás áitiúil, ionas go mbeidh a fhios acu cá háit a n-íocfaidh siad an deontas
  • Sonraisc don obair chríochnaithe a sheoladh chuig an údarás áitiúil
  • Faigh imréiteach cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim, má tá an deontas ceadaithe os cionn €10,000.

Céim 4 – Seiceáiltear an obair agus sínítear an doiciméad muirir

  • Seolfaidh an t-údarás áitiúil duine chuig do réadmhaoin le seiceáil go bhfuil an obair críochnaithe mar a thuairiscítear agus ar aon dul leis na costais.
  • Má tá an t-údarás áitiúil sásta leis an obair, iarrfaidh siad ort doiciméad muirir a shíniú. Tugann an doiciméad muirir cearta don údarás áitiúil ar an réadmhaoin mar urrús don deontas. Déantar é seo lena chinntiú go gcomhlíonann tú na riachtanais a bhaineann le cónaí sa réadmhaoin nó í a ligean ar cíos ar feadh 5 bliana ar a laghad.
  • Maireann an muirear a ghearrtar ar do réadmhaoin ar feadh 10 mbliana agus is ionann é agus méid an deontais a fuair tú. Cláróidh an t-údarás áitiúil an muirear seo i gcoinne na réadmhaoine le Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas.

Céim 5 – Íoctar an deontas

Má tá an t-údarás áitiúil sásta leis an obair nuair a dhéanann siad iniúchadh ar an teach, íocfaidh siad an deontas.

Más rud é go bhfuair tú an deontas chun teach a athchóiriú chun é a ligean ar cíos, ní íocfar an deontas go dtí go dtabharfaidh tú fianaise don údarás áitiúil go bhfuil an tionóntacht cláraithe agat leis an RTB.

Beidh ort freisin cruthúnas a chur isteach chuig d’údarás áitiúil gach bliain go bhfuil an tionóntacht cláraithe agat leis an RTB gach bliain.

Má tá ceisteanna agat faoin deontas, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Tithe Folamh i d’údarás áitiúil.

Cad a tharlóidh mura n-éiríonn lem’iarratas?

Mura n-éiríonn le d’iarratas, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh leis an údarás áitiúil. Ba cheart duit scríobh chucu laistigh de 3 seachtaine ón gcinneadh, ag tabhairt na gcúiseanna a bhfuil achomharc á dhéanamh agat.

Déanfaidh duine san údarás áitiúil nach raibh baint acu le measúnú a dhéanamh ar d’iarratas athbhreithniú ar d’achomharc. Rachaidh an t-údarás áitiúil i dteagmháil leat maidir le toradh an athbhreithniú seo. Féadfaidh sé seo suas le 6 seachtaine a thógáil.

Cad a tharlóidh mura dteastaíonn uaim cónaí sa réadmhaoin nó í a ligean ar cíos?

Má shocraíonn tú do theach a dhíol nó é a ligean ar cíos laistigh de 10 mbliana ón deontas a fháil, beidh ort an t-údarás áitiúil a íoc ar ais. Ní mór duit an deontas a íoc ar ais in aon chás nach é an teach do phríomháit chónaithe a thuilleadh laistigh den chéad 10 mbliana.

Más rud é go bhfuair tú an deontas chun réadmhaoin a athchóiriú chun í a ligean ar cíos agus má shocraíonn tú an réadmhaoin a dhíol, nó mura bhfuil sé ar fáil a thuilleadh le ligean ar cíos laistigh de 10 mbliana ón deontas a fháil, beidh ort an t-údarás áitiúil a íoc ar ais freisin.

Braitheann an méid a bheidh ort a aisíoc ar cé chomh fada is a chónaigh tú sa réadmhaoin nó a lig tú amach ar cíos í. Má chónaíonn tú nó má tá do réadmhaoin ar cíos agat ar feadh:

  • Níos lú ná 5 bliana, caithfidh tú an méid iomlán a aisíoc
  • Thar 5 bliana ach níos lú ná 10 mbliana, caithfidh tú 75% den deontas a aisíoc
  • Níos mó ná 10 mbliana, ní gá duit aon rud a aisíoc

Deontas le haghaidh comhairle caomhantais chun tithe feirme traidisiúnta a athchóiriú

Má tá teach feirme traidisiúnta agat agus más mian leat iarratas a dhéanamh ar an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh, is féidir leat deontas breise suas le €7,500 a fháil le haghaidh sainchomhairle caomhantais ar conas do réadmhaoin fholamh a athchóiriú.

Seoladh an Scéim Deontais um Chomhairle Caomhantais do Thithe Feirme Traidisiúnta Folamh ar 14 Meitheamh 2023. Faoin Scéim, is féidir leat saineolaí caomhantais le taithí a fháil chun suirbhéireacht a dhéanamh ar do réadmhaoin agus tuairisc a scríobh (pdf) le comhairle caomhantais ar an mbealach is fearr chun í a athchóiriú.

Chun cáiliú don scéim, ní mór gur teach feirme nó teachín traidisiúnta í an réadmhaoin. Ciallaíonn sé seo gur teach réasúnta é, a tógadh ag baint úsáid as teicnící traidisiúnta agus ábhair áitiúla, cosúil le tuí, cloch, scláta, cré, caolach agus adhmad neamh-sháfa.

Chun iarratas a dhéanamh ar an deontas seo le haghaidh comhairle caomhantais, comhlánaigh an fhoirm iarratais (pdf) agus seol ríomhphost léi chuig niah@housing.gov.ie mar aon le grianghraif den fhoirgneamh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Lúnasa 2022