Dramhaíl ó fhearais leictreacha agus leictreonacha

Réamhrá

Trealamh leictreach agus leictreonach atá briste nó nach dteastaíonn is ea Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL). Is tábhachtach aon ghléas a dhiúscairt go freagrach a úsáideann leictreachas (nó ina bhfuil codanna leictreacha) lena sheachaint díobháil a dhéanamh don timpeallacht.

I measc na n-earraí coiteanna dramhaíola leictrí agus leictreonaí, tá an méid seo a leanas:

  • Gléasanna móra tí (cuisneoirí, reoiteoirí, meaisíní níocháin, miasniteoirí)
  • Gléasanna beaga tí (tóstaeir, gléasanna caife, iarainn, triomadóirí gruaige)
  • Trealamh teicneolaíochta faisnéise (TF) agus teileachumarsáide (ríomhairí pearsanta, gutháin, ríomhairí glúine, printéirí, scanóirí, gléasanna fótachóipeála)
  • Trealamh tomhaltóra (teilifíseáin, trealamh steiréó, scuaba fiacla leictreacha)
  • Trealamh soilsithe (lampaí fluaraiseacha)
  • Uirlisí leictreacha agus leictreonacha (druilirí láimhe, sábha, scriúirí)
  • Bréagáin, trealamh fóillíochta agus spóirt
  • Córais trealamh leighis (seachas táirgí ionphlandaithe nó galracha)
  • Ionstraimí monatóireachta agus rialaithe
  • Dáileoirí uathoibríocha
  • Cadhnraí agus taisc-chadhnraí

Cad iad no Príomhbhuarthaí Timpeallachta?

Is iad na príomhrioscaí atá roimh an timpeallacht a chruthaíonn DTLL ná acmhainní nádúrtha a ídiú agus substaintí baolacha a scaoileadh:

  • Má thugaimid táirgí leictreacha agus leictreonacha chuig láithreáin líonadh talún, ní thapaímid an deis chun na milliúin tonna d’ábhair a aisghabháil agus a athúsáid. Trí na hábhair seo a aisghabháil, ní bheadh orainn an méid céanna d’amhábhar a bhaint chun táirgí nua a dhéantúsú.
  • Tá substaintí i roinnt trealamh leictreonach agus a chomhábhair a mheastar atá baolach don timpeallacht agus do shláinte dhaoine má dhéantar iad a dhiúscairt go míchúramach. Cé gur gnách nach mbíonn ach méideanna beaga de na substaintí baolacha seo ann, d’fhéadfaidís sceitheadh isteach san ithir, uisce nó san aer agus d’fhéadfaidís bheith mar chúis le díobháil thromchúiseach a dhéanamh don chomhshaol.

Conas is féidir DTLL a dhiúscairt

Is iad na trí phríomhbhealach chun dramhaíl a bhainistiú ná líonadh talún, loscadh agus athchúrsáil.

  • Déanann líonadh talún fuíollábhar a dhiúscairt trí é a chur sa talamh. Tá an spás ag láithreáin líonadh talún ag éirí gann. Níor cheart DTLL a chur i láithreáin líonadh talún mar gheall ar na substaintí díobhálacha atá ann.
  • Milleann loscadh ábhair trí iad a dhó ar ardteochtaí.
  • Is casta don tionscal athchúrsála. Tá oibreoirí móra stiallaire agus athchúrsálaithe speisialaithe níos lú sa tionscal:
  • Déanann stiallairí miotal a aisghabháil trí earraí ar nós seanghluaisteán agus fearais tí a thabhairt faoi mhuilte casúir (ar a dtugtar meaisíní a dhéantar píosaí d’earraí, chomh maith).
  • D’fhéadfadh gnólachtaí athchúrsála níos lú plé go sonrach, mar shampla, le plaistigh a athchúrsáil, miotal luachmhar a mhínghlanadh, nó deisiú agus athchóiriú
  • Bailíonn cuideachtaí athchúrsála eile earraí atá le heaspórtáil chuig na tíortha sin ina bhfuil córais athchúrsála níos forásaí nó ar féidir leo comhábhair agus ábhair in-athúsáide a bhaint ón dramhaíl

Cé a íocann as DTLL a Áthschúrsáil

De réir an dlí, tá táirgeoirí earraí f leictreacha agus leictreonacha freagrach as DTLL a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Ciallaíonn seo gur féidir leat do DTLL a thabhairt ar ais saor in aisce, chuig siopa nuair a cheannaíonn tú earra a thiocfaidh ina ionad nó chuig pointe bailithe údaraithe eile, ar nós láithreán conláiste chathartha údaráis áitiúil. Áirítear le DTLL cadhnraí (pdf) and taisc-chadhnraí.

Reachtaíocht

Is í an reachtaíocht ábhartha Treoir 2012/19/AE maidir le DTLL, a cuireadh i bhfeidhm an 13 Lúnasa 2012 agus a raibh éifeacht leis an 14 Feabhra 2014. (Rinne an Treoi seo nuashonrú ar an gcéad (Treoir 2002/96/CE maidir le DTLL) a foilsíodh i bhFeabhra 2003, a rinne foráil do scéimeanna bailithe saor in aisce a chruthú do DTLL tí..)

Conas a dhéileálann údaráis áitiúla le DTLL

D’fhorbair údaráis áitiúla tionscnaimh speisialta chun DTLL a láimhseáil laistigh dá ginearálta bpleananna ginearálta bainistíochta dramhaíola. Is féidir leat do DTLL a thabhairt chuig do láithreán áitiúil conláiste chathartha saor in aisce, áit a mbaileofar é chun é a athchúrsáil, in ionad é a thabhairt chuig láithreán líonadh talún. Chun teacht ar fhaisnéise ar thionscnaimh i do cheantar agus ar chomhairle ar conas chun déileáil le DTLL, déan teagmháil le d’údarás áitiúil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Department of Housing, Planning and Local Government

Custom House

Dublin 1

D01 W6X0

Ireland

Tel: (01) 888 2000

Locall: 1890 202 021

Homepage: http://www.housing.gov.ie/

Contact Form: http://www.housing.gov.ie/customer-service-feedback-form

Email: qcsofficer@housing.gov.ie

WEEE Register

The National WEEE Registration Body

Suite 509

8 Dawson Street

Dublin 2

Tel: (01) 633 3550

Fax: (01) 633 3552

Homepage: http://www.weeeregister.ie/

Email: info@weeeregister.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Iúil 2019