Dramhaíl agus fásra a dhó

An féidir liom dramhaíl a dhó sa bhaile?

Tá sé neamhdhleathach dramhaíl tí a dhó sa bhaile nó i do ghairdín mar gur féidir leis ceimiceáin dhíobhálacha a scaoileadh sa aeir agus d’fhéadfadh se cur isteach ar do chomharsan.Tá sé mídhleathach dramhaíl tí nó gairdín a dhó ar bhealach ar bith, lena n-áirítear:

  • I mbairille nó carn oscailte sa chlós nó sa ghairdín
  • Ar thine chnámh
  • Ar thine oscailte, ar thinteog nó ar fhearas breosla sholadaigh
  • I mion-loisceoir

Nóta: Tá loisceoirí gairdín agus gléasanna dá samhail mídhleathach, fiú má tá siad ceangailte le simléir nó le múchán.

Is cion é seo faoin:

Má chiontaítear thú, féadfar fíneáil suas le €5,000 a ghearradh ort.

Cén fáth go bhfuil sé mídhleathach dramhaíl a dhó?

Tá dó dramhaíola mídhleathach toisc go bhféadfadh ceimiceáin tocsaineacha a bheith i nithe dramhaíola.

Mar shampla, is féidir ábhair shintéiseacha a bheith i ndramhaíl páipéir agus tá glóthacha, tuarthóirí agus plaistigh i gclúidíní indiúscartha.

Is féidir le seachtháirgí tinte neamhrialaithe ísealteochta a bheith scaoilte san aer agus titeann siad ansin ar ithir agus ar fhásra mórthimpeall orthu agus déanann siad iad a éilliú.

Faigh amach conas do dhramhaíl tí a dhiúscairt.

An feidir liom adhmad a dhó i mo ghairdín?

Tá sé mídhleathach aon dramhaíl a dhó i do ghairdín, adhmad san áireamh. Cóireáiltear go leor táirgí adhmaid le ceimiceáin tocsaineacha chun lobhadh a chosc. Má dhéantar iad a dhó is féidir ceimiceáin díobhálacha a scaoileadh san atmaisféar agus dochar a dhéanamh don timpeallacht.

Is féidir leat fáil réidh le hadhmad ag láithreán conláiste cathartha.

An feidir liom plaisteach a dhó?

Tá sé mídhleathach aon dramhaíl, lena n-áirítear plaisteach, a dhó sa bhaile nó i do ghairdín.

Go ginearálta, is féidir plaistigh a chur i do bhosca bruscair glas agus iad a athchúrsáil. Faigh tuilleadh eolais faoi conas táirgí plaisteacha a dhiúscairt.

Faoi scéim náisiúnta athchúrsála um plaistigh feirme, is féidir le feirmeoirí plaistigh feirme a thabhairt chuig ionad beir leat lena n-athchúrsáil.

Cad is féidir liom a dhéanamh má tá mo chomharsa ag dó dramhaíl?

Má tá do chomharsa ag dó dramhaíl, ba chóir duit:

  1. Labhairt le do chomharsa faoin scéal agus iarraidh orthu stop a chur lena dramhaíl a dhó
  2. Mura féidir leat an cheist a réiteach le do chomharsa go díreach, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil
  3. Mura bhféidir teacht ar réiteach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Líne Náisiúnta um Ghearáin Chomhshaoil ar 1850 365 121 nó is féidir leat an aip ghutháin chliste a úsáid, ‘See It? Say It!’.

Conas is féidir liom mo chuid dramhaíola adhiúscairt go sábháilte?

Tá seirbhís eagraithe bailithe um dhramhaíl bhaile i bhformhór na gceantar. Má chinneann tú gan seirbhís eagraithe bailithe dramhaíola a úsáid, féadfaidh tú cuid mhaith de do dhramhaíl tí féin a dhiúscairt trí athchúrsáil agus múiríniú baile. Is féidir leat ionaid chonláiste cathartha nó láithreáin líonta talún a úsáid freisin.

Is féidir le d’údarás áitiúil comhairle a chur ort maidir le saoráidí diúscartha dramhaíola agus athchúrsála i do cheantar.

Tuilleadh eolais faoi dhramhaíl a dhó

Léigh tuilleadh faoi dhramhaíl a dhó ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

Is féidir leat cáilíocht an aeir i do cheantar áitiúil a sheiceáil ar AirQuality.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Meitheamh 2021