Do chearta nuair a cheannaíonn tú i siopa

Réamhrá

Leis an Acht um Chearta Tomhaltóirí 2022 tugtar isteach cearta nua nuair a cheannaíonn tú i siopa. Míníonn an leathanach seo na cearta tomhaltóirí seo. Ní bheidh feidhm leo ach amháin má cheannaigh tú rud éigin i siopa ar an 29 Samhain 2022 nó ina dhiaidh.

Tá cearta beagán difriúil agat má tá:

Sula gceannaíonn tú

Tá ceart dlíthiúil agat an fhaisnéis seo a leanas a fháil sula gceannaíonn tú:

  • Ainm gnó, seoladh agus uimhir theileafóin an díoltóra
  • Sonraí an táirge (mura bhfuil siad soiléir cheana féin)
  • Praghas iomlán, nó conas a ríomhfar é
  • Fad an chonartha
  • Aon táillí breise, mar shampla, táille seachadta nó poist
  • Do cheart chun cealú, nuair a bhaineann sé

Caithfidh an fhaisnéis a bheith soiléir, intuigthe agus tugtha duit sula gceannaíonn tú.

Níl cead ag díoltóirí éilimh bhréagacha a dhéanamh a mbeadh tionchar acu ar do chinntí ceannaigh. Tá cion á dhéanamh ag díoltóir a dhéanann éileamh bréagach nó míthreorach faoi tháirge agus is féidir é a ionchúiseamh.

Faigh tuilleadh faisnéise faoi théarmaí agus Coinníollacha, cleachtais tráchtála éagóracha,fógraíocht agus praghsála.

Cad is féidir leat a bheith ag súil ó do tháirge

Nuair a cheannaíonn tú táirge, déanann tú conradh leis an díoltóir. Ní mór don díoltóir táirgí a sholáthar i gcónaí i gcomhréir leis an gconradh.

Faoi dhlí na dtomhaltóirí caithfidh gach táirge a cheannaíonn tú coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Caithfidh an táirge:

  • A bheith oiriúnach chun aon chríche a chuir tú in iúl don díoltóir
  • A bheith oiriúnach do gach cuspóir a mbaintear úsáid as de ghnáth chuige
  • Cáilíochtaí agus gnéithe táirgí den chineál céanna a bheith acu
  • An tuairisc, an cineál, an chainníocht agus an cháilíocht a comhaontaíodh sa chonradh díolacháin a fheistiú
  • A bheith buan agus de cháilíocht ionchais le haghaidh gnáthúsáide
  • Cáilíocht aon sampla nó múnla a taispeánadh duit a chomhlíonadh
  • Aon fhógra nó lipéadú a mheaitseáil
  • An fheidhmiúlacht riachtanach, an chomhoiriúnacht, an idir-inoibritheacht agus gnéithe comhaontaithe eile
  • Teacht leis na gabhálais go léir a luaitear sa chonradh díolacháin agus leis na treoracha cearta
  • Na páirteanna breise a bheith clúdaithe sa chonradh
  • A bheith suiteáilte i gceart ag an díoltóir (má bhaineann)
  • Faisnéis a bheith acu ar nuashonruithe digiteacha a thacaíonn leis an táirge, más infheidhme. Is féidir leat nuashonruithe a fháil uair amháin nó go leanúnach

Tá na cearta céanna agat nuair a cheannaíonn tú ar an bpraghas iomlán, ar phraghas laghdaithe (mar shampla, i ndíolachán) nó nuair a cheannaíonn tú earra athláimhe (má cheannaítear é ó ghnó).

I gcásanna áirithe, tá srian ort ag polasaí siopa an díoltóra nó ag téarmaí agus coinníollacha, mar shampla nuair a athraíonn tú d’intinn – féach ‘Rud nach dteastaíonn uait a thabhairt ar ais’ thíos.

Léigh tuilleadh faoi do chearta mar thomhaltóir.

Má théann rudaí mícheart

Faoi dhlí na dtomhaltóirí, tá tú i dteideal leigheasanna áirithe nuair nach gcomhlíonann rud éigin a cheannaíonn tú na coinníollacha a leagadh amach níos luaithe – féach ‘Cad is féidir leat a bheith ag súil ó do tháirge’ thuas.

Is féidir le leigheas a bheith ina:

  • Deisiúchán
  • Athsholáthar
  • Aisíocaíocht
  • Laghdú praghais
  • Ceart gearrthéarmach chun cealú

Léigh tuilleadh faoi earraí lochtacha agus ráthaíochtaí agus barántais.

Rud éigin nach dteastaíonn uait a thabhairt ar ais

Níl ceart uathoibríoch agat ar aisíocaíocht nuair a chuireann tú rud a cheannaigh tú ar ais i siopa toisc gur athraigh tú d’intinn.

Mura bhfuil aon rud cearr leis an mír (mar shampla, níl aon locht) níl aon cheart dlíthiúil agat na hearraí a thabhairt ar ais. Braitheann cibé an féidir leat do chuid airgid a fháil ar ais nó nach féidir, ar pholasaí tuairisceáin an díoltóra.

Mar sin féin, ligeann go leor díoltóirí go deonach do chustaiméirí earraí a thabhairt ar ais nó a athsholáthar le linn tréimhse áirithe ama. Féadfaidh an díoltóir aisíocaíocht, malartú nó nóta creidmheasa a thairiscint mar chomhartha dea-mhéine. Seiceáil cad é polasaí tuairisceáin an díoltóra sula gceannaíonn tú.

Má ghlacann an díoltóir le tuairisceáin, de ghnáth ní mór duit:

  • Cinntigh go bhfuil na hearraí i riocht mait
  • Na lipéid bhunaidh agus na clibeanna bunaidh a choinneáil ceangailte
  • Cruthúnas ceannaigh a bheith agat (mar shampla, admháil)

Tá tuilleadh faisnéise ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) maidir le d’intinn a athrú.

Conas gearán a dhéanamh

Tá cearta agat mura gcomhlíonann an díoltóir a gcuid oibleagáidí duit.

Má théann rudaí amú, lean na céimeanna seo

  1. Tabhair an táirge ar ais chuig an díoltóir leis an bpacáistiú bunaidh (más féidir) agus cruthúnas ceannaigh amhail admháil, ráiteas bainc nó cárta creidmheasa, nó sonrasc
  2. Mínigh cad é an fhadhb agus conas is mian leat é a cheartú
  3. Más gá, déan gearán foirmiúil scríofa ina dhiaidh sin

Faigh tuilleadh cabhrach más mian leat gearán a dhéanamh.

Tuilleadh faisnéise

An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

Teach Bloom
Sráid an Iarnróid
Baile Átha Cliath 1
D01 C576

Uaireanta Oscailte: Línte oscailte Luan-Aoine, 9rn - 6in
Teil: (01) 402 5555 and (01) 402 5500
Láithreán Gréasáin: http://www.ccpc.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Nollaig 2022