Scrúdú Náisiúnta Feithiclí
- Réamhrá
- Moilleanna ar dheimhnithe an SNTC afháil
- Formáid thástáil an SNTC
- Ullmhú do thástáil an SNTC
- Torthaí tástála an SNTC
- Toradh tástála mionlochta
- Toradh tástála mórlochta
- Toradh tástála lochta bhaolaigh
- Tástáil luath
- Díolúintí ón SNTC
- Deimhniú Ródacmhainneachta AE aaistriú chuig deimhniú an SNTC.
- Torthaí an SNTC a achomharc
- Costas an SNTC
- Deimhniú an SNTC a cailleadh
- Cá ndéanfaidh mé iarratas?
Réamhrá
Is cion é carr a thiomáint in Éirinn gan diosca na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna a thaispeáint, má tá tástáil le déanamh ar an gcarr. Is féidir fíneáil muirir sheasta, anuas ar phointí pionóis a ghearradh ar chiontóirí.
Tugtar an Tástáil Náisiúnta Carranna ar an tástáil. Is í an tSeirbhís Tástála Náisiúnta Carranna Teo. (an SNTC) a dhéanann an tástáil. Tá mar chuspóir ag an tástáil feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre agus cosaint an chomhshaoil a fheabhsú. Is féidir leat amharc ar rátaí pas/teipthe an SNTC.
Má tá do charr 4 bliana nó níos sine, caithfear tástáil a dhéanamh air. Braitheann cé chomh rialta a dhéanann tú an tástáil ar aois do chairr. Caithfidh tú an tástáil a dhéanamh arís sna cásanna seo a leanas:
- Gach 2 bhliain, má tá do charr níos mó ná 4 bliana d’aois agus níos lú ná deich mbliana d’aois
- Gach bliain, má tá do charr níos mó ná 10 mbliana d’aois, ach níos lú ná 30 bliain d’aois
- Gach 2 bhliain, má tá do charr idir 30 agus 39 bliain d’aois agus mura sé á úsáid agat ar mhaithe le cuspóirí tráchtála
Caithfidh an duine a thugann an carr chuig an SNTC deimhniú clárúcháin nó ceadúnaithe feithicle an chairr a thabhairt leo chuig an ionad tástála. Caithfidh siad a gceadúnas tiomána nó a gCárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a thabhairt leo freisin mar aitheantas.
Moilleanna ar dheimhnithe an SNTC afháil
Tá moilleanna ar an SNTC faoi láthair, a chiallaíonn go mb’fhéidir nach dtabharfar do choinne leis an SNTC duit ag an am ceart. Mura féidir leat do SNTC a dhéanamh mar gheall ar na moilleanna seo, leanfar le do chumhdach árachais a sholáthar i bhformhór na gcásanna. Caithfidh go ndearna tú iarracht coinne a chur in áirithe ar an ngnáthbhealach chun go mbeidh seo i gceist.
Luaigh Árachas Éireann (Insurance Ireland) gur cheart go mbeadh comhlachtaí árachais tuisceanach mura féidir leat coinne leis an SNTC a fháil, mar gheall ar liostaí feithimh ag ionaid tástála an SNTC. Ach caithfidh leanúint le bail ródacmhainneach a choimeád ar d’fheithicil gach tráth faoi mhótarárachas agus an reachtaíocht um thrácht ar bhóithre, agus is amhlaidh atá seo go fóill. Más mian leat níos mó eolais a fhail faoi seo, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do chomhlacht árachais faoi do pholasaí.
Formáid thástáil an SNTC
Cuireann an SNTC a líonra ionaid oibrithe ar fáil ar fud na tíre. Caithfidh tú do charr a thabhairt chuig ceann de na hionaid tástála seo le tabhairt faoin tástáil.
Caitear súil sa tástáil ar na rudaí seo a leanas:
- Coscáin
- Astúcháin sceite
- Rothaí agus boinn
- Soilse
- Stiúradh agus crochadh
- Fonnadh agus an fho-chabhail
- Córais leictreacha
- Gloine agus scátháin
- Tras-seoladh
- Taobh istigh
- Córas breosla
Tá córas tástála diagnóisice ionsuite (OBD) á úsáid i rith chigireacht an SNTC. Déanann sé d’fheithicil a scanadh chun teacht ar a huimhir aitheantais feithicle, léamh an odaiméadair, an córas coscánaithe leictreonach agus an córas coscánaithe frithghlasála. Féach Ceisteanna Coitianta faoin SNTC chun teacht ar eolas breise.
Ón 20 Bealtaine 2023, tá sonraí maidir le Monatóireacht ar Thomhaltas Breosla ar Bord (OBFCM) á mbailiú mar chuid den Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG). Déantar é seo chun a chinntiú go gcomhlíonann astaíochtaí CO2 agus luachanna úsáide breosla nó fuinnimh an ghluaisteáin rialacháin an AE. Mura dteastaíonn uait go stórálfar na sonraí seo, is féidir d’ainm, do sheoladh agus uimhir chláraithe do ghluaisteáin a sheoladh ar ríomhphost chuig privacy@ncts.ie. Ní bhaineann sé seo ach leis an timthriall tástála reatha agus ní le tástálacha amach anseo. Déanfar anaithnidiú ar na sonraí go léir a bhailítear. Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin na TNG.
Tá Lámhleabhar na Tástála Náisiúnta Carranna (an SNTC) (pdf) ar fáil ar láithreán gréasáin an SNTC.
Ullmhú do thástáil an SNTC
Molann an SNTC go n-ullmhaíonn tú don tástáil tríd an méid seo a leanas a chinntiú:
- Tá dóthain ola agus uisce i do charr
- Tá an búit folamh agus níl giuirléidí pearsanta, cosúil le suíocháin naíonáin inbhainte, ar na suíocháin
- Tá do chóifrín lámhainní díghlasáilte agus níl giuirléidí pearsanta ann (lena cheadú tástáil OBD a dhéanamh)
- Baintear aon ghléasanna a úsáideann an port OBD san fheithicil roimh ré
- Tá an fheithicil sách glan (go háirithe an fho-chabhail)
- Tá na caipíní moil bainte agus tá bhfuil an brú ceart aeir sna boinn
- Tá criosanna sábhála agus fáiscíní le feiceáil go soiléir
- Comhlíonann do phlátaí clárúcháin feithicle na rialacháin reatha
- Rinneadh an crios comhuainiúcháin a athsholáthar i gcás feithicil díosail laistigh den amfhráma a shonraíonn déantúsóir na feithicle
- Rinneadh seiceáil agus socrú ar na soilse roimh an tástáil.
Cuireann an SNTC seicliosta iomlán ar fáil ar na rudaí atá le seiceáil roimh do SNTC chun cabhrú leat ullmhú do do thástáil.
Má thugann tú an carr le seirbhís a fháil déanta air roimh an tástáil, molann an STNC go mbeadh aird speisialta dírithe ar na pointí is mó a dteiptear orthu:
- Ceannsoilse: ailíniú agus bail
- Crochadh agus stiúradh
- Coscáin: tosaigh, cúil agus an coscán láimhe
Torthaí tástála an SNTC
Tugtar Tuairisc Chigireachta an SNTC do gach feithicil tar éis na tástála. Tugtar sonraí sa tuairisc ar thorthaí na tástála agus mínítear inti na lochtanna a aimsíodh (má aimsíodh aon chinn). Má d’éirigh le do charr sa tástáil, gheobhaidh tú deimhniú pas freisin.
Tá 3 shaghas torthaí tástála ann is féidir leat a bhaint amach. Toradh mionlochta, toradh mórlochta, nó toradh lochta bhaolaigh.
Toradh tástála mionlochta
D’éirigh leis an bhfeithicil sa tástáil agus ní raibh ach mionlochtanna uirthi. Caithfear na lochtanna seo a dheisiú agus caithfidh an SNTC athchigireacht a dhéanamh uirthi sular féidir leat deimhniú an SNTC a fháil.
Theip ar an bhfeithicil sa tástáil. Tugtar 30 lá duit í a dheisiú agus athchigireacht an SNTC a dhéanamh uirthi. Má éiríonn léi san athchigireacht, gheobhaidh tú deimhniú an an SNTC. Mura ndéantar athchigireacht ar an bhfeithicil laistigh de 30 lá, beidh ort tabhairt faoin tástáil iomlán arís.
Toradh tástála mórlochta
Theip ar an bhfeithicil sa tástáil. Tugtar 30 lá duit í a dheisiú agus athchigireacht an SNTC a dhéanamh uirthi. Má éiríonn léi san athchigireacht, gheobhaidh tú deimhniú an an SNTC. Mura ndéantar athchigireacht ar an bhfeithicil laistigh de 30 lá, beidh ort tabhairt faoin tástáil iomlán arís.
Toradh tástála lochta bhaolaigh
Theip ar an bhfeithicil mar gheall go bhfuil locht baolach ar an bhfeithicil a chruthaíonn baol díreach nó láithreach bonn do shábháilteacht ar bhóithre. Cuirfidh an SNTC greamán ‘teip bhaolach’ ar do charr. Tá sé in aghaidh an dlí feithicil a thiomáint a bhfuil locht baolach uirthi. Má leanann tú le do charr a thiomáint agus má stopann an Garda Síochána thú, b’fhéidir go ngearrfar pointí pionóis ort nó go mbeidh ort dul go dtí an chúirt. Caithfidh tú get an fheithicil a dheisiú agus tabhairt faoi athchigireacht an SNTC laistigh de 30 lá. Má éiríonn léi san athchigireacht, gheobhaidh tú deimhniú an an SNTC.
Tástáil luath
Is féidir tástáil a dhéanamh ar do charr 90 lá roimh a dháta dlite. Beidh do dheimhniú SNTC bailí ar feadh 1 nó 2 bhliain (ag brath ar aois an chairr) óna dháta dlite.
Má chuireann tú tástáil in áirithe atá 90 lá níos luaithe ná dáta dlite na tástála, tástáil dheonach luath a bheidh sa tástáil seo. Beidh an deimhniú SNTC a eisítear bailí ar feadh 1 nó 2 bhliain (ag brath ar aois an chairr) ó dháta dlite na tástála rathúla.
Díolúintí ón SNTC
Ní gá tástáil a dhéanamh ar fheithiclí a cláraíodh roimh an 1 Eanáir 1980.
Ní gá tástáil a dhéanamh ar fheithiclí atá bunaithe ar oileáin nach bhfuil ceangailte leis an mórthír trí bhóthar.
Ní dhéantar tástáil éigeantach ar mhótarfheithiclí ar leis na Fórsaí faoi Airm, an Garda Síochána nó an tSeirbhís Dóiteáin iad.
Deimhniú Ródacmhainneachta AE aaistriú chuig deimhniú an SNTC.
Má tá carr á iompórtáil agat ó thír eile an AE agus má tá Deimhniú Ródacmhainneachta AE reatha agat, is féidir leat leanúint le hé a úsáid in Éirinn go dtí go n-éagfaidh sé. Ní aistríonn tú an chuid de dheimhniú AE nach bhfuil éagtha a thuilleadh chun deimhniú aitheantais fhrithpháirtigh a fháil. Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar SNTC agus pas a bhaint amach ann sula n-éagfaidh do Dheimhniú Ródacmhainneachta AE. Féach na Ceisteanna Coitianta ar nct.ie. Is féidir níos mó a léamh faoi fheithicil a iompórtáil isteach go hÉirinn.
Torthaí an SNTC a achomharc
Má tá tú míshásta leis an toradh tástála, is féidir leat é a achomharc trí phróiseas achomhairc an SNTC. Ar an gcéad dul síos, ba cheart duit d’ábhar imní a thabhairt le fios don duine atá i bhfeighil an Ionaid Tástála sula bhfágfaidh tú. Tá eolas ar ghearán nó achomharc a dhéanamh ar fáil ar láithreán gréasáin an SNTC.
Costas an SNTC
Cosnaíonn an tástáil €55 agus glacann sé idir 40 nóiméad agus 1 uair an chloig chun í a dhéanamh. Cuimsítear thart ar 60 seiceáil éagsúil sa tástáil a dtabharfar fúthu trí ríomhaire agus de láimh araon.
De réir Chairt Chustaiméirí an SNTC, má iarrann tú coinne an SNTC laistigh de 4 seachtaine agus mura féidir é a sholáthar, tá tú i dteideal go dtabharfar faoin tástáil saor in aisce.
Má theipeann ar do ghluaisteán sa tástáil, caithfidh tú tástáil a chur in áirithe athuair laistigh de 21 lá agus caithfear an atástáil a dhéanamh laistigh de 30 lá tar éis na chéad tástála. Cosnaíonn atástáil €28. Ní ghearrtar aon chostas ar atástálacha nach n-úsáideann trealamh tástála. Áirítear le hatástálacha saor in aisce earraí beaga amhairc, cosúil le cuimilteoir gaothscátha a athsholáthar).
Má chuireann tú do choinne dearbhaithe ar ceal agus níos lú ná fógra 5 lá oibre (ó Luan go hAoine, gan lá na tástála a áireamh) á thabhairt agat nó mura dtagann tú chuig do thástáil, gearrfar €22 de bhreis ort (os cionn na gnáth-tháille) an chéad uair eile a thugann tú d’fheithicil isteach i gcomhair tástála.
Deimhniú an SNTC a cailleadh
thugann tú d’fheithicil isteach i gcomhair tástála.
Deimhniú an SNTC a cailleadh
Má chaill tú nó mura féidir leat do dheimhniú SNTC a aimsiú, is féidir leat deimhniú ionaid a fháil. Caithfidh tú an fhoirm iarratais a líonadh (pdf) (RF134) atá ar fáil ó do stáisiún Gardaí áitiúil. Caithfidh an fhoirm a bheith stampáilte agus sínithe ag na Gardaí. Seol an fhoirm, chomh maith leis an diosca gaothscatha nó an deimhniú SNTC (pé acu atá fós agat) agus dréacht bainc nó ordú poist do shuim €15.50 atá iníoctha le Seirbhís Tástála Carranna Applus Teoranta, chuig an Riarthóir Deimhnithe Tástála ag an seoladh thíosluaite (féach 'Cá ndéanfaidh mé iarratas?').
Más mian leat tuairisc SNTC ionaid a fháil, scríobh chuig an Riarthóir Deimhnithe Tástála ag an seoladh thíos agus tabhair uimhir chláraithe do chairr, déanamh agus múnla na feithicle agus do chuid sonraí féin chomh maith le dréacht bainc nó ordú poist do shuim €15.50 atá iníoctha le le Seirbhís Tástála Carranna Applus Teoranta.
Cá ndéanfaidh mé iarratas?
Má cháilíonn do charr le haghaidh thástáil de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC) is féidir leat tástáil a chur in áirithe:
- Ar líne ag ncts.ie
- Trí ghlaoch ar 01 413 5992
- Ar ríomhphost chuig bookings@ncts.ie
- Trí scríobh chuig an Roinn Áirithintí ag an seoladh thíos
Is féidir leis an SNTC coinne shealadach a chur ar tairiscint duit ag ionad tástála atá i ngar duit nó cuireadh a thabhairt duit do choinne féin SNTC a shocrú. Má oireann an choinne shealadach duit nó más mian leat am, dáta nó ionad tástála eile a bheith agat, ní mór duit dul i dteagmháil leis an SNTC.
Nuair a fhaigheann tú do theachtaireacht téacs, do ríomhphost nó do litir fógartha, ní mór duit dul i dteagmháil leis an SNTC le d’áirithint a dheimhniú, a athshocrú nó a chealú. Tar éis duit dul i dteagmháil leis an SNTC le do choinne shealadach a dhearbhú nó a athrú, gheobhaidh tú litir ‘Dearbhú Coinne’. D’áirithint ar líne a dheimhniú, a chealú nó a athshocrú.
Mura bhfuil an SNTC tar éis cloisteáil uait 14 lá roimh dháta na coinne sealadaí, cuirfear do thástáil ar ceal go huathoibríoch agus cuirfear ar fáil do chustaiméirí eile í.
Is féidir leat do choinne dhearbhaithe a chur ar ceal nó a athrú trí fhógra 5 lá oibre a thabhairt (ó Luan go hAoine). Má chuireann tú do choinne ar ceal nó má athraíonn tú í agus fógra níos lú ná 5 lá (ó Luan go hAoine) á thabhairt agat, gearrfar táille breise €22 ort.
Ba chóir iarratais tríd an bpost a sheoladh chuig an seoladh thíos. Is féidir leat do thástáil a chur in áirithine, a dheimhniú nó a chealú ar líne ag ncts.ie. Is féidir fiosrúcháin faoi áirithintí a sheoladh ar aghaidh chuig bookings@ncts.ie.
Féadtar fiosruithe faoi áirithintí a chur ar aghaidh chuig info@ncts.ie.