Fíneálacha páirceála agus clampáil feithiclí
Réamhrá
Tá córas táillí páirceála, srianta, fíneálacha agus clampála i bhfeidhm i mbailte agus i gcathracha in Éirinn. Déantar é seo chun stop a chur le páirceáil mhídhleathach, rud a d'fhéadfadh bac a chur ar thiománaithe nó ar ghnólachtaí eile.
Tá maoir thráchta agus an Garda Síochána freagrach as dlíthe a bhaineann le páirceáil neamhdhleathach a chur i bhfeidhm. Tá d'údarás áitiúil freagrach as fodhlíthe a chruthú a liostaíonn na háiteanna i do cheantar ina mbeidh táillí páirceála i bhfeidhm. Cinneann sé freisin costas na dtáillí páirceála.
Athraíonn táillí páirceála in Éirinn agus is féidir le d'údarás áitiúil iad a shocrú agus a choigeartú.
Rialacha
Tugann an chuid is mó de láithreáin ghréasáin na n-údarás áitiúil sonraí de na srianta páirceála agus an cineál páirceála ar íocaíocht atá i bhfeidhm ina gceantracha. Is féidir leat, chomh maith, eolas a fháil ar cá bhfuil na carrchlóis, rátaí, agus cá bhfuil spásanna páirceála do dhaoine le míchumas. Mar rogha air sin, is féidir leat dul i dteagmháil leis an údarás áitiúil chun an t-eolas sin a fháil.
Ag íoc as páirceáil
Athraíonn an bealach a íocann tú as páirceáil, ag brath ar an áit a pháirceálann tú. Tá comharthaí i gceantair ina bhfuil ort íoc as páirceáil a thugann sonraí faoin uair a chaithfidh tú íoc as páirceáil agus an t-uasmhéid ama is féidir leat páirceáil iontu. I measc na modhanna íocaíochta tá:
- Íoc agus taispeáin: ligeann sé seo duit íoc as páirceáil trí úsáid a bhaint as méadar. Athraíonn praghsanna in aghaidh na huaire ag brath ar an áit ina bpáirceálann tú.
- Clib pháirceála: ligeann sé seo duit íoc as páirceáil ar do ghléas móibíleach. Tá an tseirbhís seo ar fáil i gceantair áirithe íoc agus taispeáin. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag parkingtag.ie.
- Páirceáil le Téacs: ligeann sé duit íoc as páirceáil in áiteanna ar leith ag baint úsáide as do ghléas móibíleach. Léigh tuilleadh faoi conas a oibríonn sé ar apcoaconnect.ie.
- Dioscpháirceáil: ligeann sé seo duit íoc as páirceáil trí dhiosca páirceála a cheannach i siopa nó i nuachtánaí rannpháirteach. Ba chóir an diosca a thaispeáint go soiléir ar do ghaothscáth. Tá an tseirbhís seo i bhfeidhm i roinnt cathracha agus bailte beaga.
Páirceáil le Ceadúnas
Má tá páirceáil ar an tsráid sa cheantar ina bhfuil cónaí ort, is féidir leat ceadúnas áitritheora a fháil ó rannóg thráchta d’údaráis áitiúil. Aithníonn do cheadúnas ainm do shráide agus braitheann an costas ar do láthair. Ní eiseofar ach ceadúnas amháin d'úinéir cairr ar bith agus ní eiseofar níos mó ná ceithre cheadúnas d'iarrthóirí as teaghlach amháin. Má tá tú i do chónaí i dteach atá roinnte i níos mó ná aonad cóiríochta amháin, níl tú i dteideal ach ceadúnas páirceála amháin in aghaidh an aonaid. Ní bhíonn áitritheoirí árasán saintógtha i dteideal ceadúnais áitritheoirí.
Carrchlóis phríobháideacha
Ní rialaíonn an Rialtas carrchlóis phríobháideacha agus téann an t-ioncam a thagann as páirceáil ansin díreach go dtí úinéirí na gcarrchlós. Is éagsúil do na praghsanna a ghearrtar i gcarrchlóis phríobháideacha. Socraíonn úinéir an charrchlóis na táillí. De ghnáth eiseofar ticéad duit nuair a théann tú isteach sa charrchlós agus íocann tú as páirceáil nuair a fhágann tú.
Srianta ar pháirceáil
Cuirtear srian ar pháirceáil i limistéir áirithe sa chuid is mó de na bailte agus na cathracha i rith uaireanta gnó. Le linn na n-uaireanta seo, ní bhíonn cead agat cur isteach ar ghlanbhealaí, lánaí bus ná criosanna lódála. Luafaidh comharthaí páirceála ar na sráideanna seo go soiléir na huaireanta a bhfuil srianta i bhfeidhm. Níl cead spásanna páirceála do dhaoine le míchumas a úsáid am ar bith muna bhfuil an ceadúnas cuí acu. Féach ár gcáipéis ar Cheadúnais Pháirceála do Thiománaithe faoi Mhíchumas.
Fíneálacha páirceála
Tá córas fíneálacha páirceála i leith páirceáil neamhdhleathach agus neamhíoc táillí páirceála i bhfeidhm. Faigheann tú ticéad páirceála nuair a eisítear fíneáil ort.
Má fhaigheann tú fíneáil pháirceála, ní mór duit an fhíneáil a íoc le rannóg tráchta an údaráis áitiúil laistigh de 28 lá ó dháta fhógra an mhuirir sheasta. Mura n-íocann tú taobh istigh den 28 lá a thugtar duit, tagann ardú 50% ar an muirir. Mura bhfuil an fhíneáil íoctha tar éis 28 lá breise, cuirtear tús le himeachtaí cúirte. Tá sonraí faoin áit inar féidir leat d'fhíneáil pháirceála a íoc scríofa ar do thicéad páirceála. Má theipeann ort d'fhíneáil pháirceála a íoc agus mura bhfuil tú ag achomharc na fíneála go foirmiúil, is féidir tú a ionchúiseamh.
Pointí Pionóis
Gearrtar pointí pionóis ar roinnt cionta páirceála. Mar shampla, má chiontaítear tú as páirceáil chontúirteach gheobhaidh tú 5 pointe pionóis agus fíneáil. Léigh tuilleadh faoi chóras na bpointí pionóis.
Feithicil a chlampáil
Tá clampáil feithicle i bhfeidhm i roinnt áiteanna. Cuireann comhlachtaí príobháideacha seirbhísí clampála i bhfeidhm thar ceann an údaráis áitiúil. Is féidir le fostaithe de chuid an chomhlachta clampála feithiclí clampála agus fógraí clampála a eisiúint le haghaidh feithiclí atá ag sárú na rialachán páirceála. Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as clampáil a rialú.
Córas tarraingt as
Tá cead ag údaráis áitiúla feithiclí a tharraingt as má tá siad tréigthe nó páirceáilte go mídhleathach ar bhóthar poiblí nó i gcarrchlós de chuid an údaráis áitiúil. Tarraingítear feithiclí go dtí póna carranna agus is féidir táille shuntasach a ghearradh chun iad a scaoileadh. Má cheapann tú go bhfuil do charr tarraingthe ar shiúl, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil atá freagrach as an gceantar inar pháirceáil tú.
Tiománaí ó thíortha eile
Faoi thionscadal trasteorann le Tuaisceart Éireann, is féidir le tiománaithe a dteipeann orthu táillí páirceála nó táillí dola a íoc anseo a shaothrú. Cuirfidh an Ghníomhaireacht um Thiománaithe agus Feithicle i dTuaisceart Éireann sonraí an tiománaí ar aghaidh chuig an údarás áitiúil cuí maidir le cionta páirceála nó chuig Bonneagar Iompair Éireann (TII) maidir le dolaí. Ar an gcaoi chéanna, mura n-íocann tú táille páirceála nó dola i dTuaisceart Éireann, is féidir do shonraí a thabhairt do na húdaráis i dTuaisceart Éireann.
Is féidir dul sa tóir ar thiománaithe ó thíortha eile ar nós an Pholainn, an Fhrainc nó an Ghearmáin mura n-íoctar dolaí trí shocrú ar leith atá ag Bonneagar Iompair Éireann leis na tíortha seo. Úsáideann sé seirbhísí gníomhaireacht forfheidhmithe speisialaithe páirceála agus dola.
Rátaí
Tá fíneálacha éagsúla i gceist ag brath ar an áit a bhfuair do charr ticéad, a clampáladh é nó as a tarraingíodh é. Braitheann costas na fíneála freisin ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil páirceáil déanta agat i limistéar reachtúil nó i limistéar neamhreachtúil.
Is limistéar faoi stiúir údaráis áitiúil é limistéar reachtúil. I measc samplaí de réimsí reachtúla tá bóithre poiblí, aerfoirt agus cuanta.
Is limistéar é limistéar neamhreachtúil nach bhfuil faoi stiúir údaráis áitiúil. Áirítear leis seo carrchlóis phríobháideacha agus páirceáil chónaithe phríobháideach.
Rátaí i limistéir reachtúla (bóthar poiblí, aerfort nó cuan)
Má dhéanann tú cion páirceála i limistéar reachtúil, d'fhéadfá fíneáil a fháil, d'fhéadfaí d'fheithicil a chlampáil nó a ghaibhniú. Tá córas fíneálacha muirir sheasta i leith páirceáil neamhdhleathach agus cionta gaolmhara eile i bhfeidhm.
Rátaí i limistéir neamhreachtúla (carrchlós príobháideach nó páirceáil chónaithe phríobháideach)
Má pháirceálann tú d'fheithicil i limistéar neamhreachtúil agus má theipeann ort an táille chuí pháirceála a íoc, nó má tá do thicéad imithe in éag, d'fhéadfaí d'fheithicil a chlampáil. Féadfar d'fheithicil a chlampáil freisin má sháraíonn tú na téarmaí agus na coinníollacha atá i bhfeidhm san áit ar pháirceáil tú í.
Is iad seo a leanas na huastáillí maidir le feithiclí a chlampáil, a athlonnú agus a ghaibhniú i limistéir neamhreachtúla:
Cás | An táille uasta |
Sa chás go bhfuil d'fheithicil clampáilte | €125 |
Sa chás go bhfuil d'fheithicil athlonnaithe laistigh d'áit chlampála | €50 |
Sa chás gur athlonnaíodh d'fheithicil laistigh d'áit clampála agus go bhfuil sí clampáilte | €150 |
Sa chás gur athlonnaíodh d'fheithicil go dtí póna | €150 agus €50 breise i leith gach lae bhreise (nó cuid de lá) a bhfuil an fheithicil suite sa phóna. |
Dlíthe páirceála
Tá roinnt dlíthe agus rialachán ann a rialaíonn páirceáil agus clampáil, lena n-áirítear:
- Is iad na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 (arna leasú) an bhunreachtaíocht maidir le cionta tráchta bóthair go ginearálta.
- Alt 101B den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961: déantar foráil maidir le clampáil feithiclí.
- Tugann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994 cumhacht d'údaráis áitiúla fodhlíthe a dhéanamh a rialaíonn na cineálacha srianta páirceála ar íocaíocht laistigh dá gceantracha, mar shampla dioscpháirceáil agus páirceáil íoc agus taispeáin.
- Tá foráil san Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2010 do chóras muirear seasta tráchta agus cionta páirceála.
- De réir an Achta um Chlampáil Feithiclí 2015 tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as clampáil a rialú.
- Déanann na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997 arna leasú: foráil do rialú ginearálta agus rialú tráchta, coisithe agus páirceáil.
- Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Comharthaí) 2024 (pdf): tugtar freagracht d’údaráis áitiúla as comharthaí tráchta rialála a údarú agus limistéir a ainmniú ina bhfuil srian nó cosc ar pháirceáil.
- Leagann na Rialacháin um Clampáil agus Síniú Feithiclí, 2017 (pdf) síos na táillí uasta le haghaidh feithiclí a chlampáil, a athlonnú agus a ghaibhniú i limistéir áirithe.
- Na Rialacháin fán Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010 (Cuid 3) (Cionta Muirear Seasta) 2024 (pdf): leagtar amach líon na gcionta páirceála muirear seasta áirithe.
Conas achomharc a dhéanamh
Más mian leat clampáil nó athlonnú a achomharc
Má tá tú clampáilte agus gur mhaith leat achomharc a dhéanamh i gcoinne clampála nó athlonnú, ní mór duit dul i dteagmháil leis an rialtóir páirceála ar dtús. Is gnách go bhfaightear faisnéis faoin rialtóir páirceála ar an bhfógra clampála nó ar an admháil chun an táille scaoileadh clampa a íoc. Ba chóir duit sonraí faoin gcás a thabhairt agus aon doiciméid a d’fhéadfadh cabhrú le do chás a chur faoi iamh. Admhófar formhór na n-achomharc laistigh de chúpla lá. Déanfar d’achomharc a fhiosrú agus ní mór duit cinneadh a fháil laistigh de 21 lá. Mura bhfuil tú sásta le toradh d’achomharc tosaigh, féadfaidh tú achomharc eile a chur isteach chuig Oifigeach Achomharc Clampála tríd an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA).
Más mian leat ticéad páirceála a achomharc
Is féidir leat an ticéad páirceála a achomharc freisin a eisíodh i limistéar údaráis áitiúil, má bhraitheann tú gur fíneáladh go héagórach thú. Glac a mhéid sonraí faoin láthair agus is féidir leat (grianghraif, sonraí faoi mharcanna bóthair, etc.) agus seol iad chuig rannóg tráchta an údaráis áitiúil le do thicéad páirceála agus litir ina dtugtar cuntas ar do ghearán.
Tabhair faoi deara nach bhfuil aon ról ag an ÚNI i bhfíneálacha páirceála a achomharc, agus ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil maidir leo seo.
Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi:
- Rialaitheoir páirceála nach bhfuil ag comhlíonadh a fhreagrachtaí i gceart (mar shampla, níor baineadh an clampar 2 uair tar éis é a íoc)
- Rialaitheoir páirceála nach dtugann dóthain aitheantais pearsanra nó feithiclí
- Moilleanna míchuí ar rialtóirí páirceála nó ar oibreoirí clampála freagairt do chumarsáid agus do ghearáin faoi iompar oibreora clampála
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar an Rialachán um Clampáil Feithicle – láithreán gréasáin an Údaráis Náisiúnta Iompair.