Na háiseanna páirceála do dhaoine le míchumas
- Réamhrá
- Conas spás páirceála do dhaoine faoimhíchumas a aimsiú
- Cead páirceála bailí
- An gcaithfidh mé íoc?
- Cionta páirceála agus spásanna dodhaoine faoi mhíchumas
Réamhrá
Tá spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas lonnaithe i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann. Chun na spásanna seo a úsáid, ní mór duit cárta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas (cead páirceála bailí) a bheith agat. Is féidir leat páirceáil i mbá páirceála sainithe ar an sráid saor in aisce ar feadh tréimhse gan teorainn, mura luaitear a mhalairt.
Go ginearálta, cuireann gach spás páirceála sráide nó carrchlóis de chuid an údaráis áitiúil páirceáil ar fáil saor in aisce do shealbhóir an cheada. D’fhéadfadh go mbeadh srianta ama i bhfeidhm in áiteanna áirithe, áfach, mar sin seiceáil na comharthaí i gcónaí.
D’fhéadfadh rialacha éagsúla a bheith ag carrchlóis phríobháideacha.
Conas spás páirceála do dhaoine faoimhíchumas a aimsiú
Tá liostaí de spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil ar láithreáin ghréasáin roinnt údarás áitiúil . Is féidir leat glaoch a chur roimh d’aistear chuig an gceann scríbe freisin.
Go ginearálta bíonn spásanna páirceála ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas i gcarrchlóis phríobháideacha. Cuimsíonn carrchlóis phríobháideacha áiseanna páirceála ag ionaid siopadóireachta, ollmhargaí, ollscoileanna, óstáin agus ospidéil. Ba cheart duit a sheiceáil le carrchlóis phríobháideacha cíbe an aithníonn siad do chead páirceála bailí agus an bhfuil íocaíocht ag teastáil. Má chuirtear teorainneacha ama i bhfeidhm sna carrchlóis seo, seans nach mbainfidh siad le daoine faoi mhíchumas. Ba chóir na coinníollacha páirceála a lua go soiléir ar chomharthaí.
Tá bánna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas:
- Marcáilte go soiléir le húsáid ag daoine faoi mhíchumas trí chomharthaí agus marcanna bóthair araon. (Is gnách go mbíonn an tsiombail "inrochtaineacht" ar mharcanna bóthair).
- Beagán níos leithne ná gnáthspás páirceála chun rochtain éasca a cheadú.
Cead páirceála bailí
Ní mór duit cárta páirceála bailí do dhaoine faoi mhíchumas a bheith ar taispeáint ar do ghaothscáth chun bá páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a úsáid. Taispeánfaidh an cárta síniú agus grianghraf an tsealbhóra.
Tá scéim na gceadanna páirceála á riar ag Cumann na dTiomáinithe faoi Mhíchumas agus ag Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann .
Ní rathaíonn cárta páirceála bailí do dhaoine faoi mhíchumas go mbeidh spás páirceála agat mura bhfuil aon cheann ar fáil.
An gcaithfidh mé íoc?
Má tá cárta páirceála bailí do dhaoine faoi mhíchumas agat, tá na spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a chuireann na húdaráis áitiúla ar fáil saor in aisce.
Faoi fhodhlíthe áitiúla, tá de rogha ag gach údarás áitiúil teorainneacha ama a leagan síos do pháirceáil sna spásanna seo. Ní chuireann roinnt údarás áitiúil aon teorainn ama i bhfeidhm, agus luann roinnt eile nach mór duit cloí leis na teorainneacha ama a léirítear don cheantar. Déan teagmháil le d’údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh eolais faoi theorainneacha ama i do cheantar.
D’fhéadfadh go mbeadh táille ag roinnt carrchlós príobháideach as spás páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a úsáid, ach athróidh sé seo ag brath ar an oibreoir.
Cionta páirceála agus spásanna dodhaoine faoi mhíchumas
Is cion é feithicil a pháirceáil i spás páirceála do dhaoine faoi mhíchumas mura bhfuil cárta bailí agat. Má pháirceálann tú go neamhdhleathach i spás páirceála do dhaoine faoi mhíchumas, gheobhaidh tú fínéail pháircéala €150. Méadaítear é seo go €225 mura n-íoctar é laistigh de 28 lá.
Ón 1 Eanáir 2023, is é €200 an táille sheasta as suaiteantas páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a mhí-úsáid €200 (méadaítear go €300 é mura n-íocann tú laistigh de 28 lá).
Tá sé de chumhacht ag maoir thráchta agus baill den Gharda Síochána cárta páirceála a iarraidh agus a scrúdú lena chinntiú nach bhfuiltear ag baint mí-úsáide as.