Dola-bhóithre

Réamhrá

Is bóithre iad dola-bhóithre nach mór do thiománaithe íocadh chun iad a úsáid.

Maoinítear go leor mórfhorbairtí bóthair nua trí Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí. Ciallaíonn sé seo gur ó Stát na hÉireann agus ó ghnólachtaí príobháideacha a thagann an maoiniú chun an bóthar a thógáil agus a chothabháil.

Gearrann na gnóthais phríobháideacha seo airgead ar fheithiclí chun na bóithre a chabhraigh siad a thógáil a úsáid, agus gearrtar an muirearú trí dholaí a bhailiú.

Déanann Bonneagar Iompair Éireann (TII) maoirseacht ar chur i bhfeidhm dolaí in Éirinn. Tá TII freagrach freisin as gach bóthar náisiúnta a phleanáil, a thógáil a mhaoirsiú agus as gach bóthar náisiúnta a chothabháil.

Is féidir le TII dolaí a ghearradh agus a bhailiú ó fheithiclí faoin Acht na mBóithre 1993. Chun muirear dola nua a thabhairt isteach, caithfear fodhlíthe a thabhairt isteach.

Tá úinéir cláraithe feithicle freagrach go dlíthiúil as an dola a íoc, rud a chiallaíonn go bhféadfar fíneáil nó ionchúiseamh a dhéanamh ort as gan dola a íoc, fiú mura raibh tú féin ag tiomáint na feithicle.

Scéimeanna dola-bhóithre nua

Gach uair a mholtar scéim dola do bhóthar, caithfidh TII:

  • Fógra poiblí a fhoilsiú ag cur saoránaigh sa cheantar ar an eolas faoin mbóthar atá beartaithe
  • Dréacht-Scéim Dola a chruthú a chaithfidh a bheith ar fáil ar feadh míosa
  • Fógra a thabhairt na húdaráis áitiúla sa cheantar ina mbeidh an dola-bhóthar suite

Caithfear agóidí i gcoinne na scéime a dhéanamh i scríbhinn faoin dáta sonraithe nó roimhe.

Ullmhófar an Dréacht-Scéim Dola do bhóthar áirithe agus an Ráiteas Míniúcháin a ghabhann leis de réir fhorálacha reachtúla Acht na mBóithre 1993, arna leasú leis an Acht Pleanála agus Forbartha 2000. Má fhaightear agóidí i gcoinne an Dréacht-Scéime Dola agus mura dtarraingítear siar iad, eagróidh TII éisteacht ó bhéal. Déanfaidh Bord TII tuarascáil agus moltaí an duine a cheapfar chun an éisteacht a reáchtáil a mheas sula ndéanfaidh sé cinneadh ar cheart glacadh leis an Dréacht-Scéim Dola.

Féadfaidh TII an Dréacht-Scéim Dola a ghlacadh le modhnuithe nó gan iad nó féadfaidh sé diúltú í a ghlacadh.

Foilseofar cinneadh TII ar thogra na Scéime Dola.

Díolúintí ó mhuirir dola

Tá feithiclí áirithe díolmhaithe ó tháillí dola, lena n-áirítear feithiclí na bhFórsaí Cosanta nuair a úsáideann siad iad chun críocha oifigiúla, feithiclí a úsáideann an Garda Síochána, feithiclí briogáide dóiteáin agus otharcharranna.

Feithiclí oiriúnaithe

Tá feithiclí atá oiriúnaithe do thiománaithe nó do phaisinéirí faoi mhíchumas i dteideal díolúine ó tháillí dola freisin.

Ligeann an Scéim nua um Dhíolúine dola de bharr Míchumais (DTES) do thiománaithe feithiclí cáilithe taisteal saor ó dhola ar gach bóthar in Éirinn agus a ndiosca DTES á úsáid acu. Níl ach iarratas amháin ag teastáil faoin scéim nua seo, atá i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2020.

Le cáiliú, caithfidh d’fheithicil a bheith incháilithe le haghaidh faoisimh cánach faoin Scéim Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas (ar a dtugtar an Scéim VRT7 freisin).

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar dhiosca DTES, agus tuilleadh eolais a léamh faoi rialacha na scéime ar dtes.ie.

Má rinneadh d’fheithicil a oiriúnú agus má cháilíonn sí le haghaidh faoisimh cánach, ach mura ndearna tú iarratas ar dhiosca DTES, is féidir leat taisteal saor ó dhola fós trí dhul chuig an dola-bhoth le foireann agus do dhiosca cánach a thaispeáint.

Má tá pas saor ó dhola agat a d’eisigh oibreoir dola aonair, leanfaidh do phas de bheith bailí go dtí 1 Iúil 2020, cé go molann TII aistriú chuig an scéim nua a luaithe is féidir.

Conas muirear dola a íoc

De ghnáth, íoctar muirir dola ag an mbacainn chun an bhóthair dola. Féadfaidh tú íoc in airgead tirim, nó trí chlib eToll a úsáid. I gcás an M50, mura bhfuil cuntas agat ní mór duit íoc ar líne, trí ghlaoch a chur ar Íosghlao 0818 50 10 50 nó trí ionaid Payzone.

Chun clib eToll a fháil, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le ceann de na cuideachtaí a sholáthraíonn clibeanna dola leictreonacha. Má tá gearán agat faoi oibreoir dola-bhóthair nó do sholáthraí clibeanna leictreonacha, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta chun a fháil amach conas gearán a dhéanamh.

Tá na rátaí dola do na dola-bhóithre ar fáil ar tii.ie.

Má tá tú cláraithe le haghaidh CBL, féadfaidh tú CBL a íocadh ar dholaí a ais éileamh.

Dolaí leictreonacha (eDolaí)

Úsáideann dola leictreonach clib bheag leictreonach a chuirtear san fheithicil agus a bhraitear gach uair a théann d’fheithicil tríd an dola. Cuirtear an dola do dhochar chuntas an chustaiméara ansin. Aithníonn an córas dola leictreonach go huathoibríoch an dola ceart don aicme feithicle atá á tiomáint agat.

Soláthraíonn roinnt cuideachtaí clibeanna leictreonacha do thiománaithe. Úsáideann na soláthraithe seo go léir an córas céanna, rud a chiallaíonn nach dteastaíonn ach clib amháin uait do na saoráidí dola go léir. Tá eolas faoi sholáthraithe clibeanna leictreonacha agus na cineálacha éagsúla cuntas clibeanna ar fáil ag etoll.ie.

M50

Oibríonn an M50 scéim dola gan bhacainn ar a dtugtar eFlow. Ligeann sé seo do gach tiománaí dul tríd an dola ar luas an mhótarbhealaigh. Tá bealaí éagsúla ann ar féidir leat na dolaí a íoc, lena n-áirítear clib leictreonach a úsáid ó eFlow nó ó sholáthraí eile. Tá na táillí éagsúil ag brath ar an modh a úsáidtear. Ní féidir leat an dola a íoc le hairgead tirim ag an M50, ach caithfear an dola a íoc faoi 8in an lá dar gcionn. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin scéim dola ag eflow.ie.

Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath

Gearrann Tollán Calafort Bhaile Átha Cliath dola ar ghluaisteáin, tacsaithe, gluaisrothair, veaineanna agus feithiclí tráchtála éadroma amháin. Ní íocann feithiclí tráchtála os cionn meáchan 3.5 tonna ualaithe agus busanna le níos mó ná 25 suíochán aon dolaí.

Cad a tharlóidh mura n-íocfaidh médola?

Mura n-íocann tú dolaí, is féidir na dolaí agus na pionóis seo a aisghabháil trí nós imeachta coiriúil nó sibhialta.

Nós imeachta coiriúil

Is féidir tú a chúiseamh i gcion as gan dola a íoc nó gan treoir duine atá údaraithe chun dola-bhóthar a bhainistiú agus a oibriú a leanúint. Is é an pionós ar chiontú achomair ná fíneáil suas le €5,000 nó téarma príosúnachta suas le 6 mhí, nó iad araon. Ar an M50, tá na pionóis leagtha amach sna fodhlíthe dóibh siúd a theipeann orthu,¬¬ a dhiúltaíonn nó a atá faillitheach maidir le táillí dola a íoc. Féadfaidh tú tuilleadh faisnéise a fháil faoi na táillí seo ó TII.

Nós imeachta síbhialta

Tá méid na dolaí agus na bpionós atá dlite in-aisghabhála mar fhiach conartha.

Tá úinéir cláraithe na feithicle freagrach fiú mura bhfuil se/sí ag tiomáint na feithicle.

Tuilleadh eolais agusteagmhálacha

Bonneagar Iompair Éireann

Ionad Gnó Gheata na Páirce

Sráid Gheata na Páirce

Baile Átha Cliath 8

Éire

Teil: Bóithre (01) 660 2511, iarnród (01) 646 3400

Láithreán gréasáin: http://www.tii.ie

Rphost: info@tii.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Lúnasa 2024