Seirbhísí traenach
- Réamhrá
- Seirbhísí do phaisinéirí le míchumais
- Rialacha
- Rataí
- Conas iarratas a dhéanamh
- Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Réamhrá
Fochuideachta de chuid Chóras Iompair Éireann (CIE) comlacht atá in úinéireacht an Stáit, is ea Iarnród Éireann. Tá sí freagrach as seirbhísí traenach a riaradh. Tagann Iarnód Éireann faoin Roinn Iompair. Cuireann an comhlacht seirbhísí traenach do phaisinéirí ar fáil ar fud na tíre agus chomh maith leis sin soláthraíonn sé an seirbhísí iarnróid do chomaitéirí, lena n-áirítear an tseirbhís DART i mBaile Átha Cliath.
Tá áiseanna páirceála agus taistil ag go leor stáisiún chun comaitéirí a spreagadh chun a gcarranna a fhágáil i gcarrchlóis stáisiúin agus an méid tráchta a laghdú.
Tá saorthaisteal ar sheirbhísí iarnróid an Stáit ar fáil do gach duine go buan ina gcónaí in Éirinn atá 66 bliana d'aois agus os a chionn. Tá daoine áirithe faoi an aois sin i dteideal. Léigh tuilleadh eolais faoi Saorthaistil anseo.
Táillí ar iompar poiblí
Leanfar leis an gcuid is mó de na táillí laghdaithe 20% ar iompar poiblí in 2024. Leantar leis an laghdú praghais 50% ar an gCárta Leap do Dhaoine Fásta Óga in 2024. Is féidir leat Plean Táillí an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA) 2024 a fheiceáil.
Ón 23 Meitheamh 2024, tá méaduithe ar tháillí ar roinnt seirbhísí.
DART
Ritheann an DART (Iompar sciobtha Bhaile Átha Cliath agus a cheantracha) taobh le cósta Oirthear na hÉireann ó Mhullach Íde i gContae Bhaile Átha Cliath go dtí Na Clocha Liath i gContae Chill Mhantáin. Tá sonraí na n-áiseanna atá ar fáil i ngach stáisiún DART agus Cláir Ama DART ar fáil ar shuíomh idirlín Iarnróid Éireann. Is féidir táillí a íoc le hairgead glan nó is féidir le paisinéirí ticéid a cheannach roimh ré chun leas a bhaint as lascainí i gcomhair a dturas. Is féidir leat úsáid a bhaint freisin Cártaí Leap
Comaitéara
Oibríonn seirbhísí comaitéara i gceantar Bhaile Átha Cliath idir Dún Dealgan, Dún Búinne, Longfort, Port Laoise agus Guaire. Tá seirbhísí comaitéara i gceantar Chorcaí idir Mala, Cóbh go Mainistir na Corann chomh maith. Tá Léarscáileanna den ghréasán traenach comaitéara, eolas faoi tháillí agus cláir ama do na seirbhísí ar fad ar fáil ar shuíomh idirlín Iarnróid Éireann.Is féidir leat úsáid a bhaint Cártaí Leap.
Idirchathracha
Cuireann seirbhísí idirchathracha Iarnróid Éireann ceangail traenach ar fáil idir príomhbhailte agus cathracha. Imíonn seirbhísí idirchathracha ó Stáisiún Heuston agus Stáisiún Uí Chonghaile, agus cuireann siad seirbhís ar fáil chuig na háiteanna seo a leanas: Béal Féirste, Sligeach, Béal an Átha, Cathair na Mart, Gaillimh, Luimneach, Inis, Trá Lí, Corcaigh, Port Láirge agus Europort Ros Láir. Feidhmionn an tseirbhís Enterprise idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath agus comhsholáthraíonn Iarnród Éireann agus Northern Ireland Rail an tseirbhís.
Ritheann seirbhísí idircathracha eile idir Europort Ros Láir agus Luimneach; Corcaigh agus Trá Lí; Corcaigh agus Luimneach; agus Luimneach agus Gaillimh. Freastalaíonn an tseirbhís Idirchathracha roinntear na carráistí idir rang a haon agus rang caighdeánach.
Traenacha Eorpacha
Tá eolas ar fáil faoi thicéid agus cláir ama roinnt seirbhísí traenacha sa Ríocht Aontaithe agus san Eorap ar shuíomh idirlín Iarnród Éireann.
Seirbhísí do phaisinéirí le míchumais
Féadfar socruithe speisialta a dhéanamh do phaisinéirí le míchumais, ach moltar duit dul i dteagmháil leis an stáisiún ábhartha nó Oifig Theagmhála do dhaoine le Míchumas Gluaiseachta ag Iarnród Éireann ar a laghad 24 uair roimh tús an turais agus cuid de shonraí do phleananna taistil a thabhairt dóibh
Is féidir rochtain a fháil díreach ó na hárdain chuig traenacha DART agus tá doirse leathana ar na traenacha agus spás fairsing do chathaoireacha rothaí.
Tá córais seoltaí poiblí ag an gcuid is mó den phríomhlíne agus den fho-uirbeach agus ag gach stáisiún DART a thugann sonraí faoi thraenacha agus seirbhísí do dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu. Is féidir leat tuilleadh a léamh ar ár leathanach faoi thaisteal ar iompar poiblí faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta.
Ainmhithe
Tá cead treoir agus cúnamh madraí taisteal ar gach seirbhís gan srian. Tá cead ag peataí taisteal ar DART nó comaitéara traenacha choinníoll go bhfuil siad srian i gceart. Is féidir madraí taisteal ach amháin ar thraenacha idirchathracha sa garda veain (urrann neamh-paisinéirí
Bagáiste
Ba cheart bagáiste a chur sna racaí bagáiste, racaí lasnairde nó i-idir spásanna suíochán atá ar fáil go speisialta. Ní foláir duit chomh maith a dhéanamh cinnte nach bhfuil do bhagáiste ag cur isteach ar phaisinéirí eile. Tá eolas ar rothair sheolann ar thraenacha ar fháil ar shuíomh idirlín Iarnród Éireann.
Gearáin
Má tá gearáin agat faoi sheirbhísí Iarnróid Éireann ba cheart iad a chur faoi bhráid bhainisteoir an stáisiúin chu. Má tá tú ag iarraidh dul níos faide le do ghearán, d'fhéadfá dul i dteagmháil le Caidreamh le Custaiméirí, Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath 1. Moltar duit litir gearáin a scríobh a chlúdaíonn an oiread sonraí agus is féidir (dáta agus am taistil, an áit óna raibh tú ag taisteal, an áit a bhí tú ag taisteal chuici agus uimhir fóin). Ba cheart duit do thicéad a sheoladh, chomh maith, má tá sé fós agat. B'fhéidir go bhfaighfeá freagra ar do ghearán láithreach ach muna bhfaigheann, gheobhaidh tú admháil taobh istigh de thrí lá, agus ba cheart duit freagra iomlán a fháil taobh istigh de 15 lá. Is féidir chomh maith gearán a dhéanamh nó ceist faoi sheirbhís chustaiméara a chur ar an idirlíon.
Cúiteamh agus aisíocaíochtaí
Má tá moill fhada curtha do sheirbhís de bharr cúise ar bith atá faoi smacht Iarnróid Éireann, d'fheadfá a bheith i dteideal dearbhán lascaine. Braitheann luach na ndearbhán lascaine ar fhad na moille agus an táille a d'íoc tú ar do thuras singil (sé sin, thart ar leath luach thicéad fillte).
Eisítear dearbháin lascaine chomh maith muna dtugtar suíochán duit a chuir tú in áirithe sa chás nach bhfuil suíochán eile den chaighdeán céanna ar fáil duit.
Má chuirtear do thraen ar ceal nó má tá moill air agus má shocraíonn tú gan an turas a dhéanamh, tabharfar aisíocaíocht duit in airgead tirim má thugann tú an ticéad nár úsáideadh ar ais láithreach go dtí an oifig inar cheannaigh tú é.
Má shocraíonn tú ar chúis ar bith gan ticéad traenach atá ceannaithe agat a úsáid, d'fhéadfá iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht ag príomhstáisiún Idirchathrach ar bith, oifig DART i Stáisiún an Phiarsaigh, nó i Lárionad taistil ar bith. D'fhéadfadh táille riaracháin a bheith i gceist. Mura cheannaigh tú do thicéad ó Iarnród Éireann, ba cheart duit é a thabhairt ar ais chuig an áit inár cheannaigh tú é. Socróidh eisitheoir an ticéid aisíocaíocht ar bith atá dlíte agus d'fhéadfadh sé táille réasúnta riaracháin a ghearradh.
Maoin chaillte
Tá oifig na mbeart caillte i ngach stáisiún agus tugtar rudaí faighte ar thraenacha isteach ansin, áit a choinnítear iad go dtí mbailítear iad. Ba cheart dul i dteagmháil leis an stáisiún cuí le tuilleadh eolais a fháil
Rialacha
Baic ar línte iarnróid agus ar dhroichid
Foráiltear in Alt 14 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997 gur cion é trácht iarnróid a chur i mbaol. Áirítear leis seo aon bhac baolach a chaitheamh ar iarnród, baint d’aon innealra iarnróid etc. Toirmisctear san Acht, chomh maith, baint d’aon trealamh comharthaíochta, nó de ghléasanna a úsáidtear chun trácht iarnróid a rialú.
Má dhéantar thú a thriail sa Chúirt Dúiche os comhair breithimh, is é an pionós uasta do na cionta seo fíneáil aicme C nó 12 mhí sa phríosún nó an dá rud.
Má dhéantar thú a thriail sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, is é an pionós uasta ná fíneáil nó príosúnacht 7 mbliana nó an dá rud.
Rataí
Táillí
Braitheann táillí ar an tseirbhís a úsáidtear agus tá sonraí iomlán ar fáil faoi tháillí siamsaíochta, táillí do thaisteal lae agus táillí traenacha sa Ríocht Aontaithe agus san Eorap ó shuíomh idirlín Iarnróid Éireann. Is féidir ticéid íoctha roimh ré a cheannach ó na hoifigí ticéid uilig. Cuirtear táillí lascaine ar fáil ach an cárta aitheantais chuí a thaispeáint.
Ceadaíonn an táille TFI-90 aistrithe saor in aisce idir Bus Átha Cliath, Luas, DART, iarnród comaitéireachta, agus seirbhísí Go-Ahead Ireland. Baineann an táille seo le formhór na dturas i gceantar Bhaile Átha Cliath, cibé acu a bhaineann le seirbhísí iolracha laistigh de 90 nóiméad nó turas amháin.
Is féidir Leap Cártaí a úsáid ar sheirbhísí DART agus comaitéara.
Ceadaíonn an Cárta Leap do Mhic Léinn na mic léinn a fháil táillí go substaintiúil lascainithe ar Iarnród Éireann, Luas agus Bhus Átha Cliath. Tá sé ar fáil ach do mhic léinn lánaimseartha in oideachas dara agus tríú leibhéal.
Ní foláir do dhaoine atá ag éileamh Saorthaisteal Pas Taistil bailí eisithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí a thaispeáint
Conas iarratas a dhéanamh
Tá cláir ama do phaisinéirís ar fáil ar shuíomh idirlín Iarnróid Éireann.