Ceadúnas tiomána nó ceadúnas foghlaimeora a cailleadh, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dó a athsholáthar
- Réamhrá
- An costas a bhaineann le do cheadúnas tiomána a athsholáthar
- Déan iarratas ar líne
- Déan iarratas go pearsanta
- Tuilleadh faisnéise
Réamhrá
Má theastaíonn ceadúnas tiomána athsholáthair uait, déan iarratas chuig an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS). Beidh an t-athsholáthar ina chóip de do bhunchóip agus beidh sé bailí don tréimhse chéanna. Má bhí cód ceadúnais tiomána speisialta agat, mar shampla, ní mór duit spéaclaí a chaitheamh agus tú ag tiomáint, beidh sé fós ann.
Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre freagrach as ceadúnú tiománaithe. Bainistíonn an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS) iarratais ar cheadúnais agus athnuachan.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, an bealach is tapúla, nó go pearsanta ag oifig NDLS.
An costas a bhaineann le do cheadúnas tiomána a athsholáthar
Is é an táille ar cheadúnas tiomána athsholáthair nó ceadúnas foghlaimeora ná €35.
Baineann an táille athsholáthair €35 le daoine os cionn 70 bliain má chailltear nó má dhéantar damáiste don cheadúnas.
Má tá tú ag íoc ar líne, is féidir leat íoc le cárta creidmheasa nó cárta dochair.
Déan iarratas ar líne
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne agus sin é an bealach is tapúla.
Beidh na nithe seo a leanas uait chun iarratas a dhéanamh ar líne:
- Cárta Seirbhísí Poiblí agus MyGovID
- Foirm Dhearbhaithe an Gharda comhlánaithe
- Cruthúnas ar do sheoladh dar dáta laistigh de na sé mhí dheireanacha má tá do sheoladh difriúil leis an gceann a chuir tú ar fáil nuair a fuair tú do Chárta Seirbhísí Poiblí nó mura bhfuil do sheoladh reatha taifeadta ar do cheadúnas
- Foirm tuairisce leighis dar dáta laistigh de mhí amháin, má tá athrú ar do shonraí leighis ó rinne tú an t-iarratas deiridh ar do cheadúnas tiomána.
- Táille iarratais €35
Déan iarratas go pearsanta
Ní mór duit coinne a chur in áirithe. Níl aon seirbhís siúl isteach ar fáil.
Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat:
- Foirm Dhearbhaithe an Gharda comhlánaithe
- Doiciméadú chun d'aitheantas a chruthú
- Cruthúnas ar d'uimhir phearsanta seirbhísí poiblí (UPSP)
- Cruthúnas ar do sheoladh dar dáta laistigh de na sé mhí dheireanacha má tá do sheoladh difriúil leis an gceann a chuir tú ar fáil nuair a fuair tú do Chárta Seirbhísí Poiblí nó mura bhfuil do sheoladh reatha taifeadta ar do cheadúnas
- Foirm tuairisce leighis dar dáta laistigh de mhí amháin, má tá athrú ar do shonraí leighis ó rinne tú an t-iarratas deiridh ar do cheadúnas tiomána.
- Táille iarratais €35
Tuilleadh faisnéise
Má tá do cheadúnas imithe in éag, féadfaidh tú a fháil amach conas do cheadúnas a athnuachan. Féach ar ár bhfaisnéis go léir ar cheadúnú tiománaithe. Tá an faisnéis ag an NDLS freisin.