Iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána

Réamhrá

Nuair a éiríonn leat i dtástáil tiomána, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do cheadúnas a athnuachan ar líne nó go pearsanta trí choinne a dhéanamh ag oifig NDLS.

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre freagrach as ceadúnú tiománaithe. Bainistíonn an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS) iarratais ar cheadúnais agus athnuachan.

Míníonn an leathanach seo conas iarratas a dhéanamh ar do cheadúnas tiomána tar éis duit pas a fháil i dtástáil tiomána.

Rialacha

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána má éirigh leat sa tástáil tiomána don chatagóir feithicle sin le 2 bhliain anuas. Má tá do Dheimhniú Inniúlachta (an doiciméad a chruthaíonn gur éirigh leat sa tástáil tiomána) níos mó ná 2 bhliain d’aois, beidh ort an tástáil tiomána a dhéanamh arís.

Ceanglaítear ort do cheadúnas tiomána a iompar leat i gcónaí agus tú ag tiomáint.

Cad is brí le ghnáthchónaí?

D’fhonn iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána, ní mór gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn. Meastar go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má bhíonn cónaí ort anseo go hiondúil ar feadh 185 lá i ngach bliain féilire ar a laghad mar gheall ar cheangal pearsanta agus ceirde.

Is féidir le hiarrthóirí tearmainn a dteastas cónaithe sealadach a úsáid mar chruthúnas ar ghnáthchónaí in Éirinn agus iarratas á dhéanamh acu ar cheadúnas tiomána nó ar cheadúnas foghlaimeora.

Catagóirí feithiclí

Roinntear mótarfheithiclí i gcatagóirí éagsúla chun críocha ceadúnaithe tiománaithe. Nuair a éiríonn leat i dtástáil tiomána, déanann tú iarratas ar cheadúnas tiomána do chatagóir áirithe feithicle. D’fhéadfadh go gceadódh do chineál ceadúnais tiomána duit cineálacha áirithe feithiclí eile a thiomáint. Is féidir leat tuilleadh a léamh ar ár leathanach faoi chatagóirí feithiclí agus aois íosta tiománaithe.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá 2 shlí inar féidir leat iarratas a dhéanamh ar do cheadúnas tiomána.

  1. Is féidir iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas tiomána a athnuachan ar líne ag NDLS.ie
  2. I láthair go pearsanta trí choinne a chur in áirithe ag ionad NDLS.

Déan iarratas ar líne

Is féidir iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas tiomána a athnuachan ar líne má tá

*Má tá do ghrianghraf CSP níos mó ná 10 mbliana d’aois, caithfidh tú é a athnuachan ar MyWelfare ar dtús trí MyGovID fíoraithe a úsáid. Ansin déan iarratas ar líne ag ndls.ie ar do cheadúnas tiomána.

Má dhéanann tú iarratas ar líne, ní gá duit do Dheimhniú Inniúlachta a sholáthar (an doiciméad a chruthaíonn gur éirigh leat sa tástáil tiomána).

Léigh tuilleadh faoin bpróiseas iarratais ar líne ar shuíomh gréasáin an NDLS.

Iarratas aghaidh ar aghaidh a dhéanamh

Mura féidir leat do cheadúnas a athnuachan ar líne, beidh ort iarratas a dhéanamh in ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána agus tú i láthair go pearsanta. Caithfidh tú coinne a chur in áirithe chun freastal ar ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána.

Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat agus do cheadúnas tiomána á athnuachan agat:

Mura dteastaíonn uait d’iarratas a dhéanamh i nGaeilge, ní gá duit foirm iarratais a chur isteach a thuilleadh. Caithfidh tú d’aitheantas a chruthú, áfach. Gabhfar do ghrianghraf agus do shíniú san ionad NDLS.

Aitheantas

I bhformhór na gcásanna, úsáidtear Cárta Seirbhíse Poiblí (CSP) chun do shonraí a fhíorú chun d’iarratas a phróiseáil.

Mura bhfuil CSP agat, beidh ort na 4 phíosa fianaise dhoiciméadach seo a leanas a chur isteach:

  1. Aitheantas Fótagrafach
  2. Cruthúnas ar sheoladh baile,
  3. Cruthúnas ar d’uimhir PSP
  4. Fianaise ar do ghnátháit chónaithe

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na cineálacha doiciméad a nglacfaidh an NDLS leo mar fhianaise maidir le gach ceann de na critéir seo ina gcuid nótaí treorach (pdf).

Doiciméid tacaíochta

Ina theannta sin, chun tacú le d'iarratas, beidh ort seo a leanas a chur isteach:

  • Do cheadúnas tiomána reatha nó is déanaí nó
  • Ceadúnas tiomána reatha, má tá tú ag cur catagóir le do cheadúnas tiomána nó ag déanamh iarratais ar cheadúnas eachtrach a mhalartú

Ag brath ar an gcineál iarratais, d’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas ag teastáil uait chomh maith:

Foirm tuairisce liachta

Beidh Foirm Thuairisce Liachta um Cheadúnas Tiomána ag teastáil uait má tá iarratas á dhéanamh agat ar chatagóirí ceadúnais tiomána C, C1, D, D1, CE, C1E, DE nó D1E (busanna agus trucailí), ach amháin má chuir tú tuairisc liachta ar fáil roimhe seo atá fós infheidhmithe.

Beidh Foirm Thuairisce Liachta um Cheadúnas Tiomána uait má tá iarratas á dhéanamh agat ar chatagóirí ceadúnais tiomána AM, A1, A2, A, B, BE nó W (gluaisrothair, gluaisteáin agus feithiclí oibre) má tá míchumas nó riocht ar leith ort (féach an fhoirm iarratais).

Má tá tú 75 bliain d’aois nó níos sine, beidh deimhniú oiriúnachta chun tiomáint ó do dhochtúir ag teastáil uait chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas 3 bliana/ 1 bhliain. Is féidir an treoir maidir le dea-shláinte chun tiomáint (pdf) a léamh.

Is féidir an fhoirm thuairisce leighis (pdf) a íoslódáil (ní mór é a phriontáil cúl le cúl ar leathanach amháin). Ba chóir do liachleachtóir cláraithe do scrúdú leighis a dhéanamh agus ansin an fhoirm a chomhlánú. Ní mór duit an dearbhú ar an bhfoirm thuairisce leighis a shíniú i láthair an lia-chleachtóra cláraithe. Ní mór é a chur isteach laistigh de mhí amháin ó dháta an scrúdaithe leighis.

Foirm thuairisce ar radharc na súl

Go ginearálta, tuairisceofar aon saincheisteanna radharc na súl san Fhoirm Thuairisce Leighis um Cheadúnas Tiomána.

É sin ráite, beidh Foirm Thuairisce ar Radharc Súl um Cheadúnais Tiomána ag teastáil uait mura bhfuil spéaclaí nó lionsaí tadhaill ag teastáil uait a thuilleadh chun tiomáint (mar shampla, má bhí máinliacht súl léasair ort).

Is féidir an fhoirm thuairisce radharc na súl (pdf) a íoslódáil (ní mór leathanach 1 & 2 a phriontáil cúl le cúl ar aon leathanach amháin).

Treoirlínte folláine leighis agus bileoga eolais sláinte

Is féidir treoirlínte folláine leighis agus foirmeacha a fháil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána. Tá bileoga eolais sláinte agus tiomána le fáil ann freisin. Tá eolas sna bileoga chun cabhrú le tiománaithe a bhfuil riochtaí leighis agus riochtaí eile orthu

Cá fhad a bhíonn ceadúnas tiomána bailí?

Period of Driving Licence

Licence Categories

10 years

Group 1 - Motorcycles, Cars and Tractors

5 years

Group 2 - Buses, Trucks and Articulated Vehicles

Socróidh d’aois agus d’fheidhmiúlacht leighis fad an cheadúnais is féidir a eisiúint. Is í an aois sa tábla thíos ná d’aois nuair a dhéanann tú iarratas.

Age

Licence Term

Under 65 years

Maximum* 10 year licence - Cars and Motorcycles or

Maximum* 5 year licence - Trucks and Buses

 

65 - 71 years

A licence which will expire on the eve of your 75th birthday at the latest. However please note that any group 2 categories (trucks and buses) will be for a maximum of five years which could expire before the driver turns 75.

72 - 74 years

3 year licence

75 or over

3 year licence or 1 year licence (subject to certification of fitness to drive by your doctor)

Cé mhéad a chosnaíonn ceadúnas tiomána?

Is féidir leat na rátaí a fheiceáil thíos:

Rátaí ceadúnais tiomána

Ceadúnas tiomána Costas
Ceadúnas tiomána deich mbliana €55
Ceadúnas tiomána bus nó trucaile cúig bliana €55
Ceadúnas tiomána trí bliana €35
Ceadúnas tiomána aon bhliain (forais leighis) Saor in aisce
Catagóir curtha leis €35

Má tá tú níos sine ná 70 bliain d’aois, féadfaidh tú do cheadúnas tiomána a fháil saor in aisce.

Níl aon tástálacha súl nó scrúduithe leighis riachtanach saor in aisce.

Cad iad na srianta ar thiománaí nuacheadúnaithe?

Plátaí nuacheadúnaithe

Caithfidh tú N-phlátaí a thaispeáint ar d’fheithicil agus tú ag tiomáint ar feadh 2 bhliain ón dáta a eisíodh do chéad cheadúnas. Caithfidh marcaigh gluaisrothair N-tabard a chaitheamh. Ní bhaineann an tréimhse novice ach uair amháin. Mar sin, má fhaigheann tú ceadúnas chun catagóir eile feithicle a thiomáint, ní gá duit N-phlátaí a thaispeáint arís. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Tairseach dícháilithe

Má fhaigheann tú 12 phointe pionóis i dtréimhse 3 bliana, dícháilítear ó thiomáint thú ar feadh 6 mhí.

Má tá ceadúnas foghlaimeora agat, dícháilítear thú má tá 7 bpointe pionóis agat. Tá feidhm ag an tairseach níos ísle seo freisin don chéad 2 bhliain de do chéad láncheadúnas tiomána. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Uasteorainn alcóil do thiománaithe

Is é an uasteorainn alcóil do thiománaithe ná 20mg in aghaidh 100ml fola, 27mg in aghaidh 100ml fuail agus 9mg in aghaidh 100ml d’anáil, má tá ceadúnas foghlaimeora agat agus don chéad 2 bhliain de do chéad láncheadúnas tiomán.

Tuilleadh Eolais

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána. Is féidir leat rialacha an bhóthair (pdf) a íoslódáil agus a léamh ó shuíomh gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Is féidir leat faisnéis a fháil ar:

Seirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Po Box 858
Southside Delivery Office
Corcaigh
Éire

Teil: 0818 700 800
Láithreán Gréasáin: https://www.ndls.ie/
R-phost: info@ndls.ie

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Márta 2024