Catagóirí na mótarfheithiclí agus íos-aois na dtiománaithe
Eolas
Tá mótarfheithiclí in Éirinn roinnte i gcatagóirí éagsúla i gcomhair ceadúnú tiománaithe. Is é seo an gnáthchleachtas ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá aois íosta leagtha síos do thiománaí gach catagóir feithicle. I bhfocail eile, sular féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas chun feithicil a thiomáint in Éirinn, ní mór duit aois áirithe a bheith agat.
Nuair a dhéanann tú iarratas ar cheadúnas tiomána nó ar chead foghlaimeora, tá na catagóirí feithiclí a bhfuil tú údaraithe a thiomáint/a fheidhmiú liostaithe ar do cheadúnas. Is cion tromchúiseach atá ann aon fheithicil a thiomáint nach bhfuil ceadúnas agat dó.
Bíodh is gur ceadúnas tiomána nó cead foghlaimeora atá agat, níl tú i dteideal ach an chatagóir feithicle a thiomáint dár eisíodh an ceadúnas nó cead foghlaimeora.
Más mian leat catagóir eile de mhótarfheithicil a chur leis an gceadúnas tiomána nó ceadúnas foghlaimeora atá agat faoi láthair, ní mór don cheadúnas atá agat faoi láthair a bheith bailí fós. Is féidir catagóirí áirithe feithiclí a chur le do chead foghlaimeora reatha gan aon ghá a bheith le tástáil teoirice tiomána. Teastaíonn tástáil teoirice tiomána chun catagóirí eile a chur leis.
Gluaisrothair agus móipéidí
Seo mar a leanas na catagóirí do ghluaisrothair agus móipéidí agus aois íosta an tiománaí
Catagóir | Cineál feithicle | Aois íosta an tiománaí |
AM | Móipéidí agus cuadrothair éadroma | 16 bliana d’aois |
A1 |
Gluaisrothair le toilleadh innill nach mó ná 125 ceintiméadar ciúbach, le rátáil cumhachta nach mó ná 11 kW agus le cóimheas cumhachta / meáchan nach mó ná 0.1 kW/kg. Gluaisrothair trírothaigh le rátáil chumhachta nach mó ná 15 kW |
16 bliana d’aois |
A2 | Gluaisrothair 35kW nó níos lú, le cóimheas cumhachta / meáchain uasta de 0.2 kW/kg, agus nach bhfuil díorthaithe ó fheithicil atá níos mó ná a dhá oiread a cumhachta. | 18 bliana d’aois |
A | Gluaisrothair
Trírothaigh Mótair |
20 bliain d’aois (rochtain fhorásach)
24 (Rochtain dhíreach) 21 Trírothaigh Mótair |
*Tá ceadúnais foghlaimeora do chatagóir A srianta do ghluaisrothair suas le 25kW (timpeall 285cc). Tá an srian seo i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain tar éis duit do chéad cheadúnas tiomána do chatagóir A a fháil. Baineann an srian seo fós le ceadanna foghlaimeora agus ceadúnais tiomána a eisíodh roimh 19 Eanáir, 2013.
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir le ceadúnais tiomána foghlaimeora do ghluaisrothair agus ceadúnais tiomána do ghluaisrothair.
Carranna agus feithiclí oibre
Seo mar a leanas na catagóirí do charranna agus do fheithiclí oibre agus aois íosta an tiománaí:
Catagóirí carranna agus feithiclí oibre | ||
Catagóir | Cineál feithicle | Aois íosta an tiománaí |
B | Feithiclí (seachas gluaisrothair, móipéidí, feithiclí oibre nó tarracóirí talún) le suíocháin i gcomhair suas le 8 paisinéir agus uas-mheáchan de (a chuimsíonn leantóir a tharraingt sa chás nach dtéann uas-mheáchan an leantóra thar 750kg nuair atá sé lódáilte go hiomlán) nó i gcás nach bhfuil meachán comhcheangailte MAM1 na feithicle agus an leantóra níos mó ná 3,500kg.
Clúdaíonn an catatóir seo cuadrothair (seachas iad siúd a chumhdaíonn AM) |
17 mbliana d’aois |
W | Feithiclí oibre a bhfuil nó nach bhfuil leantóir acu, cosúil le tarracóir talún nó JCB | 16 bliana d’aois |
Mais Uasta Údaraithe (Ciallaíonn MAM1 ar a dtugtar Ollmheáchan Ceaptha Feithicle DGVW freisin) dearadh meáchan luchtaithe. De ghnáth tagraíonn déantúsóirí dó mar ollmheáchan feithicle (g.v.w.) agus de ghnáth taispeántar é ar phláta miotail
Ní cheadaíonn ceadúnais foghlaimeora do chatagóir B duit leantóir a tharraingt.
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméid maidir le ceadúnais tiomána foghlaimeora do charranna agus do fheithiclí oibre agus ceadúnais tiomána.
Busanna agus trucailí
Seo mar a leanas na catagóirí do bhusanna agus trucailí agus aois íosta an tiománaí:
Catagóir | Cineál feithicle | Aois íosta an tiománaí |
C1 | Feithiclí i gcatagóir C a bhfuil meáchan MAM1 acu nach mó ná 7,500 kg, a bhfuil cóiríocht phaisinéara acu do níos mó ná ochtar sa bhreis ar an tiománaí agus i gcás nach mó ná 750 kg MAM1 an leantóra. | 18 bliain d’aois
Caithfidh ceadúnas iomlán B a bheith agat sula nglacfaidh tú ceadúnas C1) |
C | Feithiclí (seachas feithiclí oibre nó tarracóirí talún) a bhfuil MAM1 acu nach mó ná 3,500 kg, a bhfuil cóiríocht phaisinéara acu do níos mó ná ochtar sa bhreis ar an tiománaí agus i gcás nach mó ná 750 kg MAM1 an leantóra. | 18 le CPC
21 gan CPC (Caithfidh ceadúnas iomlán B a bheith agat sula nglacfaidh tú ceadúnas C) |
D1 | Feithiclí i gcatagóir D a bhfuil cóiríocht phaisinéara acu do 16 duine ar a mhéad sa bhreis ar an tiománaí nach mó ná 8 méadar ar fhad ar a mhéad agus nach mó ná 750 kg MAM1 an leantóra. | 21 bliain d’aois
(Caithfidh ceadúnas iomlán B a bheith agat sula nglacfaidh tú ceadúnas D1) |
D | Feithiclí paisinéirí le cóiríocht do níos mó ná ochtar sa bhreis ar an tiománaí agus i gcás nach mó ná 750 kg MAM1 an leantóra. | 24 bliain d'aois (21 le Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil Tiománaí) (Caithfidh ceadúnas iomlán B a bheith agat sula nglacfaidh tú ceadúnas D) |
Cuimsíonn na catagóirí seo leantóir a tharraingt sa chás nach dtéann uas-mheáchan an leantóra thar 750kg nuair atá sé lódáilte go hiomlán. Ní cheadaíonn ceadúnais foghlaimeora na gcatagóirí seo duit leantóir a tharraingt, áfach.
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméid maidir le ceadúnais tiomána foghlaimeora do bhusanna agus trucailí agus ceadúnais tiomána.
Leantóirí
Seo mar a leanas na catagóirí agus aois íosta an tiománaí a bhaineann le tiománaí atá ag tarraingt leantóir, le huasmheáchan níos airde ná 750kg nuair atá sé lódáilte go hiomlán:
Catagóir | Cineál feithicle | Aois íosta an tiománaí |
BE | Comhcheangal d’fheithiclí tarraingthe i gcatagóir B agus leantóir i gcás nach mó ná 3,500 kg MAM1 an leantóra. | 17 mbliana d’aois |
C1E | Comhcheangal d'fheithiclí tarraingthe i gcatagóir C1 agus leantóir sa chás go bhfuil MAM1 an leantóra níos mó ná 750 kg agus i gcás nach mó ná 12,000 kg MAM1 na feithicle tarraingthe agus an leantóra le chéile.
Comhcheangal d'fheithiclí tarraingthe i gcatagóir B le leantóir sa chás go bhfuil MAM1 an leantóra níos mó ná 3,500 kg agus i gcás nach mó ná 12,000 kg MAM1 na feithicle tarraingthe agus an leantóra le chéile. |
18 bliana d'aois
(Caithfidh ceadúnas iomlán C1 a bheith agat sula nglacfaidh tú ceadúnas C1E)
|
CE |
Comhcheangal d’fheithiclí tarraingthe i gcatagóir C agus leantóir i gcás nach mó ná 750 kg MAM1 an leantóra.
|
21 bliain d'aois (18 le Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil Tiománaí)
(Caithfidh ceadúnas iomlán C a bheith agat sula nglacfaidh tú ceadúnas CE) |
D1E | Comhcheangal d’fheithiclí tarraingthe i gcatagóir D1 agus leantóir i gcás nach mó ná 750 kg MAM1 an leantóra. | 21 bliain d'aois
(Caithfidh ceadúnas iomlán D1 a bheith agat sula nglacfaidh tú ceadúnas D1E) |
DE | Comhcheangal d’fheithiclí tarraingthe i gcatagóir D agus leantóir i gcás nach mó ná 750 kg MAM1 an leantóra. | 24 bliain d'aois (21 le Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil Tiománaí)
(Caithfidh ceadúnas iomlán D a bheith agat sula nglacfaidh tú ceadúnas DE) |
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméid maidir le ceadúnais tiomána foghlaimeora do leantóirí agus ceadúnais tiomána.