Scútair leictreacha
- Cad is scútar leictreach ann?
- An bhfuil scútair leictreacha dleathach ar bhóithre poiblí in Éirinn?
- Rialacha maidir le scútair leictreacha a úsáid
- Cionta agus pionóis
- Leideanna maidir le sábháilteacht
- Má tá tú i dtimpiste
- Tuilleadh faisnéise
Cad is scútar leictreach ann?
Is éard is scútar leictreach ann seas-scútar arna chumhachtú ag mótar leictreach. Tágann sé faoi réim na catagóire nua Iompróirí Pearsanta Cumhachtaithe (PPTanna). Tá sé deartha le húsáid ag duine amháin.
Ceanglais theicniúla
In Éirinn, ní mór do scútair leictreacha na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
- Meáchan de 25 chileagram ar a mhéad a bheith iontu (na ceallraí san áireamh)
- Taistealaíonn siad ar luas 20 km/u nó níos lú
- Mótar leictreach a bheith acu a bhfuil aschur cumhachta uasta de 400 vata nó níos lú aige
- Rothaí a bheith orthu a bhfuil trastomhas de 200mm ar a laghad acu
- Soilse tosaigh agus cúil (a chuirtear ar siúl i rith uaireanta soilsiúcháin agus uaireanta an dorchadais), frithchaiteoirí, coscáin tosaigh agus cúil, agus clog a bheith acu
- pláta an mhonaróra a bheith acu ar a dtaispeántar an t-aschur cumhachta, an meáchan agus an luas dearaidh
- A bheith i riocht ródacmhainneach
Ní féidir scútair leictreacha nach gcomhlíonann na ceanglais theicniúla seo a úsáid go dleathach ar bhóithre poiblí.
An bhfuil scútair leictreacha dleathach ar bhóithre poiblí in Éirinn?
Is féidir scútair leictreacha a úsáid go dleathach ar bhóithre na hÉireann ó bhí 20 Bealtaine 2024 ann. Leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre agus Bóithre 2023cruthaíodh aicme nua feithicle ar a dtugtar iompróirí pearsanta cumhachtaithe.
Ní gá ceadúnas a bheith agat chun ceann a úsáid agus ní gá do scútar leictreach a bheith cláraithe, nó cáin nó árachas a bheith agat.
Ní mór duit a bheith 16 bliana d'aois nó níos sine chun scútar leictreach a úsáid. Ní mór marc CE a bheith ar scútar leictreach agus ní mór don mhiondíoltóir dearbhú comhréireachta a thabhairt duit nuair a cheannaíonn tú é.
Anseo thíos is féidir leat cuid de na rialacha a léamh agus leideanna cabhracha maidir le sábháilteacht a fháil.
Rialacha maidir le scútair leictreacha a úsáid
Áiteanna ar féidir leat scútar leictreach a úsáid
- Is féidir scútair leictreacha a úsáid ar bhóithre áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Ní féidir iad a úsáid ar mhótarbhealaí.
- Is féidir leat iad a úsáid ar lánaí rothar agus bus.
- Caithfidh tú tiomáint ar thaobh na láimhe clé.
- Níor cheart duit scútar leictreach a úsáid ar chosáin, i limistéir áirithe do choisithe amháin nó ar mhótarbhealaí.
Ón 7 Deireadh Fómhair 2024, tá cosc ar scútar leictreach ar iompar poiblí. Baineann an toirmeasc seo le gach seirbhís de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA), lena n-áirítear Bus Átha Cliath, Bus Éireann, Go-Ahead Ireland, Iarnród Éireann, Luas, agus Nasc Áitiúil TFI. Ní bhaineann sé le r-rothair nó scútair soghluaisteachta. Tá tuilleadh eolais ar fáil i nóta treorach an NTA.
Rialacha an bhóthair
- Cloígh le rialacha an bhóthair, go háirithe maidir le soilse tráchta, trasrianta coisithe agus trasrianta séabra.
- Ní mór duit na comharthaí a thugann Garda nó maor scoile a leanúint.
- Is féidir le Gardaí scútair leictreacha a bhfuil daoine faoi 16 bliana d'aois marcaigh orthu a choigistiú.
- Ní féidir ach le duine amháin scútar leictreach a thiomáint san aon am amháin.
- Níl scútair leictreacha deartha chun earraí nó paisinéirí a iompar.
- Níor cheart duit scútar leictreach a pháirceáil i limistéir gan cead páirceála, amhail bánna lódála, áiteanna páirceála inrochtana agus bánna luchtaithe.
- Níl cead agat do ghuthán póca a úsáid agus tú ar scútar leictreach.
Ní gá duit na nithe seo a leanas a bheith agat:
Cionta agus pionóis
Má sháraíonn tú rialacha an bhóthair nó má úsáideann tú scútar leictreach ar bhealach contúirteach, féadfar fíneáil a ghearradh ort. Tá liosta de chionta muirear seasta a bhfuil feidhm leo (PDF) ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA). Is é €50 an fhíneáil muirear seasta.
Is féidir tú a ionchúiseamh mura gcoimeádtar do scútar leictreach i riocht ródacmhainneach.
Ní féidir leat tiomáint ar róluas nó do ghuthán póca a úsáid agus tú ag tiomáint scútar leictreach.
Ná tiomáintear scútar leictreach faoi bhrí an óil nó drugaí. Is féidir láithriú i gcúirt agus fíneáil suas le €2,000 a bheith mar thoradh ar scútar leictreach a úsáid faoi bhrí an óil nó drugaí.
Leideanna maidir le sábháilteacht
Tá sé tábhachtach aire a thabhairt do do shábháilteacht agus do shábháilteacht daoine eile ar an mbóthar. Lean na leideanna sábháilteachta seo agus tú ag úsáid do scutar leictreach:
- Tabhair aird ar na coinníollacha aimsire.
- Bí le feiceáil; caith éadaí frithchaiteacha (sofheicthe) agus fearas cosanta pearsanta.
- Ba chóir duit clogad a chaitheamh, cé nach bhfuil sé seo riachtanach de réir an dlí.
- Ná húsáid cluasáin.
- Bí aireach ar dhaoine eile ar an mbóthar.
Má tá tú i dtimpiste
Má dhéanann feithicil eile díobháil duit
Tóg na céimeanna seo a leanas:
- Cuir an teagmhas in iúl do na Gardaí (cuir píosaí scannáin ó cheamara clogaid chucu má tá sé agat).
- Babhtáil sonraí leis an tiománaí, lena n-áirítear a s(h)onraí árachais.
- Faigh cabhair leighis má tá tú gortaithe.
Má imbhuaileann tú le scútar leictreach
Tóg na céimeanna seo a leanas:
- Tuairiscigh an timpiste do na Gardaí.
- Iarr ainm agus seoladh an duine. Faigh sonraí, mar shampla cineál, múnla agus méid innill an scútair leictrigh atá in úsáid acu más féidir leat.
- Faigh cabhair leighis má tá tú gortaithe.
Tuilleadh faisnéise
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar shuíomhanna gréasáin An Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre agus na Roinne Iompair.
Tá tábla achoimre de rothair leictreacha, scútair leictreacha agus móipéidí leictreacha ag an Roinn Iompair.
Tá treoir ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) chun cabhrú leat agus scútar leictreach á cheannach agat.
Féach ar ár leathanaigh faoi mhóipéidí leictreachaagus rothair leictreacha.