Rothair leictreacha

Cad is rothar leictreach ann?

Is rothar leictreach le cúnamh troitheáin é rothar leictreach. Ciallaíonn le cúnamh troithéain go stopann an mótar leictreach ag soláthar cumhachta nuair a stopann tú ag pedaláil.

Caitear mar a chéile le rothar leictreach agus le gnáthrothair faoi dhlí na hÉireann. Ní gá ceadúnas a bheith agat chun ceann a úsáid ar an mbothair agus ní gá do rothar leictreach a bheith cláraithe, faoi cháin nó faoi árachas.

Cé nach bhfuil sé mídhleathach do leanaí rothair leictreacha a thiomána in áiteanna poiblí, ba cheart go ndéanfaí maoirseacht ar leanaí óga i gcónaí.

Ceanglais theicniúla

Caithfidh na ceanglais seo a leanas a bheith ag rothair leictreacha a úsáidtear ar bhóthar poiblí:

  • Aschur cumhachta uasta de 250 vata nó níos lú
  • Mótar a chasann as nuair a stopann tú ag pedaláil
  • Luas uasta de 25km in aghaidh na huaire
  • Soilse tosaigh agus cúil (curtha ar siúl le linn uaireanta soilsithe agus dorchadas)

Rangaítear rothair lastais a chomhlíonann na riachtanais chruinne seo mar rothair leictreacha freisin.

Déantar rothar leictreach nach gcomhlíonann na caighdeáin theicniúla seo a chatagóiriú mar mhóipéid leictreach.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a léamh faoi mhóipéidí leictreacha agus an dlí.

Lena chois sin, is féidir leat tábla a fheiceáil le sainmhínithe teicniúla agus ceanglais maidir le scútair leictreacha, rothair leictreacha agus móipéidí leictreacha (PDF).

An bhfuil rothair leictreacha dleathach ar bhóithre poiblí in Éirinn?

Is féidir rothair leictreacha a úsáid go dleathach ar bhóithre na hÉireann ón 20 Bealtaine 2024 faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre agus Bóithre, 2023.

Rialacha maidir le rothair leictreacha a úsáid

Áit ar féidir leat rothair leictreacha a úsáid

  • Is féidir rothair leictreacha a úsáid ar bhóithre áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Ní féidir iad a úsáid ar mhótarbhealaí.
  • Ní féidir rothair leictreacha a úsáid ar chosáin ná i limistéir choisithe.
  • Is féidir leat iad a úsáid ar lánaí rothar agus bus.
  • Ní mór duit tiomáint ar thaobh na láimhe clé, lena n-áirítear i lánaí rothar agus bus.
  • Ceadaítear rothair leictreacha ar iompar poiblí.

Rialacha an bhóthair

  • Cloígh le rialacha an bhóthair, go háirithe maidir le soilse tráchta, trasrianta coisithe agus trasrianta séabra.
  • Clóigh le gach comhartha tráchta ar an mbealach céanna a bhaineann siad le rothaithe.
  • Níl cead agat d'fhón a shealbhú ná a úsáid agus tú ag rothaíocht ar rothair leictreacha.
  • Lean na comharthaí a thugann Garda nó maor scoile.

Léigh tuilleadh faisnéise faoi na dlíthe maidir le rothaíocht in Éirinn.

Ní gá duit na nithe seo a leanas a bheith agat:

Cionta agus pionóis

Má sháraíonn tú rialacha an bhóthair, féadfaidh tú fíneáil idir €40 agus €80 a fháil.

Níl cead agat do rothar leictreach a rothaíocht faoi thionchar alcóil nó drugaí. Is féidir láithreas cúirte agus fíneáil chomh mór le €2,000 a ghearradh as rothaíocht faoi thionchar.

Leideanna maidir le sábháilteacht

Tá sé tábhachtach aire a thabhairt do do shábháilteacht agus do shábháilteacht daoine eile ar an mbóthar. Lean na leideanna sábháilteachta seo agus tú ag rothaíocht do rothar leictreach:

  • Tabhair aird ar na coinníollacha aimsire.
  • Bí le feiceáil; caith éadaí frithchaiteacha (sofheicthe) agus fearas cosanta pearsanta.
  • Ba chóir duit clogad a chaitheamh, cé nach bhfuil sé seo riachtanach de réir an dlí.
  • Ná húsáid cluasáin.
  • Bí aireach ar dhaoine eile ar an mbóthar.

Ag ceannach rothar leictreach

Ná ceannaigh ach rothar leictreach ó mhiondíoltóir nó dáileoir creidiúnach. Is féidir leat an Scéim um Rothaíocht chun na hOibre a úsáid chun cabhrú leat íoc as rothar leictreach nua.

Seiceáil go bhfuil marc CE ar an rothar leictreach. Ba cheart go mbeadh sonraí an mhonaróra, dáta monaraíochta agus sraithuimhir ar a phláta CE.

Ba cheart don mhiondíoltóir dearbhú comhréireachta a thabhairt duit nuair a cheannaíonn tú é.

Tuilleadh faisnéise

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar na súiomhanna gréasáin An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus An Roinn Iompair.

Féach ar ár leathanaigh faoi scútair leictreachaagus móipéidí leictreacha.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Deireadh Fómhair 2024