Forlíonadh Ús Morgaíste
- Cad is Forlíonadh Úis Morgáiste ann?
- Rialacha maidir le Forlíonadh Úis Morgáiste
- Tástáil acmhainne le haghaidh Forlíonadh Úis Morgáiste
- Forlíonadh Úis Morgáiste a Ríomh
- Iarratas a Dhéanamh ar Fhorlíonadh Úis Morgáiste
- Neamhaird ioncaim roimh Meitheamh 2007
- Tacaíochtaí eile do dhaoine a bhfuil deacrachtaí morgáiste acu
- Tuilleadh faisnéise
Cad is Forlíonadh Úis Morgáiste ann?
Soláthraíonn Forlíonadh Úis Morgáiste (MIS) tacaíocht ghearrthéarmach chun cabhrú leat d’aisíocaíochtaí úis morgáiste a íoc.
Dúnta d'iarratasóirí nua
Ón 1 Eanáir 2014, tá an scéim Forlíonta Úis Morgáiste dúnta d’iontrálaithe nua. Níor glacadh le haon iarratas nua ón dáta seo.
Níor chuir an dúnadh seo isteach ar dhaoine a bhí ag fáil Forlíonadh Úis Morgáiste roimh an 1 Eanáir 2014. Foirceannadh an scéim do na héilitheoirí seo thar thréimhse 4 bliana agus dúnadh í ar 31 Nollaig 2017
Mar sin féin, leanann éilitheoirí a bhí ag fáil íocaíochtaí MIS a bhí le críochnú ar an dáta sin de bheith ag fáil íocaíochtaí faoin Liúntas Leasa Forlíontach ón 1 Eanáir 2018.
Tá an méid a fhaigheann tú cothrom leis an íocaíocht MIS a bhí á fáil agat roimh 31 Nollaig 2017. Déantar an íocaíocht seo go huathoibríoch, mar sin ní gá duit iarratas a dhéanamh arís chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Rialacha maidir le Forlíonadh Úis Morgáiste
Tá an scéim Forlíonadh Úis Morgáiste (MIS) dúnta d’iontrálaithe nua ón 1 Eanáir 2014. Foirceannadh MIS d’fhaighteoirí reatha thar thréimhse 4 bliana agus dúnadh é ar 31 Nollaig 2017.
Mar sin féin, maidir le héilitheoirí a fhaigheann íocaíochtaí MIS a bhí le críochnú ar an dáta sin, leanann siad de bheith ag fáil íocaíochtaí faoin Liúntas Leasa Forlíontach ón 1 Eanáir 2018.
Má bhí MIS á fháil agat roimh 1 Eanáir 2014
Déantar d’ús a mheasúnú mar d’oll-ús míosúil, lúide:
- Faoiseamh Úis Morgáiste, agus
- Aon liúntas morgáiste nó fóirdheontas morgáiste atá iníoctha ag an údarás áitiúil i leith na coda úis de do mhorgáiste
Ní bhfaighidh tú cúnamh ach leis an gcuid úis de d'aisíocaíochtaí morgáiste. Ní bhfaighidh tú cabhair leis an gcuid a íocann as an iasacht iarbhír agus as árachas tí.
Ba cheart duit dul i dteagmháil le d’iasachtóir chun an iasacht iarbhír a aisíoc. Má tá iasacht chomhdhlúite agat, ní chuirfear san áireamh ach an chuid úis den iasacht a bhaineann le ceannach, deisiú nó cothabháil riachtanach do thí.
Ranníocaíocht íosta teaghlaigh
Ní mór duit ranníocaíocht íosta a íoc i dtreo Forlíonadh Úis Morgáiste. Is é an ranníocaíocht íosta le haghaidh MIS:
- €30 in aghaidh na seachtaine do dhaoine singil
- €40 in aghaidh na seachtaine do lánúin
Ag Cáiliú d'Fhorlíonadh Úis Morgáiste
Chun cáiliú don Fhorlíonadh Úis Morgáiste, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- Ní mór duit iarratas a bheith déanta agat roimh 1 Eanáir 2014
- Ní mór duit pas a fháil sa tástáil acmhainne (féach ar ‘Tástáil acmhainne le haghaidh Forlíonadh Úis Morgáiste’ thíos)
- Ní mór socrú malartach aisíocaíochta a bheith déanta agat le d’iasachtóir morgáiste le haghaidh 12 mhí ar a laghad agus an socrú sin a bheith comhlíonta agat
- Caithfidh go raibh tú in ann na haisíocaíochtaí a íoc nuair a comhaontaíodh do chomhaontú iasachta ar dtús
- Ní chuirtear san áireamh ach an chuid den iasacht a bhaineann le ceannach, deisiú nó cothabháil riachtanach do thí
- Níl méid na riaráistí níos mó ná an méid a mheasann an RCS a bheith réasúnta
- Tá gnáthchónaí ort sa Stát seo
- Níl suim d'úis morgáiste iníoctha níos mó ná an méid a mheasann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) a bheith réasúnta chun freastal ar do riachtanais chónaithe agus eile*
* I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfaí forlíonadh a bhronnadh ort má tá d’Úis Morgáiste iníoctha níos airde ná an méid a mheasann ionadaí an RCS a bheith réasúnach chun freastal ar do riachtanais. Tá sé seo iníoctha ar feadh 12 mhí ar a mhéid ó dháta an éilimh.
Féadfaidh tú MIS a fháil má tá do theach ar díol. Ciallaíonn sé seo gur féidir le daoine a dtithe a dhíol agus leanúint de bheith incháilithe don MIS, faoi réir coinníollacha eile na scéime MIS.
Dícháilithe ó Fhorlíonadh Úis Morgáiste a fháil
Ní cháileoidh tú d'Fhorlíonadh Úis Morgáiste, má:
- Oibríonn tú nó do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir níos mó ná 29 uair sa tseachtain (tá roinnt eisceachtaí – féach ar ‘Fhostaíocht agus Forlíonadh Úis Morgáiste’ thíos)
- Tá baint agat le haighneas trádála
- Tá tú ag freastal ar oideachas lánaimseartha (tá roinnt eisceachtaí ann – féach ar ‘Oideachas agus Forlíonadh Úis Morgáiste’ thíos)
- Tá tú sa Stát go neamhdhleathach
- Tá iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta agat agus tá d’iarratas ag fanacht le cinneadh deiridh ón Aire Dlí agus Cirt
- Tá iarratas déanta agat faoi Acht na nEachtrannach, 1935 chun fanacht sa Stát agus níor cinneadh ar an iarratas sin
- Glactar isteach in institiúid thú (mar shampla, ospidéal) ar feadh níos mó ná 13 seachtaine
Fostaíocht agus Forlíonadh Úis Morgáiste
Ní cháileoidh tú don Fhorlíonadh Úis Morgáiste má tá tú i bhfostaíocht lánaimseartha (má tá tú ag obair ar feadh 29 uair nó níos mó in aghaidh na seachtaine).
I gcás lánúineacha, má tá duine de lánúin i bhfostaíocht lánaimseartha, tá an bheirt eisiata ó Fhorlíonadh Úis Morgáiste a éileamh.
Socruithe coinneála speisialta
Tá socruithe coinneála speisialta ann a d’fhéadfadh ligean duit cuid de d’Fhorlíonadh Úis Morgáiste a choinneáil (mar shampla, má tá tú rannpháirteach i Scéim Fostaíochta Pobail nó ag fáil an Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair).
Níor cheart go sáródh d’ollioncam teaghlaigh €317.43 in aghaidh na seachtaine. Ní chuirtear na nithe seo thíos san áireamh agus d’ollioncam teaghlaigh á measúnú:
- Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
- Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht (WFP)
- ÁSPC
- Aon liúntas cúram leanaí is iníoctha ar chúrsaí oiliúna áirithe
Faoi na socruithe coinneála speisialta seo, leanfaidh tú ag fáil:
- 75% de do ráta Forlíonta Úis Morgáiste le linn do chéad bhliain fostaíochta
- 50% sa dara bliain fostaíochta
- 25% sa tríú agus sa cheathrú bliain fostaíochta
Tar éis na ceathrú bliana ní bheidh tú i dteideal Forlíonadh Úis Morgáiste a fháil a thuilleadh má tá tú fostaithe.
Lena chois sin, baineann na socruithe coinneála seo le daoine atá dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó níos mó agus a fhilleann ar fhostaíocht lánaimseartha agus a chuireann deireadh lena n-íocaíocht leasa shóisialaigh. Sna cásanna seo, níor cheart go sáródh ollioncam teaghlaigh €317.43 in aghaidh na seachtaine.
Oideachas agus Forlíonadh Úis Morgáiste
Ní cháileoidh tú don Fhorlíonadh Úis Morgáiste má tá tú ag freastal ar oideachas lánaimseartha.
Mar sin féin, má tá Forlíonadh Úis Morgáiste á fháil agat agus má cháilíonn tú don Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA), coinneoidh tú teidlíocht ar Fhorlíonadh Úis Morgáiste.
Tástáil acmhainne le haghaidh Forlíonadh Úis Morgáiste
Nuair a dhéanann tú iarratas ar Fhorlíonadh Úis Morgáiste, déanfar d’acmhainn a mheasúnú. Léireoidh sé seo cé mhéad den Úis Morgáiste is féidir leat a íoc.
Le tástáil acmhainne déantar scrúdú ar na foinsí ioncaim go léir atá agat. Mar sin féin, ní chuirtear ioncam áirithe san áireamh agus d’acmhainn á ríomh.
D’fhéadfá cáiliú le haghaidh Forlíonadh Úis Morgáiste má tá d’ioncam faoi bhun méid áirithe agus má chomhlíonann tú na coinníollacha eile (féach ar ‘na rialacha maidir le Forlíonadh Úis Morgáiste’ thuas).
Ioncam curtha san áireamh don Fhorlíonadh Úis Morgáiste
Nuair a bhíonn d’Fhorlíonadh Úis Morgáiste á ríomh, cuirtear an t-ioncam seo a leanas san áireamh:
- Glanioncam ó fhostaíocht (is é seo ollioncam lúide ÁSPC agus costais taistil réasúnta - ní chuirfear ioncam linbh atá 17 mbliana d’aois agus níos óige san oideachas lánaimseartha san áireamh don Fhorlíonadh Úis Morgáiste) ón bhfostaíocht.
- Íocaíochtaí leasa shóisialaigh (tá roinnt eisceachtaí - féach ar ‘Ní chuirtear ioncam san áireamh’ thíos)
- Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht
- Ioncam airgid, mar íocaíochtaí cothabhála (seachas cothabháil leanaí)
- An t-ioncam go léir agus luach na maoine go léir a d’fhéadfadh tú a bheith caillte agat chun cáiliú
- Caipiteal (mar shampla, coigilteas, infheistíochtaí agus réadmhaoin ach ní do theach féin)
Déantar luach caipitiúil na maoine (seachas do theach féin), coigilteas agus infheistíochtaí a mheasúnú ar bhonn seachtainiúil mar seo a leanas:
Caipiteal | Acmhainn sheachtainiúil arna measúnú mar |
An chéad €5,000 | Nialas |
An chéad €10,000 eile | €1 in aghaidh an €1,000 |
An chéad €25,000 eile | €2 in aghaidh an €1,000 |
Aon chaipiteal os cionn €40,000 | €4 in aghaidh an €1,000 |
Íocaíochtaí iomarcaíochta
Déanfar íocaíocht iomarcaíochta nó cnapshuime a mheas mar chaipiteal, ach amháin má úsáideadh í chun iarmhéid do mhorgáiste nó iasachtaí eile gan íoc a laghdú.
Ioncam nár cuireadh san áireamh agus Forlíonadh Úis Morgáiste á ríomh
Agus d’Fhorlíonadh Úis Morgáiste á ríomh, ní chuirtear an t-ioncam seo a leanas san áireamh:
- Suim comhionann le ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (SWA) do chúinsí do theaghlaigh
- Sochar Linbh
- Liúntas Soghluaisteachta
- Íocaíochtaí cothabhála leanaí
- Íocaíochtaí cúraim altrama ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
- Íocaíochtaí as lóistín do leanaí faoin Acht um Chúram Leanaí
- Ioncam ó dhaltaí Gaeltachta
- Deontais nó liúntais ó scéimeanna a chuireann leas daoine dall chun cinn
- Airgead faighte ó eagraíochtaí carthanachta, mar shampla, Cumann Naomh Uinseann de Pól
- Cúiteamh arna dhámhachtain ag an mBinse Cúitimh i leith Heipitíteas C arna chonradh ó tháirgí fola áirithe, dóibh siúd atá faoi mhíchumas mar gheall ar Thailidimíd agus dóibh siúd a fhaigheann cúiteamh faoin mBord Sásaimh d’Institiúidí Cónaithe
- Deontais do Mhic Léinn
- Liúntas Cúraim Baile
- Deontas Tacaíochta do Chúramóirí
- Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach) agus Íocaíocht Caomhnóra (Neamh-ranníocach)
- Liúntas Breosla agus an Liúntas Maireachtála Aonair
Pinsinéirí
Tá neamhaird ioncaim ann do dhaoine atá 65 bliana d’aois agus níos sine. Ní chuirtear aon ioncam breise atá comhionann leis an difríocht idir an Pinsean Stáit uasta (Ranníocach) agus an SWA a oireann dá gcúinsí san áireamh. Baineann sé seo freisin nuair a bhíonn aois inphinsin duine amháin de lánúin.
Íocaíochtaí cúramóirí
Ní chuirtear an leathráta de Liúntas Cúramóra san áireamh riamh.
Ní chuirtear aon mhéid den Sochar Cúramóra atá os cionn an bhunráta SWA do do chás san áireamh (an ráta do dhuine fásta cáilithe nó an ráta pearsanta SWA).
Má tá Liúntas Cúramóra á fháil agat, ní chuirtear san áireamh méid an Liúntais Chúramóra atá os cionn an ráta SWA cuí do do chás (ceachtar an ráta do dhuine fásta cáilithe do lánúin, nó an ráta pearsanta SWA).
Mar sin féin, má tá tú ar cheann díobh seo a leanas
- Duine de lánúin agus Liúntas Cúramóra á fháil aige, ní chuirtear méid an Liúntais Chúramóra atá á íoc lúide an ráta do dhuine fásta cáilithe SWA san áireamh.
- Tuismitheoir singil nó aonair, is é an méid a dtugtar neamhaird air ná ráta an Liúntais Chúramóra atá á íoc lúide an ráta pearsanta SWA.
Neamhaird ar thuilleamh athshlánúcháin
Ní chuirtear méid áirithe de d’ioncam ó obair athshlánúcháin san áireamh.
Má tá Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall á fháil agat, ní chuirtear €120 ó oiliúint nó ó fhostaíocht athshlánúcháin san áireamh sa mheasúnú ar Fhorlíonadh Úis Morgáiste.
Beidh tionchar ag aon tuilleamh os cionn €120 ó oiliúint nó ó fhostaíocht athshlánúcháin ar d’Fhorlíonadh Úis Morgáiste. Má tá tú ag tuilleamh os cionn €120, is féidir thú a mheasúnú trí úsáid a bhaint as cibé neamhaird is mó a bhfuil leas agat as: an Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin nó an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh (ach ní an dá neamhaird).
Neamhaird ar ioncam teaghlaigh
Ní chuirtear méid áirithe d’ioncam teaghlaigh os cionn an ráta SWA cuí san áireamh:
- Ní chuirtear €75 d'aon ioncam teaghlaigh breise san áireamh
- Ní chuirtear 25% den ioncam teaghlaigh breise os cionn €75 san áireamh
Níl aon uasteorainn leis an méid is féidir a neamhaird.
Is ionann ioncam teaghlaigh breise agus ioncam ó fhostaíocht pháirtaimseartha nó ó fhéinfhostaíocht pháirtaimseartha, Íocaíocht Teaghlaigh Oibre, Fostaíocht Pobail (CE), Liúntas um Fhilleadh ar Fhiontraíocht.
Déantar cothabháil, seachas cothabháil leanaí, a mheasúnú mar ioncam teaghlaigh breise (féach ‘Forlíonadh Cothabhála agus Úis Morgáiste’ thíos).
Cothabháil agus Forlíonadh Úis Morgáiste
Déantar cothabháil a mheas mar ioncam teaghlaigh breise agus déantar measúnú ar íocaíochtaí cothabhála suas go €95.23 in aghaidh na seachtaine. Már sin féin, ón 4 Meitheamh 2024, níl íocaíochtaí cothabhála do leanbh san áireamh sa tástáil acmhainne.
Baineann an neamhaird ioncaim teaghlaigh (féach thuas) le híocaíochtaí cothabhála os cionn €95.23.
Mar shampla, más é an t-aon ioncam breise teaghlaigh atá agat ná cothabháil, déantar measúnú ar d’íocaíocht chothabhála ar fad (gan cothabháil leanaí san áireamh) suas go €95.23 in aghaidh na seachtaine. Baineann an neamhaird ioncaim teaghlaigh de €75 le suimeanna os cionn seo, ionas nach dtógtar aon chothabháil idir €95.23 agus €170.23 san áireamh.
Lena chois sin, ní chuirtear 25% den chothabháil ar fad os cionn €170.23 san áireamh.
Forlíonadh Úis Morgáiste a Ríomh
Is féidir leis a bheith deacair d’Fhorlíonadh Úis Morgáiste a ríomh. Cinneann an tOifigeach Leasa Pobail (CWO) cé acu an bhfuil tú incháilithe d’Fhorlíonadh Úis Morgáiste nó nach bhfuil agus ríomhann sé an méid a gheobhaidh tú.
An CWO:
- Suimíonn sé le chéile aon ioncam a chuirtear san áireamh sa tástáil acmhainne
- Dealaíonn sé ioncam nach gcuirtear san áireamh
- Cuireann sé d’ioncam agus ranníocaíocht teaghlaigh atá fágtha le chéile chun do ranníocaíocht teaghlaigh a fháil (féach ‘Íos-ranníocaíocht teaghlaigh’ thuas)
Is ionann an Forlíonadh Úis Morgáiste atá iníoctha leat agus an difríocht idir d’Úis Morgáiste iarbhír agus do ranníocaíocht le hÚis Morgáiste, fad is gur méid réasúnta an difríocht eatarthu chun freastal ar do riachtanais chónaithe.
Go ginearálta, cinnteoidh an CWO nach dtitfidh d’ioncam tar éis duit an t-ús ar do mhorgáiste a íoc faoi bhun an leibhéil íosta. Is é an leibhéal seo ná an Liúntas Leasa Forlíontach lúide €30 (nó €40 do lánúin).
Iarratas a Dhéanamh ar Fhorlíonadh Úis Morgáiste
Ón 1 Eanáir 2014, tá an scéim Forlíonta Úis Morgáiste dúnta d’iontrálaithe nua. Níor glacadh le haon iarratas nua ón dáta seo.
Achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh a rinneadh maidir le Forlíonadh Úis Morgáiste, ba cheart duit cúiseanna an chinnidh a iarraidh, i scríbhinn, ón CWO. Ba cheart duit aon cháipéisíocht bhreise a sholáthar mar thaca le do chás.
Mura n-athraítear an cinneadh, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh.
Neamhaird ioncaim roimh Meitheamh 2007
Tháinig neamhaird ioncaim atá leagtha amach thuas i bhfeidhm ar 5 Meitheamh 2007. Rinneadh measúnú ar éilimh a rinneadh roimh 5 Meitheamh 2007 agus leas á bhaint as na sean-neamhaird ioncaim (féach thíos).
Rinneadh athbhreithniú agus measúnú ar éilimh reatha ag baint úsáid as an neamhaird ioncaim nua agus sean. Leanadh ar aghaidh le measúnú a dhéanamh ar dhaoine a bhainfeadh níos mó úsáide as na sean-neamhaird ioncaim agus na rialacha sin á n-úsáid go dtí go raibh athrú ar chúinsí acu a spreag athbhreithniú (amhail athrú ar ioncam teaghlaigh, nó briseadh ina n-éileamh ar feadh níos mó ná 13 seachtaine).
Déantar neamhaird ioncaim d’éilimh Fhorlíonadh Úis Morgáiste roimh 5 Meitheamh 2007
Níor cuireadh ioncam ó na foinsí seo a leanas san áireamh i measúnú na n-éileamh ar Fhorlíonadh Úis Morgáiste a rinneadh roimh 5 Meitheamh 2007:
- Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh
- Sochar Linbh
- Liúntas Soghluaisteachta
- Íocaíochtaí cúraim altrama ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
- Íocaíochtaí as lóistín do leanaí faoin Acht um Chúram Leanaí
- Ioncam ó dhaltaí Gaeltachta
- Deontais nó liúntais ó scéimeanna a chuireann leas daoine dall chun cinn
- Airgead faighte ó eagraíochtaí carthanachta, mar shampla, Cumann Naomh Uinseann de Pól
- Cúiteamh arna dhámhachtain ag an mBinse Cúitimh i leith Heipitíteas C arna chonradh ó tháirgí fola áirithe, dóibh siúd atá faoi mhíchumas mar gheall ar Thailidimíd agus dóibh siúd a fhaigheann cúiteamh faoin mBord Sásaimh d’Institiúidí Cónaithe
- Deontais chothabhála arna n-íoc ag Údaráis Áitiúla don Ardoideachas
- €60 d’ioncam breise ó fhostaíocht pháirtaimseartha, lena n-áirítear Scéimeanna Fostaíochta Pobail (má bhí do thuilleamh ó fhostaíocht idir €60 agus €90, níor cuireadh ach leath de do thuilleamh idir €60 agus €90 san áireamh - mar shampla, má bhí tú ag tuilleamh €90, níor cuireadh ach €15 san áireamh)
- €60 d’ioncam breise ó rannpháirtíocht i gcúrsaí oiliúna ceadaithe, mar chúrsaí oiliúna scileanna FÁS (má bhí do thuilleamh idir €60 agus €90, níor cuireadh ach leath de do thuilleamh idir €60 agus €90 san áireamh – mar shampla, má bhí bhí tú ag tuilleamh €90 níor cuireadh ach €15 san áireamh)
- €120 ó oiliúint nó ó fhostaíocht athshlánúcháin má bhí Liúntas Míchumais á fháil agat (bhí tionchar ag aon tuilleamh os cionn €120 ó oiliúint nó ó fhostaíocht athshlánúcháin ar d’Fhorlíonadh Cíosa)
- Ioncam ó fhostaíocht le FSS mar Chúntóir Baile
- Liúntas Cúraim Baile
- Má bhí tú ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, measadh suas le €95.23 d’íocaíochtaí cothabhála a bheith ar cíos (cuireadh leath de mhéid ar bith os cionn é seo san áireamh mar acmhainn agus chuirfeadh sé seo isteach ar d’Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora). Cuireadh an chéad €95.23 d'aon chothabháil a fuair tú san áireamh agus d'Fhorlíonadh Cíosa á ríomh, ach tugadh neamhaird ar chothabháil os cionn €95.23 euro suas go teorainn €155.23; cuireadh leath d'aon chothabháil a fuair tú idir €155.23 agus €185.23 san áireamh; cuireadh gach cothabháil os cionn €185.23 san áireamh agus d’Fhorlíonadh Cíosa á ríomh.
Tacaíochtaí eile do dhaoine a bhfuil deacrachtaí morgáiste acu
An tSeirbhís Bhuiséadta Airgid agus Comhairle
Is féidir le SBCA, an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid, comhairle a thabhairt duit maidir le déileáil le riaráistí morgáiste chomh maith le cineálacha eile fiachais atá ina fhadhb.
Is féidir leat glaoch ar líne chabhrach MABS (SBCA) ar 0818 07 2000 ó 9am go 8pm, Luan go hAoine. Lena chois sin, tá líonra náisiúnta d'ionaid ag an SBCA, le foireann sainchomhairleoirí airgid.
Abhaile
Is é Abhaile an tSeirbhís Réitigh Riaráistí Morgáiste náisiúnta agus is tacaíocht í a chuireann SBCA ar fáil. Ceapann Abhaile comhairleoir a oibreoidh leat féin agus leis an iasachtóir chun an réiteach is fearr a aimsiú do do chás.
Is féidir leat glaoch ar Abhaile ar 0818 07 2000 ó 9am go 8pm, Luan go hAoine.
Tá na seirbhísí seo go hiomlán saor in aisce, faoi rún agus neamhspleách.
Tuilleadh faisnéise
Féadfaidh tú faisnéis mhionsonraithe faoin bhForlíonadh Úis Morgáiste a léamh ar Gov.ie.