Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
Réamhrá
Spreagann an scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair daoine atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialta áirithe dul i mbun féinfhostaíochta. Má ghlacann tú páirt sa scéim LFFO coinníonn tú céatadán d’íocaíochtaí leasa shóisialta ar feadh suas go 2 bliana. Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí LFFO le daoine atá faoi bhun 66 bliain d’aois.
Tá Scéim um Fhilleadh ar Obair faoi leith ann ar a dtugtar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhse, a thacaíonn le daoine atá ar Shochar Cuardaitheora Poist a ngnó féin a thosú.
Rialacha
Is féidir leat cáiliú le haghaidh Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair (BTWEA) má:
Tá tú ag tosú mar ghnólacht féinfhostaithe nua a ceadaíodh i scríbhinn roimh ré ag Oifigeach Cáis RCS nó ag Comhlacht Forbartha Áitiúil (CFA) (féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos)
agus
Má tá Sochar Cuardaitheora Poist (SCP)* nó Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) á fháil agat go leanúnach ar feadh 9 mí (234 lá). Má bhí ceachtar de na híocaíochtaí seo á fáil agat go leanúnach ar feadh 12 mhí (312 lá) díreach sula raibh tú rannpháirteach in LFFAO, is féidir leat 30 lá, ar a mhéid, a bheith agat ón mBeochlár i rith an ama seo.
(*le bunteidlíocht ar Liúntas Cuardaitheora Poist - féach 'Sochar Cuardaitheora Poist agus bunteidlíocht ar LCP' thíos)
nó
Má bhí ceann amháin de na híocaíochtaí cáilitheacha thíos á fáil agat ar feadh 9 mí, ar a laghad:
- Socrú idirthréimhseach Liúntas Cuardaitheora Poist (JST)
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
- Pinsean na nDall
- Liúntas Míchumais
- Liúntas Cúramóra (ráta iomlán) - tar éis deireadh a chur leis na dualgais chúraim
- Sochar/Liúntas Banchéile Tréigthe
- Cúnamh Feirme - ní féidir leis an ngnólacht baint le gabháltas na feirme ná le leanúint le gnólacht reatha a chur ar bun
- Pinsean Easláinte
- Forlíonadh Neamhábaltachta
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
nó
- Incháilithe do Shochar Breoiteachta: ag fáil íocaíochta leasa sóisialaigh incháilithe ar feadh 3 bliana as na cúig bliana is deireanaí
nó
- Meascán de ÍTA/CPA/LCP a fháil go leanúnach ar feadh 9 mí
*Sochar Cuardaitheora Poist agus bunteidlíocht chun LCP
Má fhaigheann tú sochar cuardaitheora poist, ní mór duit bunteidlíocht ar Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith agat chun bheith incháilithe do LFFO. Ciallaíonn bunteidlíocht ar Liúntas Cuardaitheora Poist go gcomhlíonódh tú tástáil mhaoine agus critéir eile do Liúntas Cuardaitheora Poist.
Ní fhéadtar LFFO a éileamh nuair atá íocaíocht phríomha eile RCS á fáil agat. Is é an t-aon eisceacht air seo ná má tá LFFO á fháil agat agus má bhíonn tú i dteideal Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a fháil ina dhiaidh sin.
Bealaigh eile chun bheith incháilithe do LFFO
Daoine fásta cáilithe
Féadfaidh tú a mheas don LFFO más aosach incáilithe tú ag duine a bhfuil an LFFO á fháil aige/aici cheana féin.
Féadfaidh tú a bheith incháilithe má chuireann an duine sin deireadh lena f(h)éinfhostaíocht roimh a t(h)eidlíocht a ídiú de bharr cúinsí áirithe. I measc na gcúinsí áirithe seo bheadh bhreoiteacht fhadtéarmach nó gortú fadtéarmach a chuirfeadh bac oibre ar an mbunéilitheoir, nó breoiteacht bhaill teaghlaigh a bhfuil sé/sí ina c(h)úramóir lánaimseartha dá bharr. Más aosach incháilithe ag éilitheoir LFFO a chuireann deireadh lena f(h)éinfhostaíocht chun dul i mbun fostaíocht eile ní chúinse bailí é seo chun go mbeidh tú incháilithe do LFFO
Má tá tú incháilithe ar LFFO sa chaoi seo, féadfaidh tú leas a bhaint as an scéim den mhéin ama ata fágtha ar an mbuneileamh. Ciallaíonn sé seo go n-aistreoidh an bunéilitheoir a t(h)eidlíochtaí chugat mar chéile, mar pháirti sibhialta nó mar cmhomchónaitheoir. (is é sin le rá, éiríonn tu féinfostaithe agus béidh an bunéilitheoir ina aosach inchailaithe ar an LFFO). Má bhíonn an buneilitheoir i dteideal creidmheasa, is féidir leanúint len iad a éileamh. Ní feidir LFFO a íoc ag an tráth céanna le híocaíocht leasa sóisialaigh áfach, mar sin ma shocraíonn an bunéilitheoir (atá anois ina aosach incháilithe) ar íocaíocht eile a éileamh ní mór duit deireadh a chur le LFFO a éileamh.
Tá faisnéis mhionsonraithe ag an RCS do dhaoine fásta cáilitheacha.
Priosún
Má bhí tú scaoilte ó phríosún le déanaí, féadfaidh tú a bheith incháilithe do LFFO. Féadfaidh am caite i bpríosún a áireamh don tréimhse cháiliúcháin don LFFO má cruthaíonn tú teidlíocht ar an íocaíocht leasa sóisialaigh ábhartha roimh bheith féinfhostaithe.
Tréimhsí Cáiliúcháin do BWETA
Glactar le tréimhsí ama a chaitear ar scéimeanna Fostaíochta Pobail, Scéim Shóisialta Tuaithe, Tús, LFO agus SDOG agus ar chúrsaí oiliúna áirithe de chuid an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOO) mar thréimhsí cáilitheacha ar an gcoinníoll go raibh tú i dteideal íocaíocht cháilitheach sula dtosaíonn tú ar an staidéar nó ar an oiliúint.
Is féidir am a chaitear ar Liúntas Leasa Forlíontach, Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 nó i soláthar díreach d'iarrthóirí tearmainn a chur san áireamh i leith na tréimhse cáiliúcháin don LFFO, fad is a chruthaíonn tú teidlíocht ar cheann de na híocaíochtaí cáilitheacha atá liostaithe thuas sula dtosaíonn tú an LFFO.
Má ghlac tú páirt i scéim LFFO roimhe seo agus má d'úsáid tú do theidlíocht, féadfaidh tú páirt a ghlacadh an dara huair tar éis 5 bliana ar a laghad.
Sa chás go bhfuil sos agat ó íocaíocht incháilithe mar gheall ar Shochar Máithreachais nó Atharthachta, is féidir leat cáiliú chomh fada agus a bhí íocaíocht incháilithe á fáil agat roimh agus i ndiaidh an tSochair agus ar feadh na dtréimhsí ama riachtanacha thuas.
Má tá tú dífhostaithe faoi láthair in Éirinn (ar feadh 13 seachtaine ar a laghad) agus má fhaigheann tú íocaíocht cháilitheach, is féidir glacadh le tréimhsí dífhostaíochta le déanaí i dtíortha eile san AE.
Faigh tuilleadh eolais faoi na tréimhsí cáiliúcháin don Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair.
Cuidiú le gnó a thosú
Chomh maith le tacaíocht ioncaim (d'íocaíocht sheachtainiúil), is féidir leat tacaíocht airgeadais a fháil freisin leis na costais a bhaineann le do ghnó a bhunú. Cuirtear na tacaíochtaí seo ar fáil faoi scéim ar a dtugtar an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta (DTF).
Ní féidir leat an DTF a fháil ach amháin má tá tú faofa don LFFO. Ní mór don phlean gnó a chuireann tú isteach mar chuid de d'iarratas ar an scéim réasúnaíocht agus riachtanas na tacaíochta airgeadais a leagan amach. Féadfaidh an DTF €2,500 san iomlán a íoc in aon tréimhse 24 mí. Ní mór duit a bheith in ann ranníocaíocht chomhfhreagrach 10% ar a laghad a dhéanamh chun rochtain a fháil ar thacaíocht deontais. Ní mór duit fianaise dhoiciméadach ar na costais a sholáthar (meastacháin ó 2 sholáthróir ar a laghad nó, i gcás soláthraí aonair, na cúiseanna le soláthraí aonair a roghnú).
I measc na míreanna atá incháilithe le haghaidh tacaíocht deontais tá seo leanas:
Catagóir | Teorann bliantúil, € | Ranníocaíocht íosta ón iarrthóir |
Cuntasaíocht agus seirbhísí bainteach, seirbhísí dlithúla san áireamh | Go €500 | 20% |
Áiseanna bolscaireachta agus margaíochta | Go €500 | 20% |
Trealamh gnó | Go €1,000 | 20% |
Meantóireacht Ghnó (Ofráileann Oifigigh Fiontraíochta áitiúla (FOA) nó cuideachta forbartha áitiúla. | Go €500 | 10% |
Costais agus táillí clárúcháin ghnó | Go €250 | 20% |
Comhlíonadh, treoir agus oiliúint | Go €250 | 20% |
Uirlisí agus trealamh sainiúil don phost | Go €1,000 | 20% |
Soláthairtí oifige agus stáiseanóireacht | Go €250 | 20% |
Éadaí &trealamh cosanta pearsanta | Go €250 | 20% |
Costas árachas dliteanais phoiblí a bhaineann le gnó a thosú. - Níl aon árachas eile incháilithe | Go €1,000 | 20% |
Oiliúint ghearrthréimhse ar leabharchoimeád rialachas, seoladh an phlean ghnó, tosaigh do ghnó féin agus cúrsaí a bhaineann le gnólacht nuathionscanta | Go €500 | 10% |
Comharthaíocht | Go €500 | 20% |
Úasgrádú ar áitreabh nuair is leis an iarrthóir an t-áitreabh | Go €1,000 | 20% |
Clárú láithreán gréasán, seirbhísí atá bainteach agus léiriú | Go €500 | 20% |
Meascán den mhéid thuas in aon tréimhse 24 mhí | €2,500 |
Nótáil nach bhfuil ceart uathfheidhmeach ar aon ceann de na méideanna seo. Déanfaidh Oifigeach Cáis na Roinne Coimirce Sóisialaí d'iarratas agus d'incháilitheacht a mheas.
Tá roinnt rudaí dícháilithe do thacaíocht deontais faoin DTF. Ina measc tá:
- Cíos foirgnimh/áitribh
- Costas taistil (ticéid aerlíne, turais ghnó, taisteal eachtrach, comhdhálacha)
- Árachas (seachas árachas dliteanais phoiblí )
- Éadaí agus éide pearsanta (seachas éadaí cosanta)
- Cláir forbartha gairmiúla eagraithe ag comhlachais ghairmiúla agus rialála.
- Aon sórt feithicle a cheannach
- Athchóirithe ar áitribh (nach leis an iarratasóir iad)
- Stoc trádála
- Oiliúint nó oideachas seachas é atá sainithe
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le bheith féinfhostaithe.
Deontais fostaíochta
Níl aon impleachtaí ag deontais fostaíochta ó OFÁ nó ó Chuideachta Forbartha Áitiúla dod' cháilíocht don LFFO.
Sochair bhreise
Is féidir leat do shochair bhreise (nó thánaisteacha) a choimeád fad is atá an LFFO á fháil agat, a fhad agus a leanann tú den tástáil mhaoine a shásamh. I measc na mbuntáistí breise tá:
- Liuntas Breosla
- Cárta Leighis
- Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua
Agus an LFFO á Fháil agat
Íoctar an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair go díreach chuig do chuntas bainc nó chuig do Chumann Foirgníochta chuile sheachtain. Ní féidir an liúntas a chur isteach i gcuntas morgáiste.
Ní gá duit cáin, ÁSPC ná MSU a íoc ar an Liúntas Fiontraíochta um Filleadh ar Obair ach d’fhéadfadh go mbeadh ort cáin ÁSPC agus MSU a íoc ar aon ioncam ó fhéinfhostaíocht.
Ni mór duit an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas láithreach má chríochnaíonn d’fhéinfhostaíocht nó má théann tu i bhfostaíocht
Rátaí
Má tá tú incháilithe don Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair Coinneoidh tú na céatadáin seo a leanas dá n-íocaíocht leasa shóisialaigh, lena n-áirítear méaduithe do dhuine fásta cáilithe agus do leanaí cáilithe, go ceann 2 bhliain ar a mhéid:
- 100% don chéad bhliain
- 75% don dara bliain
Athrú ar Chúinsí
Má thagann athrú ar do chúinsí féadfaidh do ráta íocaíochta d’aosach incháilithe nó do leanaí incháilithe breise a laghdú nó í a ardú ag brath ar do chúinsí. Má bhíonn d’eileamh ar LFFO bunaithe ar theidlíocht ar íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora roimhe seo nó ar Liúntas Cúramóra áfach, ní féidir leat méadú ar aosach incháilithe a éileamh mar nach mbeadh sé seo iníoctha ar do bhunteidlíocht.
Má tá LFFO á fháil agat, ní féidir leat Liúntas Cúramóra ar leathráta a éileamh.
Má fhaigheann do dhuine fásta cáilithe fostaíocht, ní chuireann sé seo isteach ar do LFFO. Má éilíonn do dhuine fásta cáilithe íocaíocht leasa shóisialaigh eile dá c(h)eart féin, áfach, laghdófar d'íocaíocht LFFO dá réir.
Conas iarratas a dhéanamh
Buail leis an gComhairleoir Pearsanta Fostaíochta i d'Ionad Intreo áitiúil nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil chun do thogra gnó a phlé.
Comhlánaigh foirm iarratais BTW 2 (pdf)
Ba chóir duit an fhoirm BTW 2 a sheoladh ar ais chuig an gComhairleoir Pearsanta Fostaíochta i d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.
Féachfaidh an Comhairleoir Pearsanta Fostaíochta ar do thogra gnó agus féadfaidh sé gnéithe áirithe de a phlé leat. Is féidir ansin tú a atreorú chuig do Chuideachta Forbartha Áitiúil. Ní mór duit dul i mbun féinfhostaíochta go dtí go bhfaigheann tú cead i scríbhinn ón RCS.
Ba chóir go mbeadh an dáta tosaithe don LFFO laistigh de 12 sheachtain ó dháta an fhaofa, mura gcomhaontaíonn an Comhairleoir Pearsanta Fostaíochta go dteastaíonn tréimhse níos faide.
Má ghlactar leat ar an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair, ní mór duit clárú mar dhuine féinfhostaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Achomharc a lorg
Is scéim riaracháin é LFFO. Ciallaíonn sé seo nach féidir achomharc a lorg ar an gcinneadh ón Oifig Achomharc Leasa Sóisialaigh. Is féidir leat áfach, iarraidh ar an Roinn Coimirce Sóisialaí athbhreithniú a dhéanamh ar d'iarratas má mhothaíonn tú gur trí bhotún a diúltaíodh duit don liúntas.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh leis an Oifigeach Cáis i d'Oifig Intreo nó Leasa shóisialaigh Áitiúil.