Contributions for Long-Term Carers
- Cad is Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha ann?
- An gcáilím?
- Cad a áirítear mar chúram lánaimseartha?
- Conas a úsáidim Ranníocaíochtaí Cúramóra Fadtéarmacha chun cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach)?
- Conas iarratas a dhéanamh
- Sonraí teagmhála
Cad is Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha ann?
Tugadh isteach scéim nua Ranníocaíochta Cúramóirí Fadtéarmacha i mí Eanáir 2024 chun cabhrú le cúramóirí fadtéarmacha rochtain a fháil ar an bPinsean Stáit (Ranníocach) nuair a shroicheann siad aois an phinsin.
Faoin scéim, má bhí tú i do chúramóir lánaimseartha ar feadh 20 bliain ar a laghad (1,040 seachtain), féadfaidh tú Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha a fháil chun cabhrú leat cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach).
Is ionann Ranníocaíocht Cúramóra Fhadtéarmaigh agus ranníocaíocht íoctha ar do thaifead ÁSPC do gach seachtain a sholáthraíonn tú cúram lánaimseartha. Fágann an ranníocaíocht go bhfuil sé níos éasca duit cáiliú don Phinsean Stáit Ranníocach nuair a shroicheann tú aois an phinsin.
An gcáilím?
Chun cáiliú, ní mór duit:
- Bhí cónaí ort in Éirinn nuair a bhí an cúram á sholáthar agat
- Bhí tú os cionn 16 bliana d'aois agus faoi aois an phinsin nuair a chuir tú cúam ar fáil
- Nach raibh i bhfostaíocht, féinfhostaíocht, obair dheonach, oiliúint nó cúrsaí oideachais ar feadh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain
- Ní raibh íocaíócht sheachtainiúil leasa shóisialaigh á fáil agat nuair a bhí cúram á dhéanamh agat, ach amháin Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra, Liúntas Cúraim Baile nó Deontas Tacaíochta do Chúramóirí
- Chónaigh tú leis an duine a raibh tú ag tabhairt aire dó agus chuir tú cúram agus aire lánaimseartha ar fáil. I gcúinsí áirithe, d'fhéadfá cáiliú mura raibh tú i do chónaí leis an duine dá dtugtar aire, ach gur chuir tú cúram agus aire lánaimseartha ar fáil.
De ghnáth, ní mór duit 520 ranníocaíocht fostaíochta (atá 10 mbliana oibre) a bheith agat chun cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach). Mar sin féin, má bhí tú i do chúramóir lánaimseartha le 20 bliain ar a laghad (1,040 seachtain), ní gá duit a bheith ag obair ar feadh 10 mbliana chun cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach).
Má cheapann tú go gcáilíonn tú do Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Tacaíochtaí Cúraim Pinsin de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí (féach 'Sonraí teagmhála' thíos).
An féidir liom athbhreithniú a dhéanamh ar mo phinsean reatha?
Má tá tú os cionn 66 bliain d'aois agus má tá pinsean á fháil agat faoi láthair ach má cheapann tú go bhfuil tú i dteideal Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha, is féidir leat iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar do phinsean (féach 'Sonraí teagmhála' thíos).
Má dhéantar athbhreithniú ar do phinsean agus má cháilíonn tú anois le haghaidh ráta níos airde le Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha, ní dhéanfar d'éileamh a shiardhátú níos mó ná 6 mhí. Tá sé seo i bhfeidhm fiú má tá tú 70 bliain d'aois agus má fhaigheann tú Méadú um Dhuine Fásta Cáilithe.
Más mian leat athbhreithniú a dhéanamh ar do phinsean, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hAonad Tacaíochtaí Cúraim Pinsin na Roinne Coimirce Sóisialaí. Deimhneoidh siad an bhfuil tú i dteideal Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha (féach 'Sonraí teagmhála' thíos).
Cad a áirítear mar chúram lánaimseartha?
Chun Ranníocaíocht Chúramóra Fadtéarmach a fhail, ní mór duit a bheith ag cur cúram lánaimseartha ar fáil do dhuine a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth orthu.
Feictear go bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth ar dhuine nuair:
- Teastaíonn maoirseacht leanúnach uatha chun contúirt dóíbh féin a shachtaint, nó
- Ní mór dóibh maoirseacht leanúnach agus cúnamh minic i rith an lae le feidhmeanna coirp. Mar shampla, cabhrú le siúl agus dul thart, ithe nó ól, nite nó cóirithe.
Caithfidh nádúr agus méid an mhíchumais a bheith deimhhnithe ag dochtúir don duine atá faoi chúram.
Conas a úsáidim Ranníocaíochtaí Cúramóra Fadtéarmacha chun cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach)?
Chun Pinsean Stáit (Ranníocach) a fháil ní mór líon áirithe ranníocaíochtaí íoctha a bheith agat. Cinneann líon na ranníocaíochtaí freisin do ráta pinsin.
Nuair a bheidh 20 bliain (1,040 seachtain) bainte amach agat chun cúram lánaimseartha a sholáthar, is féidir leat Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha a chur san áireamh agus do Pinsean Stáit (Ranníocach) á ríomh agat. Má tá tú i dteideal Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha, ní theastaíonn 10 mbliana de ranníocaíochtaí fostaíochta uait chun cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach).
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Ranníocaíochtaí Fadtéarmacha Cúramóirí ar líne ag MyWelfare.ie. Ní mór cuntas MyGovID fíoraithe a bheith agat chun iarratas a dhéanamh trí MyWelfare.ie.
Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, féadfaidh tú dul i dteagmháil le Tacaíochtaí Cúraim Pinsin sa Roinn Coimirce Sóisialaí chun foirm iarratais pháipéir a iarraidh.