Scéim um Chúramaí Baile
- Cad é an Scéim um Chúramaí Baile?
- An gcáilím don Scéim um Chúramaí Baile?
- Cad a áirítear mar ‘bhliain um chúramaí baile’?
- Íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile a fháil
- Conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim um Chúramaí Baile
- Tuilleadh faisnéise faoin Scéim um Chúramaí Baile
Cad é an Scéim um Chúramaí Baile?
Is féidir leis an Scéim um Chúramaí Baile cabhrú leat cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach) más fear nó bean tú a thugann aire lánaimseartha do:
- Leanbh faoi 12 bliana d’aois, nó
- Duine breoite nó míchumasaithe atá 12 bliana d’aois nó níos sine.
Conas a oibríonn sé?
Chun cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach), b’fhéidir go mbeadh líon áirithe de mheán-ranníocaíochtaí bliantúla ÁSPC ag teastáil uait idir tosú ag obair agus aois an phinsin a bhaint amach.
Ach, leis an Scéim um Chúramaí Baile, féadfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) neamhaird a dhéanamh de suas le 20 bliain a chaith tú mar chúramaí baile tar éis 6 Aibreán 1994. Tugann an RCS ‘Blianta Cúramaí Baile’ orthu seo.
Is féidir leis seo cabhrú leat cáiliú do Phinsean Stáit (Ranníocach) nó ráta pinsin níos airde a fháil.
Caithfidh 520 ranníocaíocht íoctha a bheith agat nuair a shroicheann tú aois an phinsin chun an Scéim um Chúramaí Baile a úsáid chun do Phinsean Stáit (Ranníocach) a ríomh.
An féidir liom mo stádas ‘cúramaí baile’ a mhalartú le mo chéile?
Ní féidir ach le duine amháin sa teach a bheith ina chúramaí baile ag am amháin.
Má scoireann tú de bheith i do chúramaí baile agus má théann do chéile nó do pháirtnéir sibhialta i mbun dualgais cúramaíochta baile, ba chóir duit sin a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) láithreach. Déantar seo chun a chinntiú nach gcailltear aon teidlíochtaí faoin Scéim um Chúramaí Baile.
An gcáilím don Scéim um Chúramaí Baile?
Cáilíonn tú don Scéim um Chúramaí Baile:
- má bhí tú fostaithe nó féinfhostaithe roimhe seo (ní mór ranníocaíocht íoctha amháin ar a laghad a bheith agat roimh do chéad tréimhse um chúramaí baile)
- mura n-oibríonn tú go lánaimseartha agus tú i mbun cúraim (is féidir leat obair pháirtaimseartha a dhéanamh le holltuilleamh seachtainiúil níos lú ná €38, nó a bheith féinfhostaithe le hioncam bliantúil níos lú ná €5,000)
- má tá tú os cionn 16 bliana d’aois, agus faoi aois an phinsin
- má thugann tú aire lánaimseartha do leanbh faoi 12, nó do dhuine breoite nó míchumasach
- má tá tú i do chónaí go buan in Éirinn (ach amháin i gcásanna ina bhfuil feidhm ag forálacha faoi rialacháin an AE nó faoi rialacháin oibrithe ar phostú)
- mura bhfuil tú i do chónaí in ospidéal, i dteach téarnaimh, nó in institiúid eile dá samhail
Má tá tú ag tabhairt aire do dhuine atá 12 bliana d’aois nó níos sine
Roimh 26 Deireadh Fómhair 2000, bhí ort cónaí leis an duine a raibh tú ag tabhairt aire dó.
Anois, ní gá duit a bheith i do chónaí leis an duine a dtugann tú aire dó:
- má tá córas díreach cumarsáide agat leo, mar shampla, guthán nó córas aláraim, agus
- mura bhfaigheann an duine cúram agus aire lánaimseartha ina dteach féin ó aon duine eile.
Chun cáiliú don scéim, caithfidh an duine a dtugann tú aire dó/di a bheith chomh míchumasaithe nó chomh héagumasaithe sin go dteastaíonn uathu:
- Maoirseacht leanúnach chun contúirt dóibh féin a sheachaint, nó
- Maoirseacht leanúnach agus cúnamh rialta i rith an lae maidir lena ngnáthriachtanais phearsanta (amhail dul timpeall, ithe, ól nó gléasadh).
Am caite ar laethanta saoire
Féadfaidh tú laethanta saoire idir 2 agus 3 seachtaine a ghlacadh thar lear, gan cur isteach ar seo ar do stádas mar chúramaí baile.
Am caite san ospidéal
Má tá tú féin, nó an duine a dtugann tú aire dó/di, ag fáil cóireála leighis in ospidéal (nó cóireáil eile in institiúid) ar feadh suas le 13 seachtaine, meastar go bhfuil tú fós ag soláthar cúram lánaimseartha.
Am a chaitear ar athshlánú nó cúram lae
Breathnaítear ort fós mar dhuine a sholáthraíonn cúram agus aire lánaimseartha má fhreastalaíonn an duine a dtugann tú aire dó nó di ar:
- Cúrsa neamhchónaitheach oiliúna athshlánúcháin, nó
- Ionad cúraim lae neamhchónaithe arna cheadú ag an Aire Sláinte
Cad a áirítear mar ‘bhliain um chúramaí baile’?
Is ionann ‘bliain um chúramaí baile’ agus aon bhliain ina bhfuil tú as an lucht oibre don bhliain chánach iomlán. Ní féidir neamhaird a dhéanamh ach ar bhliain iomlán.
Is féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) neamhaird a dhéanamh ar suas le 20 bliain um chúramaí baile agus do Phinsean Stáit (Ranníocach) á ríomh
Creidmheasanna cúramaí baile
Más cúramaí baile thú ar feadh cuid de bhliain ag tús nó ag deireadh do thréimhse cúramaíochta baile, is féidir leat ranníocaíochtaí creidiúnaithe a fháil.
- Ón dáta a dhéantar cúramaí baile duit, go dtí deireadh na bliana cánach sin
- Ó thús do bliana deiridh mar chúramaí baile, go dtí an dáta a stopann tú la bheith i do chúramaí baile.
Sampla de thaifead árachais duine a úsáideann an Scéim um Chúramaí Baile
D’fhág Mary an lucht oibre i 1997 chun aire a thabhairt dá leanbh nuabheirthe.
An leanbh:
- Rugadh an leanbh ar 10 Samhain 1997, agus
- Bhí 12ú breithlá an linbh ar an 10 Samhain 2009.
Mar sin, is é an 10 Samhain 1997 go dtí an 10 Samhain 2009 tréimhse chúramaíochta baile Mháire.
Taifead árachais Mháire faoin Scéim um Chúramaí Baile | ||
Ó: | Chuig: | Taifead árachais Mháire: |
10 Samhain 1997 | 31 Nollaig 1997 | Faigheann Mary ranníocaíochtaí creidiúnaithe ón dáta a rugadh a leanbh, suas go dtí deireadh na bliana cánach |
1 Eanáir 1998 | 31 Nollaig 2008 | Áiríonn an RCS an t-am seo mar bhlianta iomlána um chúramaí baile do Mháire |
1 Eanáir 2009 | 10 Samhain 2009 | Faigheann Mary ranníocaíochtaí creidiúnaithe suas go dtí 12ú breithlá a linbh |
Íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile a fháil
Is féidir leat Sochar Linbh a fháil ach fós a bheith san áireamh mar chúramaí baile má tá tú as an bhfórsa oibre agus gan ranníocaíochtaí creidiúnaithe a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).
Íocaíochtaí cúramóra
Má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra agus mura bhfuil tú i dteideal creidmheasanna faoin scéim sin, d’fhéadfá a bheith i dteideal blianta cúramóra a bheith curtha san áireamh don Phinsean Stáit (Ranníocach).
Má fhaigheann tú an Deontas Tacaíochta Cúramóra, d’fhéadfá a bheith i dteideal blianta cúramaíochta baile a bheith curtha san áireamh don Phinsean Stáit (Ranníocach).
Íocaíochtaí a bhaineann le tinneas
Má tá Pinsean Easláine nó Sochar Breoiteachta á fháil agat, ní mór duit teastas leighis a fháil a thaispeánfaidh gur féidir leat an cúram riachtanach a sholáthar.
Conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim um Chúramaí Baile
Má cheapann tú go gcáilíonn tú don Scéim um Chúramaí Baile, ba cheart duit:
- an fhoirm iarratais ‘Tacaíocht Cúraim Phinsin’ a chomhlánú
- do dhoiciméid tacaíochta a bhailiú (amhail teastais bhreithe agus teastais leighis)
- d’iarratas agus doiciméid tacaíochta a sheoladh chuig an ‘Rannóg Tacaíochta um Chúram Pinsin’ den RCS (féach an seoladh poist faoi ‘Tuilleadh faisnéise’ thíos).
Tá an fhoirm iarratais ar Thacaíochtaí Cúraim Pinsin ar fáil ar líne ar MyWelfare.ie. Teastóidh cuntas fhíoraithe MyGovID uait chun iarratas a dhéanamh ar líne.
Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig pensioncaringsupports@welfare.ie nó Íosghlao 0818 690690 chun foirm iarratais a fháil.
Cathain is ceart iarratas a dhéanamh ar an Scéim um Chúramaí Baile
Ba cheart duit clárú mar chúramaí baile roimh dheireadh na bliana ranníocaíochta, tar éis na bliana ina ndearnadh cúramaí baile den chéad uair.
Mar shampla, má dhéantar cúramaí baile den chéad uair in 2024, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an Scéim um Chúramaí Baile roimh dheireadh 2025.
Éilimh dhéanacha
D’fhéadfaí d’iarratas a shiardhátú más féidir leat a chruthú gur chomhlíon tú na coinníollacha cáilithe le linn an ama sin, agus go raibh cúis mhaith leis an moill a bhí ort leis an éileamh a dhéanamh.
Tuilleadh faisnéise faoin Scéim um Chúramaí Baile
Is féidir leat faisnéis mhionsonraithe faoin Scéim um Chúramaí Baile a léamh ar Gov.ie.
Agus tú ag déanamh iarratais ar chlárú mar chúramaí baile, seol d’fhoirm iarratais agus doiciméid tacaíochta chuig: