Tástáil acmhainne
- Cad is tástáil acmhainne ann?
- Conas a dhéantar an tástáil acmhainne?
- Conas a dhéantar ioncam airgid a mheasúnú
- An chaoi a ndéantar measúnú ar an maoin ina bhfuil tú i do chónaí (do theach).
- Conas a dhéantar caipiteal agus maoin nach n-úsáidtear go pearsanta a mheasúnú
- D'acmhainn sheachtainiúil iomlán a ríomh
- Acmhainn lánúine a mheasúnú
- Tuilleadh faisnéise
Cad is tástáil acmhainne ann?
Chun cáiliú le haghaidh íocaíocht cúnaimh shóisialaigh, ní mór duit a bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn agus pas a fháil i ‘dtástáil acmhainne’.
Sa tástáil acmhainne, déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) seiceáil maidir leis na nithe seo a leanas
- An bhfuil go leor acmhainní airgeadais agat chun tú féin a choimeád ag imeacht agus
- Cén méid íocaíochta cúnaimh shóisialaigh (más ann) ar féidir leat cáiliú di.
Chuige sin, breathnaíonn an RCS ar na foinsí ioncaim go léir atá agat. Ag brath ar an íocaíocht a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ina leith, féadfaidh an RCS neamhaird a dhéanamh (gan iad a chur san áireamh) ar na nithe seo a leanas:
- Méid áirithe de d’ioncam, nó
- Ioncam ó fhoinsí áirithe.
Tugtar forbhreathnú ginearálta ar an tástáil acmhainne ar an leathanach seo. Mar sin féin, athraíonn an chaoi a ndéantar d’acmhainn sheachtainiúil a ríomh, agus an méid is féidir a bheith agat, ó íocaíocht go híocaíocht.
Conas a dhéantar an tástáil acmhainne?
Nuair a dhéanann tú iarratas ar íocaíocht cúnaimh shóisialaigh (de réir tástála acmhainne), ní mór duit sonraí gach foinse ioncaim a chur san áireamh. Luafar san fhoirm na doiciméid tacaíochta a chaithfidh tú a chur isteach, más ann dóibh.
An dtugann mé sonraí faoi mo chuntas bainc?
Is féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) sonraí a iarraidh ort faoi do chuntais bhainc, lena n-áirítear na huimhreacha cuntais. Mar sin féin, ní fhaigheann an RCS rochtain ar do chuntas bainc mura dtugann tú an cead sin.
An dtiocfaidh an RCS chuig mo theach?
De ghnáth, ní gá cuairt a thabhairt ort sa bhaile agus cinneadh á dhéanamh maidir le d’iarratas. Mar sin féin, féadfaidh Cigire leasa shóisialaigh iarraidh cuairt a thabhairt ort sa bhaile chun d’iarratas agus na doiciméid tacaíochta a phlé.
Cé a chinneann cé acu atá nó nach bhfuil mé incháilithe d'íocaíocht?
Déanfaidh baill foirne na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS) cinneadh maidir le d’iarratas. Breathnóidh siad ar na foinsí ioncaim go léir atá agat agus cinnfidh siad cén ioncam, más ann, ar féidir neamhaird a dhéanamh air (gan a chur san áireamh).
Inseofar duit conas a rinneadh measúnú ar d’acmhainn.
Is féidir leis an tástáil acmhainne le haghaidh íocaíochta cúnaimh shóisialaigh a bheith ina ríomh casta, agus féadann sé a bheith éagsúil ó íocaíocht go híocaíocht. Is féidir leat faisnéis a fháil thíos faoin méid a bhreathnaíonn an RCS air sa tástáil acmhainne.
Cad a tharlóidh mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh?
Má dhiúltaítear íocaíocht cúnaimh shóisialaigh duit agus mura bhfuil tú sásta, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh.
Athruithe ar do dhálaí
Nuair a bhronntar íocaíocht leasa shóisialaigh ort, ní mór duit aon athruithe ar do dhálaí a chur in iúl don RCS. Mura ndéanann tú amhlaidh, d’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ort nó iarraidh ort aon ró-íocaíocht a d’fhéadfadh a bheith tar éis tarlú a aisíoc.
Faigh tuilleadh faisnéise faoin tástáil acmhainne ar gov.ie.
Íocaíochtaí árachais shóisialaigh agus méaduithe do chleithiúnaithe
Má dhéanann tú iarratas ar íocaíocht árachais shóisialaigh (bunaithe ar do ranníocaíochtaí ÁSPC), ní gá duit pas a fháil i dtástáil acmhainne.
Mar sin féin, má dhéanann tú iarratas ar mhéadú ar d’íocaíocht le haghaidh cleithiúnaí aosaithe (ar a dtugtar duine fásta cáilithe freisin) nó leanaí cleithiúnacha (leanaí cáilithe), ansin déanfar acmhainní do chéile, do pháirtnéara shibhialta nó do chomhchónaitheora a mheasúnú.
Cé nach gcuirtear d’acmhainn san áireamh, déanfaidh an RCS measúnú ar aon acmhainn atá agat i gcomhpháirt.
Conas a dhéantar ioncam airgid a mheasúnú
Sa tástáil acmhainne, déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) measúnú ar an ioncam airgid ar fad a bhfuil súil agat a fháil sa bhliain atá romhainn. Sa chleachtas, déantar é seo a mheasúnú de ghnáth tríd an ioncam a fuair tú sa bhliain roimhe sin a ríomh.
Áirítear na nithe seo a leanas le hioncam airgid:
- Aon ioncam ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht
- Ioncam feirme
- Ioncam ó phinsean leasa shóisialaigh ó thír eile
- Íocaíochtaí cothabhála duit (níl cothabháil do leanbh san áireamh sa tástáil acmhainne le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh).
Ní chuirtear íocaíochtaí a dhéanann an RCS leat san áireamh.
Is féidir leat léamh faoin ioncam airgid thirim nach bhfuil san áireamh sa tástáil acmhainne.
Conas a dhéantar ioncam ó fhostaíocht a mheasúnú
Braitheann an chaoi a ndéantar d’ioncam ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht a mheasúnú ar an íocaíocht a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ina leith. Nuair a dhéanann an RCS measúnú ar d’ioncam ó fhostaíocht, ní áirítear leis:
- ÁSPC
- Táillí ceardchumainn
- Aoisliúntas nó ranníocaí pinsin
Má tá tú féinfhostaithe, ní thugann an RCS aird ar:
- ÁSPC (Aicme S)
- Gach costas a bhaineann go díreach le d’fhéinfhostaíocht. Mar sin féin, déantar tarraingtí (airgead a thógtar ón ngnó le haghaidh úsáid phearsanta) a mheasúnú mar acmhainn.
Cáin ioncaim agus MSU
De ghnáth, ní asbhaintear cáin ioncaim nó an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) ó d’ioncam ó fhostaíocht. I measc na n-eisceachtaí, tá measúnuithe maidir le:
- Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht
- Sochar agus pribhléid le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist
- Sochar agus pribhléid le haghaidh Liúntas Leasa Forlíontach.
Ioncam a dtabharfar neamhaird air
Ag brath ar an íocaíocht a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ina leith, féadfaidh an RCS neamhaird a dhéanamh (gan a chur san áireamh) ar ioncam áirithe.
Mar shampla, ní chuirtear méid áirithe de do thuilleamh ón obair san áireamh le haghaidh Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall.
Tugtar neamhaird freisin ar an ioncam breise seo a leanas:
- Liúntas Cúramóra
- Forlíonadh Cíosa
- Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.
Tá an measúnú ar ioncam ó fhostaíocht don Liúntas Cuardaitheora Poist rud beag níos casta. Faigh tuilleadh faisnéise ar ár leathanach, Obair agus Liúntas Cuardaitheora Poist.
An chaoi a ndéantar ioncam ó íocaíochtaí cothabhála a mheasúnú
I gcás fhormhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh, déanann an RCS ioncam ó íocaíochtaí cothabhála a mheasúnú mar acmhainn. Ón 4 Meitheamh 2024, áfach, níl íocaíochtaí cothabhála leanaí san áireamh sa tástáil acmhainne le haghaidh aon íocaíocht leasa shóisialaigh.
Lena chois sin, déanann an RCS measúnú ar aon íocaíochtaí cothabhála a íoctar le do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir. Féach ‘Acmhainn lánúin a mheasúnú’ thíos.
Mar sin féin, is féidir íocaíochtaí cíosa nó morgáiste suas le €95.23 in aghaidh na seachtaine a fhritháireamh in aghaidh íocaíochtaí cothabhála. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a léamh faoi Íocaíochtaí cothabhála agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Conas a dhéantar ioncam ó fheirmeoireacht a mheasúnú
Má tá ioncam á fháil agat nó ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir ó fheirm do shaothrú, déanann an RCS measúnú ar an luach bliantúil duit (ollioncam lúide speansais atá i gceist leis seo). Má dhéantar an talamh a shaothrú ach nach mbaintear lánacmhainneacht aisti, déanfaidh siad meastachán ansin ar an nglanluach bliantúil féideartha.
Má tá feirm de do chuidse ar léas agat, déantar measúnú ar d’ioncam cíosa.
Mura bhfuil feirm á saothrú nó ar léas agat, déantar luach caipitiúil do thalamh a mheasúnú.
An chaoi a ndéantar measúnú ar an maoin ina bhfuil tú i do chónaí (do theach).
Níl an teach ina bhfuil tú i do chónaí san áireamh sa tástáil acmhainne, mura rud é go bhfuil ioncam á fháil agat uaidh.
Ioncam ó chíos
Má ligeann tú seomra ar cíos i do theach, déanann an RCS measúnú ar aon ioncam cíosa os cionn €14,000 in aghaidh na bliana.
Beidh feidhm ag an neamhaird ioncaim seo freisin, más rud é:
- Go mbogann tú amach as do theach faoin Scéim Chothrom na Féinne, nó
- go bhfuil cónaí ort i dteach de chuid Údaráis Áitiúil agus go bhfuil seomra ar cíos agat le mac léinn faoin Scéim Tionóntachtaí Údaráis Áitiúil - Seomra do Mhac Léinn
Ba cheart duit a sheiceáil an ndéanfaidh seomra a ligean ar cíos i d'áit chónaithe difear d’aon íocaíochtaí eile atá á bhfáil agat, amhail an Liúntas Breosla.
Na rialacha maidir neamhaird a dhéanamh d'ioncam cíosa
€269.23 sa tseachtain (€14,000 in aghaidh na bliana), sin é an neamhaird ioncaim uasta. Ní mór don duine a fhaigheann seomra ar cíos i do theach an seomra a úsáid ar feadh 28 lá as a chéile ar a laghad.
Ní bheidh an neamhaird ioncaim i gceist má tá tú ag ligean ar cíos d’fhostaí nó do gharghaolta.
Is éard is garghaolta ann:
- Do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do pháirtnéir
- Do leanbh, nó céile do linbh
- Do thuismitheoir, do leastuismitheoir nó do thuismitheoir céile
- Do shiblín, leas-siblíní nó siblíní céile san áireamh
- Do sheantuismitheoir nó do gharleanbh
- D’aintín nó d’uncail
- Do nia nó do neacht
Má fhaigheann tú pinsean neamh-ranníocach
Ní dhéanann an RCS measúnú ar aon ioncam ó chíos os cionn €14,000 in aghaidh na bliana dá mbeifeá i do chónaí i d’aonar murach sin, agus go bhfuil ceachtar díobh seo á fháil agat:
- Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach).
Má tá cuid de do theach ar cíos agat ach mura gcáilíonn tú don neamhaird ionciam
Má tá cuid de do theach ar cíos agat agus mura gcáilíonn tú don neamhaird ioncaim cíosa thuas, ceadaíonn an RCS roinnt asbhaintí ó d’ioncam cíosa, amhail caitheamh agus cuimilt. Ní féidir leat na hasbhaintí sin a fháil má tá an neamhaird ioncaim á fáil agat.
Má tá tú i d'óstach do dhaoine atá ag teacht ón Úcráin
Ní dhéantar an Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta chun dídeanaithe ón Úcráin a óstáil a mheasúnú sa tástáil acmhainne le haghaidh íocaíocht sheachtainiúil cúnaimh shóisialaigh, Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht nó Liúntas Leasa Forlíontach. Mar sin féin, cuirtear san áireamh í don Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise (gan forlíonadh a áireamh).
Do theach a dhíol
Má dhíolann tú do theach, is gnách go gcuirtear fáltais ó dhíol na maoine sin san áireamh.
Mar sin féin, ní chuirtear an chéad €337,500 de na fáltais ó dhíol na maoine sin san áireamh má fhaigheann tú íocaíochtaí áirithe agus má dhíolann tú do theach:
- Chun cóiríocht mhalartach níos oiriúnaí a cheannach nó a fháil ar cíos
- Chun bogadh isteach i dteach altranais
- Chun bogadh isteach le duine a bhfuil Liúntas Cúramóra á fháil aige maidir leatsa
Roimh an 1 Eanáir 2025, b'ionann an díolúine seo agus €190,500.
Níl feidhm ag an ndíolúine seo ach amháin más rud é go bhfuil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fáil agat:
- Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) (má tá tú 66 bliana d’aois nó níos sine)
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (má tá tú 66 bliana d’aois nó níos sine)
- Liúntas míchumais
- Pinsean na nDall
Léigh tuilleadh faisnéise faoingcaoi a ndéantar fáltais ó dhíol do thí a mheas.
Conas a dhéantar caipiteal agus maoin nach n-úsáidtear go pearsanta a mheasúnú
Áirítear le caipiteal:
- Maoin (seachas do theach féin)
- Coigiltis
- Infheistíochtaí.
Má tá seilbh agat (nó ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir) ar mhaoin nach bhfuil in úsáid agat go pearsanta, nó má tá infheistíochtaí nó aon chineál eile caipitil agat, rinne an RCS measúnú ar an luach ag baint úsáid as foirmle caighdeánach.
Go ginearálta, is cuma cé acu an bhfaigheann nó nach bhfaigheann tú ioncam ón maoin nó ó infheistíocht. Is é an t-aon eisceacht amháin ná an cás ina bhfuil Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe á mheasúnú le haghaidh íocaíocht árachais shóisialaigh. Sa chás seo, má ligeann tú an mhaoin, déanann an RCS measúnú ar an ioncam cíosa seachas ar an luach caipitil.
Ar an maoin agus na hinfheistíochtaí ar féidir iad a mheasúnú mar chaipiteal, tá:
- Coigiltis i gcuntas bainc (nó áit ar bith eile)
- Teach atá ligthe ar léas (ar cíos) agat
- Stoic agus scaireanna.
Má shábhálann tú féin nó do chéile, do pháirtnéir sibhialta, nó do chomhchónaitheoir cuid de d’íocaíocht leasa shóisialaigh gach seachtain, cuirfear na coigiltis seo, chomh maith le coigilteas ó fhormhór na bhfoinsí eile, san áireamh mar chuid de d’acmhainn.
An chaoi a ndéanann an RCS measúnú ar do chaipiteal
Úsáideann an RCS an fhoirmle chaighdeánach seo a leanas chun luach an chaipitil do gach íocaíocht leasa shóisialaigh a mheasúnú (seachas Liúntas Míchumais, Liúntas Cúramóra agus Liúntas Leasa Forlíontach):
Caipiteal |
Weekly means assessed |
Acmhainn sheachtainiúil arna measúnú | An chéad €20,000 |
Nialas | An chéad €10,000 eile |
Nialas | €1 in aghaidh an €1,000 |
€2 in aghaidh an €1,000 | Iarmhéid |
Maidir le Liúntas Míchumais agus Liúntas Cúramóra, ní chuirtear an chéad €50,000 de chaipiteal san áireamh.
Maidir le Liúntas Leasa Forlíontach, ní chuirtear an chéad €5,000 de chaipiteal san áireamh.
Ní dhéantar measúnú ar chaipiteal sa tástáil acmhainne le haghaidh Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht.
Faigh tuilleadh faisnéise ar ár leathanach, Íocaíochtaí caipitil agus leasa shóisialaigh.
D'acmhainn sheachtainiúil iomlán a ríomh
Déantar d’acmhainn ó ioncam airgid thirim, ó fhostaíocht agus ó chaipiteal a shuimiú le chéile chun d’acmhainn sheachtainiúil iomlán a fháil. Ag brath ar an íocaíocht a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ina leith, déanfaidh an RCS neamhaird ar ioncam áirithe (ní chuirfidh siad ioncam áirithe san áireamh).
I gcás fhormhór na n-íocaíochtaí a ndéantar de réir tástála acmhainne, déantar an ráta íocaíochta leasa shóisialaigh ar féidir leat í a fháil, más ann di, a laghdú ar scála aistritheach de réir d’acmhainní seachtainiúla.
Má tá tú faoi 25 bliain d'aois agus ag déanamh iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist nó ar Liúntas Leasa Forlíontach, féadfar an íocaíocht uasta a chinneadh ar bhonn d'aoise.
Acmhainn lánúine a mheasúnú
Má dhéanann tú iarratas ar íocaíocht cúnaimh shóisialaigh nó íocaíocht de réir tástála acmhainne agus go bhfuil tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí, cuireann an RCS acmhainní do chéile, do pháirtnéara shibhialta nó do chomhchónaitheora san áireamh sa tástáil acmhainne.
Léigh tuilleadh faisnéise ar ár leathanach, Ag measúnú acmhainn lánúine le haghaidh íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh.
Tuilleadh faisnéise
Má tá ceist ar bith agat faoin tástáil acmhainne, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an rannóg sa Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) a íocann an íocaíocht a bhfuil tú ag déanamh iarratais uirthi.
Lena chois sin, is féidir leat faisnéis a fháil ar Gov.ie faoi mheasúnú a dhéanamh ar:
Nó, déan teagmháil le d’Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil chun comhairle a fháil.