Ranníocaíochtaí árachais shóisialta ón choigríoch a chomhcheangal

Réamhrá

Tá socruithe slándála sóisalaí ag Éirinn le tíortha eile mar a cheadaítear tú do ranníocaíochtaí árachais sóisialaí a íoctar in Éirinn a chomhcheangal le do ranníocaíochtaí árachais sóisialaí a íoctar i dtír eile. Is féidir leis seo a chuidiú leat le bheith incháilithe do íocaíocht árachais sóisialta in Éirinn nó i dtír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí ag Éirinn.

Is feidir socruithe slándála sóisialaí atá ag Éirinn le tíortha eile a roinnt go leathan ina ndá ghrúpa:

  • Tíortha ata clúdaithe ag rialacháin an Aontais Eorpaigh (AE)/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE)
  • Tíortha lena bhfuil Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha ag Éirinn.

Ríocht Aontaithe agus le chéile árachas sóisialta

An 31 Eanáir 2020, d'fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach – Brexit mar a thugtar air go coitianta. Comhaontaíodh an Coinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta idir Éire agus an Ríocht Aontaithe (pdf) chun an méid seo a leanas a chinntiú:

  • Is féidir le saoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí in Éirinn tairbhe a bhaint fós as ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a dhéantar le linn dóibh a bheith ag obair sa Ríocht Aontaithe, agus a mhalairt
  • Is féidir le saoránaigh an AE atá ina gcónaí in Éirinn a ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a dhéantar agus iad ag obair sa Ríocht Aontaithe a úsáid chun cabhrú leo cáiliú d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe de chuid na hÉireann
  • Leantar d'íocaíochtaí reatha a íoc mar a bhí roimhe seo. Is féidir leat teacht ar liosta d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh na hÉireann a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún

Rialacháin an AE

Tá forálacha slándála sóisialta ann i ndlí an Aontais le breis agus 30 bliain. Tá siad le fáil i Rialachán (CE) Uimh.883/2004 agus 987/2009.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gcaoi a gcuirtear comhaontuithe déthaobhacha i bhfeidhm ar shuíomh gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Is iad seo a leanas tíortha an AE agus an LEE a chumhdaítear leis na Rialacháin seo:

  • An Ostair
  • An Bheilg
  • An Bhulgáir
  • An Chróit
  • Cipir
  • Poblacht na Seice
  • An Danmhairg
  • An Eastóin
  • An Fhionlann
  • An Fhrainc
  • An Ghearmáin
  • Gréig
  • Ungáir
  • Íoslainn
  • Éire
  • An Iodáil
  • Lichtinstéin
  • Lucsamburg
  • Laitvia
  • An Liotuáin
  • Málta
  • Iorua
  • An Phortaingéil
  • An Pholainn
  • An Rómáin
  • An Spáinn
  • An tSualainn
  • Eilvéis
  • An tSlóvaic
  • An tSlóivéin
  • Ísiltír

Go ginearálta, baineann rialacháin AE a bhaineann le slándáil shóisialta leis na daoine seo a leanas:

  • Náisiúnaigh de na tíortha a chumhdaítear leis na rialacháin, atá nó a bhí árachaithe i gceann de na tíortha sin, agus a mbaill teaghlaigh.
  • Daoine a bhfuil stádas daoine nó teifigh gan stát acu atá nó a bhí faoi árachas in aon cheann de na tíortha atá clúdaithe ag na rialacháin agus a mbaill teaghlaigh.
  • Náisiúnaigh de thíortha neamh-AE a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu ar chríoch an Aontais Eorpaigh, a bhog idir tíortha a chumhdaítear leis na rialacháin agus baill dá dteaghlaigh.

Cáiliú d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Más rud é gur oibrigh tú in Éirinn agus i gceann nó níos mó de stait an AE cuirfear do ranníocaíochtaí árachais sóisialta ó gach stát an AE le do ranníocaíochtaí árachais sóisalta in Éirinn le cuidiú leat a bheith incháilithe do cheann de na híocaíochtaí leasa sóisialta atá liostaithe thíos. I gcás íocaíochtaí áirithe (mar shampla, Sochar Chuardaitheora Poist, Sochar Chuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe, Sochar Tinnis, Sochar Máithreachais, Sochar Atharthachta) caithfidh do ranníocaíocht árachais sóisialaigh is déanaí bheith íoctha in Éirinn:

An chaoi a ríomhtar do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh faoi Rialacháin an AE

Agus do theidlíocht ar íocaíocht árachais shóisialaigh Éireannach á ríomh faoi rialacháin an AE, cuirtear do ranníocaíochtaí ináirithe go léir ó thíortha atá clúdaithe ag na rialacháin le chéile. Is féidir iad a úsáid le do ranníocaíochtaí Éireannacha chun cabhrú leat cáiliú d'íocaíocht.

Ba chóir duit foirmeacha U1 (E301 roimhe seo) agus E104 a fháil nuair a fhágann tú tír AE inar oibrigh tú. Tá na foirmeacha seo ar fáil ag an ngníomhaireacht slándála sóisialta ábhartha sa tír as a bhfuil tú ag teacht agus soláthraíonn siad sonraí faoi do thaifead árachais shóisialaigh. Tá Foirm E104 ag teastáil má dhéanann tú iarratas ar shochair bhreoiteachta agus má theastaíonn foirm U1 le haghaidh sochair dífhostaíochta.

Mar shampla, má tá iarratas á dhéanamh agat ar Shochar Breoiteachta, seol cóip de do E104 le d'iarratas ar Shochar Breoiteachta. Cuirfidh sé dlús le próiseáil d'iarratais. Mura bhfuil foirm E104 agat ó na tíortha ábhartha AE ar oibrigh tú iontu, nuair a luann tú na tíortha eile ar oibrigh tú iontu ar d'fhoirm iarratais, gheobhaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí na sonraí ábhartha duit.

Agus iarratas á dhéanamh ar Phinsean Easláine, aicmítear gach tír AE mar thír de Chineál A nó mar thír de chineál B. Ríomhfar do Phinsean Easláine ar bhealach difriúil ag brath ar cibé ar oibrigh tú i dtír Chineál A nó i dtír Chineál B - féach 'Pinsean Easláine' faoi Tuilleadh Eolais thíos.

Sula dtagann tú go hÉirinn, ba chóir duit seiceáil leis an oifig slándála sóisialta áitiúil sa tír ina bhfuil tú ag obair faoi na doiciméid chuí chun iad a thabhairt leat. Maidir le pinsin Stáit, iarrann an RCS do stair ranníocaíochta árachais shóisialaigh go díreach ón stát eile.

Tíortha lena bhfuil Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha ag Éirinn.

Is socruithe sonracha iad comhaontuithe déthaobhacha slándála sóisialta idir tíortha rannpháirteacha a ligeann do dhaoine bogadh idir tíortha agus a dteidlíochtaí pinsin a chosaint.

Tá comhaontuithe déthaobhacha slándála sóisialta ag Éirinn le:

Cuireadh rialacháin an AE in ionad Chomhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialta na hÉireann leis an Eilvéis den chuid is mó.

Ní chlúdaíonn ranníocaíochtaí a íoctar i stáit a bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialta ag Éirinn leo ach íocaíochtaí fadtéarmacha áirithe. Ina measc tá:

  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)
  • Pinsean Easláine

Leis an gcomhaontú déthaobhach leis an Ríocht Aontaithe maidir le slándáil shóisialta (lena gcumhdaítear Oileáin Mhuir nIocht agus Oileán Mhanann), cuirtear cumhdach ar fáil freisin do na sochair ghearrthéarmacha seo a leanas:

  • Sochar Tinnis
  • Sochar Máithreachais
  • Sochar Cuardaitheora Poist
  • Sochar Díobhálacha Ceirde

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na comhaontuithe social security idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.

Is í an ábharthacht is mó atá ag na socruithe slándála sóisialaí déthaobhacha ná do phinsinéirí a dtéann ar scor chuig Éirinn tar éis dóibh bheith ag obair i gceann de na tíortha liostaithe thuas.

Má tháinig tú ó thír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí déthaobhach ag Éirinn, beidh do chearta pinsin ón tír eile cosanta nuair a bhogann tú chuig Éirinn. Is féidir pinsean a bheith agat óÉirinn agus ó cheann amhain nó ó gach ceann de na tíortha eile. Féadtar go mbeidh tú ábalta do chuntais árachais ó Éirinn agus ón tír eile a chomhcheangal le bheith incháilithe le Pinsean Stáit (Ranníocach).

Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha

Ní mór go raibh tú i bhfostaíocht inárachais ar feadh seachtaine amháin ar a laghad in Éirinn chun comhaontú déthaobhach leasa shóisialaigh a chur i bhfeidhm agus (ach amháin i gcás Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)) 52 seachtain ináirithe ar a laghad a bheith agat faoi reachtaíocht na hÉireann. Agus do theidlíocht ar íocaíocht árachais shóisialaigh Éireannach á ríomh faoi chomhaontú déthaobhach slándála sóisialta, úsáidtear do ranníocaíochtaí ináirithe ón tír lena bhfuil an comhaontú ag Éirinn agus do ranníocaíochtaí Éireannacha i bhfoirmle pro rata chun a fháil amach an gcáilíonn tú d'íocaíocht.

Má d'oibrigh tú i níos mó ná tír amháin a bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialta ag Éirinn léi, déanfar do theidlíocht ar íocaíocht árachais shóisialaigh Éireannach a mheasúnú ar leithligh faoi gach comhaontú. Ní féidir ranníocaíochtaí a íoctar faoi chomhaontuithe déthaobhacha éagsúla a chomhcheangal, ní mór gach ceann acu a ríomh ar leithligh. Íoctar an ríomh a sholáthraíonn an méid is airde.

Má dhéanann tú iarratas ar íocaíocht fhadtéarmach árachais shóisialaigh in Éirinn agus má chuireann tú isteach d'iarratas gur oibrigh tú i dtír a bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialta ag Éirinn léi, déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí an méid seo a leanas:

  • Má tá go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh Éireannacha agat chun íocaíocht Éireannach a fháil, íocfaidh an Roinn í agus tionscnóidh sí, ar do shon, éileamh sa tír eile ar oibrigh tú inti
  • Mura bhfuil go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh agat, iarrfaidh an Roinn ar do thaifead árachais shóisialaigh ón tír eile cabhrú leat cáiliú d'íocaíocht árachais shóisialaigh Éireannach agus, ar do shon, éileamh a thionscnamh sa tír eile a d'oibrigh tú. Ciallaíonn sé seo go bhféadfá níos mó ná íocaíocht amháin a fháil, mar shampla, d'fhéadfá íocaíocht Éireannach agus íocaíocht a fháil ó thír eile.

An chaoi a ríomhtar ráta an phinsin

Déantar ráta an phinsin nó na híocaíochta, nuair atá ranníocaíochtaí arachais i dtír eile á gcomhcheangal le ranníocaíochtaí in Éirinn, a ríomh mar a leanas:

Céim 1:

Déantar do phinsean barúlach a ríomh. Is é an pinsean barúlach ná ráta an phinsin Éireannaigh a bheadh iníoctha dá ndéanfaí plé le do ranníocaíochtaí árachais sóisialta go léir, in Éirinn agus lasmuigh d'Éirinn ar aon, mar ranníocaíochtaí Éireannacha. Le teacht ar líon na ranníocaíochtaí bliantúla ar an meán, déantar do ranníocaíochtaí Éireannacha agus do ranníocaíochtaí ináirithe neamh-Éireannacha a chur le chéile agus iad a roinnt ansin faoi líon na mblianta (is é sin le rá líon na mblianta ó d’íoc tú árachas sóisialta den chéad uair go deireadh na bliana cánach sular shroich tú aois an phinsin (66).

Céim 2:

Cuirtear an fhoirmle a leanas i bhfeidhm ansin:


(A x B)/C

  • A = ráta barúlach an phinsin. (féach céim 1 chun ráta barúlach an phinsin a ríomh.)
  • B = líon na ranníocaíochtaí Éireannacha.
  • C = líon iomlán na ranníocaíochtaí (Éireannacha agus coimhthíocha)

Nóta:

Sna socruithe leis An Ostair, An Astráil, Ceanada, Quebec agua an RA, (mar atá faoi reachtaíocht an AE), nuair a íocadh níos lú ná 52 ranníocaíocht sa tír eile agus nach ndámhtar pinsean sa tír sin, dámhtar an pinsean Éireannach ar shuim an dá chuntais árachais gan cur i bhfeidhm na rialach pro-rata.

Conas iarratas a dhéanamh

Nuair atá iarratas ar íocaíocht árachais shóisialaigh Éireannach á líonadh isteach nó á chomhlánú agat, fiafraíonn rannán ar an bhfoirm iarratais díot an raibh tú riamh fostaithe i dtír ae seachas Éire. I gcás íocaíochtaí fadtéarmacha, fiafrófar díot an raibh tú riamh fostaithe i dtír ae nó i dtír a bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialta ag Éirinn léi.

Iarrfar an t-eolas seo a leanas ort:

  • An tír inar oibrigh tú
  • Ainm agus seoladh d'fhostóra ansin
  • Na dátaí ar oibrigh tú ann
  • D'Uimhir Slándála Sóisialta ann

Iarrfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí ansin do thaifid staire ranníocaíochta árachais shóisialaigh ón mballstát eile nó ón institiúid eachtrach go díreach.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Chun íocaíocht leasa sóisialta a éileamh ba chóir duit an fhoirm chuí a líonadh agus í a chur ar ais chuig An Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá an seoladh fillte priontáilte ar an fhoirm iarratais.

Tá tuilleadh eolais faoi do chuntas árachais sóisialta in Éirinn ar fáil ó:

Rannóg um Taifead ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690

Tuilleadh eolais

Pinsean Easláine

In Airteagal 44-49 de Rialachán CEE Uimh. 883/2004 (pdf) leagtar amach conas a ríomhtar ranníocaíochtaí árachais shóisialta ón choigríoch le haghaidh Pinsean Easláine.

Déantar gach tír AE a rangú mar thír ‘Cineál A’ nó ‘Cineál B’, ag brath ar conas a ríomhtar pinsin sa tír sin. Tá liosta de thíortha Cineál A agus Cineal B ar gov.ie. Is tír Cineál A í Éire.

Má d'oibrigh tú in Éirinn agus i dtír Cineál A eile, is í an tír inar tharla d'éagumas chun oibre agus d’easláine, an tír a íocann an Pinsean Easláine iomlán leat.

Má d'oibrigh tú in Éirinn agus i dtír Cineál B, nó i dtír a bhfuil Comhaontú Leasa Shóisialaigh Déthaobhach aici le hÉirinn, déanfar do phinsean a ríomh ar bhonn prorata. Íocann gach tír páirtphinsean leat, ag brath ar do thaifead ranníocaíochta sa tír.

Ríomhtar an ráta ag baint úsáide as an bhfoirmle seo a leanas:

(A / B) x C

  • A = líon na ranníocaíochtaí Éireannacha
  • B = ranníocaíochtaí iomlána (líon na ranníocaíochtaí Éireannacha + líon na ranníocaíochtaí lasmuigh d'Éirinn)
  • C = ráta Pinsin Easláine phearsanta reatha

I gcás ina bhfuil Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (MDFC) iníoctha freisin, íocfar é seo chomh maith ar bhonn prorata.

Ní mór duit 52 ranníocaíocht nó creidmheas ar a laghad a bheith agat in Éirinn le ranníocaíocht íoctha amháin ar a laghad mar cheann díobh seo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Meán Fómhair 2024