Ag éileamh íocaíocht leasa shóisialaigh bhreise ar leathráta

Eolas

Go hiondúil ní féidir ach íocaíocht chúnaimh shóisialta phearsanta amháin nó íocaíocht árachais shóisialta amháin a éileamh ag aon uair amháin in Éirinn. I roinnt cúinsí, áfach, féadann tú d'íocaíocht phearsanta a choinneáil agus leath d'íocaíocht leasa shóisialaigh eile a fháil.

Má tá tú ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe agus ag tabhairt aire do dhaoine atá ag brath ar chúram lán aimseartha, féadann tú do phríomh íocaíocht a choinneáil agus Liúntas Cúramóra ar leathráta a fháil. Tá tuilleadh eolais faoi cáiliú le haghaidh Liúntais Cúramóra.

Íocfar Sochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Sábháilteachta,Sochar Tuismitheora agus Sláinte ó Sochar Uchtaíoch leat ag leath an ráta má tá tú ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí seo a leanas:

Ina theannta sin, ní mór duit an ranníocaíocht árachais shóisialaigh agus coinníollacha eile a shásamh maidir le Sochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Uchtaíoch, Sochar Tuismitheora, nó Sochar Sláinte agus Sábháilteachta. Má chomhlíonann tú na coinníollacha seo gheobhaidh tú leath den ráta pearsanta íocaíochta, gan aon méaduithe breise do leanaí.

Rataí

Rátaí íocaíochta seachtainiúla leathráta 2025

Íocaíocht árachais shóisialaigh

Leathráta

Sochar Máithreachais (Íocaíocht chaighdeánach €289)

€144.50

Sochar Atharachta (Íocaíocht chaighdeánach €289)

€144.50

Sochar Uchtaíoch (Íocaíocht chaighdeánach €289)

€144.50

Sochar Sábháilteachta agus Sláinte (Ráta uasta €244)

€122

Má tá tú ag obair agus ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh ar ráta laghdaithe, d'fhéadfá Sochar Máithreachais,Sochar Atharthachta, Sochar Sábháilteachta agus Sláinte ó Sochar Uchtaíoch ag níos mó ná leathráta a fháil nuair a stopfaidh tú de bheith ag obair.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun leath d'íocaíocht bhreise leasa shóisialaigh a éileamh, déanann tú iarratas ar an ngnáthbhealach. Ba chóir duit an fhoirm iarratais íocaíochta cheart a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá an seoladh fillte foilsithe ar chúl na foirme iarratais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Eanáir 2025