Seicliosta agus achomharc á dhéanamh ar chinneadh leasa shóisialaigh

Réamhrá

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh ón Roinn Coimirce Sóisialaí, is féidir leat achomharc a dhéanamh. Láimhseálann an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh achomhairc faoi fhormhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Tá roinnt céimeanna i gceist sa phróiseas achomhairc. Tugtar breac-chuntas sa seicliosta seo ar na céimeanna seo agus mínítear an próiseas a bhaineann le hachomharc a dhéanamh chuig an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh.

Sula ndéanann tú achomharc

An bhfuil an íocaíocht nó an scéim ar mian leat achomharc a dhéanamh clúdaithe ag Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh?

Féadtar teacht ar liosta íocaíochtaí atá clúdaithe ag an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh (pdf).

Mura bhfuil an íocaíocht nó an scéim ar mian leat achomharc a dhéanamh faoi chumhdach na hOifige Achomhairc Leasa Shóisialaigh, is féidir leat athbhreithniú a iarraidh ar an gcinneadh ón rannóg den Roinn Coimirce Sóisialaí a dhéileáil le d'iarratas, ach ní féidir leat é a thabhairt chuig achomharc foirmiúil.

An bhfuil tú laistigh de na teorainneacha ama chun achomharc a dhéanamh?

Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de 21 lá ó dháta na litreach breithe.

Má tá d'iarratas déanach, ní mór duit na cúiseanna a bhfuil sé déanach a thabhairt. Ní gá d'Oifigigh Achomhairc glacadh le hiarratais dhéanacha.

An dteastaíonn cabhair uait chun d'achomharc a dhéanamh?

Is féidir le roinnt eagraíochtaí deonacha (amhail d'Ionad Áitiúil um Fhaisnéis do Shaoránaigh) cabhrú leat cinneadh a dhéanamh an bhfuil forais agat le hachomharc a dhéanamh. Is féidir leo cabhrú leat do chás a ullmhú agus féadfaidh siad dul leat fiú ar lá d'éisteachta ó bhéal.

Do chás a ullmhú

Cén fáth nach n-aontaíonn tú le cinneadh na Roinne Coimirce Sóisialaí?

I d’achomharc ní mór duit:

  • Luaigh cén fáth a gceapann tú nach raibh an cinneadh ceart
  • Cuir isteach cóipeanna d’aon fhianaise agus doiciméid ar mhaith leat go gcuirfí san áireamh iad (ba cheart duit do bhundoiciméid a choinneáil)
  • Cuir faoi iamh cóip den litir a fuair tú ón Oifigeach Cinnidh nó ón Duine Ainmnithe a chuir an cinneadh in iúl duit

Ba chóir duit do dhoiciméid a shocrú in ord dáta agus má tá fótachóipeanna de dhoiciméid bhunaidh á n-úsáid agat, déan cinnte go bhfuil siad inléite.

Is féidir leat teacht ar chás-staidéir ar chinntí achomhairc leasa shóisialaigh roimhe seo ar shuíomh gréasáin Dlí agus Idirghabhála an Chomhphobail.

D'achomharc a dhéanamh

Ba chóir duit foirm Fógra Achomhairc (pdf) a chomhlánú agus í a chur isteach in éineacht le do dhoiciméid laistigh de 21 lá ón litir chinnidh a fháil.

Cuimhnigh gur chóir go mbeadh na nithe seo a leanas san fhoirm Fógra Achomhairc:

  • D'ainm, do sheoladh agus do dháta breithe
  • D'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí
  • Faisnéis faoin gcinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh agat ina leith, lena n-áirítear cóip den litir chinnidh
  • Aon fhíric agus phointe a thacaíonn le d'achomharc go raibh an cinneadh a rinneadh i do chás mícheart
  • Aon doiciméid eile a thacaíonn le d'achomharc, mar shampla, cóipeanna de litreacha ó do dhochtúir nó ó d'oibrí sóisialta, nó litreacha eile ón Roinn Coimirce Sóisialaí

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d'Ionad Áitiúil um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun cabhair a fháil leis an achomharc seo nó le haon chuid de d'achomharc.

Conas d'achomharc a chur isteach

B'fhéidir go mbeidh tú in ann o d'achomharc a dhéanamh ar líne le MyWelfare, má tá cuntas fíoraithe MyGovID agat. Is féidir leat d'achomharc a chur sa phost chuig an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh freisin.

Ar dheimhnigh Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh go bhfuair siad d'achomharc?

Má chuir tú d'achomharc isteach ar líne ag baint úsáide as MyWelfare, deimhneoidh Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh go bhfuair siad d'achomharc trí do chuntas MyWelfare (mura n-iarrann tú comhfhreagras a fháil tríd an bpost).

Ba chóir duit litir a fháil ó Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh ag insint duit go bhfuil d'achomharc faighte acu. Beidh d'Uimhir Thagartha Achomhairc ann.

Ba chóir duit d'Uimhir Thagartha Achomhairc a chur ar gach cumarsáid i scríbhinn leis an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh. Ba chóir go mbeadh sé ar láimh agat freisin má chuireann tú glaoch orthu.

Éisteachtaí achomhairc leasa shóisialaigh

An bhfuair tú litir le cinneadh ón Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh?

Is féidir leis an Oifigeach Achomhairc cinneadh a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a sheol tú i d'fhoirm Fógra Achomhairc.

An bhfuair tú litir ag iarraidh ort freastal ar éisteacht ó bhéal?

I gcásanna áirithe, b'fhéidir gur mhaith leis an Oifigeach Achomhairc labhairt leat sula ndéanann siad cinneadh. Sa chás seo, tabharfar cuireadh duit freastal ar éisteacht ó bhéal.

Ná bíodh imní ort - is deis mhaith í éisteacht ó bhéal don Oifigeach Achomhairc aithne níos mine a chur ar do chás. Is féidir leat ionadaí, mar shampla cara nó oifigeach ceardchumainn, a thabhairt chuig an éisteacht leat chun tacaíocht nó cúnamh a fháil.

Ar thug tú faoi deara dáta, am agus suíomh na héisteachta?

Bí cinnte go dtiocfaidh tú in am chuig d'éisteacht. Tá éisteachtaí achomhairc neamh-achrannach. Tá an tOifigeach Achomhairc ann chun éisteacht le do dhearcadh agus déanfaidh sé/sí cinneadh cothrom.

Mura féidir leat an éisteacht ó bhéal a dhéanamh, déan teagmháil leis an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh a luaithe is féidir ionas gur féidir athrú dáta a shocrú.

Cinntí achomhairc leasa shóisialaigh

Tabharfar cinneadh duit maidir le do chás

Má d'fhreastail tú ar éisteacht ó bhéal, ba chóir duit cinneadh a fháil ar do chás laistigh de 2 nó 3 seachtaine.

Scríobhfaidh an tOifigeach Achomhairc chugat féin agus chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí chun a gcinneadh agus na cúiseanna atá leis a insint duit. Mura n-éiríonn le d'achomharc, míneoidh an tOifigeach Achomhairc cén fáth.

Mura n-éiríonn le d'achomharc

Go ginearálta, is cinneadh críochnaitheach é cinneadh Oifigigh Achomhairc.

Mar sin féin, is féidir cinneadh a athbhreithniú sna cúinsí seo a leanas:

  • Féadfaidh Oifigeach Achomhairc athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh má thagann fianaise nó fíricí nua, nó aon athrú ábhartha ar chúinsí, chun solais tar éis cinneadh a dhéanamh
  • Féadfaidh Príomhoifigeach na nAchomharc athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh Oifigigh Achomhairc má rinneadh botún i ndáil le dlí nó fíricí an cháis

I gceachtar cás, ní mór duit ráiteas i scríbhinn a chur isteach ina míneofar cén fáth a bhfuil athbhreithniú á lorg agat

Féadfaidh tú athbhreithniú breithiúnach a lorg freisin ar chinneadh an Oifigigh Achomhairc sna Cúirteanna, ach ar phointe dlí amháin.

Is féidir le hOifig an Ombudsman gearáin faoi ghníomhartha agus faoi ghníomhaíochtaí riaracháin laethúla na hOifige Achomhairc Leasa Shóisialaigh a scrúdú freisin.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi conas achomharc a dhéanamh ar chinneadh leasa shóisialaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Meán Fómhair 2024