An Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora

Céard é an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora?

Is íocaíocht í an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) do mhná agus d’fhir atá faoi 66 bliain d’aois agus a bhfuil leanaí á dtógáil acu gan tacaíocht ó pháirtí.

Chun OFP a fháil ní mór go mbeadh do leanaí faoi aois ar leith.

Is féidir leat a bheith ag obair agus OFP a fháil. Chun OFP a fháil, áfach, ní mór go mbeadh d’ioncam faoi mhéid áirithe.

Sochair Bhreise

Má fhaigheann tú an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora is féidir leat an Scéim Buiséad Teaghlaigh a úsáid chun cabhrú leat do bhillí a úsáid.

Chomh maith leis sin, b’fhéidir go mbeadh sochair eile á bhfáil agat cosúil le:

Ní chuirtear Íocaíocht Teaghlaigh Oibre (WFP) san áireamh nuair a mheastar d’ioncam le haghaidh OFP.

Conas cáiliú don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora

Chun cáiliú don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • A bheith faoi 66 bliain d’aois
  • A bheith i do thuismitheoir, leastuismitheoir, tuismitheoir uchtála nó caomhnóir dlíthiúil linbh faoi aois ar leith - féach ‘Aoisteorainn do leanbh’ thíos
  • A bheith ag feidhmiú mar phríomhchúramóir leanbh amháin ar a laghad atá faoin aoisteorainn. Ní mór go mbeadh an leanbh ina c(h)ónaí leat. Ní íoctar OFP má tá coimeád cothrom comhpháirteach ag tuismitheoirí ar leanbh nó ar leanaí.
  • Ní mór tástáil acmhainne a dhéanamh – tástáil acmhainne a chuireann aon ioncam atá agat san áireamh – féach ‘Conas a mheastar d’ioncam don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora’ thíos
  • Ní mór duit a bheith i do chónaí in Éirinn agus an coinníoll gnáthchónaithe a chomhlíonadh – léigh tuilleadh faoi na díolúintí ón gcoinníoll gnáthchónaithe.
  • Níor cheart go mbeifeá i do chónaí le céile, páirtí sibhialta nó i do chomháitritheoir

Má tá tú <b>scartha</b>, <b>colscartha <b> nó <b>má tá deireadh le do pháirtnéireacht shibhialta</b> ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní mór nach mbeifeá i do chónaí in áit éigin eile seachas le do chéile nó páirtí sibhialta le haghaidh 3 mhí ar a laghad. Ní bhaineann sé seo le comháitritheoirí (is éard atá i gceist le comháitritheoirí lánúin atá ina gcónaí le chéile, ach nach bhfuil pósta nó páirteach i bpáirtnéireacht shibhialta)
  • Ní mór go mbeadh íocaíocht chothabhála mí-oiriúnach (íocaíocht chothabháil nach bhfuil ceart) á cur ar fáil ag do chéile nó páirtí sibhialta duit (más é/í do pháirtí sibhialta tuismitheoir an linbh)

Má tá do chéile nó páirtí sibhialta i bpríosún:

  • Ní mór go mbeadh pianbhreith 6 mhí ar a laghad i bpríosún gearrtha air/uirthi nó ní mór go mbeadh 6 mhí ar a laghad caite aige/aici i faoi choimeád.

Aoisteorainn do leanbh

Chun an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) a fháil ní mór go mbeadh leanbh amháin faoi 7 mbliana d’aois agat.

Eisceachtaí a bhaineann leis an aoisteorainn

D’fhéadfá OFP a fháil le haghaidh linbh 7 mbliana d’aois nó níos sine, sna cásanna seo a leanas:

  • Tá Liúntas Cúraim Baile, Liúntas Cúramóra Leathráta; nó Pinsean na nDall á fháil agat
  • I ndiaidh do chéile, páirtí nó páirtí sibhialta fáil bháis

Liúntas Cúraim Baile

Má tá Liúntas Cúraim Baile (DCA) á fháil agat do leanbh, is féidir leat OFP a fháil go dtí go mbíonn an leanbh 16 bliana d’aois nó go dtí go gcuirtear stop le DCA. Ní mór duit na coinníollacha cáilitheacha eile le haghaidh OFP a chomhlíonadh.

Gheobhaidh tú Íocaíocht Tacaíochta Leanaí freisin (ar a dtugtaí Méadú do Leanbh Cáilithe nó MLC roimhe seo) do leanaí ar bith eile sa teaghlach go dtí go sroicheann siad 18 (nó 22 má tá siad in oideachas lánaimseartha) fad a bhíonn LCB agus ÍTA íoctha.

Liúntas Cúramóra

Má tá OFP á fháil agat agus má tá cúram agus aire lánaimseartha á tabhairt agat do cheann amháin de do leanaí nó do dhuine fásta (cosúil le siblín nó tuismitheoir), is féidir leat do OFP a choinneáil agus Liúntas Cúramóra Leathráta a éileamh freisin, go dtí go mbíonn do leanbh is óige 16 bliain d’aois. Ní mór duit na coinníollacha atá luaite leis an dá scéim a chomhlíonadh.

Áireoidh do ÍTA Íocaíocht Tacaíochta Linbh (ar a dtugtaí Méadú do Leanbh Cáilithe nó MLC roimhe seo) d’aon leanaí eile sa teaghlach go dtí go sroicheann siad 18 (nó 22 má tá siad in oideachas lánaimseartha) fad atá tú ag fáil Liúntas Cúramóra.

I ndiaidh do chéile, páirtí nó páirtí sibhialta fáil bháis

Má rinne tú iarratas ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora de bhrí gur tuismitheoir aonair thú i ndiaidh do chéile, páirtí nó páirtí sibhialta bás a fháil, b’fhéidir go mbeadh OFP á fháil agat le haghaidh 2 bhliain ón dáta báis. Ní féidir OFP a íoc leat nuair a bhíonn do leanbh is óige 18 mbliana d’aois fiú amháin má fuair an duine ábhartha bás níos lú ná 2 bhliain i ndiaidh an dáta báis.

Pinsean na nDall

Is féidir Pinsean na nDall a íoc leis an ÍTA. Ciallaíonn sé seo gur féidir le duine a cháilíonn don ÍTA agus do Phinsean na nDall an dá íocaíocht a fháil. Is féidir leat Pinsean na nDall agus ÍTA agus aon Íocaíocht Tacaíochta Leanaí (MLC roimhe seo) a fháil íoctha le Pinsean na nDall agus ÍTA araon go dtí go mbeidh do leanbh is óige 16 bliana d’aois.

Céard a tharlaíonn má tá do leanbh os cionn na haoisteorann?

Cuirfear stop le OFP nuair a shroicheann do leanbh is óige an aoisteorainn. Cuirfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP) fógra chugat maidir le dáta deiridh d’íocaíochta.

D’fhéadfá Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist a fháil. Is íocaíocht í seo do thuismitheoirí aonair a bhfuil leanaí idir 7 agus 13 bliain d’aois acu.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi cad a tharlaíonn nuair a chuirtear deireadh le do OFP.

Chomh maith leis sin, is féidir leat eolas agus comhairle a fháil faoi do roghanna ó

Conas a dhéantar ioncam a mheas don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora?

Is íocaíocht tástáilte ó thaobh acmhainne de an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP).

Mar chuid de thástáil acmhainne scrúdaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP) d’fhoinsí ioncaim ar fad. Chun OFP a fháil, ní mór go mbeadh d’ioncam faoi mhéid áirithe.

Is féidir leat an leagan is déanaí den leabhrán SW 19 Rátaí Íocaíochta Leasa Shóisialaigh a sheiceáil chun méid an ÍTA atá iníoctha le d’acmhainn a aimsiú.

Seo a leanas na príomh-mhíreanna a áirítear sa tástáil acmhainne:

Ioncam airgid thirim

D'fhéadfaí roinnt ioncaim airgid thirim a chur as an áireamh nuair a dhéantar an tástáil acmhainne – féach ‘Ioncam ó obair’ thíos

Caipiteal

mar shampla, luach coigiltis, infheistíochtaí, scaireanna nó aon réadmhaoin atá agat (ach ní do theach féin). Ní chuirtear an chéad €20,000 de do chaipiteal san áireamh.

Tá tuilleadh faisnéise faoi chaipiteal a chuirtear as an áireamh nuair a dhéantar an tástáil acmhainne le fáil.

Ioncam ó obair

Ní chuirtear an chéad €165 de d’olltuilleamh seachtainiúil (pá agus brabús ó fhéinfhostaíocht) san áireamh sa tástáil acmhainne.

Déantar measúnú ar leath de d’olltuilleamh fágtha sa tseachtain mar acmhainní agus b’fhéidir go mbeifeá i dteideal ráta laghdaithe OFP.

Ní chuirtear ranníocaíochtaí árachais shóisialta, ranníocaíochtaí aoisliúntais/PRSA agus síntiúis cheardchumainn san áireamh nuair a bhíonn d’olltuilleamh á ríomh.

Má laghdaítear do phá ón obair

B’fhéidir go bhfaighfeá méadú ar d’Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) má laghdaítear do phá. Seol duillín pá reatha (ar a bhfuil do phá laghdaithe sonraithe) le litir ó d’fhostóir, ag deimhniú d’uaireanta oibre agus pá nua, chuig an tIonad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh atá ag déileáil le do OFP.

Má tá Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht (WFP) á fáil agat freisin, fanfaidh do ráta WFP mar an gcéanna. Má laghdaítear na huaireanta a oibríonn tú go dtí faoi 19 n-uair an chloig sa tseachtain (38 uair sa choicís), áfach, ní bheidh tú i dteideal WFP níos mó.

Má tá Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) á fáil agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil lena fháil amach an bhfuil tú i dteideal laghdú a fháil i ndáil le do ranníocaíocht sheachtainiúil cíosa HAP. Má tá áit chónaithe ar cíos agat ó údarás áitiúil nó cumann tithíochta ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leo chun a fháil amach an bhfuil tú i dteideal laghdaithe cíosa.

Mura bhfuil cárta leighiscárta cuairte dochtúra agat, ba cheart duit a fháil amach an bhfuil tú cáilithe chun ceann a fháil anois.

Ioncam ó íocaíochtaí cothabhála

Déantar íocaíochtaí cothabhála duit a mheasúnú sa tástáil acmhainne. Níl íocaíochtaí cothabhála leanaí san áireamh, áfach. Meastar íocaíochtaí a dhéanann an tuismitheoir eile i dtreo morgáiste nó cíosa a bheith chun leasa linbh nó leanaí agus ní dhéantar measúnú orthu.

Má tá tú ag fáil cothabhála ó níos mó ná duine amháin, suimítear na híocaíochtaí go léir le chéile agus déantar measúnú ar an iomlán. Mar sin féin, ní dhéantar ach leath de d'ioncam ó chothabháil a mheasúnú mar acmhainn.

Má tá costais tithíochta agat, is féidir d’aisíocaíocht chíosa nó mhorgáiste suas go huasmhéid €95.23 in aghaidh na seachtaine a fhritháireamh in aghaidh íocaíochtaí cothabhála duit. Déantar leath an iarmhéid a mheasúnú ansin mar acmhainn. Ní mór duit cruthúnas ar chíos nó ar íocaíochtaí morgáiste a sholáthar.

Léigh tuilleadh ar ár leathanach faoi conas a dhéantar cothabháil a mheasúnú mar acmhainn.

Oideachas agus oiliúint

Is féidir leat leanúint le d’Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) a fháil má tá cúrsa oideachais á dhéanamh agat.

B’fhéidir go mbeadh an rogha agat aistriú chun an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEA) nó leanúint leis an íocaíocht atá á fáil agat faoi láthair a fháil agus iarratas a dhéanamh ar dheontas mic léinn. Ní mór duit eolas a fháil faoin rogha is oiriúnaí duit.

Ní féidir BTEA agus deontas mic léinn a fháil le chéile. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus deontais mic léinn.

Cúram Leanaí

Is féidir leat a fháil amach an bhfuil aon tacaíochtaí cúraim leanaí ar fáil duit fad is atá tú ag staidéar, i mbun oiliúna nó ag obair.

Ráta na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora

Rátaí na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora 2025

Uasráta seachtainiúil pearsanta

Méadú do leanbh cleithiúnach

 

€244

Leanbh faoi 12 blian d'aois: €50

Leanbh 12 bliana d'aois agus níos sine: €62

Chomh fada agus atá do leanbh is óige faoin teorainn aoise, gheobhaidh tú Íocaíocht Tacaíochta Linbh (ar a dtugtaí Méadú do Leanbh Cáilithe nó MLC roimhe seo) d’aon leanaí eile sa teaghlach go dtí go mbainfidh siad 18 mbliana d’aois amach (nó 22 má tá sé in oideachas lánaimseartha).

Is foinse incháinithe ioncaim é an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.

Conas iarratas a dhéanamh ar anÍocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora

Chun iarratas a dhéanamh comhlánaigh foirm iarratais don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (pdf).

Seol an fhoirm agus na doiciméid thacaíochta chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Cathain iarratas a dhéanamh

Más baintreach/baintreach fir thú nó páirtí sibhialta marthanacha, ba cheart duit iarratas a dhéanamh laistigh de 3 mhí ó bhá do chéile nó do pháirtí sibhialta.

Más duine singil thú, ba cheart duit iarratas a dhéanamh laistigh de 3 mhí ó bhreith do linbh.

Má tá tú scartha, colscartha nó mura bhfuil tú páirteach i bpáirtnéireacht shibhialta níos mó, ní mór daoibh a bheith ina gcónaí in áiteanna difriúla le haghaidh 3 mhí roimh iarratas a dhéanamh ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.

Más céile nó páirtí sibhialta príosúnaigh thú, ba cheart duit iarratas a dhéanamh nuair a chomhlíonann do chéile nó páirtí sibhialta na critéir seo a leanas:

  • Tá sé/sí faoi choimeád le haghaidh 6 mhí ar a laghad ach níor gearradh pianbhreith air/uirthi nó
  • Cuireann sé/sí tús lena p(h)ianbhreith (tá pianbhreith <b>6 mhí<b> ar a laghad gearrtha air/uirthi)

Is féidir leat a fháil amach faoi éileamh déanach a dhéanamh ar leas sóisialach.

D’íocaíocht a bhailiú

Is féidir do OFP a íoc go díreach i do chuntas Oifige Poist nó i do chuntas bainc.

Beidh ort do Chárta Seirbhíse Poiblí (PSC) a úsáid chun d’íocaíocht a bhailiú in Oifig an Phoist.

Mura bhfuil PSC agat, beidh foirm eile d’aitheantais fhótagrafaigh ag teastáil uait chun d’íocaíocht a bhailiú.

  • Ceadúnas Tiomána
  • Pas
  • Cead Cónaithe na hÉireann

Má tá do chárta PSC nó SSC caillte agat, nó má tá do chárta imithe in éag, déan teagmháil leis an Ionad Intreo is gaire duit chun cúnamh a fháil.

Achomhairc

Má shíleann tú gur cinneadh go mícheart gan an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a thabhairt duit, nó má tá tú míshásta faoi chinneadh a rinne Oifigeach Breithiúnachta leasa shóisialaigh, is féidir leat an cinneadh seo a achomharc.

Cá háit ar féidir iarratas adhéanamh ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora?

Seol d’iarratas ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Tuilleadh eolais

Más mian leat labhairt le duine éigin faoi do chuid teidlíochtaí, féadfaidh tú dul i dteagmháil le

Is féidir le Treoir agus One Family tacaíocht agus faisnéis a sholáthar freisin nuair is tuismitheoir aonair tú

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

28 North Great Georges Street
Dublin 1
Ireland

Teil: +353 (01) 670 0120
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.treoir.ie/contact-contact.php

Clann Amhain

8 Coke Lane
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 662 9212
Lóghlao: 0818 66 22 12
Láithreán Gréasáin: https://onefamily.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Samhain 2024