Aistriú ó Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora
Réamhrá
Tháinig laghdú ar an aoisteorainn d’Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora (ÍTA) anuas go dtí 7 mbliana i measc fhormhór na n-éilitheoirí. Tá eisceachtaí maidir leis an aoisteorainn i measc daoine a dhéanann tuistiú aonair a bhfuil Liúntas Cúram Baile nó Pinsean na nDall á fháil acu, a thugann cúram do dhuine nó a bhí thíos le méala le déanaí.
Tugtar forbhreathnú sa cháipéis seo ar na roghanna atá ar fáil duit. Féadfaidh tú breis faisnéise agus comhairle a fháil ag d’Ionad Intreo nó ag d’oifig áitiúil leasa shóisialaigh nó ag an Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh is gaire duit.
Rialacha
Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist
Aistreofar formhór na ndaoine nach gcáilíonn a thuilleadh d’Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora mar gheall go bhfuil a leanbh 7 mbliana d’aois, chuig íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist (ar a dtugtar ICP).
Íoctar ICP le daoine nach bhfuil ag comhchónaí le duine agus a bhfuil a leanbh is óige idir 7 agus 13 bliana d’aois. Tá de chuspóir ag an íocaíocht tacú leat áit a bhaint amach sa lucht saothair agus a aithint, i gcomhthráth, go bhfuil cúram á thabhairt agat do leanaí óga. Féadfaidh tú páirt a ghlacadh i gcúrsa oideachais agus ICP a fháil. Is féidir leat teacht ar thuilleadh faisnéise inár gcáipéis ar Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist.
An ÍTA agus Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh
Má tá tú ag oibriú agus Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ITF) á fháil agat anuas ar do ÍTA, déanfar athbhreithniú uathoibríoch ar d’íocaíocht ITF nuair a chríochnaíonn do ÍTA. I bhformhór na gcásanna, eascróidh méadú as seo ar d’íocaíocht ITF.
Anuas air sin, d’fhéadfá cáiliú don Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair (DTFAO). Ceadaíonn an íocaíocht nua seo do thuismitheoirí a bhfuil Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora nó íocaíocht chuardaitheora poist á fáil acu chun an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí (CSP) - ar a dtugtaí Méadú um Leanbh Cáilithe (MLC) roimhe seo - a choimeád don chéad bhliain fostaíochta nó féinfhostaíochta agus leath na suime sin a choimeád sa dara bliain. Féadtar an DTFAO a íoc mar aon le FIT agus ní bheidh aon tionchar aige ar do theidlíocht do FIT.
Má bhíonn ceisteanna ginearálta agat faoin FIT, féadfaidh tú glao ar an rannóg FIT ar (043) 334 0053 nó ríomhphost a sheoladh chuig FISSection@welfare.ie.
ÍTA agus Liúntas Cúramóra
D'fhéadfadh daoine a chomhlíonann na critéir cháilitheacha don Liúntas Cúramóra, cáiliú don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus don Liúntas Cúramóra (CC) ar leathráta. Má tá do leanbh is óige idir 7 agus 15 bliana d'aois, ní mór duit cáiliú don Liúntas Cúramóra chun leanúint de ÍTA a fháil. Gheobhaidh tú CSP (MLC roimhe seo) d'aon leanaí eile sa teaghlach go dtí go sroichfidh siad 18 (nó 22 má tá siad in oideachas lánaimseartha) fad is atá CA agus ÍTA á n-íoc. (Féach ár gcáipéis ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora le haghaidh tuilleadh eolais ar eisceachtaí eile ó na teorainneacha aoise.)
Ciallaíonn sé seo go bhféadtar ÍTA agus Liúntas Cúramóra ar leathráta a éileamh go dtí go mbainfidh do leanbh is óige 16 bliana d'aois amach ar an gcoinníoll go leanann tú de na coinníollacha don dá scéim a chomhlíonadh.
ÍTA agus Liúntas Cúram Baile
Má tá Liúntas Cúram Baile (LCB) á fháil agat do dhuine de do leanaí, ní bhaineann an aoisteorainn 7 mbliana don leanbh is óige, agus féadfaidh tú d’íocaíocht ÍTA a choimeád. Ciallaíonn seo gur féidir leat leanúint le cáiliú do ÍTA go dtí go mbaineann an leanbh sin 16 bliana d’aois amach nó go gcuirtear stop le do LCB. Anuas air sin, gheobhaidh tú Íocaíocht Tacaíochta Leanaí (CSP) d’aon leanaí eile sa teaghlach go dtí go mbainfidh siad 18 mbliana d’aois amach (nó 22 bliain d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha) fad atá an LCB agus an ÍTA á n-íoc. Má tá do leanbh is óige faoi bhun 7 mbliana d’aois nuair a chuirtear stop le do LCB, féadfaidh tú leanúint le cáiliú do ÍTA chomh maith.
ÍTA agus Pinsean na nDall
Tá Pinsean na nDall iníoctha le ÍTA. Ciallaíonn seo gur féidir le duine a cháilíonn dó ÍTA agus Pinsean na nDall an dá íocaíocht a fháil ar an ráta iomlán. Beidh daoine a cháilíonn do Phinsean na nDall díolmhaithe ó na coinníollacha aoise do ÍTA. Ciallaíonn seo gur féidir leat Pinsean na nDall agus ÍTA (agus aon mhéaduithe do leanaí cáilithe atá iníoctha le Pinsean na nDall agus ÍTA) a éileamh i dteannta a chéile go dtí go mbaineann do leanbh 16 bliana d’aois amach.
ÍTA agus filleadh ar oideachas
Má tá páirt á glacadh agat i gcúrsa aitheanta oideachais nuair a chríochnaíonn do theidlíocht do ÍTA, féadfaidh tú do chúrsa a chríochnú agus íocaíocht a fháil. Braitheann an íocaíocht a mbíonn tú incháilithe di ar do chúinsí.
Má tá tú in oideachas agus má chuirtear deireadh le do ÍTA mar go bhfuil an teorann aoise sroichte ag to pháiste is óige féadfaidh tú aistriú go Sochar Idirthréimhseach Liúntas Cuardaitheora Poist (JST) agus leanúint ar aghaidh le do chúrsa.Is féidir LCPI agus deontas mic léinn a éileamh ag an am céanna agus ní dhéanfar an deontas a mheas mar mhaoin le haghaidh. Ba chóir duit é a thabhairt faoi deara áfach nach féidir leat Forlíonadh Cíosa a éileamh má bhíonn deontas mic léinn á fháil agat ná má bhíonn tú in oideachas lánaimseartha (Ní bhaineann an riail seo le teidlíocht ar ÍCT).
Ta sé tábhachtach tábhachtach go gcuimhníonn tú go dtiocfaidh deireadh le do theidlíocht do LCPI nuair a bhaineann do leanbh is óige 14 bliana d’aois amach. Mura mbeidh do chúrsa críochnaithe agat nuair a bhaineann do leanbh aois 14 bliana amach, beidh ort aistriú chuig an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas chun do chúrsa a chríochnú nó rogha a dhéanamh leanúint le do dheontas mic léinn a fháil.
ÍTA agus scéimeanna fostaíochta
Má tá tú rannpháirteach i scéim fostaíochta (ar nós Fostaíocht Pobail) nuair a chríochnaíonn do theidlíocht don ÍTA, féadfaidh tú leanúint bheith rannpháirteach sa scéim go dtí go gcríochnaíonn sí agus íocaíocht a fháil. Socróidh foireann an RCS seo duit.
ÍTA agus tacaíocht tithíochta
Áirítear an chuid is mó d'fhoinsí ioncaim (ÍTA san áireamh) sa tástail maoine do thacaíocht tithíochta sóisialta agus chun cíosanna difearálacha a ríomh.
Má tá tú ag cur isteach ar thithíocht sóisialta ba cheart an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas maidir le haon athrú ar d'ioncam ionas gur féidir do mhaoine a athmheas.
Má tá tithíocht ar cíos agat cheana féin ó údarás áitiúil nó ó chumann tithíochta ba cheart iad a chur ar an eolas maidir le haon athrú ar d'ioncam ionas gur féidir do chíos a athríomh. Má tá tithíocht ar cíos agat faoin scéim um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP), ba cheart an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas maidir le haon athrú ar d'ioncam ionas gur féidir do ranníocaíocht cíosa a athríomh.
Má tá Forlíonadh Cíosa agat, d'fhéadfaí go mbeadh baint ag aon athrú ar do chúinsí le do theidlíocht agus ba cheart duit oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí a íocann d'fhorlíonadh a chur ar an eolas. Go háirithe mar atá thuasluaite, ní féidir Forlíonadh Cíosa a éileamh má fhaigheann tú deontas mic léinn nó má tá tú in oideachas lánaimseartha. Tá teorann chomh maith ar líon na n-uaireanta oibre gur féidir leat a dhéanamh in aghaidh na seachtaine agus tú ag leanúint le forlíonadh cíosa a fháil. (Nóta: má aistríonn tú go (HAO) ina ionad, is féidir leat post lánaimseartha a bheith agat agus do theidlíocht ar HAP a choinneáil).