Saorthaisteal in Éirinn
- Cad é an Scéim Saorthaistil?
- Conas Saorthaisteal a Úsáid
- Cá féidir liom Saorthaisteal a úsáid?
- Conas cáiliú do Shaorthaisteal
- Conas iarratas a dhéanamh ar Shaorthaisteal
- Cá ndéanfar iarratas arShaorthaisteal
- Pas Cliste Seanóra (SeniorSmartPass) chun taisteal i dTuaisceart Éireann
Cad é an Scéim Saorthaistil?
Ligeann an Scéim Saorthaistil duit taisteal, saor in aisce, ar an gcóras iompar poiblí agus ar roinnt seirbhísí príobháideacha bus agus farantóireachta.
Is féidir le gach duine atá 66 bliana d’aois agus níos sine, a bhfuil buanchónaí in Éirinn, an Scéim Saorthaistil a fháil.
Féadfaidh daoine faoi mhíchumas agus cúramóirí faoi 66 bliana d’aois cáiliú le haghaidh Saorthaistil freisin.
Má cháilíonn tú do Shaorthaiseal agus más duine pósta, duine i bpáirtnéireacht shibhialta nó comhchónaitheoir tú, féadfaidh do pháirtnéir taisteal leat saor in aisce má chomhlíonann tú critéir áirithe (féach ‘Céilí, páirtnéirí sibhialta agus comhchónaitheoirí’ thíos).
Murar féidir leat taisteal i d’aonar ar chúiseanna leighis, d’fhéadfá Saorthaisteal a fháil do chompánach leat. Ligeann sé seo do dhuine atá os cionn 16 bliana d’aois taisteal leat saor in aisce.
Buiséad 2025: Pas compánach Saorthaistil
Leathnófar an pas Saorthaistil do chompánaigh chuig gach duine atá os cionn 70 bliain d’aois (Meán Fómhair 2025).
Conas Saorthaisteal a Úsáid
Má cháilíonn tú don Scéim Saorthaistil, beidh na litreacht ST ( Saorthaisteal) sa chúinne ag an mbarr ar chlé ar do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP). Léiríonn an litir a leanann na litreacha sin cén duine atá in ann taisteal leat saor in aisce:
- FT-P - is féidir leat taisteal saor in aisce
- FT+S - is féidir le do chéile, do pháirtí nó do chomhchónaitheoir taisteal leat saor in aisce
- FT+C - is féidir le duine (os cionn 16) taisteal leat saor in aisce
Ní mór duit do Chárta Seirbhísí Poiblí a thaispeáint nó a scanadh don oibreoir taistil agus tú ag taisteal ar an gcóras iompar poiblí. Faigh tuilleadh eolais faoi ‘Conas do chárta seirbhísí poiblí a úsáid le haghaidh saorthaistil’.
Níl pasanna taistil páipéir á n-eisiúint a thuilleadh ach is féidir leat do phas páipéir a úsáid fós, má tá sé bailí.
Cá féidir liom Saorthaisteal a úsáid?
Is féidir leat úsáid a bhaint as do Shaorthaisteal ar fhormhór sheirbhísí Iarnród Éireann, Bhus Éireann, Bhus Átha Cliath, DART agus Luas agus ar sheirbhísí príobháideacha bus agus farantóireachta (pdf) áirithe.
Tá saorthaisteal ar fáil freisin ar sheirbhísí Nitelink Bhus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland agus seirbhísí Local Link TFI (Iompar d’Éirinn).
Ní áirítear le saorthaisteal roinnt seirbhísí speisialta, ar nós seirbhísí AIRLINK Bhus Átha Cliath.
Is féidir leat teacht ar liosta iomlán de na seirbhísí inar féidir leat Saorthaisteal (pdf) a úsáid ar gov.ie.
Níl aon srianta ar na hamanna is féidir do Shaorthaisteal a úsáid.
Ag conaí ar Árainn Mhór nó ar Thoraigh
Má tá tú i do chónaí go buan ar cheann ar bith d’Árainn Mhór, féadfaidh tú suas le 12 thuras aeir aonair (nó 6 thuras fillte) a fháil gach bliain idir na hoileáin agus Cathair na Gaillimhe.
Tá daoine a chónaíonn go buan ar Thoraigh (Co. Dún na nGall) i dteideal 8 (nó 4 thuras fillte) thuras saor in aisce ar an tseirbhís héileacaptair séasúrach atá ag feidhmiú idir an oileán agus Falcarragh ar an mórthír.
Má chuimsíonn do chárta seirbhísí poiblí saorthaisteal do chompánach, céile nó comhchónaitheoir, is féidir leo taisteal leat saor in aisce ar na seirbhísí thuas.
Ag Dul go Tuaisceart Éireann
Is féidir leat taisteal freisin saor in aisce ar sheirbhísí áirithe trasteorann idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann. Ach chun taisteal saor in aisce i dTuaisceart Éireann, caithfidh Pas Cliste Seanóra (Senior SmartPass) a bheith agat – féach ‘Taisteal i dTuaisceart Éireann’ thíos.
Conas cáiliú do Shaorthaisteal
Le Saorthaisteal a fháil, caithfidh go bhfuil tú ag cónaí in Éirinn agus caithfidh go bhfuil ceann de na coinníollacha seo a leanas á shásamh agat:
- Tá tú 66 bliain d’aois nó níos sine
- Tá Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Liúntas Cúramóra nó Pinsean Easláine á fháil agat
- Tá tú dall nó tá lagú radhairc ort agus sásaíonn tú na riochtaí sláinte do Phinsean na nDall
- Tá Forlíonadh Éagumais nó Cúiteamh don Lucht Oibre á fháil agat le Pinsean Míchumais ar feadh ar a laghad 12 mhí
- Is cúramóir sonraithe thú do dhuine a bhfuil Liúntas Síorfhreastail nó Liúntas Gaoil Fhorordaithe á fháil acu
- Tá íocaíocht easláine slándála sóisialaí (nó a mhacasamhail d’íocaíocht) á fáil agat ó bhallstát an AE eile nó ó thír a bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialaí ag Éirinn léi ar feadh ar a laghad 12 mhí
- Tá tú os cionn 17 agus faoi 66 bliain d’aois, agus tá deimhniú leighis agat mar ní raibh tú riamh in ann tiomáint mar gheall ar mhíchumas nó nach raibh tú in ann tiomáint ar feadh 12 mhí ar a laghad
Baintreach nó baintreach fir nó páirtnéir sibhialta marthanach
Más baintreach nó baintreach fir nó páirtnéir sibhialta marthanach thú atá 60 bliain d’aois nó níos sine, má chónaíonn tú in Éirinn agus má bhí Saorthaisteal ag do chéile nó do pháirtnéir sibhialta nach maireann, is féidir leat Saorthaisteal a fháil, má tá ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fháil agat:
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
- Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh faoin Scéim Sochair Díobhálacha Ceirde
- A mhacasamhail d’íocaíocht/shochar slándála sóisialaí ó bhallstát an AE nó ó thír a bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialaí ag Éirinn léi
- Tá gnáthphinsean baintrí/baintreach fir Garda á fháil agat.
Céilí, páirtnéirí sibhialta agus comháitritheoirí
Má tá tú i dteideal Saorthaisteal a fháil agus má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí, is féidir le do pháirtnéir taisteal leat saor in aisce.
Ní féidir le do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir taisteal leat saor in aisce má tá tú faoi 66 bliain d’aois agus má tá Saorthaisteal á fháil agat mar gheall ar an méid seo a leanas:
- Tá Liúntas Cúramóra á fháil agat
- Is cúramóir ainmnithe thú do dhuine a bhfuil Liúntas Síorfhreastail nó Liúntas Gaoil Fhorordaithe á fháil acu
- Deimhnithe dochtúra mar nach raibh sé riamh aclaí chun tiomáint mar gheall ar mhíchumas nó mar nach raibh sé in ann tiomáint ar feadh 12 mhí ar a laghad
Caithfidh ‘FT-S’ a bheith scríofa ar do chárta CSP le ceadú do do pháirtnéir taisteal leat. Le do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir a chur le do Shaorthaisteal - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh ar Shaorthaisteal’ thíos.
Mura féidir leat taisteal leat féin
Mura bhfuil tú ábalta taisteal leat féin, is féidir le duine atá níos sine ná 16 bliana d’aois taisteal leat saor in aisce. Caithfidh ‘FT-C’ a bheith scríofa ar do chárta CSP. Le compánach a chur le do Shaorthaisteal, féach ‘Conas iarratas a dhéanamh ar Shaorthaisteal’ thíos.
Cárta taistil do na páistí saor in aisce
Is féidir le leanbh le lagú amhairc Saorthaisteal a fháil do chompánach má tá sé/sí faoi 18 agus:
- An coinníoll daille do Phinsean na nDall a shásamh, nó
- Tá siad cláraithe le Vision Ireland nó le Conradh Náisiúnta na nDall
Caithfidh an duine lena mbíonn siad ag taisteal (companach) a bheith 16 bliana d’aois nó níos sine.
Obair agus Saorthaisteal
Is féidir leat do Shaorthaisteal a choimeád ar feadh 5 bliana, má bhog tú ó cheann de na híocaíochtaí míchumais seo a leanas chun dul ag oibriú:
- Liúntas Míchumais
- Pinsean Easláine
- Sochar Cumais Pháirtigh (ó Phinsean Easláine)
- Sochar Míthreorach a íoctar anuas ar Fhorlíonadh Éagumais
Is féidir leat do Shaorthaisteal a choimeád ar feadh 5 bliana má aistríodh thú ó Liúntas Míchumais nó Pinsean Easláine go Fostaíocht Pobail, SOLAS nó go scéim um Fhilleadh ar Obair.
Conas iarratas a dhéanamh ar Shaorthaisteal
Má tá tú 66 bliana d’aois nó níos sine agus ag fáil pinsean Stáit, eiseofar do Chárta Seirbhísí Poiblí (PSC) a thaispeánfaidh go bhfuil Saorthaisteal agat go huathoibríoch.
Má tá tú faoi 66, gheobhaidh tú Saorthaisteal go huathoibríoch ar do PSC má fhaigheann tú ceann de na híocaíochtaí seo a leanas:
- Pinsean Easláine
- Pinsean na nDall
- Liúntas Míchumais
- Liúntas Cúramóra
Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, eiseofar do CPS le FT-S air. Má tá comhchónaí á dhéanamh agat, ní mór duit Cuid 1 agus 2 den fhoirm iarratais maidir le Saorthaisteal FT1 (pdf) a chomhlánú.
Mura bhfuil ceann de na híocaíochtaí thuas á fháil agat ach go bhfuil tú i dteideal Saorthaisteal, ní mór duit an fhoirm iarratais maidir le Saorthaisteal FT1(pdf) a chomhlánú agus a sheoladh chuig an Rannóg Saorthaistil sa Roinn Coimirce Sóisialaí.
Má tá deimhniú leighis agat nach bhfuil tú in ann tiomáint
Má tá deimhniú leighis agat mar nach raibh tú in ann tiomáint go liachta mar gheall ar mhíchumas nó nach raibh tú in ann tiomáint ar feadh 12 mhí ar a laghad, ba chóir duit an fhoirm iarratais ar Shaorthaistil do dhaoine a bhfuil deimhniú leighis orthu nach bhfuil in ann tiomáint (FTM) (pdf) a chomhlánú.
Mura bhfuil tú in ann taisteal i d’aonar agus má tá compánach uait
Mura bhfuil tú in ann taisteal i d’aonar, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Saorthaisteal do Chompánach, ag baint úsáid as ceachtar de na foirmeacha seo a leanas:
- Foirm maidir le pas compánaigh do dhuine os cionn 70 (pdf)
- Foirm maidir le pas compánaigh do dhuine faoi 70 (pdf)
Is féidir leat foirm iarratais le haghaidh Saorthaistil a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá an fhoirm ar fáil freisin ag d’oifig phoist áitiúil agus san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh.
Pas saorthaistil nó CSP a cailleadh nó a ndearnadh díobháil dó
Tá 2 chineál Pas Saorthaistil ann faoi láthair:
- Pas Saorthaistil páipéir
- Cárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil (ar a bhfuil ‘F-T’ scríofa sa chúinne uachtarach ar chlé)
Níl pasanna páipéir á n-eisiúint a thuilleadh, mar sin, má theastaíonn cárta ionaid uait mar gheall gur cailleadh nó go ndearnadh díobháil do phas páipéir, caithfidh tú tabhairt faoi chlárú SAFE agus Cárta Seirbhísí Poiblí a fháil.
Má chailltear, má ghoidtear nó má dhéantar díobháil do do Chárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil, ba cheart duit glaoch ar 0818 837 000 agus iarraidh ar chárta ionaid.
Cá ndéanfar iarratas arShaorthaisteal
Pas Cliste Seanóra (SeniorSmartPass) chun taisteal i dTuaisceart Éireann
Má tá tú 66 bliain d’aois nó níos sine agus má tá Saorthaisteal agat, is féidir leat taisteal saor in aisce ar gach seirbhís bhus agus iarnróid laistigh de Thuaisceart Éireann trí úsáid a bhaint as cárta Pas Cliste Seanóra.
Má tá tú 66 nó os a chionn agus tá Saorthaisteal agat, ní gá duit an coinníoll cónaitheachta i dTuaisceart Éireann a chomhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar chárta SmartPass Sinsearach.
Conas iarratas a dhéanamh ar Phas Cliste Seanóra
Le Pas Cliste Seanóra a fháil, caithfidh tú foirm iarratais (FTNI1) a líonadh. Is féidir leat an fhoirm seo a fháil ó d’Ionad Intreo nó an Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil. Ní féidir an fhoirm seo a fháil ar líne.
Níor cheart duit fótachóip den fhoirm a úsáid mar gheall go bhfuil barrachód ar gach foirm. Caithfidh an fhoirm iarratais a bheith líonta le dúch dubh amháin agus caithfear é a thabhairt ar ais chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Caithfidh tú na rudaí seo a leanas a thabhairt do d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh le d’fhoirm iarratais:
- Do Phas Saorthaistil/Chárta Seirbhísí Poiblí Éireannach, agus
- Cruthúnas maidir le do sheoladh, (mar shampla, bille gáis, leictreachais, gutháin nó ráiteas bainc), agus
- Cruthúnas maidir le d’aitheantas, (mar shampla, do cheadúnas tiomána, pas nó foirm eile d’aitheantas grianghraif), agus
- Grianghraf daite caighdeánach pas a glacadh le déanaí.
B’fhéidir go nglacfaidh sé a fhad le 6 seachtaine le d’iarratas a phróiseáil. Tá eolas breise ar fáil ar an Scéim Saorthaistil a shíneadh anseo.
Ag taisteal le céile nó compánach
Ní féidir le céile, páirtnéir sibhialta, comhchónaitheoir nó compánach taisteal leat saor in aisce ar iompar poiblí laistigh de Thuaisceart Éireann.
Ligeann do Shaorthaisteal Éireannach, áfach, do chéile, do pháirtnéir sibhialta, do chomhchónaitheoir nó do chompánach taisteal saor in aisce ar sheirbhísí trasteorann áirithe idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann. Mar shampla, turas traenach trasteorann a thosaíonn in Éirinn agus a chríochnaíonn i dTuaisceart Éireann nó a mhalairt.
Pas Cliste Seanóra a athnuachan agus a athsholáthar
Éagfaidh do Phas Cliste Seanóra i ndiaidh 5 bliana.
- Má d’úsáid tú do chárta go leictreonach le 2 bhliain anuas, gheobhaidh tú cárta nua go huathoibríoch sa phost ó Translink nuair a éagann do chárta.
- Murar úsáid tú do chárta le 2 bhliain anuas, seolfar foirm iarratais athnuachana chugat le líonadh. Níl an fhoirm athnuachana mar an gcéanna le hiarratas céaduaire agus ní gá duit grianghraf a sholáthar.
- Murar úsáid tú do chárta riamh, ní dhéanfaidh Translink teagmháil ar bith leat. Más mian leat go ndéanfar é a athnuachan, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh le Translink trí ríomhphost a sheoladh chuig smartpass@translink.co.uk nó trí ghlaoch ar 00 44 289 075 9129 nó 028 90 66 66 30 agus seolfaidh siad iarratas athnuachana chugat.
Má chailleann tú do Phas Cliste Seanóra nó más gá duit ceann eile a fháil chun taisteal i dTuaisceart Éireann, is féidir leat foirm (FTNI 2) (pdf) a líonadh.
Brexit agus an Pas Cliste Seanóra
D’fhág an RA an AE an 31 Eanáir 2020. Is féidir le sealbhóirí Pas Cliste Seanóra leanúint ag taisteal i dTuaisceart Éireann ar an mbus agus ar an traein.