Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
Réamhrá
Is íocaíocht glan é an Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh seo a thugtar do bhaintrí , baintrí fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil páistí cleithiúnacha acu.
Rialacha
Níl an deontas seo ar fáil ach do bhaintrí, baintrí fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil páiste cleithiúnach amháin nó níos mó ag maireachtáil in éineacht leo nó a saolaítear a leanbh laistigh de 10 mí o dha ta báis a céile nó páirtnéir sibhialta.
Chun críche an Deontais Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh, is éard is leanbh cáilithe ann ná leanbh suas le 18 mbliana d'aois, a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát agus atá ina chónaí leat. Leanann leanbh idir 18 agus 22 bliain d'aois a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát de bheith ina leanbh cáilithe má tá sé/sí in oideachas lánaimseartha i scoil nó i gcoláiste aitheanta.
Caithfidh tú bheith i dteideal ceann de na híocaíochtaí seo a leanas:
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach),
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora,
- Sochar Báis faoin Scéim Gortuithe Ceirde
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) ó Bhallstáit eile de chuid an AE nó ó thír lena bhfuil aontú déthaobhach slándála sóisialta ag Éire
- Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
Rátaí
Is íocaíocht aonuaire de €8,000 é an deontas seo.
Is féidir an Deontas Baintrí nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a íoc le seic nó go díreach isteach i do chuntas in institiúid airgeadais.
Conas iarratas a dhéanamh
Ba chóir duit an fhoirm iarratais WPG 1 (pdf) a íoslódáil anseo.
Cá háit a ndéanfaidh méiarratas
Más mian leat labhairt duine-le-duine faoi do theidlíochtaí, is féidir leat cuairt a thabhairt ar d'ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil, oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó ionad Intreo.