Íocaíochtaí leasa shóisialaigh tar éis bás duine
Rataí
Is hiondúil go n-íoctar íocaíocht 6 seachtaine i gcnapshuim le seic. Leantar le Liúntas Cúramóra a íoc gach seachtain i ndiaidh báis.
Conas iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht i ndiaidh báis, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an rannóg atá freagrach as an íocaíocht laistigh den Roinn Coimirce Sóisialaí a luaithe agus is féidir i ndiaidh an bháis. (Mar shampla, má bhí Pinsean Stáit á fháil ag an duine a fuair bás, tá ort teagmháil a dhéanamh le Rannóg Pinsean na Roinne). Is féidir leis an bhfoireann i d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil comhairle a chur ort mura bhfuil tú cinnte cé ar cheart duit teagmháil a dhéanamh leis.
Cuir faoi iamh an deimhniú báis (má tá fáil air) nó fógra báis ó
nuachtán le d’iarratas. Ní mór duit an leabhar/ na leabhair íocaíochta
nó an seic, má tá a leithéid agat, a bheith iniata freisin. Ná sóinseáil
seiceanna nó dearbháin ón leabhar íocaíochta atá agat cheana féin.
Seolfar seic i gcomhair na híocaíochta 6 seachtaine. Coinnigh do thaifead
féin den uimhir thagartha / éilimh pinsin.