Taisteal timpeall nuair a fhilleann tú ar Éirinn
Réamhrá
Mínítear ar an leathanach seo conas taisteal thart nuair a fhilleann tú ar Éirinn. Cuirtear eolas ar fáil ar iompar poiblí, tiomáint, rothaíocht, tacsaithe agus feithicil a iompórtáil ó áit thar lear.
Iompar poiblí
Tá iompar poiblí ar cheann de na bealaí is éasca agus is inacmhainne le dul timpeall na hÉireann agus cuimsíonn sé seirbhísí bus, traenach agus tram.
Tá Pleanálaí Turais úsáideach dhoras go doras ag Transport for Ireland (TFI). Cuimsíonn sé eolas seirbhíse, treoracha, agus meastacháin ama chun turas a dhéanamh ar iompar poiblí ar fud na hÉireann.
Braithfidh na seirbhísí iompair phoiblí atá ar fáil duit ar cá háit a bhfuil tú sa tír.
Busanna
Soláthraíonn Bus Átha Cliath seirbhísí bus i mBaile Átha Cliath agus sna ceantair máguaird.
I measc na seirbhísí seo tá:
- Seirbhísí rialta bus cathrach
- An Airlink (seirbhís nasctha laethúil ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí roinnt áiteanna i lár na cathrach)
- An Nitelink (seirbhís bus déanach san oíche ó lár na cathrach go dtí na bruachbhailte oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn ar fud na bliana)
Cuireann Bus Átha Cliath seirbhísí 24 uair an chloig ar fáil atá i bhfeidhm seacht lá na seachtaine ar dheich mbealach.
Soláthraíonn Bus Éireann seirbhísí Luasbhealaigh (intercity), comaitéara, busanna áitiúla agus scoile ar fud na hÉireann. Oibríonn siad seirbhísí cóiste go dtí an Bhreatain agus an Eoraip freisin ó chalafoirt Bhaile Átha Cliath agus Europort Ros Láir i gcomhar le Eurolines.
Soláthraíonn Local Link seirbhísí bus poiblí i gceantair áitiúla agus i gceantair thuaithe in Éirinn. Tá 15 oifig Local Link ann.
Traenacha
Ritheann an DART (Mearlíne Átha Cliath) feadh an chósta thoir ó Mhullach Íde i gContae Bhaile Átha Cliath go dtí na Clocha Lia i gContae Chill Mhantáin.
Is é Iarnród Éireann (ar a dtugtar Irish Rail freisin) oibreoir líonra iarnróid náisiúnta na hÉireann. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Iarnród Éireann chun faisnéis a fháil ar thicéid agus ar amchláir.
Soláthraíonn sé na seirbhísí iarnróid seo a leanas idir príomhbhailte agus cathracha:
- Seirbhísí comaitéireachta i gceantar Bhaile Átha Cliath idir Dún Dealgan, Dún Búinne, an Longfort, Port Laoise agus Guaire.
- Seirbhísí Idirchathracha (InterCity) ó Stáisiúin Heuston agus Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath agus a fhreastalaíonn ar na cinn scríbe seo a leanas: Béal Feirste, Sligeach, Béal an Átha, Cathair na Mart, Gaillimh, Luimneach, Inis, Trá Lí, Corcaigh, Port Láirge agus Europort Ros Láir
- An tseirbhís Enterpriser idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath agus atá á reáchtáil i gcomhpháirt ag Iarnród Éireann agus Iarnród Thuaisceart Éireann
Tramanna
Gréasán iarnróid éadroim é Luas a cheanglaíonn lár na cathrach le ceantair bhruachbhailteacha i mBaile Átha Cliath. Tá dhá thramlíne aige, an líne uaine agus an líne dhearg. Aimsigh eolas ar thicéid, bealaí agus amchláir Luas ar luas.ie.
Ticéad Comaitéireachta Lacáiste Cánach
Má bheidh tú ag comaitéireacht chuig an obair, is féidir leat úsáid a bhaint as an Scéim Ticéid Chomaitéireachta Lacáiste Cánach le ticéid taistil níos saoire a cheannach trí d’fhostóir.
Cárta Leap
Úsáid cárta Leap le táille laghdaithe a íoc ar iompar poiblí in Éirinn. Cárta réamhíoctha taistil é ar féidir é a úsáid ar an mbus, an traein, DART+ agus ar sheirbhísí Luas sna háiteanna a leanas:
- Baile Átha Luain
- Corcaigh
- Baile Átha Cliath
- Gaillimh
- Cill Chainnigh
- Luimneach
- Sligeach
- Port Láirge
- Loch Garman
An Scéim Saorthaistil
Ligeann an Scéim Saorthaistil duit taisteal saor in aisce ar iompar poiblí agus ar roinnt seirbhísí bus agus farantóireachta príobháideacha. Is féidir le gach duine atá 66 bliana d'aois agus os a chionn, atá ina gcónaí go buan in Éirinn, an Scéim Saorthaistil a fháil. Is féidir go gcáileoidh tú freisin má tá tú faoi bhun 66 bliana d'aois agus má tá tú faoi mhíchumas nó más cúramóir thú.
Má tá tú 66 bliana d'aois nó níos sine agus má tá Saorthaisteal agat, is féidir leat taisteal saor in aisce ar sheirbhísí bus agus iarnróid i dTuaisceart Éireann le cárta Pas Cliste Seanóra.
Athruithe ar an Scéim Saorthaistil in 2024
Ón 29 Iúil 2024, beidh tú incháilithe don Scéim Saorthaistil má tá tú os cionn 17 mbliana d'aois agus faoi bhun 66 bliana d'aois, agus:
- Nár éirigh leat tiomáint riamh mar gheall ar mhíchumas
- Má tá ceadúnas tiomána agat agus go bhfuil deimhniú leighis agat mar dhuine ‘nach bhfuil iinniúil ar tiomáint’ ar feadh 12 mhí.
Cé nach dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm go dtí mí Iúil, is féidir leat foirm iarratais ar Shaorthaisteal a íoslódáil agus a líonadh isteach do dhaoine atá deimhnithe go mí-oiriúnach chun tiomáint (FTM) (pdf) anois.
Sa chás seo, ní féidir le do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir tú a thionlacan saor in aisce agus tú ag taisteal.
Iompar poiblí inrochtana
Is féidir leat léamh faoi iompar poiblí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas nó a bhfuil luaineacht laghdaithe acu
Tacsaithe
Ceadúnaithe agus rialaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair, tá tacsaithe, haicnithe agus limisíní ar fáil ar fud na hÉireann.
Is féidir an Aip Seiceála Tiománaithe TFI a íoslódáil saor in aisce. Ligeann an aip duit a sheiceáil go bhfuil do tiománaí ceadúnaithe.
Ligeann an Meastóir Táille Tacsaí duit buiséad a dhéanamh dod’ thuras. Tá is garbhmheastacháin iad na táillí a ríomhtar agus braitheann siad ar bhrú tráchta.
Conas a íocaim as tacsaí in Éirinn?
Ní mór do thacsaithe in Éirinn glacadh le híocaíochtaí cárta creidmheasa agus dochair (mar shampla Visa, Mastercard, American Express) chomh maith le hairgead tirim. Is féidir leat a roghnú conas ba mhaith leat a íoc. Ní féidir le tiománaithe tacsaí formhuirear a chur ar aon íocaíochtaí cárta.
Tiomáint
Ceadúnais tiomána
Caithfidh ceadúnas tiomána bailí a bheith agat chun tiomáint in Éirinn.
Má tá ceadúnas tiomána bailí eachtrach iomlán agat, féadfaidh tú tiomáint air seo ar feadh suas le 12 mhí agus tú ag tabhairt cuairte ar Éirinn.
Má fhilleann tú ar Éirinn ar bhonn buan, ba cheart duit do cheadúnas tiomána eachtrach a aistrú go ceadúnas tiomána Éireannach nó tús a chur leis an bpróiseas tástála tiomána anseo in Éirinn (lena n-áirítear tástáil teoirice, 12 cheacht Oiliúna Riachtanach Tiománaithe (EDT), agus scrúdú tiomána).
Ní féidir ach ceadúnais tiomána eisithe ag tíortha AE/LEE agus stáit aitheanta áirithe eile a aistrú go ceadúnas tiomána Éireannach.
Oiliúint Tiománaithe Riachtanacha Laghdaithe
Mura féidir leat do cheadúnas tiomána eachtracha aistriú, b’fhéidir nach mbeidh ort ach 6 cheacht EDT a dhéanamh.
Tá feidhm aige seo sna cásanna seo a leanas:
- Ceadúnas tiomána eachtrach iomlán agat
- Do cheadúnas agat le dhá bhliain ar a laghad
- Ceadúnas agat a ndeachaigh in éag níos lú ná sé mhí ó shin
- Cónaí ort in Éirinn
- Cead foghlaimeora Éireannach agat
Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin ar dhíolúine ón ngnáth-thréimhse feithimh 6 mhí sular féidir le sealbhóirí ceada foghlaimeora céaduaire tástáil tiomána a dhéanamh. Íoslódáil an mínitheoir seo ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) (pdf) chun faisnéis a fháil ar an gclár laghdaithe EDT.
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit fhoirm iarratais ar Oiliúint Riachtanach do Thiománaí Laghdaithe (pdf) de chuid an RSA a chomhlánú.
An féidir liom mo cheadúnas tiomána Éireannach a athnuachan nó a athsholáthar agus mé i mo chónaí thar lear?
Ní mór duit a bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn 185 lá ar a laghad i mbliain féilire chun do cheadúnas tiomána Éireannach a athnuachan nó a athsholáthar.
Má théann do cheadúnas tiomána Éireannach in éag, tá suas le 10 mbliana agat ón dáta éaga chun do cheadúnas a athnuachan. Má tá cead foghlaimeora agat, tá suas le 5 bliana agat ón dáta éaga.
Má tá gnáthchónaí ort in Éirinn ach má tá tú ag obair ar chonradh seasta nó ag staidéar thar lear faoi láthair, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne chun do cheadúnas tiomána Éireannach a athnuachan nó a athsholáthar. Léigh tuilleadh faoi do cheadúnas tiomána Éireannach a athnuachan nó a athsholáthar.
Árachas Gluaisteáin, Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (NCT) agus Cáin
Caithfear árachas agus cáin a chur ar fheithiclí sular féidir iad a thiomáint in Éirinn. Caithfidh Tástáil Náisiúnta Gluaisteán bailí (NCT) a bheith ag mórchuid na ngluaisteán atá 4 bliana nó níos sine.
Ó 2017, cuirfidh árachóirí taithí thiomána thar lear san áireamh más féidir leat a chruthú go raibh tú ag tiomáint agus nach raibh tú páirteach in aon timpistí nó éilimh thar lear. Cuirfidh árachóirí mótarfheithiclí do stair cheal éilimh ón LEE agus ón Eilvéis, an RA, an Astráil, an Nua-Shéalainn, an tSeapáin, Ceanada, an Afraic Theas, agus SAM san áireamh, i bhformhór na gcásanna.
Ní thabharfaidh go leor árachóirí aon lascaine éilimh duit mura raibh tú árachaithe ar feadh 2 bhliain nó níos mó, nó má bhí tú árachaithe thar lear.
Fruiliú Carranna agus Comhroinnt
Is bealach iontach é carr a fhruiliú chun taisteal timpeall na hÉireann nó tíre eile seachas infheistíocht a dhéanamh in úinéireacht bhuan. Tá comhairle úsáideach sa doiciméad seo maidir le carr a ghlacadh ar cíos in Éirinn.
Tá an-tóir ar chomhroinnt carranna in Éirinn le blianta beaga anuas. Is é seo an áit a ligeann tú feithiclí ar cíos ó chuideachtaí carranna ar cíos ar bhonn íoc mar a úsáidtear. De ghnáth, ní mór duit Aip a úsáid ar do ghuthán chun rochtain a fháil ar sheirbhísí comhroinnte carranna.
Carr a cheannach in Éirinn
Léigh ár gcuid faisnéise maidir le carr nua nó carr athláimhe a cheannach in Éirinn.
Feithicil a iompórtáil
Chun carr nó aon chineál eile feithicle a iompórtáil go hÉirinn, beidh ort ceanglais dhlíthiúla áirithe a chomhlíonadh.
Má thugann tú d'fheithicil go hÉirinn, caithfidh tú an fheithicil a chlárú ag ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC) laistigh de 30 lá ón uair a thagann an carr go hÉirinn agus féadfaidh sé go mbeidh ort Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF) a íoc. Ní mór duit coinne a dhéanamh leis an SNTC laistigh de 7 lá ó theacht na feithicle go hÉirinn.
Féadtar faoiseamh a éileamh ó CCF má tá tú ag filleadh ar Éirinn go buan agus má bhí an fheithicil á húsáid agat ar feadh níos mó ná 6 mhí sular bhog tú go hÉirinn. Sa chás seo, ní mór duit d'fheithicil a chlárú fós, ach ní bheidh ort CCF a íoc.
Rothaíocht
Tá suim sa rothaíocht mar mhodh iompair inacmhainne, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol ag méadú i gcónaí in Éirinn. Léigh ár ndoiciméad ar rothaíocht chun tuilleadh eolais a fháil
Tá sos cánach ar fáil d'fhostaithe a cheannaíonn rothair agus trealamh nua faoin Scéim um Rothaíocht chun na hOibre. Is féidir leat scéimeanna roinnte rothar a úsáid freisin chun iompar poiblí a chomhcheangal le fruiliú rothar nuair a bhíonn tú ag taisteal chun na hoibre.
Ar fhilleadh duit go hÉirinn, áfach, tá sé tábhachtach go dtógfaidh tú an t-am na dlíthe maidir le rothaíocht a thuiscint agus na rialacha maidir le soilsiú rothar a thabhairt faoi deara.