Víosaí do mhic léinn

Taisteal go hÉirinn le staidéar a dhéanamh

Ní mór do shaoránaigh ó thíortha áirithe atá ag iarraidh leo cúrsa léinn a dhéanamh in Éirinn iarratas a dhéanamh ar víosa le teacht go hÉirinn sula dtagann siad anseo. Léamh faoi: Riachtanais víosa le teacht isteach in Éirinn.

Má tá tú neamh-LEE náisiúnach ag teacht chun staidéar a dhéanamh in Éirinn caithfidh tú a bheith cláraithe i gcúrsa lánaimseartha ar an Liosta Eatramhach de Chláir Incháilithe (ILEP). Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár leathanach maidir leis na rialacha inimirce do mhic léinn neamh-LEE.

Ní mór d'iarratasóirí víosa iarratas ar-líne le haghaidh a n víosa (féach 'Conas iarratas a dhéanamh'). Ba chóir duit cur isteach ar ‘Víosa Staidéar C’ má tá sé ar intinn agat staidéar a dhéanamh in Éirinn ar feadh tréimhse níos lú ná trí mhí. Ba chóir duit cur isteach ar ‘Víosa Staidéar D’ má leanfaidh do chúrsa ar aghaidh níos faide ná trí mhí.

Beidh ort na nithe seo a leanas a sholáthar mar aon le d’iarratas ar víosa. (Ná déan dearmad le do thoil go bhfuil cáipéisí bunaidh ag teastáil agus go gcaithfidh siad a bheith as Béarla nó aistriúchán deimhnithe ag nótaire a bheith leo):

  • Litir ó scoil/coláiste/ollscoil aitheanta in Éirinn ag dearbhú gur glacadh leat le haghaidh cúrsa staidéir. Caithfidh an cúrsa staidéir a bheith lánaimseartha (a mhairfidh ar feadh na bliana acadúla) agus ní mór 15 uaire staidéir ar a laghad a bheith i gceist in aghaidh na seachtaine.
  • Cruthúnas go bhfuil sé d’acmhainn acadúil ionat an cúrsa a roghnaigh tú a dhéanamh trí mheán an Bhéarla (ach amháin más cúrsa Béarla atá ann).
  • Fianaise gur íocadh na táillí i leith an chúrsa ina n-iomláine.
  • Fianaise go bhfuil go leor airgid agat (€10,000) chun tú féin a chothú i rith chéad chuid na thréimhse a chaithfidh tú anseo.
  • Fianaise go bhfuil sé ar do chumas nó ar chumas urra €10,000 ar a laghad a rochtain gach bliain ina dhiaidh sin mar aon le costas táillí na gcúrsaí gach aon bhliain.
  • Fianaise go bhfuil árachas míochaine príobháideach agat
  • Míniú faoi aon bhearna a bhí i do chuid cúrsaí staidéir
  • Dearbhú go bhfuil sé ar intinn agat filleadh ar do thír bhuanchónaí nuair a fhágann tú Éire.

Ná déan dearmad, má thugtar víosa mic léinn duit le staidéar a dhéanamh in Éirinn nach dtugann sé seo aon cheart as féin d’aon duine eile teacht leat nó cuairt a thabhairt ort in Éirinn (bíodh an té sin gaolmhar leat nó ná bíodh).

Is féidir teacht ar faisnéis mhionsonraithe faoin a bhfuil ag teastáil chun víosa mic léinn a fháil ar láithreán gréasáin Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Murar gá dom víosa le dul go hÉirinn an gá dom víosa mic léinn le staidéar sa tír?

No. If you do not need an entry visa to enter Ireland, you do not need a student visa to study in Ireland. However, all non-EEA nationals, including those with visas, must get permission to enter the State by reporting to an Immigration Officer at the port of entry. You must still register at your local immigration office after you arrive. You need to get an Irish Residence Permit (IRP) if you are studying for more than 3 months.

Ba chóir gach cáipéis a bhaineann le do chuid staidéir a bheith agat nuair a thagann tú tríd inimirce. Is é sin le rá gur chóir duit do litir, nó an tairiscint a fuair tú faoi áit a bheith agat i scoil nó in institiúid oideachais, a bheith ullamh agat chun go ndéanfaidh na hoifigigh inimirce í a iniúchadh. Féadfaidh tú tuilleadh a léamh inár leathanach faoi cead tuirlingthe in Éirinn.

Cead fanachta

Maidir le mic léinn ó thíortha nach tíortha LEE iad, agus ar mian leo staidéar a dhéanamh in Éirinn ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí, ní mór dóibh clárú le hoifigeach inimirce an cheantair sin ina bhfuil siad ina gcónaí. (Is é sin Oifig Chlárúcháin Cé an Bhúrcaigh má tá cónaí orthu i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Cill Dara, Luimneach, an Mhí nó Cill Mhantáin. Formhuineofar a bpasanna leis na coinníollacha faoina bhfuil cead acu fanacht agus an tréimhse ama atá i gceist.

Formhuineofar do phas leis na coinníollacha agus an tréimhse ama a bhfuil cead acu fanacht.

Ní mór do mhic léinn a bheartaíonn staidéar a dhéanamh ar feadh suas le 6 mhí rochtain a bheith acu ar €700 in aghaidh na míosa nó €4,200 (cibé acu is lú) nuair a chláraíonn siad den chéad uair. Tá eolas maidir leis na doiciméid a theastaíonn ó mhic léinn nuair a dhéanann siad iarratas ar chead ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt.

Ní féidir le mic léinn neamh-LEE a thagann go hÉirinn den chéad uair cead fanachta a fháil in Éirinn má tá a gcuid leanaí leo nó má tá sé ar intinn acu a gcuid leanaí a bheith leo níos déanaí.

Is féidir leat a fháil amach conas clárú ar ár leathanach ar Clárú náisiúnach neamh-LEE in Éirinn.

Athnuachan víosa/cead mac léinn

Is féidir athnuachan a dhéanamh ar líne.

Ní mór duit níos lú ná 12 sheachtain a bheith fágtha agat ar do chead reatha sular féidir leat an córas athnuachana ar líne a úsáid.

Beidh do chárta CCÉ a chur sa phost a thabhairt duit.

Soláthraíonn suíomh gréasáin SSI nuashonrú beo ar amanna próiseála d'iarratais athnuachana.

Má dhiúltaítear do chlárúchán agus má chreideann tú go bhfuil cúinsí eisceachtúla agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shíneadh ar chead do mhic léinn tríd an bpost amháin.

Rochtain ar fhostaíocht agus tú in Éirinn ar víosa staidéir

Má tá tú ag freastal ar chúrsa ar an Liosta Eatramhach de Chláir Incháilithe (ILEP), beidh stampa uimhir 2 formhuinithe ar do phas nuair a chláraíonn tú le d'oifigeach inimirce áitiúil. Beidh cead agat dul i mbun corrfhostaíochta suas le 20 uair an chloig in aghaidh na seachtaine i rith an téarma nó suas le 40 uair an chloig in aghaidh na seachtaine le linn tréimhsí saoire coláiste, ó Mheitheamh go Meán Fómhair go huile agus ó 15 Nollaig go 15 Eanáir. Tiocfaidh deireadh le do theidlíocht chun oibre nuair a rachaidh do chead fanachta in éag.

Mura bhfuil tú ag freastal ar chúrsa dá leithéid, ní bheidh tú i dteideal dul i mbun obair pháirtaimseartha nó dul i mbun aon ghnó nó gairme. Gheobhaidh tú Stampa 2A ar do phas.

Is féidir leat eolas a léamh faoi chearta fostaíochta oibrithe páirtaimseartha in Éirinn.

Cad ba cheart dom a dhéanamh más mian liom imeacht ar feadh tamaill bhig?

Ní bheidh víosa athiontrála ag teastáil ó náisiúnach a bhfuil Cead Cónaithe bailí Éireannach (CCÉ) nó cárta GNIB bailí aige agus é ag taisteal chuig agus ó Éirinn. Glacfar le do chárta CCÉ agus do phas.

Más mian leat taisteal go Tuaisceart Éireann, b'fhéidir go mbeidh víosa de dhíth ort. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi Víosaí agus Inimirce na RA.

Víosa staidéir a fháil

Tá faisnéis maidir leo siúd a dteastaíonn víosa uathu chun cuairt a thabhairt ar Éirinn ar fáil ar ár leathanach: Riachtanais víosa chun dul isteach in Éirinn. Ní theastaíonn víosa uait más as ballstát de chuid an LEE tú.

Táillí víosa

Is iad seo a leanas gnáth-tháillí próiseála iarratais neamh-inaisíoctha:

Víosa do thuras singil: €60

Víosa do thuras iolrach: €100

Ní gá d’iarratasóirí áirithe aon táille a íoc. Áirítear leo siúd céilí ar gá dóibh víosaí a bheith acu agus baill theaghlaigh saoránach de chuid an AE/LEE. Lena chois sin ní gá d’iarratasóirí ó thíortha áirithe aon táille a íoc. Ós rud é go n-athraíonn sé seo ó am go chéile, ba chóir duit ceist a chur ar ambasáid nó ar chonsalacht na hÉireann atá gar duit nó ar an Oifig Víosa - féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas ar víosa’.

Ní gá do náisiúnaigh de na tíortha faoi chumhdach an Chláir Tarscaoilte Víosa Gearrchónaithe, atá ina gcónaí go dlíthiúil sa RA nó sa limistéar Schengen an táille víosa a íoc ach is gá díobh víosa a bheith acu fós.

Conas iarratas a dhéanamh ar víosa

Caithfidh tú iarratas ar víosa a dhéanamh ar líne.

sonraí faoi na cáipéisí a bheidh ag teastáil uait agus na riachtanais ghrianghrafadóireachta le fáil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ).

Faigh faisnéis mhionsonraithe ar na nósanna imeachta iarratais ar shuíomh Gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas ar víosa

Caithfidh tú iarratas ar víosa a dhéanamh ar líne

Ambasáid nó consalacht na hÉireann is gaire duit

Oifig na Víosaí

An Roinn Dlí agus Cirt

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
ÉIRE

Láithreán Gréasáin: https://www.irishimmigration.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Samhain 2024