Cead isteach go hÉirinn
- Réamhrá
- Náisiúnaigh LEE, na Ríochta Aontaithe agus na hEilvéise agus cead chun dul isteach in Éirinn
- Náisiúnaigh neamh-LEE agus cead chun Éire a iontráil
- Cead chun Éire a iontráil a dhiúltú
- Má thugtar cead duit Éire a iontráil
- Teagmhálaithe
Réamhrá
Tá rialacha agus dlíthe ag Éirinn maidir le cé atá in ann teacht isteach sa tír. Más saoránach thú de thír atá lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), den Eilvéis nó den Ríocht Aontaithe, ní mór duit cead a bheith agat dul isteach in Éirinn.
Faigheann tú cead dul isteach go hÉirinn ó oifigeach inimirce ag an aerfort nó ag an gcalafort farantóireachta san áit a dtagann tú isteach go hÉirinn. Má théann tú isteach in Éirinn trí Thuaisceart Éireann, ní mór duit cead a fháil chun dul isteach tar éis duit teacht. B'fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa agus víosa a dheonú duit chun dul isteach in Éirinn (féach 'Náisiúnaigh neamh-LEE agus cead chun dul isteach in Éirinn' thíos).
Is féidir le hoifigeach inimirce cead a dhiúltú duit dul isteach in Éirinn, fiú má tá víosa nó cead cónaithe agat in Éirinn.
Níl Éire mar chuid de Limistéar Schengen. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh pas náisiúnta nó cárta aitheantais náisiúnta a bheith agat chun teacht isteach go hÉirinn ón LEE.
Taisteal le leanbh faoi bhun 18 mbliana d'aois: Tá comhairle foilsithe ag Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) do dhaoine atá ag taisteal go hÉirinn le mionaoiseach nach bhfuil ina leanbh nó a bhfuil sloinne difriúil orthu.
Náisiúnaigh LEE, na Ríochta Aontaithe agus na hEilvéise agus cead chun dul isteach in Éirinn
Ní mór do shaoránaigh LEE agus na hEilvéise pas nó cárta aitheantais náisiúnta a bheith acu chun dul isteach in Éirinn.
Tá sé de cheart ag LEE, agus ag saoránaigh na hEilvéise gluaiseacht faoi shaoirse sa LEE, agus ní féidir cead a dhiúltú duit dul isteach go hÉirinn ach amháin i gcásanna an-teoranta:
- Tá tú ag fulaingt ó ghalar tógálach tromchúiseach atá ina bhagairt thromchúiseach don daonra
- Meastar go bhfuil d'iompar roimhe seo, lena n-áirítear aon chiontuithe coiriúla a d'fhéadfadh a bheith agat, ina riosca suntasach don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí
Is féidir le saoránaigh na Ríochta Aontaithe taisteal gan bhac go hÉirinn mar chuid den Chomhlimistéar Taistil.
Ní gá duit clárú leis na húdaráis inimirce toisc go bhfuil cearta sonracha ag náisiúnaigh LEE agus na hEilvéise chun cónaí agus obair in Éirinn.
Má tá tú ag taisteal le daoine muinteartha nach saoránaigh den LEE, den Ríocht Aontaithe nó den Eilvéis iad, ní mór dóibh cead a bheith acu dul isteach agus d'fhéadfadh go mbeadh orthu iarratas a dhéanamh ar víosa.
Náisiúnaigh neamh-LEE agus cead chun Éire a iontráil
Más náisiúnach d’aon tír eile thú (seachas an Ríocht Aontaithe), caithfidh tú get cead iontrála a fháil nuair a thagann tú i láthair in Éirinn.
Víosaí
B’fhéidir go mbeidh ort víosa a fháil sular féidir leat taisteal go hÉirinn. Saghas réamh-imréitigh é víosa a cheadaíonn duit taisteal go hÉirinn. Tá ort cead a fháil go fóill Éire a iontráil ag do chalafort iontrála chuig an Stát fiú má tá víosa bailí agat.
Imréiteach
Mura dteastaíonn víosa uait chun Éire a iontráil, b’fhéidir go mbeidh ort réamh-imréiteach a fháil sular féidir leat taisteal go hÉirinn má tá tú ag bogadh anseo ar na cúiseanna seo a leanas:
- Beartaíonn tú cleachtadh mar mhinistir creidimh
- Is oibrí deonachr thú
- Páirtnéir de facto le saoránach Éireannach thú (ciallaíonn seo go bhfuil tú i gcaidreamh le saoránach Éireannach atá cosúil le pósadh, ach níl sibh pósta lena chéile)
- Páirtnéir de facto le sealbhóir Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla thú
- Tá tú ag taisteal chun cónaí le duine muinteartha ar náisiúnach an RA é/í nó le hiad a thionlacan
Má éiríonn le d’iarratas ar réamh-imréiteach, bronnfar litir faofa nó réamh-imréitigh ort. Caithfear seo a bhronnadh ar an oifigeach inimirce ag rialú teorann nuair a thagann tú i láthair in Éirinn. Is féidir le hOifigeach Inimirce ag rialú teorann iontráil a dhiúltú duit fiú má tá litir agus víosa réamh-imréitigh agat.
Ullmhú a dhéanamh d’Éirinn a iontráil
Caithfidh tú pas nó cáipéis aitheanta taistil a bheith agat má tá tú ag taisteal ó thír lasmuigh den LEE. B’fhéidir go mbeidh víosa ag teastáil uait.
Ba cheart go mbeadh cruthúnas agat i leith na gcúiseanna go bhfuil tú ag teacht go hÉirinn. Braitheann na cáipéisí a theastaíonn ar chuspóir do thurais. Má tá cuairt á tabhairt agat ar Éirinn ar feadh tréimhse ghearr, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas agat:
- Cruthúnas go bhfuil dóthain airgid agat chun tacú leat féin agus le do chleithiúnaithe
- Cruthúnas faoin áit go bhfuil tú ag fanacht fad a bhíonn tú in Éirinn
- Ticéad fillte chun filleadh ar an tír ina mbíonn cónaí ort de ghnáth
- Cruthúnas go bhfuil tú ag oibriú nó go bhfuil staidéar á dhéanamh agat i do thír dhúchais, nó go bhfuil rudaí eile tábhachtacha sa tír sin agat (mar shampla, cúraimí teaghlaigh) ar féidir leat filleadh orthu
Má bheartaíonn tú taisteal go dtí an RA freisin, caithfidh cead a bheith agat an RA a iontráil sula dtagann tú go hÉirinn.
Má tá tú ag bogadh go hÉirinn, caithfidh tú a thaispeáint go sásaíonn tú na riachtanais maidir leis na cúiseanna atá agat chun bogadh anseo. I measc roinnt de na cúiseanna atá agat chun taisteal go hÉirinn, tá:
- Má bheartaíonn tú staidéar a dhéanamh in Éirinn
- Má bheidh tú ag bogadh anseo chun cónaí le do chéile Éireannach
- Má bheidh tú ag bogadh anseo chun cónaí le do chéile Éireannach
- • Má bheidh tú ag bogadh anseo chun cónaí le do dhuine muinteartha AE
- Má tá cead fostaíochta agat
Cead chun Éire a iontráil a dhiúltú
Is féidir leis an oifigeach inimirce do chead chun Éire a iontráil a dhiúltú má chreideann an t-oifigeach inimirce an méid seo a leanas:
- Ní féidir leat tacú leat féin agus le haon chleithiúnaithe a thagann i láthair leat
- Beartaíonn tú glacadh le fostaíocht agus níl cead agat
- Tá roinnt riochtaí ar leith ort - áirítear leo seo eitinn, galair thógálacha eile, andúil drugaí agus suaitheadh trom meabhrach (tugtar riochtaí follasacha suaite shíocóisigh le corraíl, rámhaille, siabhránacht nó mearbhall” air seo)
- Ciontaíodh i gcion thú a ngearrtar pionós príosúnachta bliana nó níos faide air
- Tá oibleagáid ort víosa a bheith agat agus níl ceann agat
- Tá tú faoi réir ordú díbeartha, ordú eisiaimh, ordú díbeartha nó faoi réir a mhacasamhail d’ordú
- Níl pas bailí agat
- Beartaíonn tú taisteal go dtí an Bhreatain Mhór nó go Tuaisceart Éireann agus níl an ceart agat iad a iontráil
- D’fhéadfá bagairt a chruthú do shlándáil náisiúnta nó d’fhéadfá beartas poiblí a shárú trí Éire a iontráil nó bheith i láthair sa tír
- Tháinig tú go hÉirinn ar chúis eile seachas an chúis a luaigh tú leis an oifigeach inimirce
Má dhiúltaítear cead iontrála duit, caithfear na cúiseanna a thabhairt i scríbhinn duit.
Cad a tharlaíonn má dhiúltaítear cead iontrála go hÉirinn dom?
Má dhiúltaítear cead iontrála go hÉirinn duit, is féidir thú a choinneáil i bpríosún.
Má cheapann d’aturnae go raibh an diúltú neamhdhleathach, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh leis an gcúirt ar urghaire le stop a chur le thú a dhíbirt. Saghas ordú cúirte é seo a choisceann an díbirt ó thitim amach fad a dhéanann an chúirt cinneadh faoi cibé acu an raibh nó nach raibh an diúltú dleathach.
Is féidir thú a dhíbirt ar ais go dtí an tír ina mbíonn gnáthchónaí ort
Má thugtar cead duit Éire a iontráil
Cuirtear an t-eolas seo ar fáil do shaoránaigh thíortha lasmuigh den LEE, an Eilvéis agus an RA.
Is féidir cead iontrála a thabhairt duit ach d’fhéadfadh coinníollacha baint leis. Mar shampla, b’fhéidir nach gceadófar duit ach fanacht ar feadh tréimhse áirithe a luaitear. Cuirfidh an t-oifigeach inimirce stampa ar do phas le heolas faoi choinníollacha d’fhanachta.
Is féidir leis an oifigeach inimirce cead cuairteora a dheonú duit a cheadaíonn duit fanacht ar feadh 3 mhí, ar a fhaide. Faoi chúinsí áirithe teoranta nach raibh súil leo, is féidir an cead cuairteora seo a shíneadh.
Más mian leat fanacht in Éirinn ar feadh níos faide ná seo, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar chead chun fanacht trí chlárú le d’oifig inimirce áitiúil.
Ní féidir le náisiúnaigh óna dteastaíonn víosa gearrchuairte a d’iontráil Éire le víosa C (nó ‘víosa gearrchuairte’) a gcead chun fanacht a shíneadh, murach gur deonaíodh víosa C dóibh chun teacht le cónaí le duine muinteartha. Caithfidh siad fágáil agus iarratas a dhéanamh ar víosa D ó áit lasmuigh d’Éirinn más mian leo filleadh.
Teagmhálaithe
Contact your designated immigration office.