Rialacha inimirce do mhic léinn lánaimseartha neamh-LEE

Staidéar in Éirinn

Ní mór do náisiúnaigh neamh-LEE a thagann chun staidéar a dhéanamh in Éirinn a bheith cláraithe ar chúrsa lánaimseatha incháilithe. Tá liosta ceisteanna coitianta do mhic léinn neamh-LEE ar fáil ar shuíomh Gréasáin Seachadadh Seirbhíse Inimirce (SSI).

Ní mór do mhic léinn ar as tír dóibh a bhfuil víosa de dhíth uirthi chun teacht isteach in Éirinn, iarratas a dhéanamh ar víosa mic léinn. Caithfidh fianaise a bheith san iarratas ar víosa go bhfuil rochtain acu ar €10,000 nuair a thagann siad go hÉirinn.

Ní mór do gach mac léinn neamh-LEE, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil víosa de dhíth orthu, clárú lena n-oifigeach inimirce áitiúil chun cead a fháil fanacht in Éirinn ar feadh níos mó ná 90 lá. Ní mór do mhic léinn a bhfuil sé i gceist acu staidéar a dhéanamh ar feadh suas le 6 mhí rochtain a bheith acu ar €700 sa mhí nó ar €4,200 (cibé acu is lú) nuair a chláraíonn siad lena n-oifigeach inimirce áitiúil den chéad uair.

Cúrsa lánaimseartha a aimsiú

Ní mór do náisiúnaigh neamh-LEE a thagann chun staidéar a dhéanamh in Éirinn a bheith cláraithe ar chúsa lánaimseartha i gceann de na catagóirí seo a leanas. Níl cead acu teacht go hÉirinn chun cúrsa páirtaimseartha nó cianfhoghlama a dhéanamh.

Cláir ardoideachais

Is féidir le náisiúnaigh neamh-LEE clárú ar chúrsa incháilithe ag leibhéal 6 nó níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC). Tá cúrsaí incháilithe liostaithe ar Liosta Eatramhach na gClár Incháilithe (ILEP). Is é an t-uastréimhse ama is féidir leo staidéar a dhéanamh in Éirinn ag an leibhéal seo ná 7 mbliana. Tá eisceachtaí ann maidir leis an teorainn seo do mhic léin atá ag déanamh Ph.D nó cúsa ar nós míochaine agus do mhic léinn i gcúinsí speisialta mar bhreoiteacht.

Caithfidh caighdeán áirithe Béarla a bheith ag daltaí. Caithfidh siad a chruthú freisin go bhfuil siad ag dul chun cinn sa chúrsa, mar shampla, pas a fháil i scrúduithe. Tá tilleadh faisnéise ar shuíomh Gréasáin an SSI ar na riachtanais, lena n-áirítear rialacha inimirce do mhic léinn ar chláir ardoideachais, agus an riachtanas árachas leighis a bheith acu.

Scéim Iarchéime Tríú Leibhéal: Nuair a bhainfidh siad céim amach, féadfaidh mic léinn síneadh ama a fháil ar a gcead fanacht in Éirinn faoin Scéim larchéime Tríú Leibhéal. Ligeann an scéim dóibh fostaíocht a aimsiú agus iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíóchta Ginearálta nó ar Chead Fostaíochta Scileanna Criticiúla.

Féadfaidh céimithe a bhfuil cáilíocht leibhéal 8 acu síneadh 12 mhí a fháil ar a gcead cónaithe suas go dtí 7 mbliana ar a mhéid de chead mac léinn san iomlán (is é sin, an t-am iomlán a chaitear ar Stampaí 2 agus 1G). Féadfaidh céimithe le cáilíochtaí ag leibhéal 9 nó níos airde síneadh 24 mhí (2 bhloc 12 mhí) a fháil ar a gcead suas go dtí 8 mbliana ar a mhéid de chead mac léinn san iomlán.

Cláir i mbéarla

Tá cúsaí Béarla incháilithe liostaithe ar Liosta Eatramhach na gClár Incháilithe (ILEP). Níl cláir bhreisoideachais agus cláir ghairmoideachais agus oiliúna atá creidiúnaithe thar lear liostaithe mar chúrsaí incháilithe a thuilleadh agus tá deireadh tagtha leis an gClár Idirnáisiúnaithe.

Tá an cead inimirce chun freastal ar chúrsa Béarla 25 seachtaine ar feadh 8 mí. Féadfar cead a thabhairt do mhic léinn nua atá ag freastal ar chúrsaí teanga le haghaidh 3 chúrsa teanga ar a mhéad. Is ionann é seo agus cead inimirce iomlán de 2 bhliain (3 x 8 mí).

D'fhoisigh SSI ceisteanna coitianta do mhic léinn.

Athnuachan ar víosa/cead mac léinn

Is féidir athnuachan a dhéanamh ar líne.

Ní mór duit níos lú ná 12 sheachtain a bheith fágtha agat ar do chead reatha sular féidir leat an córas athnuachana ar líne a úsáid.

Beidh do chárta CCÉ a chur sa phost a thabhairt duit.

Soláthraíonn suíomh gréasáin SSI nuashonrú beo ar amanna próiseála d'iarratais athnuachana.

Má dhiúltaítear do chlárúchán agus má chreideann tú go bhfuil cúinsí eisceachtúla agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shíneadh ar chead do mhic léinn tríd an bpost amháin.

Samhradh 2024: Má tá tú ag fanacht ar chúrsa chun tús a chur leis

Féadfaidh mic léinn a bhfuil an dara cúrsa Béarla críochnaithe acu an 1 Iúil 2024 nó ina dhiaidh sin, nó an tríú cúrsa Béarla, agus atá cláraithe le haghaidh Clár Ardoideachais (HEP) a thosóidh faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2024, iarratas a dhéanamh ar chead inimirce gearrthéarmach Stampa 2 chun fanacht in Éirinn go dtí an 30 Meán Fómhair 2024.

Ní mór duit do chead inimirce a athnuachan sula dtiocfaidh deireadh le do chead gearrthéarmach an 30 Meán Fómhair 2024.

Coinníollacha eile

Cúrsa a athrú

Ní fhéadfaidh mic léinn cúrsa a athrú le linn na chéad bhliana staidéir. Ina dhiadh sin féadfar cead a thabhairt dóibh athrú go cúrsa eile, ar choinníoll go bhfuil sé ag an leibhéal céanna nó ag leibhéal níos airde. Ní fhéadfaidh siad athrú ó chúrsa lánaimseatha go cúrsa páirtaimseartha.

Obair

Tá cead ag mic léinn neamh-LEE a bhfuil cead fanachta Stampa 2 acu dul i mbun fostaíochta ócáideach. Is féidir leo suas le 20 uair sa tseachtain a oibriú le linn téarma agus suas le 40 uair sa tseachtain le linn na laethanta saoire. Tá na tréimhsí saoirse caighdeánaithe-Meitheamh go Meán Fómhair san áireamh agus ó 15 Nollaig go 15 Eanáir.

Ní cheadaítear do dhaltaí a bhfuil cead stampa 2A acu oibriú.

Leas sóisialach

Níl mic léinn neamh-LEE i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Ceann de na coinníollacha a bhaineann lena gcead cónaithe ná go bhfuil a ndóthain airgid acu le tacú leo féin agus cónaí in Éirinn gan sochair Stáit a éileamh.

Athaontú teaghlaigh

Mar riail ghinearálta níl aon cheart ag mic léinn neamh-LEE a thagann go hÉirinn a dteaghlach a thabhairt leo. Is féidir le ceilí, páirtithe agus leanaí náisiúnach neamh-LEE iarratas a dhéanamh ar iontráil agus cónaí in Éirinn ina gceart féin, ach ní féidir leo iarratas a dhéanamh ar bhonn a ngaol le mac léinn neamh-LEE. Tá roinnt eisceachtaí ann don riail seo, mar shampla, do mhic léinn Ph.D.

Cúrsaí teanga gearrfhanachta agus seimeastar

Tá socruithe speisialta ann do mhic léinn neamh-LEE a thagann go hÉirinn chun gearrchúrsa a dhéanamh. Caithfidh an cúrsa a bheith níos lú ná 90 lá.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Nollaig 2024