Cearta cónaithe do bhaill teaghlaigh

Réamhrá

Má bhogann tú go hÉirinn, b’fhéidir go mbeidh tú in ann do dhaoine muinteartha neamh-LEE a thabhairt leat le cónaí leat. Braitheann an ceart a bhíonn ag do theaghlach teacht go hÉirinn le cónaí leat ar an méid seo a leanas:

  • Do stádas cónaithe in Éirinn
  • An caidreamh teaghlaigh atá agat leis an duine

I gcásanna áirithe, tá ceart dlíthiúil agat go dtiocfaidh do theaghlach le cónaí leat. Ach in go leor cásanna, caithfidh tú a thaispeáint go bhfuil an t-ioncam agat chun tacú leo agus critéir cháilitheachta a shásamh. Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le céilí, comhpháirtithe agus leanaí cleithiúnacha, den chuid is mó.

Daoine muinteartha le saoránaigh Éireannacha

Níl ceart uathoibríoch agat go dtiocfaidh do theaghlach chun cónaí leat in Éirinn más náisiúnaigh neamh-LEE iad. Más náisiúnach an LEE, na hEilvéise nó an RA do dhuine muinteartha, ní gá dóibh iarratas a dhéanamh ar chead cónaithe.

Céilí ó áiteanna lasmuigh den LEE, an RA agus an Eilvéis

Má tá tú ag filleadh ar Éirinn le do céile, b’fhéidir go dteastóidh víosa iontrála uathu. Ba cheart dóibh iarratas a dhéanamh ar víosa fadchónaithe (D). Ba cheart gur mhó d’ioncam sna 3 bliana sula ndearnadh an t-iarratas ná breis agus €40,000, ar an iomlán, gan aon íocaíochtaí leasa shóisialaigh a chur san áireamh a fuair tú i rith na tréimhse sin.

I ndiaidh dóibh teacht i láthair agus víosa fadchónaithe acu, nó más ó thír iad a cheadaíonn dóibh taisteal go hÉirinn gan víosa, ba cheart duit dul go dtí d’oifig clárúcháin áitiúil le hiarratas a dhéanamh ar chead chun cónaí in Éirinn.

Má tá do chéile ag cónaí cheana féin in Éirinn (mar shampla, má tá víosa mic léinn acu), ba cheart dóibh coinne a dhéanamh chun freastal ar a n-oifig clárúcháin áitiúil le hiarratas a dhéanamh ar chónaí mar chéile le saoránach Éireannach.

Ach má chónaíonn do chéile in Éirinn ach mura bhfuil cead acu cónaí anseo, caithfidh siad iarratas a dhéanamh trí fhoirm a líonadh agus cáipéisí tacaíochta a sheoladh chuig Soláthar Seirbhíse Inimirce (SSI). Bíonn seo i gceist freisin más iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta do chéile.

Comhpháirtithe

Má tá tú ag filleadh ar Éirinn le do pháirtnéir neamh-LEE de facto, caithfidh siad cur isteach ar víosa nó réamh-imréiteach sula dtagann siad go hÉirinn. Duine é páirtnéir de-facto a bhfuil caidreamh agat leo, atá cosúil le pósadh, ach níl sibh pósta lena chéile.

Má tá tú i gcaidreamh de facto le duine atá ag cónaí cheana féin in Éirinn (mar shampla, má tá víosa mic léinn acu), is féidir leo iarratas a dhéanamh ar chónaí bunaithe ar a gcaidreamh leat. Tá tú incháilithe iarratas a dhéanamh má bhí tú i gcaidreamh ar feadh 2 bhliain nó níos faide.

Ní ghlactar le hiarratais ó chomhpháirtithe de facto a chónaíonn in Éirinn gan cead bailí cónaithe a bheith acu in Éirinn.

Tuismitheoirí leanaí saoránaigh Éireannaigh

Is féidir le tuismitheoirí leanaí saoránaigh Éireannaigh iarratas a dhéanamh ar chónaí. Má tá an tuismitheoir lasmuigh d’Éirinn, b’fhéidir go dteastóidh víosa uathu chun teacht go hÉirinn.

Chun cáiliú do chónaí, caithfidh gur tuismitheoir bitheolaíoch thú le leanbh saoránaigh Éireannach (agus caithfidh tú a bheith ainmnithe ar theastas breithe an linbh) agus caithfidh go bhfuil baint agat leis an leanbh a thógáil aníos. Caithfidh an leanbh cónaí in Éirinn agus bheith níos óige ná 18 mbliana d’aois.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi conas iarratas a dhéanamh ar chead chun fanacht in Éirinn mar thuismitheoir linbh saoránach Éireannach.

Leanaí

Ní gá do leanaí faoi 16 bliana d'aois clárú le ISD. Má tá sé beartaithe acu dul isteach in Éirinn leat, seans go mbeidh orthu iarratas a dhéanamh ar víosa chun teacht isteach sa tír.

Má tá leanaí agat idir 16 agus 18, nó faoi 23 agus in oideachas lánaimseartha, ní mór dóibh clárú le ISD mura saoránaigh Éireannacha, Briotanacha, Eilvéiseacha nó LEE iad.

Daoine muinteartha le saoránaigh an RA

Má bhí do dhuine muinteartha ag cónaí in Éirinn roimh an 31 Nollaig 2020 agus má bhí Cead Cónaithe Éireannach (CCÉ) acu a deonaíodh bunaithe ar a gcaidreamh leat, is féidir leo leanúint ag cónaí in Éirinn. Ba cheart go mbeadh Stampa 4 EUFAM le sonrú ar an CCÉ. Caithfidh siad an CCÉ seo a mhalartú roimh 30 Meitheamh 2022.

Caithfidh daoine muinteartha le saoránaigh an RA nach saoránaigh LEE ná an RA iad a bhogann go hÉirinn i ndiaidh an 1 Eanáir 2021 iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht. Ní bhíonn ceart cónaithe uathoibríoch acu in Éirinn

Ba cheart duit seiceáil má theastaíonn víosa uathu chun an Stát a iontráil. Mura dteastaíonn víosa uathu, caithfidh siad cur isteach ar réamh-imréiteach sula dtaistealóidh siad go hÉirinn má bheartaíonn siad plean a dhéanamh chun iarratas a dhéanamh ar chónaí.

Daoine muinteartha le saoránaigh an AE, an LEE agus na hEilvéise

Más saoránaigh an AE/an LEE, na hEilvéise nó saoránaigh an RA do dhaoine muinteartha, ní gá duit iarratas a dhéanamh go dtiocfaidh siad go hÉirinn le cónaí leat. Ní gá dóibh clárú le Soláthar Seirbhíse Inimirce (údaráis inimirce na hÉireann).

Mura saoránaigh an AE/an LEE, na hEilvéise nó an RA do dhaoine muinteartha, caithfidh siad cur isteach ar chónaí.

Daoine muinteartha cáilitheacha agus a cheadaítear

De réir dhlí an AE, tá 2 shaghas duine mhuinteartha ann ar féidir leo cur isteach ar chárta cónaithe: daoine muinteartha cáilitheacha agus daoine muinteartha a cheadaítear.

Daoine muinteartha cáilitheacha atá sna daoine seo a leanas:

  • Do chéile nó páirtnéir sibhialta
  • Do leanbh nó leanbh do chéile atá níos óige ná 21 bliain d’aois
  • Do gharleanbh nó garleanbh do chéile atá níos óige ná 21 bliain d’aois
  • Do thuismitheoir cleithiúnach, nó tuismitheoir cleithiúnach do chéile
  • Do sheantuismitheoir cleithiúnach, nó seantuismitheoir cleithiúnach do chéile
  • Sliocht díreach cleithiúnach eile nó gaolta eile díreacha cleithiúnacha do shinsir (mar shampla, sin-seantuismitheoirí nó páistí garleanaí) leat féin nó le do chéile

Meastar, go ginearálta, gur daoine muinteartha cáilitheacha iad leanaí atá níos sine ná 21 bliain d’aois má tá siad in oideachas, nó má bhraitheann siad ort mar gheall ar bhreoiteacht nó ar mhíchumas. Beidh ort a thaispeáint go raibh do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí (nó tuismitheoirí nó seantuismitheoirí do chéile) ag brath ort sular tháinig siad go hÉirinn.

I measc na ndaoine muinteartha a cheadaítear, tá:

  • Do pháirtnéir
  • Aon ghaol leat atá mar chuid de do theaghlach nach duine muinteartha cáilitheach é/í
  • Aon ghaol leat óna dteastaíonn do chúram pearsanta mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas

Is féidir leat léamh faoi chearta cónaithe shaoránaigh an LEE agus a dteaghlaigh anseo.

Daoine a bhfuil stádas cosanta idirnáisiúnta acu

Má deonaíodh cosaint idirnáisiúnta duit (stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí) nó má tháinig tú go hÉirinn mar dhídeanaí cláir, tá ceart agat i leith athaontú teaghlaigh.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh go dtiocfaidh na daoine muinteartha seo a leanas le cónaí leat in Éirinn:

  • Do chéile nó páirtnéir sibhialta
  • Do leanaí faoi 18 mbliana d’aois
  • Do thuismitheoirí, má tá tú faoi 18 mbliana d’aois

Saoránaigh neamh-LEE eile

B’fhéidir go mbeidh tú in ann cuireadh a thabhairt do do theaghlach cónaí leat in Éirinn ag brath ar an saghas cead cónaithe atá agat.

Sealbhóirí Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla

Má tá Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla agat, is féidir le do chéile nó páirtnéir, agus do theaghlach cleithiúnach iarratas a dhéanamh chun teacht go hÉirinn le cónaí ann leat.

Mic Léinn

Má tá staidéar á dhéanamh agat in Éirinn, ní féidir le do theaghlach thú a thionlacan in Éirinn, seachas faoi chúinsí eisceachtúla.

Sealbhóirí cead fostaíochta agus Stampa 4

Má tá <a id="a1">cead fostaíochta agat (seachas Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla) nó Stampa 4, is féidir le do theaghlach iarratas a dhéanamh thú a thionlacan in Éirinn tar éis 12 mhí. Is é an <a id="a2">beartas atá ag Soláthar Seirbhíse Inimirce (SSI) (pdf)</a> measúnú a dhéanamh ar gach iarratas ar a fhiúntais féin, agus níl ceart agat go ndéanfaidh do theaghlach thú a thionlacan.

Ba cheart go mbeadh dóthain ioncaim agat chun tacú le do theaghlach. Más mian le do chéile nó páirtnéir thú a thionlacan in Éirinn ba cheart go ndearna tú ar a laghad €30,000 a thuilleamh sa bhliain le 2 bhliain anuas roimh duit iarratas a dhéanamh.

I gcás leanaí, bunaítear an tsuim ar cheart á tuilleamh agat ar theorainneacha ioncaim na hÍocaíochta Teaghlaigh Oibre seachtainiúla atá i bhfeidhm i leith do lín tí.

Gaolta scothaosta cleithiúnacha

Más mian le do thuismitheoirí, nó gaol scothaosta eile atá is ag brath ort nó ar do chéile nó páirtnéir, thú a thionlacan in Éirinn, caithfidh tú an méid seo a leanas a bheith agat:

  • Ioncam €60,000 sa bhliain do ghaol amháin
  • Ioncam €75,000 do bheirt ghaolta

Déantar d’ioncam agus ioncam do chéile nó do pháirtnéara a chur san áireamh. Ní chinntítear go dtabharfar cead díreach mar gheall go bhfuil an t-ioncam agat. Is féidir leat léamh faoi na riachtanais eile do ghaolta scothaosta cleithiúnacha ar láithreán gréasáin SSI.

Tuilleadh faisnéise agus teagmhálaithe

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi athaontú teaghlaigh neamh-LEE sna treoirlínte beartais (pdf).

An Rannóg um Chearta Chonradh AE

An Roinn Dlí agus Cirt

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
Éire

Oifig Chlárúcháin Cé an Bhúrcaigh

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann

An Roinn Dlí agus Cirt
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
Éire

Uaireanta Oscailte: Luan go Déardaoin 8rn go 9in, Aoine 8rn go 6in
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Meán Fómhair 2024