Cearta cónaithe saoránaigh AE/LEE agus a dteaghlaigh in Éirinn
- Réamhrá
- Ceart chun Éire a iontráil
- Stádas oibrí agus stádasiaroibrí
- Mic Léinn
- Daoine a bhfuil ‘acmhainnídóthanacha’ acu
- Cónaí bunaithe ar chearta‘díorthacha’ (tuismitheoirí leanaí cleithiúnacha an LEE nó nahEilvéise)
- Cearta cónaithe daoinemuinteartha
- Conas iarratas a dhéanamh ar chártacónaithe do dhuine muinteartha nach ón LEE iad
- An féidir saoránach an EU/an LEEnó na hEilvéise a dhíbirt?
- Cónaí buan
- Eolas breise agus teagmhálaithe
Réamhrá
Más saoránach AE, nó saoránach de thír sa LEE (an Íoslainn, Lichtinstéin nó an Iorua) nó den Eilvéis thú, tá cearta áirithe cónaitheachta agat in Éirinn. Tá cearta cónaitheachta agat freisin más saoránach den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (LEE) agus den Eilvéis tú. Tá an EEA comhdhéanta de bhallstáit an AE, chomh maith leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.
Is féidir leat Éire a iontráil agus fanacht anseo ar feadh a fhaide le 3 mhí (6 mhí má tá obair á chuardach agat) gan srian a bheith ort. Má bheartaíonn tú fanacht in Éirinn ar feadh breis agus 3 mhí, tá ort na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
- Tá tú ag oibriú (tá tú fostaithe nó féinfhostaithe)
- Tá dóthain airgid agus árachas breoiteachta agat chun tacú leat féin agus le do theaghlach
- Tá tú cláraithe mar mhac léinn nó oiliúnaí gairmoideachais, nó
- Duine muinteartha thú le saoránach an LEE/na hEilvéise atá i gceann amháin de na catagóirí thuas.
Nuair a thagann tú go hÉirinn, ní gá duit clárú leis an oifig inimirce áitiúil agus ní theastaíonn cárta cónaithe uait le cónaí anseo. Má tá baill teaghlaigh agat ó lasmuigh den RA, LEE nó an Eilvéis, ní mór dóibh:
- Déan iarratas ar áit chónaithe
- Clárú agus Cead Cónaithe Éireannach a fháil
B’fhéidir go mbeidh orthu iarratas a dhéanamh ar víosa freisin sula dtaistealóidh siad go hÉirinn.
Ceart chun Éire a iontráil
Ní theastaíonn víosa ná réamh-imréiteach uait chun teacht go hÉirinn más saoránach an AE/an LEE nó na hEilvéise thú.
Níl Éire mar chuid de Limistéar Schengen. Ciallaíonn seo gur gá duit do phas nó do chárta aitheantais náisiúnta a thaispeáint má thagann tú go hÉirinn ó Limistéar Schengen.
Mar gheall ar rialacha saorghluaiseachta san AE, ní féidir a dhiúltú duit Éire a iontráil ach i gcásanna an-teoranta:
•Tá galar tromchúiseach tógálach ort a chruthaíonn bagairt thromchúiseach don daonra
•Meastar go gcruthaíonn d’iompar roimhe seo, aon chiontuithe coiriúla a rinneadh ort san áireamh, baol substainteach do shlándáil nó do bheartas poiblí
Do theaghlach
Is féidir le do theaghlach taisteal leat. Mura saoránaigh an AE, an LEE, na hEilvéise nó an RA do dhaoine muinteartha, b’fhéidir go dteastóidh víosa uatha chun Éire a iontráil.
Má tá cárta cónaithe ag do dhuine muinteartha faoi rialacháin an AE a d’eisigh tír eile an AE/an LEE nó an Eilvéis, ní theastaíonn víosa uathu chun Éire a iontráil. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara gur gnách go dtugtar an saghas seo cárta cónaithe do dhuine muinteartha má chónaíonn tú i dtír nach do thír náisiúntachta í.
Mura bhfuil tú cinnte faoin saghas cárta cónaithe atá ag do dhaoine muinteartha, ba cheart duit seiceáil leis na húdaráis inimirce sa tír ina gcónaíonn tú.
Stádas oibrí agus stádasiaroibrí
Más saoránach an LEE nó na hEilvéise thú, is féidir leat fanacht in Éirinn ar feadh a fhaide le 6 mhí má bhog tú anseo agus má tá obair á cuardach agat. Is féidir leat do shochar dífhostaíochta a aistriú ó do thír thionscnaimh agus íocfar leat é in Éirinn ar feadh a fhaide le 3 mhí (is féidir é a íoc a fhaide le 6 mhí i gcásanna áirithe).
Tá ceart agat cónaí in Éirinn má tá tú ag oibriú.
De réir dhlí an AE, is ionann oibrí agus aon duine a thugann faoi ‘obair fhíor agus éifeachtach’ as a n-íoctar iad ar ordú duine eile. Ní gá go bhfuil breis agus méid áirithe á thuilleamh agat, agus ní gá go bhfuil líon áirithe uaireanta an chloig sa tseachtain á n-oibriú agat go measfar gurb oibrí AE thú.
Tá cónaí dlíthiúil ort in Éirinn freisin má tá tú féinfhostaithe agus más obair ‘fhíor agus éifeachtach’ do chuid oibre.
Má chónaigh tú in Éirinn mar oibrí AE nó mar dhuine féinfhostaithe ar feadh 5 bliana, tá ceart buan cónaithe in Éirinn agat.
Iaroibrithe
Is féidir leat do stádas oibrí a choimeád má stop tú ag oibriú mar gheall ar an méid seo a leanas:
•Bhí breoiteacht ort nó tharla timpiste duit.
•D’éirigh tú dífhostaithe go saorálach agus thosaigh tú gairmoiliúint a bhaineann leis an obair a bhí á déanamh agat.
•Éiríonn tú dífhostaithe go neamhdheonach. Sa chás seo, is féidir leat do stádas oibrí a choimeád:
oar feadh 6 mhí, má you d’oibrigh tú in Éirinn ar feadh níos lú ná bliain amháin
oDá fhad agus a bhíonn obair á lorg agat, má d’oibrigh tú in Éirinn ar feadh bliana nó níos faide
Má tá tú ar saoire mháithreachais nó saoire atharthachta, aicmítear go bhfuil tú ag oibriú go fóill.
Coinníoll é an ceart chun cónaí a bheith agat ar gá é a shásamh chun íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a fháil.
Mic Léinn
Tá ceart agat cónaí in Éirinn sna cásanna seo a leanas:
•Tá tú cláraithe i gcoláiste faofa
•Tá dóthain ioncaim agat le cónaí gan tacaíocht a bheith ag teastáil ón gcóras leasa shóisialaigh in Éirinn
•Tá árachas sláinte cuimsitheach agat
Cuirtear deireadh le do cheart chun cónaí in Éirinn nuair a thagann deireadh le do staidéar, mura bhfuil ceart dlíthiúil agat chun cónaí in Éirinn ar bhunús eile (mar shampla, faigheann tú post, nó tá acmhainní dóthanacha agat).
Daoine a bhfuil ‘acmhainnídóthanacha’ acu
Is féidir leat cónaí in Éirinn ar feadh chomh fada agus a bhíonn dóthain acmhainní agat chun tacú leat féin agus do theaghlach, agus má tá árachas sláinte cuimsitheach agat.
Níl aon suim sheasta airgid ag teastáil lena thaispeáint go bhfuil dóthain airgid agat chun tacú leat féin agus le do theaghlach.
Is minic go mbaineann an chatagóir seo le pinsinéirí a dhéanann an cinneadh cónaí in Éirinn agus a fhaigheann pinsean ó thír eile ar leor é le híoc as a gcostais mhaireachtála.
Cónaí bunaithe ar chearta‘díorthacha’ (tuismitheoirí leanaí cleithiúnacha an LEE nó nahEilvéise)
Rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) roinnt cinntí tábhachtacha faoin gceart chun cónaí atá ag tuismitheoirí linbh ag a bhfuil saoránacht an AE/an LEE nó na hEilvéise. Tugtar ‘cearta díorthacha’ cónaithe ar na cearta seo. Tá siad tábhachtach i gcásanna nach mbíonn ceart dlíthiúil chun cónaí ag tuismitheoir an LEE nó na hEilvéise bunaithe ar a ngníomhaíochtaí féin, nó nuair nach féidir le saoránach neamh-LEE iarratas a dhéanamh ar chárta cónaithe bunaithe ar ghníomhaíochtaí a gcéile nó a bpáirtnéara arb as an LEE nó an Eilvéis iad.
Is féidir le saoránach neamh-LEE iarratas a dhéanamh ar chónaí buan bunaithe ar cheart díorthach, nó is féidir le saoránach an LEE nó na hEilvéise ceart dlíthiúil cónaithe sa Stát a dhíorthú, agus d’fhéadfadh seo a bheith tábhachtach chun íocaíocht leasa shóisialaigh a éileamh nó chun teacht ar thithíocht údaráis áitiúil.
Ní cháilítear duine a bhfuil cearta díorthacha acu go huathoibríoch do chónaí buan.
Léirítear samplaí sa tábla seo de chásanna inar dheonaigh CBAE ceart díorthach cónaithe, agus mínítear ann cé ar féidir leo cónaí a éileamh bunaithe ar chinneadh CBAE.
Cás CBAE | Tá an leanbh: | Cé ar féidir leo ceart díorthach cónaithe a éileamh? |
Zambrano | Saoránach Éireannach a chónaíonn in Éirinn
Faoi 18 mbliana d’aois
|
Tuismitheoir atá bainteach leis an leanbh a thógáil aníos
Is féidir le saoránach neamh-LEE iarratas a dhéanamh ar chónaí mar thuismitheoir linbh ar saoránach Éireannach é/í |
Ibrahim
Teixeira |
Saoránach an LEE
Leanbh le hoibrí nó iaroibrí LEE In oideachas lánaimseartha (is féidir leis an leanbh a bheith níos sine ná 18 mbliana d’aois) |
Iaroibrí LEE a chaill a stádas oibrí, nó céile/páirtnéir neamh-LEE le saoránach an LEE/na hEilvéise a chaill a stádas oibrí
Caithfidh go raibh stádas oibrí ag saoránach an LEE nó na hEilvéise i dtosach Is féidir le tuismitheoirí neamh-LEE cur isteach ar chónaí trí fhoirm EUTR1 a úsáid |
Chen | Saoránach an LEE a bhfuil acmhainní dóthanacha acu, árachas sláinte san áireamh
Faoi 18 mbliana d’aois |
Tuismitheoir nach féidir leo cáiliú bunaithe ar a ngníomhaíochtaí féin, nó ar ghníomhaíochtaí daoine muinteartha eile LEE (mar shampla, a gcéile nó a bpáirtnéir)
Is féidir le tuismitheoirí neamh-LEE cur isteach ar chónaí trí fhoirm EUTR1 a úsáid |
Cearta cónaithe daoinemuinteartha
Má tá an ceart agat cónaí in Éirinn bunaithe ar cheann amháin de na catagóirí a luaitear thuas, tá an ceart ag do theaghlach chun cónaí in Éirinn leat.
Más saoránaigh an AE/an LEE, na hEilvéise nó saoránaigh an RA do dhaoine muinteartha, ní gá duit iarratas a dhéanamh go dtiocfaidh siad go hÉirinn le cónaí leat. Ní gá dóibh clárú le Soláthar Seirbhíse Inimirce (údaráis inimirce na hÉireann).
Mura saoránaigh an AE/an LEE, na hEilvéise nó an RA do dhaoine muinteartha, caithfidh siad cur isteach ar chónaí.
Daoine muinteartha cáilitheacha agus a cheadaítear
De réir dhlí an AE, tá 2 shaghas duine mhuinteartha ann ar féidir leo cur isteach ar chárta cónaithe bunaithe ar dhlí an AE: daoine muinteartha cáilitheacha agus daoine muinteartha a cheadaítear.
Daoine muinteartha cáilitheacha atá sna daoine seo a leanas:
- Do chéile nó páirtnéir sibhialta
- Do leanbh nó leanbh do chéile atá níos óige ná 21 bliain d’aois
- Do gharleanbh nó garleanbh do chéile atá níos óige ná 21 bliain d’aois
- Do thuismitheoir cleithiúnach
- Do sheantuismitheoir cleithiúnach
- Do shliocht dhíreach, chleithiúnaí nó do ghaolta cleithiúnacha díreacha sa líne ardaithe (mar shampla, sin-seantuismitheoirí nó garchlann clainne)
Meastar, go ginearálta, gur daoine muinteartha cáilitheacha iad leanaí atá níos sine ná 21 bliain d’aois má tá siad in oideachas, nó má bhraitheann siad ort mar gheall ar bhreoiteacht nó ar mhíchumas. Beidh ort a thaispeáint go raibh do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí ag brath ort sular tháinig siad go hÉirinn.
I measc na ndaoine muinteartha a cheadaítear, tá:
- Do pháirtnéir
- Aon ghaol leat atá mar chuid de do theaghlach nach duine muinteartha cáilitheach é/í
- Aon ghaol leat óna dteastaíonn do chúram pearsanta mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas
Léig na freagraí ar cheisteanna coitianta faoi thabhairt go hÉirinn do bhall teaghlaigh neamh-LEE ar shuíomh Gréasáin Seachadadh.
Conas iarratas a dhéanamh ar chártacónaithe do dhuine muinteartha nach ón LEE iad
Sula dtiocfaidh do theaghlach go hÉirinn, ba cheart dóibh seiceáil má theastaíonn víosa uathu.
Ní féidir iarratas a dhéanamh ar chárta cónaithe mar dhuine muinteartha le saoránach an AE/an LEE nó na hEilvéise ach i ndiaidh gur tháinig do theaghlach go hÉirinn.
Nuair a iontrálann do theaghlach Éire, cuirfidh an t-oifigeach inimirce san aerfort stampa ar a bpas ar feadh a fhaide le 90 lá. Ba cheart go gcuirfidís isteach ar chárta cónaithe a luaithe agus is féidir tar éis dóibh teacht go hÉirinn.
Céim 1: Foirm a líonadh
Caithfidh do dhuine muinteartha neamh-LEE foirm iarratais a líonadh:
•Foirm EUTR -1, más duine muinteartha cáilitheach thú
•Foirm EUTR–1A, más duine muinteartha ceadaithe thú
Caithfidh siad foirm amháin a líonadh do gach duine ar gá dóibh iarratas a dhéanamh.
Céim 2: Bailigh do chuid cáipéisí le chéile
Liostaítear ar an bhfoirm iarratais na cáipéisí is gá dóibh a sheoladh. Mura bhfuil na cáipéisí go léir acu, ba cheart dóibh nóta a sheoladh leis an iarratas ina mínítear go seolfaidh siad na cáipéisí eile ar aghaidh nuair a bheidh siad acu.
Is féidir leat an t-iarratas a sheoladh ar ríomhphost i rith COVID-19.
Céim 3: Clárú leis na húdaráis inimirce
Is féidir le Soláthar Seirbhíse Inimirce (SSI) litir a sheoladh chucu a thugann cuireadh dóibh clárú agus is féidir leo Cead Cónaithe Éireannach sealadach a fháil fad a bhíonn siad ag feitheamh leis an iarratas a phróiseáil go hiomlán. Ní bhaineann seo ach le daoine muinteartha cáilitheacha agus ach amháin má sheol siad cáipéisíocht dhóthanach ar aghaidh lena gcaidreamh leat a chruthú agus má tá ceart chun cónaí agat in Éirinn (mar gheall go bhfuil tú ag oibriú anseo, mar shampla).
Diúltú agus achomhairc
Má dhiúltaítear an t-iarratas, is féidir le do dhuine muinteartha neamh-LEE an cinneadh a achomharc. Caithfidh siad foirm EU4 a líonadh.
Tar éis iarratas rathúil a dhéanamh
Ceadóidh SSI do dhuine muinteartha neamh-LEE cónaí in Éirinn ar feadh a fhaide le 5 bliana. D’fhéadfadh tréimhse níos giorra a bheith i gceist leis seo má tá a bpas le dul in éag laistigh de na chéad 5 bliana eile amach romhainn nó má bheartaíonn tú fanacht sa Stát ar feadh tréimhse níos giorra.
Caithfidh siad clárú agus Cead Cónaithe Éireannach a fháil. Beidh Stampa 4EUFAM scríofa ar an CCÉ.
Athruithe ar chúinsí
Bunaítear cónaí do dhuine mhuinteartha ar an gceart atá agat cónaí mar shaoránach an AE/an LEE nó na hEilvéise. Má thagann athrú ar an gcaidreamh idir tú féin agus an saoránach neamh-LEE agus más mian leo fanacht in Éirinn, b’fhéidir go mbeidh siad in ann iarratas a dhéanamh chun a stádas a choimeád. Bíonn seo i gceist sna cásanna seo a leanas:
•Faigheann saoránach an AE/an LEE nó na hEilvéise bás
•Fágann saoránach an AE/an LEE nó na hEilvéise Éire agus tá aire á tabhairt ag an saoránach neamh-LEE do leanaí in Éirinn
•Cuirtear deireadh leis an gcaidreamh trí cholscaradh, neamhniú nó díscaoileadh páirtnéireachta sibhialta
Déantar iarratais ar chárta cónaithe a choinneáil ar Fhoirm EU5.
An féidir saoránach an EU/an LEEnó na hEilvéise a dhíbirt?
Mura gcónaíonn tú sa Stát ar cheann de na forais a luaitear thuas, d’fhéadfaí ordú aistrithe a eisiúint duit. Tá dóchúlacht an-bheag ann, áfach, go n-eiseofar ordú aistrithe do shaoránaigh an AE/an LEE agus na hEilvéise mar gheall nach bhfuil ceart dlíthiúil chun cónaí acu.
Is féidir le húdaráis na hÉireann saoránach an AE/an LEE nó na hEilvéise a bhaint freisin ar na forais seo a leanas
•Beartas poiblí
•Sláinte phoiblí
Ní féidir le hOrdú Aistrithe a bheith díréireach. I bhfriotal eile, d’fhéadfadh go bhfuil dlí an AE á shárú ag tír má aistríonn siad thú gan chúis mhaith a bheith leis agus murar scrúdaíodh fíricí do cháis.
Cónaí buan
Tá tú i dteideal cónaí buan in Éirinn má chónaigh tú anseo go dlíthiúil ar feadh tréimhse leanúnach 5 bliana. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheimhniú cónaithe bhuain, ach níl seo éigeantach.
Ní dhéanann asláithreacht áirithe difear do do chónaí leanúnach:
- Asláithreacht níos giorra ná 6 mhí sa bhliain
- Asláithreacht amháin 12 mhí mar gheall ar thoircheas agus chun leanbh a thabhairt ar an saol, breoiteacht thromchúiseach, obair, gairmoiliúint nó má chuirtear chun oibre thú i dtír eile (ag d’fhostóir in Éirinn)
- Asláithreacht mar gheall ar sheirbhís éigeantach mhíleata
Ní mór cead a bheith ag do theaghlach neamh-LEE chun cónaí in Éirinn. Is féidir le do theaghlach neamh-LEE iarratas a dhéanamh freisin ar chónaí buan i ndiaidh dóibh bheith ag cónaí sa Stát ar feadh 5 bliana.