Peataí a thógáil go hÉirinn

Réamhrá

Déantar allmhairiú peataí go hÉirinn a rialú go docht lena chinntiú nach dtugtar galair cosúil leis an gconfadh isteach. Ligeann córas Pasanna Peataí an AE do chait, madraí agus firéid taisteal idir ballstáit an AE agus roinnt tíortha eile atá mar chuid den scéim.

Baineann an t-eolas sa doiciméad seo le peata a thabhairt go hÉirinn, agus ní bhaineann sé le peata a cheannach thar lear, ná ainmhithe a thabhairt isteach in Éirinn chuncríocha tráchtála.

Tugann an leathanach seo breac-chuntas ar a bhfuil i gceist agus do pheata á thabhairt go hÉirinn. Chun eolas mionsonraithe a fháil faoi do pheata a thabhairt go hÉirinn téigh chuig suíomh Gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM).

Leagtar amach sa tír a bhfuil an peata ag taisteal uaithi faoi láthair na ceanglais iontrála, ní an tír inar rugadh an peata nó ina bhfuil gnáthchónaí air.

Mar shampla, má théann peata Éireannach lena úinéirí ar saoire go dtí an Bhrasaíl agus ansin ag iarraidh filleadh ar Éirinn, caithfidh sé na rialacha thíos a leanúint maidir le teacht isteach ón mBrasaíl. Ba chóir duit do pheata a ullmhú le dul ar ais go hÉirinn sula bhfágann sé Éire.

Cait, madraí agus firéid - taisteal an AE

Má tá tú ag teacht go hÉirinn ó thír eile den AE ba chóir duit na céimeanna thíos a leanúint chun do chat, madra (madraí treorach san áireamh) nó firéad a thabhairt leat go hÉirinn. Baineann na rialacha seo freisin le peataí atá ag taisteal ó:

  • Andóra
  • Giobráltar
  • An Ghraonlainn
  • Oileáin Fharó
  • An Íoslainn
  • Lichtinstéin
  • Monacó
  • Tuaisceart Éireann
  • An Iorua
  • San Mairíne
  • An Eilvéis
  • Stát Chathair na Vatacáine

Tá rialacha éagsúla i gceist má:

  • Tá cat, madra nó firéad á cheannach agat thar lear agus á sheoladh go hÉirinn
  • Tá tú ag seoladh do chait, do mhadra nó do fhiréad ar ais go hÉirinn gan tionlacan
  • Tá tú ag taisteal go hÉirinn chun cat, madra nó firéad t a dhíol
  • Tá tú ag taisteal le níos mó ná 5 peata
  • Tá tú ag tabhairt do pheata gan tionlacan
  • Tá tú ag taisteal ó lasmuigh den AE nó ó thír nach bhfuil liostaithe thuas (féach ‘Ag teacht ó lasmuigh den AE’ thíos)

Tá faisnéis iomlán agus mhionsonraithe maidir le do pheata a thabhairt go hÉirinn le fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) agus ar an Tairseach Taisteal Peataí.

Is é an dlí lena rialaítear allmhairiú cait, madraí agus firéad chun críocha neamhthráchtála na Rialacháin um Thaisteal Peataí (Cait, Madraí agus Firéid) 2020 agus Rialachán (AE) 576/2013.

Céim 1 - Micrishliseadh

Caithfear micrishliseadh a dhéanamh ar do chat, do mhadra nó d’fhiréad sula ndéantar é a vacsaíniú i gcoinne confaidh. Caithfidh an micrishlis a bheith inléite le feiste atá comhoiriúnach le caighdeán ISO 11785. Mura bhfuil tú féin nó do thréidlia cinnte faoi shonraíochtaí na micrishlise, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an monaróir micrishlise. Nó is féidir leat do léitheoir micrishlise féin a iompar leat ar féidir é a úsáid ar do pheata.

Céim 2 – Vacsaíniú

Caithfear do pheata a vacsaíniú i gcoinne confaidh. Caithfear an vacsaín a thabhairt tar éis an micrishlis a chur isteach.

Caithfidh do pheata a bheith 12 sheachtain d’aois ar a laghad nuair a vacsaínítear é. Caithfidh tú fanacht 21 lá ón bpríomhdháta vacsaínithe (an chéad vaicsín) sula dtagann tú go hÉirinn. Ní bhaineann an tréimhse feithimh 21 lá le vacsaínithe teanndáileoige, ar an gcoinníoll go dtugtar iad roimh dháta éagtha na vacsaíne confaidh roimhe seo.

Ní bhaineann an tréimhse feithimh le vacsaínithe teanndáileog, ar choinníoll go dtugtar iad ROIMH an dáta ar tháinig deireadh leis an vacsaín do chonfadh roimhe seo.

Céim 3 - an pas peataí

Teastaíonn pas peataí AE uait ,eisithe ag tír AE nó ag ceann de na tíortha atá thuas liostaithe, chun dul isteach in Éirinn. Caithfidh tréidlia an pas peataí a stampáil chun a thaispeáint gur tugadh an vacsaíniú confaidh.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór pasanna peataí AE a bheith comhlánaithe i gceart agus go hiomlán le bheith bailí le haghaidh taistil. Ní cheadaíonn pas peataí do pheata dul isteach in Éirinn go huathoibríoch, caithfidh sé/sí fós cloí leis na rialacha iontrála.

Céim 4 - Cóireáil péiste ribíní

Má tá madra á thabhairt leat go hÉirinn, caithfear é a chóireáil le haghaidh péiste ribíní (Echinococcus multilocularis) gach uair a thaistealaíonn tú go hÉirinn, mura bhfuil tú ag taisteal ó Thuaisceart Éireann, ón bhFionlainn, ó Mhálta nó ón Iorua. Caithfidh tréidlia an chóireáil a thabhairt idir 1 agus 5 lá sula dtagann tú go hÉirinn, agus é a thaifeadadh sa phas peataí.

Is féidir faisnéis iomlán agus mhionsonraithe faoi chóireáil péisteanna ribíneacha a fháil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) agus ar an Tairseach Taisteal Peataí.

Cait, madraí agus firéid - Taisteal neamh-AE

Socraíonn an tír a bhfuil an peata ag taisteal uaithi faoi láthair na riachtanais iontrála, ní an tír inar rugadh an peata nó ina gnáthchónaí air. Mar shampla, má théann peata Éireannach lena úinéirí ar saoire go dtí an Bhrasaíl agus ansin ag iarraidh filleadh ar Éirinn, caithfidh sé na rialacha thíos a leanúint maidir le hiontráil ón mBrasaíl. Ba chóir duit do pheata a ullmhú le dul ar ais go hÉirinn sula bhfágann sé Éire.

Tabhair faoi deara go mbaineann na rialacha seo leis an mBreatain chomh maith, ach ní bhaineann siad le Tuaisceart Éireann.

Céim 1 - Micrishliseadh

Caithfear micrishliseadh a dhéanamh ar do chat, do mhadra nó d’fhiréad sula ndéantar é a vacsaíniú i gcoinne confaidh. Caithfidh an micrishlis a bheith inléite le feiste atá comhoiriúnach le caighdeán ISO 11785. Mura bhfuil tú féin nó do thréidlia cinnte faoi shonraíochtaí na micrishlise, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an monaróir micrishlise. Nó is féidir leat do léitheoir micrishlise féin a iompar leat ar féidir é a úsáid ar do pheata.

Céim 2 – Vacsaíniú

Caithfear do pheata a vacsaíniú i gcoinne confaidh. Caithfear an vacsaín a thabhairt tar éis an micrishlis a chur isteach.

Caithfidh do pheata a bheith 12 sheachtain d’aois ar a laghad nuair a vacsaínítear é. Caithfidh tú fanacht 21 lá ón bpríomhdháta vacsaínithe (an chéad vaicsín) sula dtagann tú go hÉirinn. Ní bhaineann an tréimhse feithimh 21 lá le vacsaínithe teanndáileoige, ar an gcoinníoll go dtugtar iad ROIMH dháta éagtha na vacsaíne confaidh roimhe seo.

Ní bhaineann an tréimhse feithimh le vacsaínithe teanndáileog, ar choinníoll go dtugtar iad ROIMH an dáta ar tháinig deireadh leis an vacsaín do chonfadh roimhe seo.

Céim 3 - pas peataí AE, nó deimhniú sláinte AE

Má tá pas peataí AE agat caithfidh an pas peataí a bheith stampáilte ag tréidlia atá cláraithe san AE chun a thaispeáint gur tugadh an vacsaín confaidh. Tá sé seo úsáideach do pheataí Éireannacha atá ag filleadh ó laethanta saoire i dtír nach bhfuil mar chuid den AE.

Mura bhfuil pas bailí peataí ag do chat, madra nó firéad, caithfidh tú Deimhniú Sláinte AE a fháil sínithe agus stampáilte ag tréidlia oifigiúil rialtais sa tír óna bhfuil tú ag taisteal.

Tar éis é a sheiceáil agus a stampáil ar theacht isteach san AE, tá an Teastas seo bailí ar feadh 4 mhí, nó go dtí go rachaidh an vacsaíniú in aghaidh confaidh in éag - cibé acu is luaithe.

Céim 4 - Tástáil fola

Caithfidh do chat, madra nó firéad tástáil fola a fháil ar a dtugtar tástáil shéireolaíoch Confaidh, más as tír nó críoch nach tír nó críoch liostaithe é/í. Mura bhfuil do thír liostaithe ar Láithreán Gréasáin DAFM, tá tástáil fola confaidh ag teastáil ó do pheata.

Caithfidh tú fanacht 30 lá ar a laghad ón vacsaíniú confaidh sula ndéantar tástáil fola ar do pheata. Caithfear an sampla a sheoladh chuig saotharlann atá formheasta ag an AE.

Caithfidh an tástáil fola a léiriú gur éirigh leis an vacsaíniú. Má éiríonn leis, caithfidh tú fanacht 3 mhí eile ón sampla fola a thógáil sula dtaistealaíonn tú go hÉirinn.

Má tá do pheata ag tosú ar a thuras san AE, (e.g. Éire go dtí an Bhrasaíl agus ar ais arís), ní gá duit fanacht 3 mhí sa Bhrasaíl má thóg tréidlia san AE nó i gceann de na tíortha seo a leanas an sampla fola, agus rinne sé taifead sa phas peataí AE nó sa deimhniú sláinte AE sular fhág do pheata Éire:

  • Andóra
  • Giobráltar
  • An Ghraonlainn
  • Oileáin Fharó
  • An Íoslainn
  • Lichtinstéin
  • Monacó
  • Tuaisceart Éireann
  • An Iorua
  • San Mairíne
  • An Eilvéis
  • Stát Chathair na Vatacáine

Caithfidh tú an deimhniú bunaidh tástála, nó cóip a fuarthas ón saotharlann, a thabhairt leat nuair a thagann tú go hÉirinn.

Má dhéantar an tástáil fola i dtír neamh-AE, beidh feidhm ag an tréimhse feithimh trí mhí i gcónaí.

Céim 5 - Cóireáil péiste ribíní

Má tá madra á thabhairt leat go hÉirinn, caithfear é a chóireáil le haghaidh péiste ribíní (Echinococcus multilocularis) gach uair a thaistealaíonn tú go hÉirinn, mura bhfuil tú ag taisteal ó Thuaisceart Éireann, ón bhFionlainn, ó Mhálta nó ón Iorua. Caithfidh tréidlia an chóireáil a thabhairt idir 1 agus 5 lá sula dtagann tú go hÉirinn, agus é a thaifeadadh sa phas peataí.

Is féidir faisnéis iomlán agus mhionsonraithe faoi chóireáil péisteanna ribíneacha a fháil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) agus ar an Tairseach Taisteal Peataí.

Céim 6 – Réamhfhógra

Ní mór duit a rá le húdaráis chalafoirt nó aerfoirt na hÉireann 24 uair an chloig ar a laghad sula dtagann tú, ach go hidéalach sa tseachtain nó mar sin roimh thaisteal. Ní mór é seo a dhéanamh tríd an bhfoirm ar líne ar an Tairseach Réamhfhógra a chomhlánú. Ní mór duit dul isteach in Éirinn ach ag na calafoirt agus aerfoirt seo a leanas:

  • Aerfort Bhaile Átha Cliath
  • Calafort Bhaile Átha Cliath
  • Aerfort na Sionainne
  • Aerfort Chorcaí
  • Calafort Rinn an Scidígh, Corcaigh
  • Europort Ros Láir

Céim 7 - Seiceáil chomhlíonta

Caithfidh do pheata dul faoi sheiceáil comhlíonta ar theacht isteach go hÉirinn ó thír nach bhfuil san AE. Ní mór é seo a shocrú sula dtaistealaíonn tú tríd an bhfoirm ar líne ar an Tairseach Réamhfhógra a chomhlánú.

Má tá do pheata ag taisteal go tír eile san AE ar dtús agus má dhéantar seiceáil ansin, ní theastaíonn seiceáil eile ó do pheata ar theacht isteach go hÉirinn. Má chuaigh tú isteach i dtír eile san AE, áfach, agus mura raibh tú in ann seiceáil a shocrú ansin, ní mór duit seiceáil chomhlíonta a shocrú nuair a thiocfaidh tú go hÉirinn.

Tá faisnéis iomlán agus mhionsonraithe faoin seiceáil comhlíonta le fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) agus ar an Tairseach Taisteal Peataí.

Peataí éan, coiníní gus creimirí

Má tá tú ag bogadh chun cónaí in Éirinn nó ag teacht anseo ar saoire, b’fhéidir go mbeidh tú in ann do peata éin, coinín nó creimire a thabhairt leat, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann tú riachtanais áirithe. Tá tuilleadh faisnéise faoi na riachtanais iontrála d’éin, do choiníní agus do chreimirí ón AE nó ó lasmuigh den AE ar Láithreán Gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Más mian leat peata-éan, coinín nó creimire a thabhairt leat ó thír lasmuigh den AE, féach treoir DAFM le do thoil, agus déan cinnte go bhfuil go leor ama agat chun na ceanglais réamh-onnmhairithe, lena n-áirítear deimhniú sláinte tréidliachta, tástáil nó ceanglais coraintín a chomhlánú.

Peataí neamhchomhlíontacha

Mura gcomhlíonann do pheata na riachtanais iontrála, féadfar cead isteach in Éirinn a dhiúltú dó. Féadfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do pheata a sheoladh ar ais go dtí an tír ón ar thaistil tú.

De rogha air sin féadfaidh DAFM do pheata a chur i gcoraintín le tástáil nó le micrishliseadh agus le vacsaíniú chun ceanglais an AE a chomhlíonadh. Fanfaidh do pheata i gcoraintín go dtí go gcomhlíonfaidh sé Reachtaíocht an AE go hiomlán. In imthosca an-teoranta, féadfar do pheata a chur chun suain. Beidh ort íoc as costas na mbeart seo a chlúdach, lena n-áirítear coraintín más gá.

Tuilleadh eolas agus teagmhálacha

teimpléid bhana do Dheimhnithe Sláinte an AE, foirmeacha réamhfhógra agus miontreoir ar fáil ó DAFM.

An Roinn Talamhaíochta, Bia agus Mara

Rannóg Shláinte Ainmhithe

An Teach Talmhaíochta
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 607 2827
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Meán Fómhair 2024