Oibrithe forbartha deonacha thar lear agus árachas sóisialta

Réamhrá

Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus tá am caite agat ag obair i dtír atá ag forbairt, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann ranníocaíochtaí creidiúnaithe árachais shóisialaigh a fháil faoin Scéim na nOibrithe Forbartha Deonacha

Tugtar creidmheasanna OFD ar na ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh chreidiúnaithe seo. Bíonn creidmheasanna OFD lán-ináirithe go hiondúil, is é sin le rá, caitear leo mar an gcéanna le ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh íoctha. Mar sin, nuair a thagann tú ar ais go hÉirinn, is féidir le creidmheasanna OFD cabhrú leat cáiliú do shochair agus do phinsin leasa shóisialaigh.

Ina theannta sin, maolaíodh cuid de na coinníollacha cáilitheacha d'íocaíochtaí i gcás oibrithe forbartha deonacha atá ag filleadh. Féach ‘Conas a chabhraíonn creidmheasanna OFD liom cáiliú le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh thíos.

Riarann Comhlámh an Scéim OFD thar ceann na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Is carthanas é Comhlámh atá maoinithe ag Cúnamh Éireann den chuid is mó. Oibríonn sé chun forbairt dhomhanda a chur chun cinn.

Cé atá ina oibrí forbartha deonach ?

Is éard is oibrithe forbartha deonacha iad daoine atá:

  • Ag obair go sealadach lasmuigh d'Éirinn i dtír atá ag forbairt
  • Ar théarmaí deonacha (ciallaíonn sé seo go bhfuil an tuarastal nó an pá a fhaigheann tú ag teacht le rátaí pá áitiúla sa tír atá ag forbairt)

Ag obair in obair eagraithe ag nó trí Chúnamh Éireann, nó trí eagraíocht eile atá deimhnithe ag Comhlámh. Ní mór an obair forbartha a bheith faofa sula bhfágann tú Éire.

Ní mheastar gur oibrithe forbartha deonacha faoin scéim iad baill d'ord reiligiúnach a bhfuil dualgais thréadacha mar chuid dá gcuid oibre.

Conas a cháilím do chreidmheasanna oibríforbartha deonaigh?

Chun cáiliú do chreidmheasanna OFD, ní mór duit a bheith i d’oibrí forbartha deonach. Ní mór duit freisin :

  • A bheith os cionn 16 bliana d'aois
  • A bheith i do chónaí in Éirinn díreach roimh dhul i mbun fostaíochta thar lear
  • A bheith fostaithe faoi choinníollacha pá atá cosúil leis na coinníollacha áitiúla sa tír atá ag forbairt

Ranníocaíochtaí ÁSPC - íoctha agus creidiúnaithe

Braitheann an chaoi a bhfeidhmíonn an scéim ar na ranníocaíochtaí árachais shóisialta (ÁSPC) atá íoctha agat tú sula dtéann tú thar lear:

  • Má tá 104 seachtain nó níos mó de ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha nó creidiúnaithe agat ó thús do shaol oibre, faigheann tú creidmheasanna OFD don tréimhse a chaitheann tú mar oibrí forbartha deonach (suas le 5 bliana).
  • Má tá níos lú ná 104 seachtaine de ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha nó creidiúnaithe agat, déanfaidh Comhlámh ranníocaíochtaí thar do cheann go dtí go mbeidh ranníocaíochtaí 104 seachtain agat. Ina dhiaidh sin, faigheann tú creidmheasanna OFD ar an ngnáthbhealach (ar feadh suas le 5 bliana).
  • Má bhí 2 bhliain chánach as a chéile agat gan aon ranníocaíochtaí íoctha nó creidiúnaithe díreach sula ndeachaigh tú thar lear mar oibrí forbartha deonach, íocfaidh Comhlámh ranníocaíochtaí Aicme A don chéad 26 seachtain de do chuid socrúcháin.

Seirbhísigh Phoiblí

Riarann Comhlámh Scéim Pinsean na Seirbhíse Poiblí d'Oibrithe Forbartha Deonacha fresin thar ceann Chúnamh Éireann. Ligeann an scéim seo do sheirbhísigh phoiblí a ranníocaíochtaí pinsin a íocadh agus iad ag fónamh thar lear ar feadh sé mhí as a chéile nó níos mó agus suas le dhá bhliain ar a mhéad. Déan teagmháil a dhéanamh le Comhlámh chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim d'oibrithe na earnála poiblí.

An Teorainn cúig bliana

Ní féidir creidmheasanna OFD a dhámhachtain ach ar feadh 5 bliana ar a mhéad. Cuirtear tréimhsí éagsúla oibre mar oibrí forbartha deonach le chéile chun na 5 bliana a ríomh. Mar shampla, má bhí tú i do OFD ar feadh 3 bliana, agus más mian leat dul thar lear mar OFD ar feadh 3 bliana eile, ní bheidh tú i dteideal creidmheasanna OFD ach ar feadh 2 bhliain den dara socrúchán.

Má tá do shocrúchán thar lear níos mó ná 5 bliana, bronntar creidmheasanna OFD ort, nuair is indéanta, don tréimhse is tairbhiúla duit.

Sosanna gairme agus ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh

Má thógann tú sos gairme ó do ghnáthfhostaíocht chun dul ag obair thar lear agus mura n-athfhostaítear tú láithreach bonn nuair a fhilleann tú ar Éirinn ba chóir duit dul i dteagmháil le d'oifig leasa shóisialaigh nó le d’ionad Intreo áitiúil.

Is í an riail ghinearálta ná gur féidir le hoibrithe forbartha deonacha a fhilleann Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh má tá tréimhse a sosa gairme caite agus nach bhfuil aon obair ar fáil óna bhfostóir roimhe seo. Mar sin féin, mura bhfuil do shos gairme éagtha, níl tú i dteideal éileamh a dhéanamh.

Conas a chabhraíonn creidmheasanna OFD liom cáiliú le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh?

Is féidir le creidmheasanna OFD cabhrú leat cáiliú le haghaidh íocaíochtaí trí:

  • Breathnú ar am a chaitheann tú thar lear ar an gcaoi chéanna mar am caite in Éirinn agus
  • Roinnt de na coinníollacha d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh ÁSPC-bhunaithe a bhaint.

Coinníollacha ÁSPC le haghaidh íocaíochtaí a chomhlíonadh

Má fhilleann tú ar Éirinn tar éis do chuid oibre forbartha deonaí, agus má dhéanann tú iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh, is féidir an t-am a chaith tú thar lear mar oibrí forbartha deonach a úsáid chun na riachtanais ÁSPC don íocaíocht a chomhlíonadh amhail is dá mbeadh tú ag obair in Éirinn le linn an ama sin. Baineann sé seo le:

Coinníollacha cáilitheacha eile

Éascaíonn an scéim OFD an próiseas cáilithe le haghaidh íocaíochtaí freisin, trí roinnt de na coinníollacha nach mór duit a chomhlíonadh de ghnáth a bhaint.

Sochar Breoiteachta, Sochar Cuardaitheora Poist agus Sochar Sláinte agus Sábháilteachta

Faigheann tú an ráta iomlán íocaíochta, beag beann ar an méid a thuill tú sa bhliain chánach ábhartha. Ciallaíonn sé seo go bhfaigheann tú ráta iomlán na híocaíochta i gcás éileamh a dhéanann tú i mbliain d’fhillte, agus sna 2 bhliain i ndiaidh d’fhillte. Ní mór duit na rialacha eile go léir a chomhlíonadh chun cáiliú.

Sochar Cúramóra

Ní gá go mbeadh ranníocaíochtaí íoctha ag oibrithe forbartha deonacha sa bhliain chánach ábhartha, nó go raibh siad i bhfostaíocht ar feadh 8 seachtaine sna 26 seachtaine sula dtosaíonn siad a Sochar Cúramóra. Ní mór duit Sochar Cúramóra a éileamh láithreach ag deireadh do chuid oibre forbartha deonaí chun cáiliú.

Sochar Atharthachta, Sochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch agus Sochar Tuismitheora

Is féidir leat cáiliú do na híocaíochtaí seo sa bhliain a fhilleann tú ar Éirinn ón tír atá ag forbairt nó sa bhliain tar éis duit filleadh.

Ní mór duit 39 seachtain de ranníocaíochtaí a bheith íoctha agat nó creidiúnaithe ó thús do shaoil oibre.

Sochar Cóireála

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Cóireála sa bhliain a fhilleann tú, nó sa bhliain dár gcionn, má tá 26 seachtaine de ranníocaíochtaí íoctha agat ó thús do shaoil oibre, agus má tá 26 seachtaine íoctha nó creidiúnaithe agat sa bhliain chánach ábhartha.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar ranníocaíochtaí creidiúnaithe trí Fhoirm VOL DEV 1 (pdf) a chomhlánú. Ba chóir foirmeacha comhlánaithe a chur ar ais chuig do ghníomhaireacht sheolta, agus seolfaidh sí ar aghaidh chuig Comhlámh í. Cinntigh go luann tú d'uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) cheart nuair a chomhlánaíonn tú an fhoirm.

Déanann Comhlámh dindiúirí na gníomhaireachta seolta a fhíorú ansin agus deimhníonn sé go bhfuil tú ag obair thar lear ar théarmaí deonacha.

Tar éis é a fhíorú, déanann Comhlámh teagmháil le Rannóg Bailithe Speisialta na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus déanann an oifig seo nóta ar thréimhse do shocrúcháin.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin scéim Oibrí Forbartha Deonach ar gov.ie.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Rannóg Bailithe Speisialta

Roinn Coimirce Sóisialaí

Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar Chorcaí
Port Láirge
X91 EH04
Éire

Teil: (01) 704 3000 or 0818 690 690

Comhlámh

12 Sráid na Parliaminte
Baile Átha Cliath 2
Ireland

Teil: +353 (0)1 478 3490
Láithreán Gréasáin: https://comhlamh.org/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Lúnasa 2022