Saoránacht d'Éirinn ó bhreith nó ó ghinealach
- Réamhrá
- Cé is saoránach Éireannach trí bhreith?
- Saoránacht Éireannach nuair a rugadh tú thar lear
- Saoránacht Éireannach trí uchtáil
- Saoránacht trí dhearbhú speisialta
- Tuilleadh faisnéise agus teagmhálacha
Réamhrá
Má rugadh tú féin nó do thuismitheoirí in Éirinn, nó má uchtaíodh tú in Éirinn, d’fhéadfá a bheith i do shaoránach Éireannach trí bhreith.
Mura bhfuil tú i dteideal saoránacht Éireannach trí bhreith, b’fhéidir go mbeidh tú in ann a bheith i do shaoránach Éireannach trí do bhreith a chlárú ar Chlár na mBreitheanna Eachtracha, nó trí iarratas a dhéanamh ar eadóirsiú.
Is féidir leat léamh faoi dhlí na saoránachta in Éirinn.
Cé is saoránach Éireannach trí bhreith?
Tá tú i dteideal a bheith i do shaoránach Éireannach trí bhreith má tá tú i gceann de na catagóirí thíos.
1.Rugadh tú in Éirinn é roimh an 1 Eanáir 2005
Má rugadh tú in Éirinn roimh an 1 Eanáir 2005, is saoránach Éireannach tú trí bhreith.
Má rugadh tú i dTuaisceart Éireann roimh 1 Eanáir 2005, tá tú i dteideal saoránacht Éireannach a éileamh. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat a roghnú a bheith i do shaoránach Éireannach agus iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach más mian leat.
2.Rugadh tú in Éirinn é tar éis 31 Nollaig 2004
Vótáil muintir na hÉireann chun an ceart bunreachtúil chun saoránachta a athrú sa 27ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann. Chuir sé seo deireadh leis an teidlíocht uathoibríoch ar shaoránacht trí bhreith do gach duine a rugadh in Éirinn.
Má rugadh tú an 1 Eanáir 2005 nó dá éis, braitheann do theidlíocht ar shaoránacht Éireannach ar náisiúntacht nó stair chónaithe do thuismitheora nó do thuismitheoirí.
Tuismitheoir Éireannach nó RA
Más saoránach Éireannach nó RA tú ceachtar de do thuismitheoirí tráth do bhreithe, is saoránach Éireannach tú go huathoibríoch má rugadh tú in Éirinn. Má rugadh tú i dTuaisceart Éireann do thuismitheoir Éireannach nó Briotanach, is féidir leat a roghnú a bheith i do shaoránach Éireannach.
Má fuair do thuismitheoir a bhí ina s(h)aoránach Éireannach nó RA bás sular rugadh tú, is saoránach Éireannach tú trí bhreith.
Tuismitheoir ó lasmuigh d’Éirinn agus den Ríocht Aontaithe
Má rugadh tú in Éirinn an 1 Eanáir 2005 nó dá éis agus murar shaoránaigh Éireannacha nó RA iad ceachtar de do thuismitheoirí, braitheann do theidlíocht ar shaoránacht Éireannach trí bhreith ar stádas cónaithe agus stair chónaithe do thuismitheoirí.
Caithfidh go raibh ceann de do thuismitheoirí:
- Ina c(h)ónaí in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann ar feadh 3 bliana as na 4 bliana sular rugadh tú nó
- Caithfidh go bhfuil an ceart aige/aici a bheith ina c(h)ónaí in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann gan aon srian ar a t(h)réimhse cónaithe
Ní áirítear ach cónaí ináirithe i dtreo na 3 bliana as 4 bliana a theastaíonn. Ní chuimsíonn sé seo tréimhsí a chaitear in Éirinn ar víosa mac léinn nó agus tú ag fanacht le cinneadh ar iarratas cosanta idirnáisiúnta.
3. Rugadh tú taobh amuigh d’Éirinn do thuismitheoir Éireannach
Má rugadh tú lasmuigh d’Éirinn, is saoránach Éireannach tú go huathoibríoch trí bhreith má rugadh ceachtar de do thuismitheoirí in Éirinn agus má bhí tú i dteideal saoránacht Éireannach.
4.Rugadh in Éirinn tú agus níl aon cheart agat ar shaoránacht tíre eile
Mura mbaineann aon cheann de na rudaí thuas leat agus má rugadh tú in Éirinn, ach mura bhfuil tú i dteideal saoránachta aon tíre eile, is saoránach Éireannach tú trí bhreith.
Saoránacht Éireannach nuair a rugadh tú thar lear
Má rugadh ceachtar de do thuismitheoirí in Éirinn agus da mba saoránach Éireannach e/í tráth do bhreithe, is saoránach Éireannach tú go huathoibríoch trí bhreith.
Má bhí an tuismitheoir trína bhfuil tú i dteideal saoránacht Éireannach marbh tráth do bhreithe, ach dá mbeadh sé ina shaoránach Éireannach tú dá mbeadh sé beo ag an am sin, is saoránach Éireannach tú freisin.
Tuismitheoir ina s(h)aoránach Éireannach rugtha lasmuigh d’Éirinn
Má rugadh tú taobh amuigh d’Éirinn agus má bhí do thuismitheoir (a rugadh lasmuigh d’Éirinn freisin) ina s(h)aoránach Éireannach nó i dteideal a bheith ina s(h)aoránach Éireannach tráth do bhreithe, ansin tá tú i dteideal a bheith i do shaoránach Éireannach.
Chun saoránacht Éireannach a éileamh, caithfidh do bhreith a bheith cláraithe ar Chlár na mBreitheanna Eachtracha, mura raibh do thuismitheoir thar lear sa tseirbhís phoiblí tráth do bhreithe. Má tá tú i dteideal clárú, beidh do shaoránacht Éireannach éifeachtach ó dháta an chláraithe - ní ón dáta a rugadh tú.
Saoránacht trí ghinealach seantuismitheoira Éireannigh
Má rugadh duine de do sheantuismitheoirí in Éirinn, ach nár rugadh ceachtar de do thuismitheoirí in Éirinn, d’fhéadfá a bheith i do shaoránach Éireannach. Beidh ort do bhreith a chlárú ar Chlár na mBreitheanna Eachtracha
Sinsir Éireannacha eile
Ach amháin má bhí tuismitheoir amháin ar a laghad nó seantuismitheoir a rugadh in Éirinn ina s(h)aoránach Éireannach tráth do bhreithe, ní féidir leat saoránacht Éireannach a éileamh ar bhonn sinsear sínte roimhe sin (is é sin, sinsir seachas do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí). Ina theannta sin, ní féidir leat saoránacht Éireannach a éileamh ar an mbonn gur saoránach Éireannach gaol éigin mar shampla chol ceathrar, aintín nó uncail mura raibh aon duine de do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí ina s(h)aoránach Éireannach tráth do bhreithe.
D’fhéadfadh go gcabhróidh an tábla seo a leanas leis an scéal a mhíniú:
Má tá tú | Ansin tá tú | |
A | Rugtha ar oileán na hÉireann an 31 Nollaig 2004 nó roimhe | I dteideal saoránacht Éireannach nó is saoránach Éireannach tú |
B | Rugtha ar oileán na hÉireann an 1 Eanáir 2005 nó da éis | I dteideal saoránacht Éireannach má tá duine de do
thuismitheoirí nó an bheirt acu:
•Ina (h)Éireannach •Ina B(h)riotanach nó i dteideal cónaí i dTuaisceart Éireann nó i Stát na hÉireann gan srian ar a gcónaitheacht •Ina náisiúnach eachtrach a bhfuil cónaí dlíthiúil air/uirthi ar oileán na hÉireann ar feadh 3 as 4 bliana díreach roimh do bhreith |
C | I do Pháiste le A, rugtha lasmuigh d’oileán na hÉireann | I do shaoránach Éireannach |
D | I do Pháiste le C agus garpháiste A, rugtha lasmuigh d’oileán na hÉireann | I dteideal saoránacht Éireannach, ach ní mór duit clárú ar dtús at Chlár na mBreitheanna Eachtracha |
E | I do Pháiste le D agus mac/iníon garpháiste A, rugtha lasmuigh d’oileán na hÉireann | I dteideal saoránacht Éireannach, trí do bhreith a bheith cláraithe ar Chlár na mBreitheanna Eachtracha, ach amháin sa chás go raibh do thuismitheoir D cláraithe faoi thráth do bhreithe. |
Is féidir leat an uirlis ar líne a úsáid ar Láithreánh Gréasáin Seachadta na Seirbhíse Inimirce chun a sheiceáil an saoránach Éireannach tú trí bhreith nó ghinealach
Saoránacht Éireannach trí uchtáil
Faoin Acht um Náisiúntacht agus Saoránacht Éireannach 1956, má uchtaíonn saoránach Éireannach nó lánúin leanbh nach saoránach Éireannach é/í, is saoránach Éireannach an leanbh uchtaithe.
Má uchtaíonn saoránach Éireannach atá ina chónaí thar lear leanbh thar lear, ba cheart dó/di iarratas a dhéanamh ar an uchtáil a iontráil i gClár na n-Uchtálacha Idir tíortha. Nuair atá sí cláraithe, tá an stádas dlíthiúil céanna ag an uchtáil agus a bheadh i gceist dá ndéanfaí an uchtáil sa Stát.
Má tá saoránach Éireannach atá ina chónaí sa Stát i mbun uchtála eachtraigh a bheith aitheanta anseo, caithfear nósanna imeachta inimirce áirithe a chomhlíonadh. Ionas go mbeidh an leanbh uchtaithe in ann ag teacht isteach sa Stát, ní mór duit imréiteach inimirce a fháil roimh ré ón Roinn Dlí agus Cirt. Ní cheadófar an t-imréiteach seo ach amháin nuair a bheidh an nós imeachta measúnaithe curtha i gcrích go hiomlán ag na tuismitheoirí uchtála a bheartaíonn uchtáil a dhéanamh thar lear agus dearbhú déanta ina bhfabhar ag Údarás Uchtála na hÉireann. Tugtar uchtáil idir tíortha air seo.
Saoránacht trí dhearbhú speisialta
Féadfaidh daoine áirithe saoránacht Éireannach a éileamh trí dhearbhú a dhéanamh. Ina measc tá:
- Duine a rugadh ar oileán na hÉireann idir an 2 Nollaig 1999 agus an 31 Nollaig 2004 do náisiúnach eachtrach a bhí i dteideal díolúine taidhleoireachta laistigh den Stát (mar shampla, ambasadóir eachtrach) tráth bhreith an duine sin.
- Duine a rugadh i spás farraige nó aeir na hÉireann idir 2 Nollaig 1999 agus 31 Nollaig 2004 do náisiúnach eachtrach ar long eachtrach nó in aerárthach eachtrach
- Duine a rugadh ar oileán na hÉireann a rinne dearbhú eachtrannach faoi Alt 21 den Acht um Náisiúntacht agus Saoránacht Éireannach 1956 (is é sin, duine a dhearbhaigh nach saoránach Éireannach iad a thuilleadh). Féadfaidh duine den sórt sin saoránacht Éireannach a atosú trí dhearbhú a dhéanamh trí fhoirm 1 (pdf) a úsáid.
Tá na foirmeacha seo ar fáil ó Sheachadadh Seirbhíse Inimirce nó ón ambasáid nó oifig chonsalachta Éireannach is gaire duit.
Tuilleadh faisnéise agus teagmhálacha
Má tá tú i dteideal saoránachta trí bhreith is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach. Is féidir leat eolas a léamh faoi:
- Conas iarratas a dhéanamh ar do chéad phas Éireannach mar dhuine fásta
- Céad phas Éireannach do pháiste
- Pasanna Éireannacha – forbhreathnú
Má rugadh tú thar lear agus gur in Éirinn a rugadh do sheantuismitheoirí, nó más saoránaigh Éireannacha nár rugadh in Éirinn é/í/iad do thuismitheoir nó do thuismitheoirí, is féidir leat eolas léamh faoi conas saoránacht Éireannach a éileamh tríd Chlár na mBreitheanna Eachtracha.
Mura saoránach Éireannach trí bhreith tú agus má tá cónaí ort in Éirinn, is féidir leat léamh faoi conas cáiliú do shaoránacht Éireannach trí eadóirseacht.
Chun iarratas a dhéanamh ar phas thar lear, déan teagmháil leis an ambasáid nó an chonsalacht Éireannach is gaire duit