Clár na mbreitheanna coigríche

Réamhrá

Ligeann Clár na mBreitheanna Coigríche do shliocht Éireannach a d’imigh thar lear saoránacht Éireannach a éileamh. Má chláraíonn gach glúin a mbreith sula saolaítear an chéad ghlúin eile, is féidir saoránacht na hÉireann a chur ar aghaidh ó thuismitheoir go leanbh.

Míníonn an doiciméad seo conas a fheidhmíonn an clár, cé atá in ann iarratas a dhéanamh agus conas iarratas a dhéanamh.

Is é an t-am próiseála a bhfuiltear ag súil leis faoi láthair ná 9 mí d'iarratais ar Chlár na mBreitheanna Coigríche.

Cé a fhéadfaidh a bheith in a saoránach Éireannach trí Chlár na mBreitheanna Coigríche?

Má rugadh tú in Éirinn agus má cháilíonn tú le bheith i do shaoránach Éireannach de bhua breithe, is saoránach Éireannach do leanbh go huathoibríoch de bhua breithe, fiú má rugadh an leanbh i dtír eile. Ní gá duit a b(h)reith a chlárú leis an gClár Breitheanna Coigríche. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach dod' pháiste. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi shaoránacht na hÉireann de bhua breithe.

Má rugadh lasmuigh d'Éirinn thú, is féidir leat a bheith i do shaoránach Éireannach más rud é gur:

  • Rugadh duine de do sheantuismitheoirí in Éirinn

  • saoránach Éireannach duine de do thuismitheoirí ag tráth do bhreithe, fiú murar rugadh in Éirinn é. B'fhéidir gur éiligh do thuismitheoir saoránacht trí Chlár na mBreitheanna Coigríche iad féin, nó go raibh sé/sí ina saoránach trí eadóirsiú.

Sa dá chás seo, d’fhéadfá bheith i do shaoránach Éireannach trí do bhreith a chlárú leis an gClár Breitheanna Coigríche.

Nuair atá duine curtha ar Chlár na mBreitheanna Eachtracha is saoránach Éireannach iad agus tá siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach

Conas a chláraím breith ar Chlár namBreitheanna Coigríche?

Tá roinnt céimeanna ba chóir duit a leanúint:

Céim 1: Sula ndéanann tú iarratas

Seiceáil go bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh (féach ‘Cé a fhéadfaidh a bheith ina saoránach Éireannach trí Chlár na mBreitheanna Coigríche?' Thuas). Is féidir leat iarratas a dhéanamh duit féin, nó ar son do linbh chleithiúnaigh. Teastaíonn seoladh ríomhphoist uait chun iarratas a dhéanamh.

Céim 2: Doiciméid

Seiceáil go bhfuil na doiciméid a theastaíonn uait chun iarratas a dhéanamh agat. Teastaíonn na doiciméid seo a leanas uait (nó doiciméid do linbh má tá tú ag déanamh iarratais thar a cheann):

  • Teastas breithe sibhialta bunaidh (a thaispeánann sonraí na dtuismitheoirí)
  • Deimhniú pósta nó doiciméad athraithe ainm (más infheidhme)
  • Fótachóip dheimhnithe den aitheantas reatha eisithe ag an stát (pas, ceadúnas tiomána, cárta aitheantais náisiúnta)
  • Dhá chruthúnas seolta (ní ghlacfar le fótachóipeanna). Má tá tú ag déanamh iarratais ar son linbh, ní mór duit litir a chur isteach freisin ó scoil nó ó dhochtúir an linbh
  • Ceithre ghrianghraf (féach ‘Céim 5’ thíos)
  • Má tá tú ag déanamh iarratais thar ceann linbh, ach nach tuismitheoir an linbh thú, ní mór duit cruthúnas ar chaomhnóireacht a chur isteach leis.

Ní mór duit doiciméid a sholáthar maidir leis an duine ar a bhfuil tú ag bunú d’iarratais. Is é seo do sheantuismitheoir nó do thuismitheoir.

I ngach cás ba chóir duit doiciméid an tsaoránaigh Éireannaigh a leanas a sheoladh:

  • Deimhniú breithe sibhialta bunaidh
  • Doiciméad bunaidh pósta nó doiciméad athraithe ainm (más infheidhme)
  • Fótachóip dheimhnithe den aitheantas stát eisithe reatha (pas, ceadúnas tiomána, cárta aitheantais náisiúnta) nó cóip dheimhnithe den teastas báis má tá sé/sí éagtha

Má tá tú ag déanamh iarratais toisc gur rugadh do sheantuismitheoir in Éirinn, ní mór duit na cáipéisí thuas a chur san áireamh dod’ thuismitheoir Éireannach.

Doiciméid eile a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil

Má tá iarratas á dhéanamh agat ag an am céanna le do dheartháireacha nó do dheirfiúracha, is féidir leat d'iarratais a sheoladh le chéile in aon chlúdach amháin. Is féidir leat araon na doiciméid bunaidh céanna a úsáid don saoránach Éireannach a bhfuil d'iarratas á dhéanamh agat air. Ba chóir duit litir a chur isteach ina mínítear gur mian leat go n-úsáidfí na doiciméid don dá iarratas nó do na hiarratais go léir.

Doiciméid eile a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait

 
Má tá do thuismitheoir ina shaoránach Éireannach de bharr: Doiciméad de Dhíth
Clár na mbreitheanna coigríche Teastas Clárúcháin na mBréitheanna Coigríche Bunaidh
Dearbhú Iarphósta Teastas Saoránachta Iarphósta Bunaidh
Eadóirseacht Teastas Eadóirseachta Bunaidh
Uchtáil (do thuismitheoir a rugadh thar lear) Deimhniú uchtála bunaidh agus ordú uchtála

Céim 3 - Comhlánaigh an fhoirm ar líne

Ní mór iarratais a chur isteach ar líne ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe, ní mór duit í a chur isteach go leictreonach agus cóip pháipéir a phriontáil chun í a shíniú agus a sheoladh.

Céim 4 - Íoc an táille

Íocann tú ar líne tar éis duit an fhoirm a chomhlánú. Is iad seo a leanas na táillí do chlárú breithe coigríche:

Daoine Fásta €278
Leanaí €153

Cuimsíonn an táille muirear postála agus láimhseála.

Céim 5 - D'fhoirm, do ghrianghraif agus do dhoiciméid a fhianú

Ní mór duit an chóip chlóite dod’ fhoirm iarratais a shíniú os comhair finné a bhfuil aithne phearsanta aige/aici ort. Ní mór don fhinné a bheith ina bhall de cheann de na gairmeacha atá liostaithe ar an láithreán gréasáin DFA.

Ba chóir don fhinné seo freisin:

  • Do ghrianghraif phas a dhearbhú agus a fhíorú. Ba chóir duit 4 ghrianghraf pas a chur isteach le d'iarratas. Ní mór dhá cheann díobh seo a bheith fhíoraithe. Má tá tú ag déanamh iarratais thar ceann linbh, ní mór duit do ghrianghraif phas agus grianghraif phas an linbh a chur isteach.
  • An fhoirm a stampáil lena stampa oifigiúil. Ba chóir duit cárta gnó a sheoladh mura bhfuil stampa oifigiúil ag an bhfinné.
  • A dheimhniú gur cóip dhílis í cóip d'aitheantais stáit.

Amanna próiseála iarratas

Is é 9 mí an t-am próiseála reatha. Is féidir leat nuashonruithe a fháil ar amanna próiseála ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

Iarratais phráinneacha

Déantar iarratais a phróiseáil san ord ina bhfaightear iad. Mar sin féin, is féidir leat iarratas práinneach a dhéanamh más rud é:

  • Ní bheadh tuismitheoir atá ag súil leis nó léi agus do leanbh i dteideal saoránacht Éireannach mura bhfuil tú ar Chlár na mBreitheanna Coigríche sula saolaítear iad
  • gan stát, nó ag súil le leanbh a bheidh gan stát toisc nach gcáilíonn siad do shaoránacht ina dtír bhreithe

Chun iarratas práinneach a dhéanamh, glaoigh ar +353 1 5683331.

Cad is féidir liom a dhéanamh má dhiúltaítear do m'iarratas?

Má dhiúltaítear do d'iarratas agus má sholáthair tú an cháipéisíocht cheart go léir, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh. Gheobhaidh tú litir ag rá leat gur diúltaíodh do d'iarratas, agus ba chóir duit litir achomhairc a scríobh laistigh de 6 seachtaine ó dháta an diúltaithe.

Is féidir leat a iarraidh freisin iontráil i gClár na mBreitheanna Coigríche a leasú nó a scriosadh. Féach ‘Tuilleadh eolais agus teagmhálacha’ thíos.

Tuilleadh eolais agus teagmhálacha

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi conas achomharc a dhéanamh nó a iarraidh go n-athrófaí nó go scriosfaí do chuid sonraí i gClár na mBreitheanna Coigríche ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Mol Custaiméirí Sheirbhís na bPasanna chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Nollaig 2024