Córas Eurodac
Réamhrá
Is bunachar sonraí de chuid an AE é Eurodac a stórálann méarloirg iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó daoine a thrasnaigh teorainn go mídhleathach. Úsáideann tíortha an AE é chomh maith leis an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Eilvéis.
Is é cuspóir Eurodac faisnéis a thabhairt do bhallstáit chun cabhrú leo cinneadh a dhéanamh maidir le cén tír atá freagrach as iarratas duine ar chosaint idirnáisiúnta. Má tá do shonraí méarloirg stóráilte ar Eurodac toisc go ndearna tú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i dtír eile roimhe seo, féadfar thú a chur ar ais chuig an tír sin faoi Rialacháin Bhaile Átha Cliath.
Tá bunachar sonraí lárnach ag Eurodac chun méarloirg na n-iarratasóirí ar thearmann a chur i gcomparáid agus córas chun sonraí a tharchur go leictreonach idir na Ballstáit agus an bunachar sonraí.
Cén fhaisnéis atá stóráilte ag Eurodac?
Chomh maith le méarloirg, i measc na sonraí a sheolann na Ballstáit tá an Ballstát bunaidh (an stát a sheolann na sonraí), áit agus dáta an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta (más infheidhme), inscne agus uimhir thagartha an duine. Bailítear sonraí do dhuine ar bith os cionn 14 bliana d’aois agus ionchódaítear go díreach sa bhunachar sonraí iad ag an Lár-aonad nó ag an mBallstát bunaidh.
I gcás iarrthóirí tearmainn, coimeádtar sonraí ar feadh 10 mbliana mura rud é go bhfaigheann an duine aonair saoránacht cheann de na Ballstáit, nuair a scriostar a gcuid sonraí láithreach. Coinnítear sonraí a bhaineann le náisiúnaigh eachtrannacha a ghabhtar agus iarracht á déanamh acu teorainn sheachtracha a thrasnú go mí-rialta ar feadh 2 bhliain ón dáta ónar tógadh na méarloirg. Scriostar sonraí díreach roimh dheireadh an 2 bhliain más rud é:
- Go bhfaigheann an náisiúnach eachtrannach cead cónaithe nó
- Go bhfuil críocha na mBallstát fágtha ag an náisiúnach eachtrannach
I gcás náisiúnaigh eachtrannacha a fhaightear go mídhleathach laistigh de bhallstát, ceadaíonn Eurodac a méarloirg a sheiceáil i gcoinne iad siúd atá sa bhunachar sonraí lárnach chun a chinneadh an ndearna an duine sin iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile roimhe seo. Tar éis na méarloirg a tharchur chun críocha comparáide, ní stórálann Eurodac a thuilleadh iad.
Cosaint sonraí
Ní mór don Bhallstát bunaidh a chinntiú go ndéanfar gach oibríocht go dleathach, amhail méarloirg a thógáil, chomh maith leis na hoibríochtaí go léir a bhaineann le húsáid, tarchur, caomhnú nó scriosadh na sonraí. Is é an Coimisinéir Cosanta Sonraí an t-údarás maoirseachta náisiúnta in Éirinn.
Feidhmiú Eurodac in Éirinn
Beidh ort agus do mhionúir chleithiúnacha bhur ngrianghraf a thógáil mar chuid den phróiseas iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. Beidh ort freisin do mhéarlorg a thabhairt. Féadfar méarlorg do mhionúr cleithiúnach a thabhairt freisin. Féadfar bhur méarlorg a nochtadh faoi rún chuig na húdaráis Éireannacha ábhartha agus chuig údaráis chosanta idirnáisiúnta i dtíortha eile.
Ní mór duit cead a thabhairt do mhéarloirg a thógáil. Má dhiúltaíonn tú do mhéarloirg a thógáil, féadfar thú a choinneáil.