Cáipéisí taistil do dhaoine le stádas dídeanaithe nó cosanta coimhdí
- Réamhrá
- Cé ar féidir leo Cáipéis Taistila fháil?
- Ag taisteal go hÉirinn le cáipéistaistil ‘coinbhinsiúin’
- Conas iarratas a dhéanamh
- Cá háit a ndéanfaidh méiarratas
Réamhrá
Ceadaíonn cáipéis taistil do dhaoine a chónaíonn in Éirinn nach féidir leo pas a fháil chun taisteal lasmuigh d’Éirinn. Tá daoine a dearbhaíodh gur dídeanaí iad i dteideal Cáipéis Taistil Choinbhinsiún 1951 a fháil.
B’fhéidir go mbeifeá in ann Cáipéis Taistil a fháil má tá stádas cosanta coimhdí nó cead chun fanacht agat, agus ní féidir leat pas náisiúnta a fháil ó thír do náisiúntachta
Cé ar féidir leo Cáipéis Taistila fháil?
B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe do cháipéis taistil a fháil sna cásanna seo a leanas:
- Dearbhaíodh gur dídeanaí thú
- Deonaíodh stádas Cosanta Coimhdí duit
- Deonaíodh cead duit cónaí in Éirinn i ndiaidh go ndearna Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe iarraidh (dídeanaí cláir).
- Dearbhaíodh gur duine gan stát thú i gcomhréir le Coinbhinsiún Nua-Eabhrac 1954
- Más duine muinteartha thú le haon duine de na daoine thuas
- Tá cead agat fanacht agus tá ort taisteal mar gheall ar éigeandáil
Dídeanaithe
Má dearbhaíodh gur dídeanaí thú i ndiaidh duit iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, nó tháinig tú go hÉirinn mar dhídeanaí cláir, is féidir leat cáipéis taistil a fháil.
Bíonn cáipéis taistil bailí ar feadh 10 mbliana. Bíonn “Coinbhinsiún an 28 Iúil 1951” scríofa ar an gclúdach tosaigh. Tugtar ‘Cáipéis Taistil Choinbhinsiún 1951’ air, amanna. Is féidir leat taisteal go dtí formhór na dtíortha san AE gan víosa, agus fanacht ar feadh a mhéid le 90 lá trí úsáid a bhaint as an gcáipéis taistil seo. Ba cheart duit seiceáil le hambasáid na tíre ina mbeartaíonn tú taisteal.
Daoine a bhfuil stádas cosanta coimhdí acu
Má deonaíodh cosaint choimhdeach duit i ndiaidh iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, is féidir le SSI cáipéis taistil a thabhairt duit mura féidir leat pas a fháil ó thír do náisiúntachta.
Bíonn an cháipéis taistil seo bailí ar feadh a fhaide le 3 bliana (nó go dtí go mbíonn do chónaitheacht le hathnuachan). Teastaíonn víosa uait, go ginearálta, chun tíortha eile a iontráil. Ba cheart duit seiceáil le hambasáid na tíre ina mbeartaíonn tú taisteal.
Daoine muinteartha
Is féidir leat cáipéis taistil a fháil más duine muinteartha thú le duine éigin a bhfuil stádas dídeanaí nó cosanta coimhdí acu. Caithfidh tú a thaispeáint go ndearna tú iarratas pas nó cáipéis taistil a fháil ó do thír náisiúntachta.
Teastaíonn a gcáipéisí taistil féin ó do leanaí. Teastaíonn víosa athiontrála ó leanaí faoi 16 bliana d’aois (murach go bhfuil cáipéis taistil dídeanaí (coinbhinsiún) dá gcuid féin acu).
Daoine a bhfuil cead chun fanacht nó stádas cónaitheachta eile acu
Is féidir le SSI cáipéis taistil a eisiúint do chónaitheoirí eile, ach amháin faoi chúinsí eisceachtúla, agus nuair nach féidir leat pas a fháil ó thír do náisiúntachta. Mar shampla, má tá ort taisteal thar lear le haghaidh cóir leighis phráinneach agus mura féidir leat pas a fháil, is féidir le SSI cáipéis taistil a eisiúint.
Ba cheart duit a thabhairt faoi deara go nglacann sé 16 seachtaine nó níos faide ar cháipéisí taistil a phróiseáil.
Ag taisteal go hÉirinn le cáipéistaistil ‘coinbhinsiúin’
Ó 19 Iúil 2022, má tá doiciméad taistil do dhídeanaithe agat arna eisiúint ag tír lasmuigh d’Éirinn, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar víosa chun teacht isteach in Éirinn.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad taistil ar líne ar tháille €55.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an bpost freisin. Chun foirm pháipéir a fháil, ní mór duit d’iarratas a ríomhphost chuig INISTravdoc@justice.ie
Má éiríonn le d’iarratas, seolfar do cháipéis taistil chugat sa phost cláraithe. Má dhiúltaítear d’iarratas, cuirfear in iúl thú i scríbhinn. Moltar duit gan aon socruithe taistil a dhéanamh go dtí go bhfaigheann tú do cháipéis taistil.