Cáin Choinneála ar Ús Taisce
- Réamhrá
- Rialacha
- Díolúintí agusaisíocaíochtaí
- Cuntais neamhchónaithe
- Comhair chreidmheasa
- Conas iarratas a dhéanamh araisíocaíocht nó díolúine
Réamhrá
Cuireann soláthraithe seirbhíse airgeadais, cosúil le bainc, cuntais ar fáil a cheadaíonn duit suim airgid (taisce) a chur i dtaisce dá n-íocfaidh siad ráta úis bliantúil leat mar chúiteamh air, go hiondúil mar chéatadán den taisce.
Gearrtar cáin ar a dtugtar Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT) ar an ús a fhaigheann tú.
Gearrtar DIRT 33% ar gach íocaíocht úis.
Bíonn díbhinní scaireanna agus ús ar thaiscí comhar creidmheasa a íocadh le comhaltaí faoi réir DIRT.
Rialacha
Asbhaintear DIRT sula n-íoctar an t-ús leat. Má iarrann tú air, tá tú i dteideal ráiteas a fháil faoin méid DIRT a asbhaineadh ó d’ús.
Má d’íoc tú DIRT, ní gá duit aon cháin ioncaim ná Muirear Sóisialta Uilíoch breise a íoc ar an ús, ach dearbhaítear an t-ús mar ioncam má tá tuairisceán cánach á dhéanamh agat. B’fhéidir go mbeidh ort ÁSPC a íoc ar ús ar thaiscí a fuair tú faoi chúinsí áirithe, áfach.
Ní bhaineann DIRT le hús ar thaiscí faoi úinéireacht:
- Cuideachtaí atá faoi dhliteanas cáin chorparáide
- Carthanais
- Daoine nach gcónaíonn in Éirinn ar mhaithe le cuspóirí cánach (féach thíos chomh maith)
- Scéimeanna pinsin a cheadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim
Díolúintí agusaisíocaíochtaí
D’fhéadfadh daoine áirithe cáiliú d’aisíocaíocht DIRT nó is féidir a n-ús ar thaiscí a íoc gan DIRT a asbhaint as. Má cháilítear thú, caithfidh tú iarratas a dhéanamh go n-íocfar d’ús gan DIRT a asbhaint as - féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas?’ thíos.
Daoine 65 bliain agus níos sine
Is féidir d’ús ar thaiscí a íoc gan DIRT a asbhaint as, nó is féidir leat aisíocaíocht DIRT a éileamh, má tá tú níos sine ná 65 bliain agus:
- Má tá d’ioncam (ioncam do chéile nó do pháirtnéara shibhialta) níos lú ná teorainneacha na díolúine ísealioncaim do dhaoine níos sine ná 65 bliain nó
- Má tá do dhliteanas cánach (agus ioncam do chéile nó do pháirtnéara shibhialta san áireamh) don bhliain níos lú ná do chreidmheasanna cánach (creidmheasanna do chéile san áireamh) don bhliain sin.
Ceannaitheoirí céaduaire
Más ceannaitheoir céaduaire thú a cheannaíonn nó a fhéintógann réadmhaoin nua chónaithe idir an 19 Iúil 2016 agus an 31 Nollaig 2024, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal aisíocaíocht cáin ioncaim agus DIRT a éileamh a d’íoc tú le 4 bliana cánach anuas. Is féidir leat níos mó a léamh faoin Dreasacht um Chabhair chun Ceannach.
Daoine faoi mhíchumas
Is féidir d’ús ar thaiscí a íoc gan DIRT a asbhaint as, nó is féidir leat aisíocaíocht DIRT a éileamh:
- Má tá tú ar éagumas buan agus nach féidir leat tú féin a chothabháil agus
- Is mó do chreidmheasanna cánach (creidmheasanna do chéile san áireamh) don bhliain ná an cháin a ghearrfaí ar d’ioncam (agus ar ioncam do chéile) don bhliain.
Is féidir leat eolas breise a fháil faoin díolúine DIRT do dhaoine aonair atá ar éagumas go buan ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Cuntais neamhchónaithe
Mura bhfuil cónaí in Éirinn ort i dtaobh cuspóirí cánach, b’fhéidir go bhfaighfeá aisíocaíocht DIRT a asbhaineadh ó d’ús ar thaiscí Éireannach. Le haisíocaíocht DIRT a fháil, caithfidh Éire comhaontú um chánachas dúbailte a bheith aici leis an tír ina bhfuil tú i do chónaí. Aisíocfar DIRT faoi théarmaí an chomhaontaithe sin. Líon foirm IC5 (pdf) le hiarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht DIRT.
Mura bhfuil cónaí ort, agus mura n-íocann tú cáin, in Éirinn, b’fhéidir go n-íocfar d’ús ar thaiscí Éireannach gan DIRT a asbhaint as. Ní gá do dhuine neamhchónaitheach bheith ina c(h)ónaí i dtír lena bhfuil comhaontú um chánachas dúbailte ag Éirinn chun iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó DIRT. Ba cheart duit na rudaí seo a leanas a dhéanamh le d’institiúid airgeadais lena dheimhniú an féidir leat díolúine ó DIRT a íoc a fháil. Ní mór duit Dearbhú Neamhchónaitheach a líonadh.
Comhair chreidmheasa
Bíonn díbhinní scaireanna agus ús ar thaiscí comhar creidmheasa a íocadh le comhaltaí faoi réir DIRT.
Roimh 2014, ní raibh saghsanna áirithe de chuntais chomhar creidmheasa faoi réir DIRT. Baineann díolúine chánach le cuntais chomhar creidmheasa téarma speisialta a osclaíodh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2013.
Is féidir leat eolas breise a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi Chánachas Díbhinní agus Ús Comhar Creidmheasa (pdf).
Conas iarratas a dhéanamh araisíocaíocht nó díolúine
Líon Foirm 54 Éilimh (pdf) le hiarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht DIRT má tá tú:
- Níos sine ná 65 bliain d’aois, nó
- Ar éagumas buan, nó
- Más caomhnóir nó iontaobhaí thú le duine atá ar éagumas go buan.
Seol an fhoirm líonta chuig oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.
Díolúine
Is féidir leat iarratas a dhéanamh go n-íocfar d’ús taisce gan DIRT a asbhaint:
- Má tá tú níos sine ná 65 bliain d’aois, caithfidh tú foirm DE1 (pdf) a líonadh agus í a sheoladh ar ais chuig d’institiúid airgeadais (seachas chuig na Coimisinéirí Ioncaim)
Má tá tú ar éagumas go buan nó más iontaobhaí le hiontaobhas speisialta thú do dhuine atá ar éagumas go buan, caithfidh tú foirm DE2 (pdf) a líonadh agus í a sheoladh ar ais chuig na Coimisinéirí Ioncaim