Ró-íocaíochtaí ÍMAT agus ganníocaíochtaí cánach
- Réamhrá
- Conas do chreidmheasanna cánach a sheiceáil don bhliain seo
- Má tá ró-íocaíocht cánach déanta agat
- Má tá gearríocaíocht cánach déanta agat
- Tuilleadh eolais
Réamhrá
Is féidir leat a sheiceáil ar íoc tú an méid ceart cánach do bhlianta roimhe seo agus an bhfuil na sonraí cearta á n-úsáid chun d’asbhaintí cánach a dhéanamh i mbliana.
Má tá an iomarca cánach íoctha agat, féadfaidh tú aisíocaíocht chánach a fháil. Ní mór duit aisíocaíocht chánach a éileamh laistigh de na 4 bliana tar éis na bliana ina ndearna tú an ró-íocaíocht. Chun cáin a éileamh ar ais ní mór duit tuairisceán cánach a dhéanamh.
Mura bhfuil go leor cánach íoctha agat, beidh ort aisíoc an difríocht idir an méid iarbhír a d'íoc tú agus an méid ba cheart duit a bheith íoctha agat go dtí na Coimisinéirí Ioncaim. Tá roghanna éagsúla ann chun an cháin a aisíoc ag brath ar an méid atá ort a aisíoc.
Conas do chreidmheasanna cánach a sheiceáil don bhliain seo
Is féidir leat myAccount a úsáid chun a sheiceáil an bhfuil an méid ceart cánach íoctha agat le 4 bliana anuas. Is féidir leat ráiteas a fheiceáil a thaispeánann má d’íoc tú an iomarca cánach nó róbheagán cánach. Tugtar Réamhráiteas Dheireadh na Bliana air seo. Tá sé bunaithe ar an eolas atá ag na Coimisinéirí Ioncaim.
D’fhéadfadh faisnéis eile a bheith ann a d’fhéadfadh cur isteach ar an méid atá á aisíoc agat. Mar shampla, d’fhéadfadh ioncam eile a bheith agat nó d’fhéadfá a bheith i dteideal creidmheasanna cánach nach bhfuil éilithe agat. Chun ráiteas deiridh a fháil ní mór duit Ráiteas Dliteanais a fháil.
Chun faisnéis mhionsonraithe a fháil faoi conas réamhráiteas agus ráiteas deiridh a fháil, féach Conas do cháin a athbhreithniú do cháiníocóirí ÍMAT.
Má tá ró-íocaíocht cánach déanta agat
D’fhéadfadh go mbeadh ró-íocaíocht cánach déanta agat má éiríonn tú dífhostaithe nó má tá tú as obair breoite. Faigh tuilleadh eolais faoi aisíocaíocht chánach a éileamh má tá tú dífhostaithe nó as obair breoite.
D’fhéadfadh go mbeadh ró-íocaíocht cánach déanta agat freisin má tá do chreidmheasanna cánach mícheart nó mura bhfuil faoiseamh cánach éilithe agat ar chostais áirithe. Faigh tuilleadh eolais faoi na creidmheasanna cánach agus na faoisimh a d’fhéadfá a bheith i dteideal a éileamh.
Conas aisíocaíocht chánach a fháil
Má thaispeánann do Réamhráiteas Dheireadh na Bliana go bhfuil an iomarca cánach íoctha agat, is féidir leat aisíocaíocht chánach a éileamh trí thuairisceán cánach a dhéanamh.
Íoctar aisíocaíochtaí le seic nó le haistriú bainc má thugann tú sonraí do chuntais bainc do na Coimisinéirí Ioncaim.
Má tá gearríocaíocht cánach déanta agat
Tá cúiseanna éagsúla ann go bhféadfadh sé go raibh gearríocaíocht cánach déanta agat. Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith mar gheall ar chánachas ar íocaíochtaí cosanta sóisialta nó, i 2020, ar an Scéim um Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime agus ar an Scéim Fóirdheontas Shealadaigh Pá.
Conas cáin a aisíoc
Má thaispeánann do Ráiteas Dliteanais go bhfuil cáin níos lú ná €6,000 ort a aisioc, tá an rogha agat:
- Íoc gach cuid de trí myAccount
- Íoc an chuid go léir no cuid de atá fágtha trí do chreidmheasanna cánach a laghdú ar feadh suas le 4 bliana
Má tá an méid atá ort a aisíoc os cionn €6,000 is féidir leat an méid a íoc trí myAccount nó dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun roghanna aisíocaíochta a phlé.
Fanfaidh gearríocaíocht ar do thaifead cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim go dtí go n-íocfar í. D’fhéadfadh go mbeadh ort ús agus pionóis a íoc má tá cáin dlite ort do na Coimisinéirí Ioncaim. Má dhiúltaíonn tú cáin atá dlite a aisíoc féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tú a thabhairt chun na cúirte.
Tuilleadh eolais
Chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil faoin gcaoi le seiceáil an bhfuil ró-íocaíocht nó gearríocaíocht cánach déanta agat agus cad ba cheart a dhéanamh má tá, léigh faoi Conas do cháin a athbhreithniú do cháiníocóirí ÍMAT.