Creidmheas cánach don chíos a íocadh
- Cad é an Creidmheas Cánach Cíosa?
- Cé mhéid é an Creidmheas CánachCíosa?
- An féidir liom an Creidmheas CánachCíosa a éileamh?
- Conas an Creidmheas Cánach Cíosa aéileamh
- Eolas breise
Cad é an Creidmheas Cánach Cíosa?
Laghdaíonn creidmheas cánach cíosa do cháin ioncaim faoi mhéid an chreidmheasa.
Tugadh Creidmheas Cánach Cíosa nua isteach an 15 Nollaig 2022.
Is féidir leat an creidmheas a éileamh d’íocaíochtaí cíosa a rinne tú in 2022 o 2023 trí thuairisceán cáin ioncaim a dhéanamh.
Beidh an Creidmheas Cánach Cíosa ar fáil do na blianta ó 2022 go 2025.
Cé mhéid é an Creidmheas CánachCíosa?
Is é méid an chreidmheasa 20% de d’íocaíochtaí cíosa sa bhliain, a mhéid le creidmheas uasta:
- €750 do dhuine aonair (€500 in 2022, 2023)
- €1,500 do lánúin a ndéantar chomh-mheasúnú orthu do cháin (€1,000 in 2022, 2023)
Má íocann roinnt daoine an cíos do réadmhaoin, is féidir le gach duine aonair nó lánúin an Creidmheas Cánach a éileamh don chíos a íocann siad.
Ní féidir leat íocaíochtaí a éileamh do na rudaí seo a leanas:
- Éarlais urrúis
- Deisiúcháin nó cothabháil
- Lóistín agus béilí, níochán nó seirbhísí eile
An féidir liom an Creidmheas CánachCíosa a éileamh?
Is féidir leat an creidmheas a éileamh d’íocaíochtaí cíosa a rinne tú do na rudaí seo a leanas:
- D’áit chónaithe
- An dara háit chónaithe a úsáideann tú chun páirt a ghlacadh i do chuid oibre nó i gcúrsa faofa (cúrsa atá incháilithe d’fhaoiseamh cánach ar tháillí tríú leibhéal)
- Réadmhaoin a úsáideann do leanbh le páirt a ghlacadh i gcúrsa faofa, má tá siad faoi 23 bliain ag tús a gcéad bhliana
Ní féidir leat an creidmheas a éileamh má tá tacaíocht tithíochta á fáil agat lena n-áirítear:
- An Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Forlíonadh Cíosa
- An Scéim Cóiríochta Cíosa
- Tithíocht ar cíos de réir costais
Do thionóntacht a chlárú
Caithfidh do thionóntacht a bheith cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe, murach gur saghas tionóntachta é nach gá é seo a dhéanamh dó, ar a dtugtar socrú ceadúnais. Áirítear leis seo nuair atá cóiríocht á roinnt agat leis an úinéir i socrú seomra ar cíos nó lóistín.
Ní bhíonn ach na saghsanna tionóntachtaí is gá a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe incháilithe don chreidmheas, i gcásanna áirithe. Bíonn seo i gceist sna cásanna seo a leanas:
- Tá tú gaolta le do thiarna talún, nó
- Tá éileamh á dhéanamh agat do réadmhaoin a úsáideann do leanbh
Do thiarna talún
Caithfidh nach bhfuil aon chinn den mhéid seo a leanas i gceist le do thiarna talún:
- Comhlachas tithíochta nó comhlacht ceadaithe tithíochta
- Údarás áitiúil
- Do thuismitheoir
- Do leanbh
Má úsáideann do leanbh an réadmhaoin le freastal ar chúrsa, ní féidir leis an tiarna talún a bheith ina g(h)aol leat ná le do leanbh.
Conas an Creidmheas Cánach Cíosa aéileamh
Más cáiníocóir ÍMAT thú, is féidir leat an creidmheas a éileamh ar chíos a íocadh in 2022 o 2023 i moChúrsaí:
- Sínigh isteach i moChúrsaí
- Téigh go dtí an mhír ‘Seirbhísí ÍMAT’
- Cliceáil ‘Athbhreithnigh do Cháin 2019-2022’ agus roghnaigh 2022
- Cliceáil ‘Iarraidh’ faoin mír ‘Ráiteas Dliteanais’
- Cliceáil ‘Críochnaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim’
- Ar an leathanach eile ‘Creidmheasanna agus Faoiseamh Cánach’, roghnaigh ‘Tú féin agus do theaghlach’ agus cliceáil ar ‘Creidmheas Cánach Cíosa’
- Iontráil an t-eolas a iarrtar
I gcás cíos a íocadh in 2024, beifear in ann an creidmheas cánach a éileamh roimh dheireadh na bliana trí úsáid a bhaint as áis do Chreidmheasanna Fíor-Ama na gCoimisinéirí Ioncaim.
Má dhéantar féinmheasúnú ort
Má tá tú cláraithe d’fhéinmheasúnú ar cháin ioncaim, is gearr go mbeidh tú in ann an creidmheas cánach a éileamh do chíos a íocadh trí úsáid a bhaint as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS):
- Sínigh isteach in ROS
- Oscail an scáileán ‘Mo Sheirbhísí’
- Cliceáil ‘Comhad a Sheoladh ar Ais’
- Roghnaigh ‘Cáin Ioncaim’ ón roghchlár anuas
- Roghnaigh bliain chánach 2022
- Téigh go dtí an mhír ‘Creidmheas Cánach Cíosa’ den tuairisceán cánach agus iontráil an t-eolas a iarrtar
Eolas breise
D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim treoir mhionsonraithe maidir leis an gCreidmheas Cánach Cíosa (pdf).