An Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a Íoc
- Réamhrá
- Do Cháin Mhaoine Áitiúil a íoc
- Íocaíocht singil a dhéanamh
- Íoc i dtráthchodanna
- Dátaí íocaíochta
- Riaráistí CMÁ a íoc
- Cá ndéanfaidh mé iarratas?
- Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Réamhrá
Féadfaidh tú do Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a íoc in aon íocaíocht amháin nó is féidir leat í a íoc i dtráthchodanna comhionann i rith na bliana. Is féidir leat do mhodh íocaíochta a athrú ag aon tráth i rith na bliana trí iarraidh a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Mínítear ar an leathanach seo conas an CMÁ a íoc. Chun teacht ar eolas ar cé ar gá dóibh an CMÁ a íoc, cé mhéid a chosnaíonn sé, agus conas tuairisceán a dhéanamh, is féidir leat níos mó a léamh faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) anseo.
Féadfaidh tú íocaíocht do CMÁ a iarchur má shásaíonn tú coinníollacha áirithe.
Má d’íoc tú CMÁ in 2022 trí mhodh íocaíochta leantaí, cosúil le dochar díreach, leanfar leis an íocaíocht a dhéanamh in 2023 mura roghnaíonn tú bealach éagsúil le híoc. I measc na modhanna leantacha, tá asbhaintí CMÁ ó do thuarastal, pinsean nó íocaíocht coimirce sóisialaí. Má d’athraigh tú banc, b’fhéidir go mbeidh ort do dhochar díreach a nuashonrú.
Má d’íoc tú CMÁ in 2022 trí shaghas íocaíochta nach ndéantar arís go huathoibríoch, tá ort a roghnú conas ba mhaith leat CMÁ a íoc don bhliain 2023. Is féidir leat seo a dhéanamh i do thaifead réadmhaoine de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ba cheart duit do mhodh íocaíochta a dheimhniú leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi:
- an 2 Nollaig 2022, má roghnaíonn tú leis na híocaíochtaí a scaipeadh i rith na bliana
- an 12 Eanáir 2023, má roghnaíonn tú íoc trí íocaíocht amháin
Mura raibh do réadmhaoin faoi dhliteanas CMÁ a íoc an 1 Samhain 2021 ach má bhíonn sí faoi dhliteanas an 1 Samhain 2022, tá ort tuairisceán CMÁ a sheoladh faoin 2 Nollaig 2022.
Má theastaíonn cabhair uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach CMÁ. Is féidir leat ceisteanna a sheoladh ar aghaidh freisin trí M’Fhiosrúcháin.
Do Cháin Mhaoine Áitiúil a íoc
Le do CMÁ a íoc, teastóidh d’Aitheantas agus d’Uimhir Aitheantais Phearsanta Réadmhaoine uait, a dtiocfaidh tú orthu ar aon chomhfhreagras CMÁ a fuair tú ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Mura bhfuil Aitheantas agus Uimhir Aitheantais Phearsanta do Réadmhaoine agat, is féidir leat úsáid a bhaint as an tseirbhís ar líne CMÁ le hiad a iarraidh.
Féadfaidh tú a roghnú do CMÁ a íoc:
- Go hiomlán in aon íocaíocht amháin, nó
- Trí roinnt íocaíochtaí
Bíonn modhanna íocaíochta éagsúla ar fáil don dá rogha.
Íocaíocht singil a dhéanamh
Is féidir leat do CMÁ a íoc ina iomláine trí:
- Cárta creidmheasa/dochair: Tá an rogha seo ar fáil ar líne. Tabhair faoi deara, má íocann tú trí chárta dochair nó creidmheasa, déanfar an íocaíocht a phróiseáil láithreach.
- Treoir Dochair Bhliantúil (TDB): Faoi threoir dochair shingil, féadfaidh tú do bhanc nó institiúid airgeadais a údarú chun an méid den CMÁ atá le híoc a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim. Baintear an íocaíocht iomlán ó do chuntas bainc ar dháta a roghnaíonn tú, a fhaide leis an 21 Márta 2023. Tabharfar do TDB anonn gach bliain murach go n-athraíonn tú do rogha íocaíochta ar líne nó má dhéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim.
- Íocaíochtaí airgid thirim: is féidir leat íoc go hiomlán le hairgead tirim trí Sholáthraí Seirbhíse Íocaíochta faofa, a fhaide leis an 12 Eanáir 2023. Is gnách go ngearrtar muirear idirbhirt. Is féidir leat amharc ar Sholáthraithe Seirbhíse Íocaíochta agus ar a dtáillí.
Íoc i dtráthchodanna
Féadfaidh tú do CMÁ a íoc trí íocaíochtaí rialta a leatar ar fud na bliana. Is féidir leat na tráthchodanna a íoc trí:
- Dochar díreach míosúil.
- Íocaíochtaí airgid thirim míosúla nó seachtainiúla trí Sholáthraí Seirbhíse Íocaíochta faofa.
- Asbhaint ag an bhfoinse. Is féidir íocaíochtaí a asbhaint ó do phá nó do phinsean gairme. Is féidir CMÁ a asbhaint freisin ó íocaíochtaí atá á bhfáil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) nó ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (an RTBM).
Is féidir leat do mhodh íocaíochta a athrú ag aon tráth i rith na bliana. Teagmháil a dhéanamh le hAonad CMÁ na gCoimisinéirí Ioncaim.
Dochar díreach
Má roghnaíonn tú dochar díreach míosúil a shocrú, is gá duit seo a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as an tseirbhís ar líne CMÁ.
Tabharfar do dhochar díreach míosúil do CMÁ anonn gach bliain murach go n-athraíonn tú do rogha íocaíochta ar líne nó má dhéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Íocaíochtaí airgid thirim trí Sholáthraí Seirbhíse Íocaíochta faofa
Is féidir leat do CMÁ a íoc le hairgead tirim:
- Trí íocaíocht amháin faoin 12 Eanáir 2023, nó
- Trí íocaíochtaí rialta gach seachtain nó mí i gcaitheamh na bliana, má roghnaíonn tú an rogha seo faoin 2 Nollaig 2022
Is féidir leat an rogha seo a roghnú trí moChúrsaí, ROS nó an tseirbhís CMÁ ar líne.
Is féidir leat amharc ar eolas faoi na Soláthraithe Seirbhíse Íocaíochta faofa airgid thirim agus na táillí idirbhirt a ghearrann siad.
Asbhaint ó do phá nó ó íocaíochtaí a fhaigheann tú
Féadfaidh tú a roghnú go n-asbhainfear do CMÁ go díreach ó:
- Do thuarastal, pá nó pinsean gairme
- Íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí
- Íocaíochtaí a dhéanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (má tá uimhir thréada agat)
Tugtar asbhaint ag an bhfoinse air seo. Amhairc ar an liosta íocaíochtaí is féidir leat a úsáid le CMÁ a íoc trí asbhaint ag an bhfoinse.
Leatar na hasbhaintí go cothrom i measc líon na n-íocaíochtaí a fhaigheann tú i rith na bliana.
Ní asbhainfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí CMÁ ach ón méid sin de d’íocaíocht atá os cionn €218. Mura leor sin le do CMÁ a íoc, beidh ort modh íocaíochta eile a úsáid i rith na bliana leis na híocaíochtaí breise a dhéanamh.
Is féidir leat a roghnú íoc trí asbhaint ag an bhfoinse trí úsáid a bhaint as an tseirbhís CMÁ ar líne.
Dátaí íocaíochta
Tá roinnt bealaí ann le do CMÁ 2023 a íoc ina iomláine in aon íocaíocht amháin.
Modhanna íocaíochta singi | An dáta is déanaí chun íocaíocht a dhéanamh | Breis Sonraí |
Cárta dochair nó cárta creidmheasa | An 12 Eanáir 2023 | Má íocann tú trí chárta dochair nó creidmheasa, déanfar an asbhaint an lá a dhéantar an t-idirbheart ar líne. |
Íocaíocht airgid thirim singil trí sholáthraí seirbhíse. | An 12 Eanáir 2023 | Íocaíochtaí airgid thirim nó cárta dochair nó creidmheasa trí sholáthraithe seirbhíse áirithe íocaíochta. Is gnách go ngearrtar muirear idirbhirt. |
Treoir Dochair Bhliantúil (TDB) | Asbhaintear íocaíocht a fhaide leis an 21 Márta 2023 | Bainfear an méid seo de do chuntas bainc in aon asbhaint amháin an 21 Márta 2023 agus íoctar go díreach é leis na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat dáta níos luaithe a roghnú más fearr leat. |
Tá roinnt bealaí ann le do CMÁ a íoc i dtráthchodanna. Is féidir leat do mhodh íocaíochta a athrú ag aon tráth i rith na bliana 2023 trí theagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Modhanna íocaíochta céimnithe | Dáta tosaithe na híocaíochta | Breis sonraí |
Dochar díreach míosúil | An 15 Eanáir 2023 | Asbhaintear an íocaíocht ó do chuntas reatha an 15ú lá i ngach mí ón 15 Eanáir go dtí an 15 Nollaig 2023. |
Asbhaint ag an bhfoinse ó thuarastal nó pinsean gairme | An chéad lá pá in 2023 | Leatar na híocaíochtaí CMÁ go cothrom i rith 2023. |
Asbhaint ag an bhfoinse ó íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh a dhéanann an RCS | An chéad íocaíocht ón RCS in 2023 | Asbhaintear íocaíochtaí ón RCS i gcaitheamh 50 seachtain den bhliain. |
Asbhaint ag an bhfoinse ó íocaíochtaí áirithe scéime a dhéanann an RTBM le feirmeoirí | An chéad íocaíocht ón RTBM in 2023 | Asbhaintear CMÁ ó íocaíochtaí ón RTBM in 2023. |
Íocaíochtaí airgid thirim tríd na soláthraithe seirbhíse íocaíochta faofa | Eanáir 2023 | Is féidir leat íocaíochtaí a dhéanamh gach seachtain nó gach mí in 2023. Is féidir na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas ar cé chomh minic is mian leat íocaíochtaí a dhéanamh nuair a dheimhníonn tú do mhodh íocaíochta. |
Riaráistí CMÁ a íoc
Murar thuairiscigh tú Tuairisceán CMÁ nó murar íoc tú do CMÁ do na blianta ó 2013 go 2021, ba cheart duit é a íoc agus a thuairisciú a luaithe agus is féidir. Mura n-íocann tú na suimeanna nár íocadh go fóill, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil leat agus cuirfidh siad ar an eolas thú ar an mbealach a bheartaíonn siad an fiachas a aisghabháil. Is féidir níos mó a léamh faoi riaráistí CMÁ a íoc do na blianta ó 2013 go 2021.
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim riaráistí an Mhuirir Theaghlaigh a aisghabháil freisin (a bhailítear anois tríd an gcóras CMÁ).
I measc na modhanna bailithe, tá an méid seo a leanas ar fáil:
- Asbhaint éigeantach ó do thuarastal, do phá nó do phinsean gairme
- Do chuntas bainc a astú (ciallaíonn seo airgead a ghlacadh gan do thoiliú trí úsáid a bhaint as ordú astaithe)
- An fiachas a chur faoi bhráid sirriam nó aturnae lena bhailiú
- Aisíocaíochtaí cánach eile a shiarchoinneáil mar íocaíocht in aghaidh CMÁ atá le híoc
Má tá tú féinfhostaithe agus má theip ort do CMÁ a íoc nó má tá riaráistí Muirir Teaghlaigh agat, ní eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú imréitigh cánach duit.
Léigh eolas breise ó na Coimisinéirí Ioncaim ar riaráistí an Mhuirir Theaghlaigh agus eolas ar an méid a tharlaíonn mura sásaíonn tú d’oibleagáidí CMÁ.
Is féidir leat logáil isteach go dtí an córas CMÁ ar líne le hamharc ar do thaifead Cáin Mhaoine Áitiúil agus riaráistí a íoc (trí úsáid a bhaint as d’uimhir PSP, Aitheantas agus Uimhir Aitheantais Phearsanta do Réadmhaoine).
Cá ndéanfaidh mé iarratas?
Is féidir leat Cáin Mhaoine Áitiúil a rochtain ar líne freisin trí moChúrsaí,ROS agus córas ar líne CMÁ na gCoimisinéirí Ioncaim.
Má theastaíonn cabhair uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach CMÁ. Is féidir leat ceisteanna a sheoladh ar aghaidh freisin trí M’Fhiosrúcháin.
Na Coimisinéirí Ioncaim
An Brainse Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)
Bosca Poist 1
Luimneach
Éire
Guthán: +353 (0) 1 738 3626
Leathanach Baile: https://www.revenue.ie/en/contact-us/customer-service-contact/local-property-tax-lpt.aspx