An tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean

Réamhrá

Tá sé de chumhacht ag an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean do ghearáin maidir le díospóidí fíorais nó dlí agus earráidí maidir le scéimeanna pinsean ceirde, Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta (CCSP) agus Conarthaí Blianachta Scoir (RACanna) a fhiosrú agus a chinneadh. Tá an chumhacht ag an Ombudsman é a thabhairt.

Tá sé de chumhacht ag an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean aon treoracha cuí a thabhairt le réiteach a fháil ar an ngearán nó easaontas agus cúiteamh airgeadais a thabhairt ach ní féidir leis an tsuim seo a bheith níos mó ná an sochar caillte faoin scéim phinsin saothair nó Cuntas Pearsanta Coigiltis Scoir. Ní bheidh sé de chumhacht ag an Ombudsman costais dlíthiúla a bhronnadh. Ní mór do na páirtithe ar fad cloí le cinneadh an Ombudsman faoi réir ag an gceart atá ag na páirtithe ar fad achomharc a lorg ón Ardchúirt.

Rialacha

Is féidir le daoine éagsúla gearáin pinsin a dhéanamh leis an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean.

D'fhéadfá bheith

  • I do bhall, comhalta seachtrach nó iarbhall de scéim pinsin
  • I do chleithiúnaí marthanach comhalta a fuair bás
  • I do rannpháirtí le CCSP
  • I d'ionadaí pearsanta comhalta nó ranníocóra a fuair bás
  • I do bhaintreach, bhaintreach fir, chéile marthanach nó pháirtnéir sibhialta de chuid comhalta nó ranníocóra a fuair bás
  • I do dhuine a bhfuil teidlíocht aige faoi scéim

Baineann teorainneacha faoi leith ama le cásanna a thabhairt chuig Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean. Ní mór gearáin a dhéanamh go ginearálta laistigh de 6 bliana ó dháta an ghnímh a ndearnadh gearán faoi.

Mar sin féin, i gcás “seirbhísí airgeadais fadtéarmacha” áirithe, is faide a bheidh tú

  • 6 bliana ó dháta na gníomhaíochta as ar eascair do ghearán nó do dhíospóid
  • 3 bliana ón dáta ar thAinig tú ar an eolas faoin ghníomh a d'eascair do ghearán nó do dhíospóid

Tá sé de rogha ag an Ombudsman gearán nó díospóid a mheas lasmuigh de na cláir ama ach ní féidir dul ar ais níos faide ná an 13 Aibreán 1996. Is féidir leat tuilleadh eolais a léamh ar an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean agus a chuid seirbhísí.

Rataí

Níl aon táille le n-íoc as gearán a thabhairt chuig Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean. Mar sin féin, má dhéanann tú achomharc ar chinneadh an Ombudsman chuig an Ard-Chúirt agus mura n-éiríonn leat, b'fhéidir go mbeidh ort na costais dlí go léir a íoc

Conas gearán a dhéanamah

Má tá gearán nó díospóid agat, ba chóir duit tosú ag iarraidh é a réiteach ar leibhéal áitiúil leis na daoine atá freagrach as an scéim pinsin, an Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) nó an Conradh Blianachta Scoir (CCS) a bhainistiú. Tá faisnéis faoi na céimeanna atá i gceist ar fáil sa phlean 3-chéim seo maidir le conas gearán a dhéanamh faoi sholáthróirí seirbhísí airgeadais

Nuair atá córas ag an scéim phinsin nó an CPCS nó Conarthaí Blianachta Scoir le theacht ar Réiteach Inmhéanach Easaontais (RIE) ní féidir le Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean mar riail fiosrúchán a dhéanamh maidir leis an ngearán nó easaontas ach amháin sa chás, agus go dtí, go bhfuil an cheist pléite ag an gcóras sin agus go bhfuil cinneadh déanta ag na hiontaobhaithe nó bainisteoirí.

Faoi Acht na bPinsean, ní mór go mbeadh córas RIE ag na scéimeanna pinsin agus ag na CPCS ar fad. Ní gá do pháirtithe cloí le moltaí a thagann chun cinn ó chóras RIE.

Ní mór duit 40 lá oibre a thabhairt don soláthraí pinsin chun do ghearán a fhreagairt. Má theipeann orthu do ghearán a réiteach, ní mór dóibh litir fhreagartha deiridh a thabhairt duit, ag leagan amach na céimeanna atá glactha acu.

Tar éis 40 lá oibre, mura bhfuil do ghearán réitithe agus mura bhfuair tú litir fhreagartha deiridh, is féidir leat ansin iarraidh ar Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean leanúint ar aghaidh thar do cheann chun litir fhreagartha deiridh a fháil.

Mura bhfuil tú sásta leis an toradh nuair a fhaigheann tú an litir fhreagra deiridh, is féidir leat do ghearán a chur ar ais chuig an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean. Déileálfaidh siad ansin leis an ngearán go neamhfhoirmiúil (ag úsáid idirghabhála) nó go foirmiúil.

Tá foirm ghearáin chaighdeánach ann a chaithfidh tú a úsáid chun do ghearán a thaisceadh leis an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean. Is féidir leat an fhoirm a chomhlánú ar líne nó is féidir leat an fhoirm ghearáin (pdf) a íoslódáil agus í a sheoladh tríd an bpost. Tá faisnéis faoi na céimeanna atá i gceist ar fáil i dtreoir 3-chéim ar conas gearán a dhéanamh leis an FSPO

Déanfaidh an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean athbhreithniú ar an bhfaisnéis a chuir an dá pháirtí isteach agus déanfaidh sé breithniú ar an gceist. Má sheasann siad le gearán, féadfaidh siad a ordú don soláthraí pinsin an fhadhb a réiteach nó cúiteamh a íoc leat, nó iad araon. Mura seasann siad le do ghearán, ní ordóidh siad aon ghníomh. Tá cinneadh an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean ceangailteach ort féin agus ag an soláthraí pinsin agus ní féidir achomharc a dhéanamh ina choinne ach chun na hArd-Chúirte.

Cén háit a ndéanfaidh tú gearán

Ba cheart duit a dhéanamh cinnte gur féidir le Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean fiosrúchán a dhéanamh maidir leis an ngearán nó easaontas atá agat agus go bhfuil tusa i dteideal gearáin a dhéanamh. Ba cheart duit ansin scríobh chuig Ombudsman na bPinsean ag míniú an ghearáin nó easaontais agus ag insint céard a cheapann tusa gur cheart do na daoine atá freagrach as an scéim phinsin a bhainistiú a dhéanamh le rudaí a chur ina gceart.

Tá gnáthfhoirm ghearáin ar fáil, atá ceadaithe ag an Aire Coimirce Sóisialaí, nach mór duit úsáid a bhaint aisti. Tá an fhoirm seo ar fáil anseo, ó Oifig Ombudman na bPinsean nó ó tÚdarás Pinsean, Teach Verschoyle, 28/30 Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, Teil: (01) 613 1900, Facs: (01) 631 8602.

Ba cheart duit gach cáipéis chuí agus comhfhreagras (is leor cóipeanna) a chur leis an bhfoirm, aon chomhfhreagras le do scéim phinsin, fostóir nó riarthóir san áireamh.

Is féidir gearáin a dhéanamh tríd an bpost nó ar facs. Ní féidir gearáin a dhéanamh ar an nguthán.

Tá cáipéis curtha le chéile ag Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean ar a tugtar Conas is féidir leis an Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean freastal ort (foirm pdf) agus Gluais de Théarmaí Pinsin (foirm pdf).


Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

An tÚdarás Pinsean

Teach Verschoyle
28/30 Sráid an Mhóta Íocht
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 613 1900
Láithreán Gréasáin: https://www.pensionsauthority.ie/

An tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean

3ú Úrlár
Teach Lincoln
Plás Lincoln
Baile Átha Cliath 2
D02 VH29
Éire

Teil: (01) 567 7000
Láithreán Gréasáin: http://www.fspo.ie/
R-phost: info@fspo.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Lúnasa 2019