Cuntas caighdeánach bainc
Réamhrá
Mura bhfuil cuntas bainc reatha agat, is féidir leat saghas ar leith cuntais a oscailt ar a dtugtar cuntas bainc bunúsach. Cuntas reatha é cuntas bainc bunúsach atá saor in aisce do bhaincéireacht laethúil ar feadh na chéad bhliana, ar a laghad.
Is féidir leat cuntas bainc bunúsach a oscailt le ceann de na príomhbhainc Éireannacha má tá cónaí ort san AE agus mura bhfuil íocaíocht nó cuntas reatha eile agat in Éirinn.
Seirbhísí agus táillí
Nuair a osclaíonn tú cuntas bainc bunúsach, ní ghearrtar aon táillí ar bhaincéireacht laethúil nó ar tháillí cothabhála don chéad bhliain.
I ndiaidh bliana, déanfaidh an banc athbhreithniú ar do chuntas. Is féidir leat leanúint de bhaincéireacht saor in aisce a fháil ar feadh a fhaide le 5 bliana, ar an iomlán, más lú an méid a íoctar isteach i do chuntas gach bliain ná an pá íosta.
I measc na seirbhísí atá saor in aisce, tá an méid seo a leanas:
- Airgead a thabhairt amach ag Uathmheaisín Bainc (meaisín airgid)
- Cárta dochair a úsáid i siopa chun íoc as rud éigin agus aisairgead a fháil i siopa
- Cárta dochair a úsáid chun íoc as rud éigin ar líne
- Airgead a aistriú go cuntas bainc eile
- Airgead a aistriú chun bille agus íocaíochtaí eile a íoc (cosúil le do leictreachas nó téamh nó do ghuthán póca a bhreisiú)
- Ordú seasta a shocrú agus a athrú (seo nuair a bhíonn suim rialta á baint as do chuntais agus á haistriú isteach i gcuntas coigiltis nó chun billí a íoc)
- Dochar díreach a shocrú chun íocaíochtaí a dhéanamh go huathoibríoch nuair is féidir leis an méid athrú, mar shampla, i gcás billí
- Airgead a thaisceadh isteach sa chuntas (taisceadh a dhéanamh)
- Ráiteas rialta a fháil a insíonn duit an méid atá i do chuntas agus an méid a ghlac tú amach agus do stair idirbheart
- Baincéireacht gutháin agus baincéireacht ar líne a úsáid (ní ghearrtar aon táillí bainc ach d’fhéadfaí táillí ar ghlaonna gutháin nó ar shonraí a ghearradh)
Iarr an mbanc liosta de tháillí a ghearrtar a thabhairt duit. Is féidir a áireamh leo seo, mar shampla, táillí ar chárta a caillte a athsholáthar nó ar chárta a úsáid thar lear.
Cén srianta atá i bhfeidhm?
Níl gach seirbhís cuntais reatha ar fáil le cuntas bunúsach. Ní féidir leat rótharraingt nó seicleabhar a fháil. B’fhéidir nach mbeidh gné íocaíochta gan tadhall ag do chárta dochair.
Ní féidir leat ach cuntas amháin a bheith agat.
Conas is féidir liom cuntas baincbunúsach a fháil?
Chun cuntas bainc bunúsach a fháil, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
- Caithfidh tú a bheith ar a laghad 16 mbliana d’aois (nó ar a laghad 18 bliana i gcás PTSB)
- Caithfidh go bhfuil cónaí dlíthiúil ort san AE
- Caithfidh nach bhfuil cuntas reatha eile agat le banc in Éirinn
Má tá cuntas reatha agat ach má d’inis do bhanc duit go ndúnfar é, is féidir leat cuntas bunúsach a oscailt. Le cuntas a oscailt, déan teagmháil le do rogha bainc. Tá na cuntais bhainc bhunúsacha seo a leanas ar fáil:
Banc | Ainm an chuntais |
Bainc-Aontas Éireann (AIB) | Cuntas Bainc Bunúsach |
Banc Uladh | Bonnchuntas |
KBC | Cuntas Reatha Bunúsach |
PTSB | Cuntas Íocaíochta Bunúsach |
Banc na hÉireann | Cuntas Bainc Bunúsach |
Tá cuntas Bainisteoir Airgid (Money Manager) EBS cosúil le cuntas bainc bunúsach ach is féidir leat é a oscailt má bhíonn cuntas bainc eile agat. Ní ghearrtar táillí ar bhaincéireacht laethúil agus ní chuireann sé rótharraingtí nó seicleabhair ar fáil.
Eolas breise
Is féidir leat níos mó a léamh in Treoir na Seirbhíse Buiséadta agus Comhairle Airgid (an SBCA) maidir le cuntas bainc a oscailt.
Tá Treoir maidir leis an gCuntas Bainc Bunúsach ar fáil i 9 dteanga ó Bord Chultúr Baincéireachta na hÉireann.