Finnéithe faoi 18 mbliana
Réamhrá
Is féidir glaoch ar leanaí agus ar dhaoine óga chun fianaise a thabhairt i gcásanna sa Chúirt Dúiche, sa Chúirt Chuarda agus sa Phríomh-Chúirt Choiriúil.
Má glaodh ort chun fianaise a thabhairt b'fhéidir go mbeidh imní ort nó go mbeidh tú imníoch faoi conas mar a bheidh an t-eispéireas. D'fhéadfadh sé a bheith cabhrach tuiscint a fháil ar na céimeanna a bhaineann le cás a thabhairt chun na cúirte. D'fhoilsigh an tSeirbhís Chúirteanna leabhrán faisnéise (pdf) agus físeán d'fhinnéithe óga maidir le dul chun na cúirte.
Duine a ghlaoch chun fianaise athabhairt
An Garda Síochána
Déantar gearán leis an nGarda Síochána ina ainmnítear an leanbh mar an té a d'fhulaing nó a chonaic coir ag tarlú. Cuireann oifigeach den Gharda Síochána an leanbh nó an duine óg faoi agallamh ansin.
Is féidir le finnéithe atá faoi bhun 18 mbliana d'aois ráitis a dhéanamh le linn agallaimh leis an nGarda Síochána nó le duine inniúil eile. D’fhéadfadh gairmí a bheith i gceist le duine inniúil sa chás seo a dhéanann measúnú ar an duine óg mar gheall ar chás mí-úsáide atá á imscrúdú.
Déanann an Garda Síochána na líomhaintí a mheas agus is féidir leo cinneadh a dhéanamh:
- Agallamh a chur ar an gcúisí maidir leis an méid a dúirt an leanbh nó an duine óg agus cód a sheoladh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nó
- An cúisí a ghabháil ar bharántas, nó
- An cúisí a chúiseamh i gcion nó
- Toghairm a eisiúint don chúisí a bheith i láthair sa chúirt.
An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Cuireann an Garda Síochána tuairisc maidir leis an gcás chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP). Ina theannta sin, cuirtear eolas ar fáil don DPP faoin gcaoi a mbraitheann an leanbh nó an duine óg faoi fhianaise a thabhairt sa chúirt, agus faoin gcaoi a mothaíonn a dtuismitheoirí, a gcaomhnóirí nó a gcúramóirí faoi seo.
Déanann an DPP cinneadh neamhspleách cibé an leanfar leis an ionchúiseamh, rud a fhágann nach i gcónaí a bhíonn iallach ar an leanbh nó duine óg fianaise a thabhairt.
An chúirt
Cuirtear tús le gach cás coiriúil sa Chúirt Dúiche ina bhfuil breitheamh i láthair gan aon ghiúiré. Déantar cinneadh maidir le mionchionta sa Chúirt Dúiche. Cuirtear cásanna ina bhfuil mórchionta ar aghaidh chuig an gCúirt Chuarda. Ní mór cásanna a bhaineann le dúnmharú, éigniú, mórionsaí gnéis, tréas agus píoráideacht a éisteacht sa Phríomh-Chúirt Choiriúil. Bíonn breitheamh agus giúiré i láthair sa Chúirt Chuarda agus sa Phríomh-Chúirt Choiriúil.
Má tá tú 14 bliana d'aois nó níos sine beidh ort fianaise a thabhairt faoi mhionn nó dearbhú. Ciallaíonn sé seo go ngeallann tú an fhírinne a insint trí fhocail áirithe a athrá. Inseoidh an cléireach nó an clár duit cad atá le rá agat.
Má tá tú faoi bhun 14 bliana d'aois, féadfaidh an breitheamh cinneadh a dhéanamh nach gá duit an mionn a dhéanamh. Ní mór duit an fhírinne a insint go fóill, agus is cion é mura ndéanann tú amhlaidh.
I gcásanna faoi leith ina bhfuil coireanna gnéis i gceist is féidir leis an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh nach bhfuil cead ag baill an phobail a bheith i láthair sa chúirt.
Tá sé tábhachtach go mbeadh do chuid fianaise i d'fhocail féin. Níor chóir d'aon duine insint duit cad ba cheart duit a rá nó cabhrú leat cleachtadh a dhéanamh ar do chuid fianaise a thabhairt sula dtéann tú chun na cúirte. Tá gach seans go dteipfidh ar an gcás má bhíonn an cuma ar an scéal go bhfuair an leanbh "traenáil". Féadfaidh na cúisitheoirí tuilleadh comhairle a thabhairt duit faoi seo.
Fianaise a thabhairt trí nasc físe
I gcásanna ina mbíonn cion gnéis nó foréigneach i gceist, is féidir cead a thabhairt d'fhinnéithe atá faoi 18 mbliana d’aois fianaise a thabhairt trí nasc físe, mura bhfuil cúis mhaith ann nár cheart dóibh é sin a dhéanamh. Leagtar amach in Alt 13 den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, arna leasú, na rialacha maidir le conas is féidir fianaise a thabhairt trí nasc físe.
Chun é seo a dhéanamh suíonn tú i seomra príobháideach agus tugann tú do chuid fianaise trí nasc físe beo. Fanfaidh duine éigin ón gcúirt leat chun aon chabhair a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait a thabhairt duit. Cuirtear monatóir teilifíse sa chúirt, a dhéanann d'íomhá a tharchur, agus bíonn monatóir teilifíse agat i do sheomra a tharchuireann an méid atá ag tarlú sa seomra cúirte. Ciallaíonn sé seo nach gá duit dul isteach sa seomra cúirte nó an cúisí a fheiceáil.
Nuair a thugann tú fianaise trí nasc físe beo, ní chaitheann an breitheamh ná na habhcóidí peiriúicí nó róbaí sa chúirt. Is féidir leis an mbreitheamh an cinneadh a dhéanamh ligean d’idirghabhálaí (oibrí sóisialta, mar shampla) ceisteanna a chur. Ba chóir na ceisteanna a chur ar bhealach atá oiriúnach d'aois agus do chumas meabhrach an fhinné.
Fianaise a thabhairt ón taobh thiar de scáileán
I gcúinsí áirithe, is féidir scáileán nó landair fisiciúil a chur sa seomra cúirte, ionas gur féidir leis an bhfinné a bhfianaise a thabhairt sa chúirt gan a bheith orthu an cúisí a fheiceáil agus é sin á dhéanamh acu. Bíonn an rogha seo ar fáil faoi lánrogha an bhreithimh má tá an finné faoi 18 mbliana d’aois agus má bhaineann na himeachtaí le cion gnéis nó foréigneach. Déantar seo chun an finné a chosaint ó íospairt thánaisteach nó athíospairt.
Ráitis a Fhístaifeadadh
I gcásanna áirithe, is féidir glacadh le fístaifeadadh de ráiteas finné mar fhianaise. Ní cheadaítear é seo ach má tá an t-íospartach, nó aon fhinné eile a thugann fianaise, faoi 18 mbliana d’aois, agus má chúisítear an cúisí i dtaobh cion gnéis, i n gáinneáil ar leanaí nó i bpornagrafaíocht leanaí.
Sna cásanna seo, is féidir glacadh le fístaifeadadh de ráiteas an linbh ionas nach mbeidh orthu fianaise a thabhairt go pearsanta i gcúirt oscailte. Leagtar amach inAlt 16 den Acht um Fhianaise Choiriúil 1992 na rialacha maidir le ráitis leanaí a fhístaifeadadh.
Tá roinnt rialacha ann maidir le ráitis fístaifeadta agus maidir lena n-inghlacthacht sa chúirt, lena n-áirítear:
- Caithfidh an fístaifeadadh a bheith ábhartha
- Ní mór go mbeadh an finné linbh ar fáil lena chroscheistiú ag an gcosaint tar éis an fhístéip a chasadh ag an triail (is féidir croscheistiú a dhéanamh trí nasc físe agus idirghabhálaí a úsáid)
- Ní mór don ionchúiseamh fógra a sheirbheáil go bhfuil sé beartaithe acu agallamh fístaifeadta a ghlacadh i bhfianaise agus deis réasúnach a thabhairt don chúisí féachaint ar an bhfístéip.
- Is féidir leagan den fhístéip atá curtha in eagar a chasadh sa chúirt, ach ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin má aontaíonn an cúisí leis agus má cheadaíonn an breitheamh é.
I ndeireadh na dála, is faoi rogha an bhreithimh é cinneadh a dhéanamh cibé an féidir glacadh le fístéip mar fhianaise. Déanann an breitheamh breathnú ar aon riosca a d'fhéadfadh a bheith ann go dtiocfadh leatrom ar an gcúisí as glacadh leis an bhfístéip i bhfianaise.
Tuilleadh eolais
Ba cheart duit comhairle dlí a fháil chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil.