Coinniollacha priosuin

Réamhrá

Má tá tú á choinneáil i bpríosún Éireannach, tá tú i dteideal go gcaithfear leat ar chaighdeán áirithe. Déantar foráil in Alt 35 d’Acht na bPríosún, 2007 do rialacha príosúin a dhéanamh agus tugtar cuntas ann ar theidlíochtaí príosúnach maidir le ceisteanna cosúil le cothú, oideachas, fostaíocht agus disciplín.

Tugtar cuntas sa cháipéis seo ar na coinníollacha agus an caitheamh ar féidir leat súil a bheith leo i bpríosún Éireannach. Cuirtear eolas ar fáil ar an méid seo a leanas:

  • Bunsoláthairtí
  • Gníomhaíochtaí sóisialta
  • Seirbhísí leighis
  • Seirbhísí oideachais
  • Gairmoiliúint; agus
  • Disciplín agus smachtú

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi struchtúr agus oibriú an chórais phríosúin in Éirinn. Is féidir leat teacht freisin ar eolas breise ar chearta príosúnach.

Bunsoláthairtí

Cothú

Ba cheart duit cothú sláintiúil, cothrom go maith agus réasúnta ilchineálach a fháil. Más ball de chreideamh nó de chultúr ar leith thú, nó má mholann dochtúir duit go gcloíonn tú le haiste bia speisialta ar chúiseanna leighis, déanfaidh an Gobharnóir, a mhéid agus is féidir, freastal ar do riachtanais chothaithe.

Sláinteachas, éadaí agus cóir leapa

Níl ort éide a chaitheamh ach cuirtear réimse éadaí ar fáil duit. Cuirtear fo-éadaí glana ar fáil do gach príosúnach. Is féidir a cheadú duit, faoi lánrogha an Ghobharnóra, d’éadaí féin a chaitheamh chomh fada agus a choimeádtar glan iad agus gur leo iad le thú a choimeád te agus sláintiúil.

Tá gach príosúnach i dteideal iad féin a ní gach lá agus iad féin a chithfholcadh ar a laghad uair sa tseachtain. Caithfidh an chóir leapa sa chillín a bheith leordhóthanach ar mhaithe le teas agus sláinte agus níor cheart iarraidh ort codladh gan tocht.

Ba cheart, go ginearálta, go gcuirfí áiseanna leordhóthanacha sláintíochta agus níocháin ar fáil do do chillín nó do sheomra. Nuair nach féidir é seo a dhéanamh, caithfidh teacht réasúnta a bheith ag príosúnach ar áiseanna sláintíochta agus níocháin.

Gníomhaíochtaí sóisialta

Áineas

Is féidir le príosúnaigh tabhairt faoi áineas i rith deirí seachtaine, um thráthnóna agus nuair nach bhfuil siad ag freastal ar an obair nó ar ranganna oideachais. I measc na n-áiseanna, tá teilifís, cluichí boird, áiseanna leabharlainne, gníomhaíochtaí halla gleacaíochta agus cluichí taobh amuigh. Cuireann oifigigh phríosúin ar cuireadh oiliúint speisialta orthu teagasc agus maoirseacht ar fáil sa halla gleacaíochta.

Cuairteanna

Rialaíonn Rialacha na bPríosún socruithe cuartaíochta. Faoi na rialacha seo:

  • Is gnách go bhfuil príosúnach ar gearradh pianbhreith orthu atá níos sine ná 18 mbliana d’aois i dteideal go dtugtar cuairt amháin sa tseachtain orthu a mhaireann ar a laghad 30 nóiméad
  • Is gnách go bhfuil príosúnach ar gearradh pianbhreith orthu atá níos óige ná 18 mbliana d’aois i dteideal go dtugtar dhá chuairt sa tseachtain orthu a mhaireann ar a laghad 30 nóiméad
  • Is gnách go bhfuil príosúnach ar athchur i dteideal go dtugtar cuairt amháin sa tseachtain orthu a mhaireann ar a laghad 15 nóiméad ar gach ceann de na 3 lá den tseachtain agus, sa chás gur féidir, ar gach ceann de na 6 lá den tseachtain

B’fhéidir go ndéanfar cuairteanna breise nó níos faide freisin. B’fhéidir go gceadófar cuairteanna fíorúla freisin nuair a bhíonn áiseanna ar fáil.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi chuairt a thabhairt ar dhuine i bpríosún.

Litreacha

Tá príosúnaigh i dteideal litreacha a sheoladh chuig a muintir nó a gcairde agus níl aon teorainn ar an méid litreacha is féidir a fháil uathu.

Is féidir le príosúnach ar athchur a mhéid litreacha a sheoladh agus is gá lena réadmhaoin nó a ngnóthaí gnó a bhainistiú. B’fhéidir go mbeidh ar phríosúnach a sheolann breis agus 7 litir sa tseachtain íoc as postas agus as ábhair scríbhneoireachta maidir leis na litreacha breise.

Is féidir le hoifigeach príosúin an postas go léir isteach agus amach a oscailt agus a sheiceáil, seachas i gcás comhfhreagras dlí, ar féidir é sin a oscailt i láthair an phríosúnaigh lena stádas a dheimhniú agus cuirfear an comhfhreagras ar ais isteach sa chlúdach litreach ansin. Is féidir leis an nGobharnóir do theidlíocht chun saghsanna áirithe de litreacha a sheoladh ar feadh tréimhse a fhaide le 60 lá mar phionós ar dhisciplín an phríosúin a shárú (féach ‘Disciplín agus smachtú’ thíos).

Glaonna gutháin

  • Is gnách go bhfuil príosúnach ar gearradh pianbhreith orthu i dteideal glao gutháin amháin a chur sa tseachtain.
  • Is gnách go bhfuil príosúnach ar gearradh pianbhreith orthu atá níos óige ná 18 mbliana d’aois i dteideal dhá ghlao gutháin a chur sa tseachtain.
  • Is gnách go bhfuil príosúnach ar athchur i dteideal cúig ghlao gutháin sa tseachtain a chur ar dhaoine muinteartha agus ar chairde agus a mhéid glaonna gutháin agus is gá lena réadmhaoin nó a ngnóthaí gnó a rialáil

B’fhéidir go gceadófar glaonna gutháin breise nó níos faide freisin.

Seirbhís séiplíneachta

Tá seirbhís séiplíneachta ar fáil i ngach príosún. Oibríonn séiplínigh lánaimseartha Chaitliceacha Rómhánacha i bhformhór na bpríosún agus na n-áiteanna coinneála. Tagann séiplínigh de shainchreidimh eile chuig na príosúin ar bhonn páirtaimseartha nó cuairte. Freastalaíonn ceannairí reiligiúnacha áitiúla Moslamacha ar riachtanais phríosúnach Moslamach.

Is í príomhfheidhm na seirbhíse séiplíneachta seirbhísí reiligiúnacha a chur ar fáil do phríosúnaigh agus tacaíocht agus cúnamh a thairiscint maidir lena bhforbairt spioradálta agus dhaonna.

Seirbhísí leighis

Cuireann seirbhísí cúraim sláinte an phríosúin teacht ar fáil do phríosúnaigh ar an réimse céanna seirbhísí cúraim sláinte atá ar fáil faoin Scéim Cártaí Leighis sa phobal.

Cuirtear réimse seirbhísí ar fáil do phríosúnaigh, an méid seo a leanas ina measc:

Cúram Príomhúil

Tá dochtúir príosúin amháin, ar a laghad, i ngach príosún a fhreastalaíonn ar an bpríosún ó Luan go hAoine agus cuireann siad seirbhís ar glao-dhualgas lasmuigh d’uaireanta ar fáil freisin. Cuireann altraí cumhdach 24 uair an chloig ar fáil i ngach príosún dúnta. Is iad na dochtúir agus na haltraí an chéad phointe teagmhála do phríosúnaigh a lorgaíonn cóir leighis agus cuireann siad seirbhísí ar fáil cosúil leo siúd atá ar fáil i gcleachtas DG sa phobal. Is féidir le príosúnaigh iarraidh chun casadh leis an dochtúir nó le haltraí ag aon tráth.

Seirbhís Chógaslainne

Cuirtear seirbhísí ginearálta cógaslainne ar fáil i ngach príosún ar bhunús conartha a bheith ann le cógaslann phobail áitiúil. Is féidir a mheas go bhfuil roinnt príosúnach, i ndiaidh measúnú riosca a dhéanamh, incháilithe do sheirbhísí cógaslainne i seilbh (I/S). Faoin gcóras seo, cuirtear soláthar seachtaine dá gcógas dáilte do phríosúnaigh agus glacann siad le freagracht iomlán as an gcógas a stóráil, a bhainistiú agus a ghlacadh iad féin. Tá an scéim I/S seo in ainm is tacú le príosúnaigh chun ullmhú dá scaoileadh agus dá n-ath-imeascadh isteach sa tsochaí.

Seirbhísí Meabhairshláinte

Déantar measúnú leighis ar gach príosúnach nuair a chuirtear chun príosúin iad. Áirítear leis seo measúnú meabhairshláinte ar féidir é a úsáidtear le plean cúraim aonair a fhorbairt. Is féidir thú a atreorú freisin chuig síciatraí fóiréinseach ar féidir leo moltaí áirithe a dhéanamh leis an nGobharnóir ar mahtihe le cúram a sholathar don phríosúnach.

Seirbhísí Cóireála Drugaí

Cuireann Seirbhís Phríosúin na hÉireann réimse seirbhísí leighis agus athshlánúcháin ar fáil do phríosúnaigh a bhfuil saincheisteanna mí-úsáide substaintí acu, cóireáil meatadóin ionadaigh, seirbhísí síceasóisialta, agus cláir ‘oibre agus oiliúna’ san áireamh.

Seirbhísí Fiaclóireachta

Is ionann na seirbhísí fiaclóireachtaa a sholáthraítear do phríosúnaigh agus iad siúd atá ar fáil faoin scéim cártaí leighis agus áirítear leo cóireálacha cosúil le scrúdú fiaclóireachta, 2 líonadh i ngach bliain féilire agus fiacla a bhaint, faoi mar is gá. Is féidir leat a iarraidh go gcuirtear ar an liosta thú don fhiaclóir agus, i gcásanna áirithe, is féidir le dochtúir nó altra an phríosúin thú a atreorú.

Seirbhísí oideachais

Oibríonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann i gcomhar le roinnt gníomhaireachtaí oideachais le clár fairsing oideachais a sholáthar. Is féidir le príosúnaigh páirt a ghlacadh i réimse deiseanna oiliúna, idir ranganna litearthachta agus uimhearthachta bunúsaí agus céimeanna Ollscoile.

Áirítear leis an gcuraclam oideachais corpoideachas, oideachas sláinte, oideachas sóisialta (i measc na n-ábhar, tá Eacnamaíocht Bhaile) agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha (ealaín, drámaíocht, ceol agus scríbhneoireacht). Is féidir le príosúnaigh staidéar a dhéanamh freisin ar an gcuraclam chun ullmhú chun tabhairt faoin Teastas Sóisearach agus scrúdú na hArdteistiméireachta.

Is féidir leat teacht freisin ar eolas breise ar sheirbhísí oideachais príosúin ar láithreán gréasáin Sheirbhís Phríosúin na hÉireann.

Gairmoiliúint

Cuirtear béim láidir i Seirbhís Phríosúin na hÉireann ar ghníomhaíochtaí gairmoiliúna a sholáthar do phríosúnaigh. Roghnaítear gníomhaíochtaí oiliúna lena mhéid fostaíochta agus is féidir a sholáthar i bpríosún agus lena chur ar chumas príosúnach scileanna a fháil a chabhraíonn leo fostaíocht a fháil go slán ar a scaoileadh.

Cuirtear réimse fairsing ceardlanna oiliúna ar siúl laistigh de na hinstitiúidí, an méid seo a leanas san áireamh: clódóireacht, ríomhairí, Braille, adhmadóireacht, miotalóireacht, tógáil, ceardaíocht agus gairneoireacht. Anuas air sin, cuirtear seirbhísí bunriachtanacha do na príosúin ar fáil, cosúil le lónadóireacht, seirbhísí níocháin agus glanadh tionsclaíoch trí oiliúint oibre.

Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi dheiseanna oiliúna gairmoiliúna ar láithreán gréasáin Sheirbhís Phríosúin na hÉireann.

Disciplín agus smachtú

Loghadh

Is ionann loghadh agus deireadh iomlán a chur le pianbhreith ar phointe laghdaithe.

Tá tromlach mór na ndaoine a bhfuil pianbhreitheanna á gcaitheamh acu i dteideal logtha ar ráta aon cheathrú, chomh fada agus a bhíonn iompar maith ar bun acu ar feadh fhad a bpianbhreithe. I gcleachtas, ciallaíonn seo go mbeidh súil leis go gcaitheann duine ar gearradh príosúnacht 4 bliana orthu 3 bliana faoi choimeád. I measc na bpríosúnach nach féidir leo sochar a bhaint as loghadh, tá iad siúd a bhfuil pianbhreitheanna saoil á gcaitheamh acu.

Is féidir leis an tAire Dlí agus Cirt loghadh a mhéid leis an tríú cuid a dheonú nuair a bhí iompar maith ar bun ag príosúnach trí thabhairt faoi ghníomhaíochtaí struchtúracha údaraithe agus nuair a bhíonn an tAire sásta, dá thoradh sin, nach dóchúil céanna go ndéanfaidh an príosúnach athchiontú agus gur fearr é/í a ath-imeascadh isteach sa phobal.

Is féidir níos mó a léamh faoi bheith scaoilte ón bpríosún.

Pionóis

Tugtar liosta in Alt 13 d’Acht na bPríosún, 2007 de smachtbhannaí is féidir a ghearradh má dheimhnítear gur sháraigh príosúnach disciplín an phríosúin. I measc na smachtbhannaí uasta féideartha, tá:

  • Gaibhniú i gcillín ar feadh tréimhse nach faide ná 3 lá
  • An bhaint i ngníomhaíochtaí struchtúracha nó gníomhaíochtaí áineasa údaraithe sonraithe, cuairteanna a chur ort, an chuid is mó de na litreacha a sheoladh, glaonna gutháin a chur nó earraí sonraithe a shealbhú nó pribhléidí eile a úsáid a chur ar fionraí ar feadh a mhéid le 60 lá.
  • Loghadh a mhéid le 14 lá a chailleadh

Gearáin

Tá an ceart ag príosúnaigh gearán a dhéanamh le haon bhall foirne príosúin cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn ag aon tráth. Faoi Chóras Gearán Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, tá 6 chatagóir gearán ann, ag brath ar thromchúise an ghearáin.

Is í an chatagóir is tromchúisí Catagóir A, a chumhdaíonn gearáin ina líomhnaítear ionsaí, úsáid fórsa iomarcaigh, caitheamh go dona le duine, mí-úsáid chiníoch, idirdhealú, imeaglú nó bagairtí. Imscrúdaíonn daoine lasmuigh den tSeirbhís Príosún gearáin Chatagóir A.

Coistí cuartaíochta

Foras faire neamhspleách reachtúil é coiste cuartaíochta a oibríonn thar ceann an phobail le maoirseacht a dhéanamh ar chaitheamh le príosúnaigh.

Fad a bhíonn siad i bpríosún, bíonn teacht saor in aisce ag príosúnaigh ar na coistí cuartaíochta agus is féidir leo gearáin a dhéanamh leo faoi conas atáthar ag caitheamh leo. Déanann gach coiste tuarascáil bhliantúil leis an Aire.

Tuilleadh eolais

Seirbhís Phríosúin na hÉireann

Páirc Gnó GFT
Bóthar Bhéal Átha na Lao
An Longfort
Contae an Longfoirt
Éire

Teil: (043) 333 5100
Facs: (043) 333 5371
Láithreán Gréasáin: http://www.irishprisons.ie

An Roinn Dlí agus Cirt

94 Faiche Naomh Stiofáin
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 602 8202
Lóghlao: 1800 221 227
Facs: (01) 661 5461
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Márta 2022