Fianaise amhrastúil
Réamhrá
Is féidir glacadh le saghsanna áirithe fianaise i gcúirt, ach meastar gur fianaise amhrastúil iad. Ciallaíonn seo go mbíonn baol ann go bhfuil siad bréagach nó mícheart.
Cuireadh cosaintí i bhfeidhm chun daoine a chosaint ó bheith ciontaithe bunaithe ar fhianaise amhrastúil. I gcásanna áirithe ní mór fianaise chomhthacaíoch a bheith ann chomh maith leis an bhfianaise amhrastúil chun duine a chiontú. Fianaise bhreise is ea fianaise chomhthacaíoch a nascann an cúisí leis an gcoir.
Úsáidtear rabhaidh chomhthacaithe freisin chun daoine a chosaint ó bheith ciontaithe bunaithe ar fhianaise amhrastúil. Is rabhadh é rabhadh comhthacaithe a thugann an breitheamh don ghiúiré, a léiríonn go bhfuil sé contúirteach duine a chiontú bunaithe ar fhianaise amhrasach gan aon fhianaise chomhthacaíochta.
Comhthacaíocht éigeantach
Fianaise bhreise is ea fianaise chomhthacaíoch. Is fianaise i gcás í:
- A luann an cúisí leis an gcoir. Ní mór go mbeadh an cuma ón bhfianaise go bhfuil an cúisí ciontach as an gcoir atá curtha ina leith.
- Atá ceadaithe agus inchreidte.
- Atá neamhspleách, is é sin, tagann sé ó fhoinse eile seachas ó fhinné a dteastaíonn comhthacaíocht óna c(h)uid fianaise.
Caithfidh fianaise chomhthacaíoch a bheith agat le duine éigin a chiontú i leith na gcionta seo a leanas:
- Tréas a dhéanamh nó cabhrú le duine a rinne tréas
- Cion a dhéanamh faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre a éilíonn cruthúnas ar an luas a bhí tú ag tiomáint (ach amháin má tá an fhianaise seo bunaithe ag faire, gaireas leictreonach nó grianghrafadóireachta)
- Mionn éithigh a thabhairt
Ní mór do bhreitheamh an giúiré a ordú chun an cúisí a shaoradh mura bhfuil aon fhianaise chomhthacaíoch sna cásanna seo.
Rabhadh comhthacaithe
Má theastaíonn ó bhreitheamh rabhadh comhthacaithe a thabhairt faoi chás, déanfaidh siad é seo ag deireadh na trialach. Tugtar le fios sa rabhadh comhthacaithe don ghiúiré go bhfuil sé contúirteach duine a chiontú bunaithe ar fhianaise amhrasach gan aon fhianaise chomhthacaíoch. Má bhíonn an giúiré sásta thar aon amhras réasúnta go bhfuil an cúisí ciontach, is féidir leo ciontú gan fianaise chomhthacaíoch.
Nuair is gá rabhadh comhthacaithe a thabhairt
Fianaise chomhchoirí
Comhchoirí é duine a raibh baint acu chomh maith i gcoir líomhnaithe. Má tá fianaise á tabhairt ag comhchoirí in aghaidh an chúisí, caithfidh an chúirt leis seo mar fhianaise amhrastúil. Is amhlaidh seo mar gheall go bhféadfadh go bhfuil go leor le gnóthú ag comhchoirí trí bhréaga a insint chun an milleán a chur ar an gcúisí.
An cúisí a chosaint ó bheith ciontaithe go héagórach bunaithe ar fhianaise chomhchoirí, déanfaidh an breitheamh achoimriú ar an gcás ag deireadh na trialach agus ní mór dó/di rabhadh comhthacaithe a thabhairt don ghiúiré.
Fianaise admhála
Ráiteas deonach í admháil a dhéanann an cúisí a luann iad féin leis an gcion líomhnaithe. Meastar gur fianaise amhrastúil í fianaise admhála agus caithfidh an breitheamh rabhadh comhthacaithe a thabhairt don ghiúiré sna cásanna seo.
Nuair a bhíonn comhthacaíocht inmhianaithe
Fianaise aitheantais amhairc
Caithfidh an chúirt rabhadh a thabhairt don ghiúiré faoin mbaol a bhaineann le glacadh le fianaise aitheantais amhairc lena chinntiú nach ndéanann siad an fhianaise seo a léirthuiscint go mícheart.
Rabhadh comhthacaithe faoi lánrogha an bhreithimh
Fianaise a thugann íospartach líomhnaithe ciona ghnéasaigh
Caitheadh riamh anall le fianaise íospartach líomhnaithe ciona ghnéasaigh mar dhuine a bhfuil amhras faoi/fúithi agus bhí ar an mbreitheamh rabhadh comhthacaithe a thabhairt don ghiúiré.
Ní thugtar an rabhadh comhthacaithe go huathoibríoch sna cásanna seo ó 1990, áfach, agus is féidir leis an mbreitheamh an cinneadh a dhéanamh an dteastaíonn an rabhadh i ngach cás ar leith.
Fianaise leanaí
Caitheamh riamh anall le fianaise leanaí mar fhianaise amhrastúil agus bhí ar an mbreitheamh rabhadh comhthacaithe a thabhairt don ghiúiré.
Ní thugtar an rabhadh comhthacaithe go huathoibríoch sna cásanna seo a thuilleadh ó 1992, áfach, agus is féidir leis an mbreitheamh an cinneadh a dhéanamh an dteastaíonn an rabhadh i ngach cás ar leith.
Eolas breise
Ba cheart duit comhairle dlí a fháil chun teacht ar eolas níos mionsonraithe air seo.